Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lárionad domhanda world centre
" Tá tacaíocht airgid faighte ón gCoimisiún Eorpach trí Chlár Airteagal 10 chun Gaillimh a chur chun cinn mar lárionad domhanda don chultúr Gaelach agus do na cultúir Cheilteacha.
Ionad comhdhála conference centre
" Ionad comhdhála do lucht gnó? Club oíche? Dioscó? Fir le seaicéid dhubha agus cluasáin ina gcluas acu ina seasamh ag an bpríomhdhoras? Droch-Ghuinness ar phraghas ard? Ní fios.
Ionad Coinneála detention centre
" Cuirtear faoi ghlas í in Ionad Coinneála Campsfield, áit a mbíonn deacrachtaí móra aici agus a ndéantar í a ísliú mar dhuine.
geolárnacha geocentric (no one part of the world is the centre)
" Meas ar chultúir ======= Agus muid ag gabháil don ghnó idirnáisiúnta anseo san ollscoil, bímid ag labhairt ar dhearcadh agus ar straitéisí eitnealárnacha nó geolárnacha.
Ionad Domhanda Airgeadais World Financial Centre
" Cé go raibh sé ar saoire ag an am, bhí mo dheartháir féin ina oifig san Ionad Domhanda Airgeadais nuair a tharla an tubaiste.
ionad pobail community centre
" Ba mhaith leo ionad pobail a thógáil a mbeadh áiseanna ann do shuaitheadh coirp de chineálacha éagsúla agus ina bhféadfadh muintir an cheantair imeachtaí sóisialta a reáchtáil.
lárionad centre
" Dúirt úinéirí na hamharclainne, Milo agus Eithne Butler, le *Beo!* go mbeidh an sráidbhaile ina iomláine ina lárionad teanga, cultúir agus sóisialta as seo amach.
na lárnaigh dheasacha the centre-right
" Tá sé seo amhlaidh san Iodáil ó bhí mí na Bealtaine anuraidh ann nuair a d'éirigh leis na lárnaigh dheasacha (Forza Italia, Alleanza Nazionale agus Lega Nord) tromlach a bhaint amach san olltoghchán.
dhrochstaid na n-ionad coinneála the bad state of the holding centres
" Idir an dá linn chuaigh lucht cuardaithe tearmainn atá á gcoinneáil go héigeantach san Astráil ar stailc ocrais mar agóid in aghaidh dhrochstaid na n-ionad coinneála agus chun brú a chur ar an rialtas eolas a thabhairt dóibh maidir le stádas a n-iarratas víosa.
lárnach deasach centre-right
" Tá Príomhaire na hIodáile, Silvio Berlusconi (65), tar éis a bheith ina phearsa chonspóideach i gcúrsaí polaitíochta idirnáisiúnta ó d'éirigh lena pháirtí lárnach deasach, Forza Italia, teacht i gcumhacht arís i mí na Bealtaine anuraidh.
Ionad Oidhreachta heritage centre
" Tá an dealbh sin le feiceáil sa Teachín Ceanntuí, Ionad Oidhreachta Inis Oírr, faoi láthair.
príomhionad siamsaíochta agus cultúrtha the main entertainment and cultural centre
" Is beag cumann áitiúil nach bhfuil áras dá chuid féin aige agus is minic gurb é áras an CLG príomhionad siamsaíochta agus cultúrtha an pharóiste nó an bhaile bhig.
ionad coinneála detention centres
" Tá roinnt mhaith ionad coinneála bunaithe le lóistín a chur ar fáil do na teifigh seo.
Ionad Oidhreachta heritage centre
"Ionad Oidhreachta ar an Bhrocaigh ina bhfuil eolas agus iarsmaí den seansaol i dtaisce.
ionad centre
" Ní nach ionadh, mheall áilleacht an cheantair go leor daoine cruthaitheacha isteach chun cur fúthu ansin.
Ionad breá oidhreachta a fine heritage centre
" Ionad breá oidhreachta atá ann anois, ach ní raibh sé oscailte nuair a bhí mise ansin.
