Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag athrú de shíor forever changing
" Tá na gutháin shoghluaiste agus na ríomhairí neamhshreangaithe ag athrú de shíor agus is é an t-idirlíon is cúis leis seo.
aimsir shíorathraitheach ever-changing weather
" Is ceantar é atá lán d'áilleacht neamhcheansaithe agus is iad an aimsir shíorathraitheach agus na caoirigh ar féarach na fórsaí is mó a fhágann a rian ar an talamh fiáin seo.
seomraí feistis changing rooms
" Tá dhá pháirc pheile ag Cumann Lúthchleas Gael Chill Chartha agus seomraí feistis do bhuachaillí agus do chailíní acu le freastal ar Chomórtaisí Peile na Gaeltachta a bheas á reáchtáil acu i 2004.
meáite ar rudaí a athrú resolved on changing things
" D'eagraigh siad cruinniú anseo i Learpholl i Samhain 1999 leis na hÉireannaigh agus chuir beirt bhleachtairí, Stuart Parkinson agus Andy Isles, trí cheist orainn: How can we support the Irish community? Do we discriminate against you? In what ways can we make things better? Bhí fearg ar chuid mhaith de na hÉireannaigh a bhí i láthair ag an chruinniú tar éis cos ar bolg a bheith déanta orthu le blianta roimhe sin, ach dúirt na bleachtairí linn go raibh siad meáite ar rudaí a athrú.
cúinsí athraitheacha changing circumstances
" ) Bhí Murphy chun a rá gur "fréamhacha" a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta agus go gcaithfeadh na hinstitiúidí fás agus forbairt de réir cúinsí athraitheacha.
seomra gléasta changing room
" Fan san áit a bhfuil tú a Bhaloir agus rithfidh mé isteach sa seomra gléasta sin.
ag síorathrú continually changing
" Bhí línte i ngach áit air, a éadan, línte doimhne ag síorathrú timpeall ar na súile, ar an mbéal agus é ag meangadh, na malaí seasta amach, bán, scrobarnach ribí sna polláirí, i bpoill na gcluas, línte ar na méara freisin, an muineál, gach áit.
ag athrú go mór ó ghlúin go glúin, changing greatly from generation to generation,
" I dtír chomh húr le Meiriceá, atá fós ag athrú go mór ó ghlúin go glúin, is beag béim a leagtar ar stair nuair atá pobal na tíre ag iarraidh ciall a bhaint go fóill as an ré ina bhfuil siad féin.
ag síorathrú. forever changing.
" Bíonn fáilte roimh chách sa dánlann iontach seo amuigh faoin spéir a bhíonn ag síorathrú.
ag athrú. changing.
" Ach de réir a chéile, bhí an scéal sin ag athrú.
ag athrú changing
" Ó sea, i Nua-Eabhrac amháin a fheicfidh túJefferson agus Harlem buailte ar a chéile! Lucht na ngairmeachaTá Harlem ag athrú i láthair na huaire.
ag athrú an chluiche changing the game
" Sa bhliain 1875, thosaigh ollscoileanna in Massachusetts ag imirt faoi na rialacha nua seo, agus i rith ochtóidí an chéid sin, thosaíodar ag athrú an chluiche sa chaoi nach raibh sé chomh cosúil le rugbaí níos mó.
ag athrú changing
" Is scéal é a bhfuil macalla ann, ní hamháin do na Éireannaigh, den saol seo atá ag athrú ar ardluas.
maidir le hathrú coinníollacha oibre a bhfostaithe regarding changing the work conditions of its employees
" Is amhlaidh gur tugadh gealltanas ar leith nach bhféadfadh Aer Lingus aon chinntí a dhéanamh, maidir le hathrú coinníollacha oibre a bhfostaithe nó maidir le hathlonnú a gcuid mol, gan cead follasach a bheith faighte acu ón Rialtas.
