Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Sraith na Seaimpíní The Champions League
" B'fhéidir nach bhfuil chuile shraith san Eoraip láidir, ach tá tíortha "beaga" eile in ann clubanna a chur chomh fada le Sraith na Seaimpíní agus Corn an UEFA, gan iad féin a náiriú.
curaí champions
" Thug an sos imeartha sin deis do Choláistí Átha Cliath tuilleadh traenála a dhéanamh agus ullmhú i gceart don chluiche leathcheannais i gcoinne Choláiste Chiaráin, Cill Chainnigh, curaí Laighean agus uile-Éireann na bliana roimhe.
crann taca pillar, champion
" Na laethanta seo, shílfeá go mbeadh sé dodhéanta a bheith mar dhlúthchara de chuid Uachtáran na Stát Aontaithe - tír atá ina crann taca ag Iosrael - agus ag an am céanna a bheith ar thaobh daoine bochta atá faoi ansmacht.
curaidh champions
" Ar an mbealach chun na craoibhe an bhliain sin bhuaigh Áth Cliath ar Uíbh Fháilí agus ar Chorcaigh, curaidh na mblianta '72 agus '73, agus ar fhoireann na Gaillimhe a d'imir sna craobhacha sin i '72 agus '73.
churaí Uladh champions of Ulster
" Thug Aontroim an-taispeántas i gcoinne Thiobraid Árann in 2002 agus is dóigh gurb iad a bhuafaidh Craobh Uladh arís i mbliana, cé go bhfuil sé ionann is cinnte go ndéanfaidh foirne Dhoire agus an Dúin an-iarracht stádas churaí Uladh a bhaint d'fhir na nGleannta.
curaí na Mumhan the Munster champions
" Seo cluiche an-spéisiúil: curaí na Mumhan i gcoinne churaí na hÉireann faoi 21 le trí bliana anuas.
seaimpín champion
" Dá bhfaigheadh muid iarratas amháin ó chuile chraobh bheadh an-chomórtas againn! Dá mbeinnse i mbun Chonradh na Gaeilge i Loch Garman, mar shampla, nó in aon chontae eile sa tír, bheinnse ag iarraidh go mbeadh seaimpín áitiúil ag seasamh an fhóid ar son Loch Garman ag an Oireachtas.
curadh-rothaí champion cyclist
" Tugtar *thalassotherapy *ar an leigheas sin, agus tháinig rath air sna seascaidí nuair a chuaigh an curadh-rothaí Louison Bobet go dtí an t-ionad ag Roscoff i ndiaidh dó timpiste tráchta tromchúiseach a bheith aige.
Curadh-lúthchleasaí champion athlete
" Curadh-lúthchleasaí atá ann a chaith tamall san Astráil.
seaimpín champion
" Is beag nach ndearna sé an rud céanna sa chraobh ach bhí air géilleadh don seaimpín ar deireadh.
curaidh Laighean Leinster champions
" Más é an fáth gur taispeánadh Áth Cliath agus Lú sa pheil toisc gur curaidh Laighean iad Áth Cliath, cén fáth nár taispeánadh Cill Chainnigh (curaidh Laighean, na hÉireann agus na Sraithe) ina gcéad chluiche i gcoinne Átha Cliath.
curaí Uladh the Ulster champions
" Cén fáth go bhfuil an milleán á chur ag Mac Grifín ar an gcóras? Tar éis an tsaoil, téann curaí Uladh díreach isteach i gcluiche leathcheannais na hÉireann.
curaí champion
" Leithéidí Regina Jacobs, curaí an domhain don 1500m faoi dhíon agus an dornálaí Shane Mosley atá luaite.
seaimpín champion
" Gheofá amach go bhfuil seaimpín agat sa rang i spórt éigin, leadóg bhoird, b'fhéidir.
curadh na capallaíochta the horsey champion
" Dar leis go raibh curadh na capallaíochta ag iarraidh leath an bhoinn a thabhairt don laoch eile a raibh sé thar a bheith tuillte aige - a each, Waterford Crystal.
an Scolardach Lúthchleasa the Athletics Champion
" Ach bhí eagarthóir doghrachtach *Beo Ar Éigean*, Éamonn Ó Doornail, róscrábach le Balor an Scolardach Lúthchleasa a chur 'fhad le hAithin na Gréige chun tráchtaireacht a dhéanamh ar na cluichí ansin.
Curadh mór na cainte contanóidí the great champion of the continuous talk
" Curadh mór na cainte contanóidí é gan dabht, gan amhras, gan bhréag, gan éitheach, gan agó, gan .
i Sraith na Seaimpíní in the Champions League
tréithe fíorsheaimpíní the traits of true champions
" Léirigh siad tréithe fíorsheaimpíní: scil, diongbháilteacht, féinmhuinín, spiorad agus imirt foirne agus go mórmhór an cumas tábhachtach sin scóranna a aimsiú ag an am ceart sa chluiche, mar shampla sa cheathru deiridh den chluiche leathchraoibhe i gcoinne an Chláir.
curaidh champions
" Comhghairdeas mar sin le Contae na hIarmhí, curaidh na hÉireann, Roinn a Dó, agus chéad bhuaiteoirí Chorn Uí Rinn, agus le foireann Londain as a mbua i gCorn Uí Riocaird.