áras pobail community centre
" Tá obair mhór déanta ag an gComharchumann ó shin i leith agus tá Ráth Cairn ina bhaile beag anois, ina bhfuil áras pobail agus clubtheach, meánscoil, ionad fiontraíochta, páirc spóirt, siopa, bialann agus ionad taispeántas.
ionad fiontraíochta enterprise centre
" Tá obair mhór déanta ag an gComharchumann ó shin i leith agus tá Ráth Cairn ina bhaile beag anois, ina bhfuil áras pobail agus clubtheach, meánscoil, ionad fiontraíochta, páirc spóirt, siopa, bialann agus ionad taispeántas.
hionad aclaíochta fitness centre
" Faoi láthair tá socruithe á ndéanamh le hionad aclaíochta a chur ar fáil a rachas chun sochair do mhuintir iardheisceart na contae agus do chuairteoirí chomh maith.
ionad áilleachta beauty centre
" Mura bhfuil bua na fiontraíochta ag mná agus mura féidir leo a ngnó féin a reáchtáil go héifeachtach, tá féideartheacht eile ann: obair a fháil in "ionad áilleachta".
ionad siopadóireachta shopping centre
" Le déanaí d'oscail an comhlacht brainse nua san ionad siopadóireachta ar an taobh thiar de Ghaillimh.
ionad cultúrtha breá nua a fine new cultural centre
" Cúpla lá ó shin, chuaigh mé go dtí An Droichead, ionad cultúrtha breá nua i ndeisceart Bhéal Feirste, le páirt a ghlacadh in oíche chomhrá.
meathlú lárchathrach city centre decline
" Baineann na hathruithe sin ar fad le fadhbanna uirbeacha ar nós meathlú lárchathrach, ach ba cheantar láidir iománaíochta é lár chathair Chorcaí go dtí le déanaí.
rinne sí ar dhoras an ionaid siopála she headed for the door of the shopping centre
" " Léim Aoife amach agus rinne sí ar dhoras an ionaid siopála.
a lán ionad a lot of centres
" Dúirt David Neville, bainisteoir, nach raibh sin praiticiúil mar go mbíonn ranganna ag an choláiste in a lán ionad.
Lárionad Teanga, Ealaíon, Cultúr agus Gnó Centre for Language, the Arts, Culture and Business
" Cén ról atá agat féin sa Ghaeláras agus cén fhad atá tú sa phost? Ceapadh mé i mí na Samhna 2002 mar Bhainisteoir Scéime le Scéim Tógála Caipitiúla a fhorbairt a bhfuil "Lárionad Teanga, Ealaíon, Cultúr agus Gnó" mar chuspóir aici.
Ionad Cóireála do Lucht Mí?Úsáide Drugaí Drug Treatment Centre
" Cé gur tháinig titim, de réir mar a chuaigh na hochtóidí ar aghaidh, i líon na ndaoine a cúisíodh, tháinig méadú sa líon andúileach cócaoin a bhí ag freastal ar an Ionad Cóireála do Lucht Mí?Úsáide Drugaí.
an t-ionad sláinte the health centre
" Is ar an Bhaile Thiar atá cónaí ar an chuid is mó den phobal agus is ann fosta atá an siopa, teach an phobail, oifig an phoist, an bhunscoil agus an mheánscoil, an t-óstán, an Gailearaí, an caife, an clubtheach, an brú óige, lóistín leaba agus bricfeasta, an t-ionad sláinte agus oifig an Chomharchumainn.
ionaid choinneála holding centres
" Tá 152 acu sin faoi ghlas sna campaí géibhinn (ionaid choinneála a thugann an rialtas orthu).
ionad bogearraí software centre
" Is é an comhlacht ollmhór Meiriceánach, Raytheon, ag a bhfuil ionad bogearraí i nDoire, a rinne an chuid is mó de na diúracáin seo.
ionad forbartha bogearraí software development centre
"ionad forbartha bogearraí bunaithe san ionad i nDoire.
ionad centre
" " "Am cinniúnach é seo don Ghàidhlig," arsa John MacLeod ón ghrúpa FÁS, atá ag iarraidh gníomhartha in ionad na cainte.
ionad oidhreachta heritage centre
" Sa lá atá inniu ann, tá ionad oidhreachta i Ráth Maolain chun an eachtra sin a chomóradh.
ionad lae day centre
" Tá Cúram na nAosach freagrach as ionad lae do na seanóirí agus is mór an chreidiúint dóibh an t-áras atá acu.
ionaid choimeádta holding centres
" Deirtear freisin go scrúdóidh siad an tslí ina bhfuil príosúin agus ionaid choimeádta eile an stáit á rith.
an tIonad Orgánach the Organic Centre
" Chuaigh mé go háit an-deas dhearfach le gairid, is é sin an tIonad Orgánach i Ros Inbhir, Contae Liatroma.
ionad sláinte health centre
" Cuireann siopaí, tithe tábhairne, ionad sláinte, áras na seandaoine agus na scoileanna fostaíocht ar fáil freisin.