ag aistriú ón iománaíocht go peil. changing from hurling to football
" Go luath sa bhliain dar gcionn, áfach, bhí ráflaí á scaipeadh i measc lucht leanúna na hiomána i mBaile Átha Cliath go raibh Mick Holden, sariománaí Átha Cliath, ag aistriú ón iománaíocht go peil.
i dtaca le polasaithe a athrú with regard to the changing of policies
" B’fhéidir gurb é is cúis lena n-easpa gnímh i dtaca le polasaithe a athrú ná go bhfuil siad an-ghafa leis na fadhbanna éagsúla atá tagtha chun cinn le gairid.
dírithe ar ainm an bhaile a athrú focused on changing the name of the town
" Bhí an feachtas dírithe ar ainm an bhaile a athrú ón leagan oifigiúil Gaeilge – An Daingean – go dtí leagan dátheangach Dingle Daingean Uí Chúis.
ag athrú go tapa changing rapidly
" Beidh ar choistí contae ar fud na tíre machnamh a dhéanamh maidir lena modhanna oibre agus b’fhéidir go mbeidh orthu cuid acu a leasú toisc go bhfuil an saol – agus CLG – ag athrú go tapa ar go leor bealaí.
athrú changing
" Tá an tóin ag titim as geilleagar na hÉireann chomh tapaidh is nach féidir leis na heacnamaithe na figiúirí a mheas chomh gasta is atá an scéal ag athrú.
athrú changing
" Déantar cur síos san alt seo ar na bealaí beaga ina bhfuil dearcadh agus iompar daoine ag athrú anois go bhfuil an t-airgead ag éirí gann.
chasann ón sceon changing from terror
" Chruthaigh an fear céanna fuaimrian a chasann ón sceon go dtí an liriciúlacht, de réir mar is gá, le héascaíocht mháistriúil.
seomraí feistis changing rooms
" Fíorú Físe Ach bhí fís ag daoine i Ros Muc agus i gCamus, agus an fhís a bhí acu, páirc peile cheart agus ionad le seomraí feistis agus seomraí cruinnithe a thógáil.
seomra feistis changing rooms
" Deireadh na gcaogadaí, tús na seascaidí a bhí ann agus bhí oiread aithne ag Charlie ar imreoirí de chuid foireann Chiarraí go mbíodh cead isteach aige i seomra feistis Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh lá cluichí ceannais na hÉireann.
síorathraíoch permanently changing
" Ós ag caint ar an mbóthar ceart mé, seo ar ais mé ar bhóithrín na smaointe is i mbun machnaimh ar an tírdhreach síorathraíoch, fiáin, stoirmiúil os mo chomhair.
mbabhtáil changing
" Táthar ann a dhéarfadh nach mbeadh in aistriú na gcúram seo ó eagraíocht phoiblí amháin go ceann eile, ach cur i gcéill mar a bheadh i mbabhtáil cathaoireacha ar an Titanic agus í ag líonadh le huisce.
ghaoth ag athrú wind is changing
" Ach is léir go bhfuil an ghaoth ag athrú.
Tá an Saol ag Athrú it’s a changing world
" Tá an Saol ag Athrú ======== Dar le cuid mhaith de choimeádaigh Mheiriceá, is tír Críostaí, gealchnis, Eoraipbhunaithe, Béarla í SAM.
seomra feistis changing room
" Rinne John Houlding riarachán an chumainn ón Sandon Hotel, tábhairne a bhí aige cóngarach d’Anfield agus áit a raibh seomra feistis don fhoireann.
Aistriú changing
" An Taoiseach: Enda Kenny ========= Aistriú ó athair an tigh go máistir na tíre.
An Tiontú chun Samhnais changing to disgust
" An Tiontú chun Samhnais ============= Is tír í an Fhionlainn nach bhfuil ach rud beag os cionn cúig mhilliún duine inti.
ní hionann is athrú an ghairm bheatha unlike one’s changing profession
" Tá fostaí na linne seo an-soghluaiste ar chuile bhealach, ní hionann is athrú an ghairm bheatha san am a chuaigh thart.
thosaigh intinní ag athrú ina dtaobh minds started changing about them
" Sar i bhfad, ámh, thosaigh intinní ag athrú ina dtaobh.