Curaí na hÉireann the All-Ireland Champions
" Ar an Domhnach an 5 Feabhra seo caite, shocraigh mé síos go compordach ar an tolg sa seomra suí ós comhair an teilifíseáin, dinnéar an Domhnaigh ite agus gloine fíon dearg in aice láimhe, réidh don chluiche peile sa tsraith náisiúnta idir Baile Átha Cliath agus Curaí na hÉireann, Tír Eoghain.
Sraith na Seaimpíní the Champions League
" Dar leis fosta gur “móimint uafásach” ina shaol a bhí ann gan a bheith ar an fhoireann nuair a bhain Liverpool FC Sraith na Seaimpíní anuraidh.
na seaimpíní the champions
" Sin é an fáth, agus gan fhios agam cé hiad na seaimpíní (mo bharúil féin ná go mbeidh an lá leis an Airgintín), nach bhféadfainn an ócáid a ligean tharam gan tagairt a dhéanamh di.
ina gcuraí ar an domhan world champions
" Scóráil Maradona 34 cúl i 91 cluiche idirnáisiúnta ag imirt don Airgintín agus murach é ní bheadh an Airgintín ina gcuraí ar an domhan i 1986.
curaí Laighean Leinster champions
" 1961 nó 1962 a bhí ann, measaim, agus bhí níos mó *Dubs* ar an bhfoireann iománaíochta ná mar a bhí d’imreoirí as aon chontae eile as Laighin toisc go mba iad Áth Cliath curaí Laighean na bliana 1961.
seaimpín náisiúnta amháin one national champion
" Ar ndóigh, níorbh fhiú na foirne, na stáideanna, ná na cluichí móra gan sprioc ná duais mhór, agus i 1967 rinneadh cinneadh go n-imreodh buaiteoirí an AFL in aghaidh bhuaiteoirí an NFL chun go mbeadh seaimpín náisiúnta amháin ann.
seaimpíní, champions,
" Is bua é sin a bhíonn ag foirne maithe agus ag seaimpíní, ar nós Chill Chainnigh san iomáint.
a d'imrítí idir seaimpíní an oirthir agus an iarthair. which used to be played between champions of the west and champions of the east.
" Sa bhliain 1916, bunaíodh cluiche an Rose Bowl, a d'imrítí idir seaimpíní an oirthir agus an iarthair.
seaimpíní na Breataine the champions of Britain
" **Stádas**Ní raibh stádas na heagraíochta nua soiléir go dtí Ard-Fheis CLG i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928 nuair a vótáil na hionadaithe ar son an rúin go mbeadh Comhairle na Breataine ina comhairle cúige agus go mbeadh seaimpíní na Breataine páirteach i gcluichí ceannais na hÉireann ag leibhéal na sóisear.
curadh trom-mheáchain heavy weight champion
" Na Naitsithe Dornálaí gorm eile a bhain barrchéimíocht amach ná Joe Louis nó ‘The Brown Bomber’, curadh trom-mheáchain an domhain agus an dornálaí ab fhearr riamh dar le saineolaithe an spóirt.
churadh champion
" Beidh an Tour de France 2009 thart faoin am a dtiocfaidh sé go hÉirinn agus cá bhfios nach ina churadh uair amháin eile ar an rás is mó agus is déine ar domhan a bheidh sé.
curadh domhanda world champion
" Níor luaigh sí liom a cuid éachtaí ar an oighear liom go dtí gur chuir mé ceist uirthi faoi an samhradh seo chuaigh thart agus fuair mé amach go raibh sí ina curadh domhanda! D'inis sí dom gurb í an chéad Éireannach a ghlac páirt sa Craobh Domhanda Luas-scátála san Olympic Oval, Calgary, Ceanada, i Feabhra 2007, áit ar bhris sí an churiarracht domhanda 1500 méadar agus fuair sí bonn airgid dá bharr.
churaidh na gcúigí the provincial champions
" Sin é go díreach a tharla do churaidh na gcúigí, Tír Eoghain, An Mhí, Ciarraí agus Ros Comáin i mbliana.
Churadh ar Domhan World Champion
" Sé throid a bhí ar chlár na hoíche agus ba é ‘Laoch an Iarthair’, Annraoi Mac Giolla Chomhaill (Henry Coyle), as Gaoth Sáile i Maigh Eo, a bhí sa chró don phríomhbhabhta ar chlár na hoíche agus é ag tabhairt aghaidh ar Elio Cotena as Napoli na hIodáile, féachaint cé acu a bheadh ina Churadh ar Domhan de chuid Fondúireacht Dornálaíochta an Domhain (WBF) sa mheánmheáchan éadrom.