Ionad Chearta Daonna na bPáistí Children's Civil Rights Centre
" Bhí an scéal ina ábhar nuachta san Albáin, áit ar ghlac 287 páiste scoile as ceithre scoil i dTirana páirt i sraith imeachtaí a d'eagraigh Ionad Chearta Daonna na bPáistí agus na húdaráis oideachais áitiúla.
lárionad sóisialta social centre
" Gan amhras ar bith, is é an teach tábhairne an lárionad sóisialta i bpobail ar fud na hÉireann.
seanionad banaltrais an old nursing centre
" Nuair a d'fhógair méara Chontae Laoise, Joe Digan, an mhí seo caite, go raibh súil aige seanionad banaltrais in aice Chúl an tSúdaire a chóiriú ina ionad d'fhir gan dídean, chuir ní hamháin ionadaithe ó na páirtithe polaitiúla eile ina choinne ach chuir go leor óna pháirtí féin leis.
Ionad Sealbhaithe agus Buanaithe Gaeilge Irish Language Acquisition and Preservation Centre
" Beartaíodh i 1985 é a oscailt go lánaimseartha mar Ionad Sealbhaithe agus Buanaithe Gaeilge lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge beo, trí daoine a spreagadh le hiompar agus buanú Gaeilge a neartú in abhantrach an Árais agus i measc na ndaoine a bhíonn ag soláthar seirbhísí do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.
fostaíocht theangalárnach agus phobal-lárnach language- and community-centred employment
" Is faoin Acadamh a bheas an tÁras ag feidhmiú as seo amach agus ar an mbealach sin beifear ag cumasú daoine agus pobal le fostaíocht theangalárnach agus phobal-lárnach a chur chun cinn.
ionad centre
" Cuirtear cúnamh ar fáil do chraobhacha an Chonartha i 22 ionad éagsúil agus bíonn Seachtain na Gaeilge á stiúradh ag foireann an Árais chomh maith.
lárionad centre
" Is fíor a rá freisin go bhfuil an tÁras ag feidhmiú mar lárionad do phobal na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe.
lárionad cumhachta centre of power
" Dá mbeadh croílár an Rialtais i gcroílár na tíre bheadh sé i bhfad níos éasca ag an bpobal i gcoitinne taisteal chuig an lárionad cumhachta nuair ba ghá chun achainí a dhéanamh nó eolas áirithe a lorg.
ionaid chultúrtha cultural centres
" Is é príomhaidhm MBT ná ionaid chultúrtha agus spáis phoiblí a chothú sa cheantar, maoirseacht a dhéanamh orthu agus iad a chur ar fáil d'ealaíontóirí.
ionad nua-teicneolaíochta a centre for new technology
" Drochaimsir a fhaigheann sí ar ndóigh, agus fearthainn go flúirseach - ach cuidíonn sin leis an uisce bheatha is blasta in Albain a cruthú, leithéidí Ardbeg, Bowmore agus Caol Íle! Ach anois, táthar ag tabhairt "glas" ar Íle ar chúis eile: an clú atá saothraithe ag an oileán mar ionad nua-teicneolaíochta, ach go háirithe maidir le fuinneamh athnuaite.
an tIonad Léirithe the Interpretative Centre
" D'aithin siad freisin gurbh fhéidir an drioglann go léir a théamh sa chaoi chéanna - na *mash tubs*, an téamh lárnach, an tIonad Léirithe srl; d'ainneoin sin, bheadh farasbarr uisce te ar fáil fós - agus, mar ab eol dóibh, theastaigh linn snámha óna gcomhoileánaigh.
san ionad buail isteach in the drop-in centre
" Bíonn siad ag cuidiú san ionad buail isteach atá i gceanncheathrú ICCM i Duke Street, Learpholl agus ag grúpaí sóisialta a eagraítear do na seandaoine sa chathair.
uachtarán an Ionaid Ioslamaigh president of the Islamic Centre
" Na cainteoirí is mó a chuaigh i gcion orm ná Armie Cerezo, banaltra as na hOileáin Fhilipíneacha, agus Jamal Iweida, uachtarán an Ionaid Ioslamaigh i mBéal Feirste.
ionad den scoth an excellent centre
" Tá sé mar aidhm acu siúd atá ina bhun "ionad den scoth, agus den scoth ar scála idirnáisiúnta, a chruthú, ach teastaíonn uainn go mbeidh muintir Bhaile Munna ag croílár an tionscadail," a deir Yeates.