Bíonn an saol ag athrú de shíor life is always changing
" com%2Ftracks%2F113788544&color=ff6600&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Bíonn an saol ag athrú de shíor.
Casann roth na beatha ‘the times they are a changing’
ag athrú agus ag forbairt changing and developing
" Toisc na hamhráin sean-nóis a bheith á seachadadh ó ghlúin go glúin cois teallaigh, ba mhodh é a bhíodh de shíor ag athrú agus ag forbairt.
Ag Athrú Taoibh changing sides
" Ag Athrú Taoibh ===== Níor chomharba aiceanta é, ach nuair a thagann an crú ar an tairne .
ag athrú sean-nós na geandála changing the old habit of dating
" Tá an tindreáil ag athrú sean-nós na geandála nó an tochmhairc in Éirinn.
an saol cumarsáide ag athrú as éadan the world of communications is changing remarkably
" Is díol spéise ar leith é gur ar ardán YouTube atá sé seo ag tarlú seachas ar ghnáthstáisiún teilifíse - léiriú amháin ar an gcaoi a bhfuil an saol cumarsáide ag athrú as éadan i láthair na huaire.
gach ní ag athrú chomh tapa sin everything changing so fast
" : An fhadhb is mó, bhféidir ná go bhfuil gach ní ag athrú chomh tapa sin.
a fhad le malartú an gharda to the changing of the guard
" Mhaígh sé go raibh a fhios ag Rialtas na Breataine go dtitfeadh cás John Downey ar cuireadh ina leith go raibh sé freagrach as dúnmharú ceathrar saighdiúirí nuair a bhuamáil an tIRA buíon den Household Guard a bhí ag dul fríd Hyde Park a fhad le malartú an gharda i 1982.
ag iompú ar changing to
" Ach thuigfinn dóibh siúd a chaitheann leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide amháin agus nach mbíonn ag troid nó ag agóidíocht i gcónaí ar a son, go háirithe iad siúd a tháinig in inmhe le linn ré an tíogair Cheiltigh agus nach cuimhin leo na drochlaethanta nuair nach raibh leabhra Gaeilge ar fáil ar scoil, nuair a bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar an nGaeilge go minic, nuair nach raibh pingin rua ar fáil don teanga - cé gur léir go bhfuil na drochlaethanta sin linn arís!” Cailleadh nó Caomhnú? ======== Agus nach fíor go bhfuil an t-aos óg ag tabhairt droim láimhe don Ghaeilge agus ag iompú ar an Bhéarla? “Cinnte ní féidir linne neamhaird a dhéanamh ar an iompú seo, agus bheinn buartha faoin sealbhú teangan ach ceapaim go dteastaíonn gníomh anois seachas a bheith ag clamhsán de shíor faoin bhfadhb.
i scéal athrú dílseachta in the matter of changing loyalties
" Tá tuiscint agus easpa tuisceana i gceist go mór i scéal athrú dílseachta.
Tá an saol ag athrú times are changing
" Tá an saol ag athrú agus beidh cúrsaí oideachais ag athrú amach anseo sa taobh ó thuaidh, ach tchítear do Robert McMillen gur go malltriallach a tharlóidh sé sin i dtuaisceart Éireann.
ag athrú chun feabhais changing for the better
" Is ag athrú chun feabhais atá dearcadh mhuintir na hAstráile ar mhuintir na hÁise atá ag triall ar a dtír mar lucht oibre.
an t-athrú scéil a bhíonn ag titim amach i rith an ama the continual changing circumstances
" Is spéis le Tony Birtill an t-athrú scéil a bhíonn ag titim amach i rith an ama i dtuairimí aos seandálaíochta na Breataine agus na hÉireann.
is atá an saol ag athrú the world is changing
" Gné a léiríonn a thapúla is atá an saol ag athrú, is ea na clódóirí 3D atá ar fáil lenár linn.