Curadh gan Chonspóid undisputed champion
" An dúshlán atá roimh Annraoi Mac Giolla Comhaill mar sin ná an gradam ‘Curadh gan Chonspóid’ – rí gan freasúra - a bhaint amach trí gach curadh eile de chuid na n-eagraíochtaí éagsúla a bhualadh.
churaidh champions
" Ar fhoireann Átha Cliath a fuair an bua ar churaidh uile-Éireann na bliana 1954, Contae na Mí, bhí Kevin Heffernan, Ollie Freeney, Des Ferguson, Cathal O Leary is araile.
curaidh champions
" Imríodh an chéad leagan de i 1967 nuair a thug foireann ón Astráil cuairt ar Éirinn agus d’imir siad i gcoinne curaidh na peile Gaelaí, an Mhí.
Sraith na gCuradh the Champions League
" Bhí cloiste agam ar éachtaí fhoireann sacair na cathrach, Deportivo, faoi mar a bhí ag mórán Éireannach ón uair a chloígh siad Síol Broin cróga Bhleá Cliath i Sraith na gCuradh i 2004.
Fiú más iad na curaidh even if they were the champions
" Fiú más iad na curaidh a bhí ina gcoinne, an fhoireann ab fhearr ar fad le roinnt blianta anuas, shíl chuile dhuine go ndéanfaidís cluiche maith de, go mbeadh coimhlint ghéar ann, go mb’fhéidir go mbeadh an imirt idir dhá cheann na meá suas go dtí an fhead deiridh.
spreagann curaidh inspires champions
" Is é sin is dóigh a spreagann curaidh bliain i ndiaidh bliana (foireann iomána Chill Chainnigh ina sampla maith) agus dul tríd an phian agus an fhulaingt cholainne agus aigne, b’fhéidir, athuair.
curaí na hÉireann don iliomad uair Irish champions for the umpteenth time
" Maidir le Cill Chainnigh, curaí na hÉireann don iliomad uair, cad tá le rá fúthu nach bhfuil ráite cheana? An fhoireann iomána ab fhearr a bhí ariamh ann; Brian Mac Óda an bainisteoir ab fhearr a bhí riamh ann; Henry Ó Seibhleáin an t-iománaí ab fhearr a bhí riamh ann agus mar sin de.
iarchuradh gairmiúil dornálaíochta an domhain former professional world boxing champion
" Bhí sé de phribhléid agam aithne bheag a chur ar Bhernard Dunne, iarchuradh gairmiúil dornálaíochta an domhain sa Coileachmheáchan Trom, ag tús 2011 nuair a iarradh orm cabhrú leis a chuid Gaeilge a chleachtadh.
an laoch leadóige Eilbhéiseach the Swiss tennis champion
" Is féidir an straitéis seo a bhrath san aiste a scríobh Wallace ar bhuanna fisiciúla Roger Federer, an laoch leadóige Eilbhéiseach, fé theidil, Roger Federer as religious experience.
bheith ina gcuraidh sraithe ar to be league champions
" An bua a shantaigh siad agus nach raibh acu ó 1967, bheith ina gcuraidh sraithe ar Shasana, bhí sé ar iarraidh.
Curadh champion
" Is é Curadh an Domhain ar cheann de na spóirt is deacra agus is crua dá bhfuil ann i measc na lúthchleas.
Curaidh champions
" An Crusher Casey ======== Curaidh, sáriomaitheoirí spórtúla ab ea deartháireacha Uí Chathasaigh agus is mó duais, gradam agus craobh a bhuadar ar fud na cruinne sna blianta úd sa chéad leath den 20ú aois.
ina churadh dornálaíochta amaitéarach ar an mBreatain the British amateur boxing champion
" Bhí Tom ina churadh dornálaíochta amaitéarach ar an mBreatain.
gaireadh Patrick ina churadh ar P. was proclaimed champion
" An 21ú lá de mhí Aibreáin 2014, gaireadh Patrick ina churadh ar Chraobh Oscailte Pócair na hÉireann 2014 de chuid Paddy Power.
liosta na gcuradh to the list of champions
" Leis an bhua seo ina seilbh aige, tá a ainm curtha le liosta na gcuradh, ina measc Noel Furlong, Liam Flood, Joe Beevers, Neil Channing, James Mitchell, Kevin Vandersmissen agus Ian Simpson.
Sraith na gCuradh the champions’ league
" Sílim nach ionann an cineál lucht féachana, agus dá bhrí sin an t-atmaisféar, a bhíonn ag cluichí Chorn an Domhain agus a macasamhail ag cluichí sraithe Phríomhroinn Shasana nó Sraith na gCuradh san Eoraip nó a leithéidí sin.
curadh domhanda world champion
" Casadh curadh domhanda luas-scátála, Éireannach, ar Tony Birtill anuraidh, ach is ar fhoireann na hÍsiltíre atá sí.
Curadh champion
" Labhair Colm Mac Séalaigh le Curadh na hEorpa agus Curadh an Domhain dornálaíocht, Katie Taylor.