lárionaid ghlaonna call centres
" D'fhéadfaí lárionaid ghlaonna, agus tionscadail eile ardfháis, a oscailt i gConamara dá mba rud é go raibh an t-infrastrúchtúr ann chun tacú lena leithéid.
ionad cultúrtha agus sóisialta cultural and social centre
" I 1987, tháinig grúpa oibre áitiúil le chéile chun an teach a shábháil agus chun ionad cultúrtha agus sóisialta, a reáchtálfaí trí mheán na Gaeilge, a chur ar fáil don phobal don todhchaí.
lárionad centre
" Ach nuair a bhí mé ocht mbliana déag d'aois, bhog mé go Bostún, lárionad an diaspóra mhóir Éireannaigh.
i lár an mhargaidh at the centre of things
" Aithníonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh an Ghaeilge i lár an mhargaidh maidir le cúrsaí idirlín agus, dá bhrí sin, tá an suíomh Gaelport.
Ionad comhdhála ollmhór massive conference centre
" Ionad comhdhála ollmhór i Maidrid na Spáinne, agus an foirgneamh plódaithe le hionadaithe aerlínte agus aerfort ó gach cearn den domhan, gach éinne agus suaitheantas beag daite á chaitheamh aige - dath dearg i gcás lucht na n-aerlínte (agus tá 250 ann), dath bán i gcás gach duine eile.
ionaid tionscalaíochta agus ghnó industrial and business centres
" I gcás cuid mhaith díobh sin, tá a n-ionad oibre i mBaile Átha Cliath, i lár na cathrach nó i gceann éigin de na hionaid tionscalaíochta agus ghnó atá scaipthe ar fud mhór-réigiún uirbeach na príomhchathrach.
pobail lárchathrach city centre communities
" Tá cuid mhór de na pobail lárchathrach scaipthe ar fud na mbruachbhailte móra neamhphearsanta.
i lár an mhargaidh at the centre of things
" Aithníonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh an Ghaeilge i lár an mhargaidh maidir le cúrsaí idirlín agus, dá bhrí sin, tá an suíomh Gaelport.
i lár an aonaigh at centre stage
" Bhí Aindí ar daoraí léi nó, cé gur breithlá Shusaidh a bhí ann, bhí Kate i lár an aonaigh mar ba ghnách.
ionad oidhreachta heritage centre
" In aice leis an abhainn, tá ionad oidhreachta le fáil, atá lonnaithe i seanstór.
ionaid ardfheabhais centres of excellence
" Cén fáth nach gcuirtear réiteach simplí i bhfeidhm thar tréimhse deich mbliana? D’fhéadfaí, mar shampla, Ospidéal Dhoire agus Leitir Ceanainn a chur ag comhoibriú lena chéile sa dóigh is go mbeadh gach seirbhís ar fáil ar ardchaighdeán eatarthu, go mbeadh ionaid ardfheabhais i ngach réimse ar fáil i gceann amháin nó i gceann eile de na hospidéil.
ionad seirbhísí tacaíochta support services centre
" “An sampla is fearr de sin a chonaic mé le gairid ná an scéala ó Chomhairle Contae Dhún na nGall faoin ionad seirbhísí tacaíochta ar an gClochán Liath.
ionad míniúcháin interpretive centre
" Thaitin sé liom nach raibh aon ionad míniúcháin buailte anuas ar an gceantar glas.
ionad centre
" Cén fáth ar bunaíodh an comhlacht? Bunaíodh an comhlacht chun ionad a fhorbairt do lucht na Gaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus chun réimse leathan imeachtaí a chur ar fáil le deis a thabhairt do chainteoirí Gaeilge an teanga a úsáid.
Ionad na dTeangacha Language Centre
" Ba mhaith linn go mbeadh deis ag ár gcuid foghlaimeoirí cáilíocht (ar nós Theastas Eorpach na Gaeilge Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad) a bhaint amach.
chroílár na cumhachta the centre of power
" Is é jab s’againne ná monatóireacht a dhéanamh ar chroílár na cumhachta, go háirithe nuair a théann siad chun cogaidh, go háirithe nuair a mharaíonn siad daoine, go háirithe nuair a insíonn siad bréaga fá na dúnmharuithe sin.
ionad centre
" Cén fáth ar bunaíodh an comhlacht? Bunaíodh an comhlacht chun ionad a fhorbairt do lucht na Gaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus chun réimse leathan imeachtaí a chur ar fáil le deis a thabhairt do chainteoirí Gaeilge an teanga a úsáid.
Ionad na dTeangacha Language Centre
" Ba mhaith linn go mbeadh deis ag ár gcuid foghlaimeoirí cáilíocht (ar nós Theastas Eorpach na Gaeilge Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad) a bhaint amach.
lárioand cultúrtha cultural centre
" Ansin tógadh an lárioand cultúrtha, Lárionad an Droichid, sa bhliain 2000.
lárionad riaracháin na Gaeltachta the administrative centre of the Gaeltacht
" Chiallódh sé sin gur sa Ghalltacht a bheadh Na Forbacha - lárionad riaracháin na Gaeltachta, áit a bhfuil a gceannáras ag Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta.
Ionad Oidhreachta Thuaisceart an Dúin the North Down Heritage Centre
" Níl lorg ar bith de na bunfhoirgnimh ann anois, ach is féidir mionsamhail den suíomh a fheiceáil in Ionad Oidhreachta Thuaisceart an Dúin i mBeannchar.
ionad siopadóireacht Fhaiche Stiabhna the Stephens Green Shopping Centre
" Is deacair a chreidiúint gur cúig bliana déag ó shin a dhein Dee taifeadadh leis an mbanna den chéad uair – stiúideo Bow Lane ar chúl ionad siopadóireacht Fhaiche Stiabhna.
go hIonad Ealaíon Chluainín Uí Ruairc to the Manorhamilton Arts Centre
" Thiomáineamar go hIonad Ealaíon Chluainín Uí Ruairc i gContae Liatroma leis an taifeadadh a dhéanamh.
Ionad Oidhreachta Thuaisceart an Dúin the North Down Heritage Centre
" Níl lorg ar bith de na bunfhoirgnimh ann anois, ach is féidir mionsamhail den suíomh a fheiceáil in Ionad Oidhreachta Thuaisceart an Dúin i mBeannchar.
ionad spóirt agus aclaíochta trasphobail cross-community sports and fitness centre
" (Tá an láithreán le forbairt anois mar ionad spóirt agus aclaíochta trasphobail.
ionad tacaíochta ríomhchórais computer system support centre
" Cad chuige ar roghnaigh tú an tír seo? MO: Bhí mé ag obair le hionad tacaíochta ríomhchórais sa Pholainn agus d’iarr mo chomhlacht orm teacht anseo de bharr go raibh na teangacha a luaigh mé cheana agam agus go mbeinn ábalta labhairt le daoine as tíortha éagsúla.
Ionad Oidhreachta Thuaisceart an Dúin the North Down Heritage Centre
" Níl lorg ar bith de na bunfhoirgnimh ann anois, ach is féidir mionsamhail den suíomh a fheiceáil in Ionad Oidhreachta Thuaisceart an Dúin i mBeannchar.
lárionad nua leighis eachaí a new equestrian medical centre
" Osclaíodh lárionad nua leighis eachaí ag Aintree díreach roimh an National agus bhí an tOllamh Chris Proudman agus seachtar tréidlianna eile ón Otharlann Eachaí in Ollscoil Learphoill ar dualgas ann.
sólann agus dánlann leisure centre and gallery
" Cibé faoin na státseirbhísigh is iomaí searbhónta poiblí nach bhfuil sásta teaghlach agus teallach, sólann agus dánlann, bialann agus iarsmalann, parlús suathaireachta agus club *lapdance* a thréigean agus aghaidh a thabhairt ar áiteanna iargúlta imigéiniúla i bhfad amach.
lárionad trádála rathúil a successful trading centre
" Cathair fhorchéimnitheach mhuiníneach atá i mBarcelona ina bhfuil port gnóthach agus lárionad trádála rathúil atá ina ábhar mórtais ag bunadh na háite, é sin agus an saibhreas agus éagsúlacht atá le feiceáil sna dánlanna, sna hiarsmalanna agus sna heaglaisí atá le fáil go flúirseach ar fud na cathrach.
ionad do thaispeántais agus cheolchoirmeacha a centre for exhibitions and concerts
" Pálás chúntaí Barcelona a bhí san fhoirgneamh seo i gcaitheamh an 14ú céad agus is ionad do thaispeántais agus cheolchoirmeacha é anois.
leathchéad ionad fifty centres
" Is geall le ráiteas misin é seo don dóigh a láimhsigh an Rialtas an polasaí atá acu 10,600 státseirbhíseach a bhogadh ón ardchathair go leathchéad ionad ar fud na tíre.
30 ionad foghlamtha agus buanaithe teanga 30 language learning and preservation centres
" ” Ag tógáil ar an dá rud sin, cuireadh plean nua le chéile agus bunaíodh 30 ionad foghlamtha agus buanaithe teanga ar fud na gceantar Gaeltachta.
ionad léirithe interpretive centre
" Tógadh ionad léirithe mór in aice lár an bhaile le déanaí ina bhfuil músaem agus seomraí taispeántais.
an Lárionad Feabhais the Centre of Excellence
" Mhol Tuarascáil Hanly gur cheart gach cúram éigeandála a aistriú go dtí an Lárionad Feabhais in Ospidéal Réigiúnach Luimnigh, áit nach bhfuil in ann déileáil leis an méid othar atá ann cheana féin.
an Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta the International Financial Services Centre
" Ansin níos déanaí, agus é ina Thaoiseach, chuir sé na síolta as ar fhás Aerfort Chnoc Mhuire, an Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta agus Barra Temple, tionscadail a chuir go mór le geilleagair an Stáit agus le caighdeán maireachtála an phobail.
lárionad centre
" AÓF: Cad iad na haidhmeanna atá agaibh? DdeB: Institiúid oideachais a bhunú mar a luaigh mé thuas; lárionad a oscailt i Sráid na Cathrach ina mbeidh fáilte roimh scoláirí; leabharlann agus cartlann a chur ar fáil, ina mbeidh gach saghas áise, chun gur féidir le daoine staidéar a dhéanamh ar ár gcultúr; agus, dár ndóigh, beidh amharclann i gceist freisin.
an príomhionad gnó the main business centre
" Is é an taispeántas seo an príomhionad gnó do lucht na heitleoireachta san Eoraip.
ionad na gcuairteoirí the visitors' centre
" An chéad rud ba cheart duit a dhéanamh ná bualadh isteach in ionad na gcuairteoirí ag Taigh Mhàrtainn.
san ionad in the centre
" Tá músaem amháin san ionad, ina bhfuil cur síos ar stair an cheantair agus ar an tochailt a rinneadh ar an suíomh sna 1980í.
sólanna leisure centres
" Tá féidearthachtaí ag baint leis an straitéis seo, gan amhras, ach is cinnte go bhfuil infheistíocht mhór de dhíth le caighdeán na n-áiseanna a fheabhsú, chun cuairteoirí a mhealladh ó na hóstáin, lena sólanna agus linnte snámha.
agus postanna teangalárnaithe a chruthú ann and create language-centred jobs there
" Cailleadh go leor postanna ar an Eastát Tionsclaíochta i nGaoth Dobhair le dornán blianta anuas agus beart críonna é an acmhainn is mó atá sa cheantar a úsáid agus postanna teangalárnaithe a chruthú ann.
ó na hionaid vótála. from the voting centres.
" Agus le tamall anuas, tá níos mó Meiriceánach ag fanacht amach ó na hionaid vótála.
ionad oidhreachta heritage centre
" Níl caife ann ná teach tábhairne, cé go bhfuil ionad oidhreachta á thógáil agus tá sé beartaithe bia a chur ar fáil ansin.
lárionad acmhainní foghlama a centre for learning resources
" “Bhí mise freagrach as teicneolaíocht an oideachais – bhí lárionad acmhainní foghlama curtha ar bun san áit agus iarradh orm amharc ina dhiaidh sin.
Scriosadh cuid mhaith de lár na príomhchathrach, much of the centre of the capital city was destroyed
" Scriosadh cuid mhaith de lár na príomhchathrach, Nuku’alofa.
an t-ionad marcaíochta sin that riding centre
" Sasanach is ea Johnny, úinéir Kande Horse Trails, agus bhunaigh sé an t-ionad marcaíochta sin cúig bliana ó shin.
san Ionad do Lucht Dífhostaíochta in the Centre for the Unemployed
" Nocht sé an leacht 21 bliain ó shin san Ionad do Lucht Dífhostaíochta ar Shráid Hardman, ach bogadh é i mbliana go dtí an People’s Centre ar Mount Pleasant.
deontas an ionaid the centre's grant
" Ach nuair a chaill Páirtí an Lucht Oibre smacht ar Chomhairle na Cathrach sna 1990í, ghearr na Lib Dems, an páirtí a tháinig ina n-áit, deontas an ionaid agus bhí an Flying Picket i bponc faoin bhliain 2004.