Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tuar athruithe bunúsacha predicting basic changes
" Beidh aird á tarraingt sna míonna atá romhainn, ní hamháin ar an chóimheas agus ar an iolrú a chleachtann na páistí seo sa seomra ranga, ach ar an chuntas polaitiúil ar a bunaíodh an stát, cuntas atá anois ag tuar athruithe bunúsacha i nádúr an Tuaiscirt é féin.
athchruth change of appearance
" Is mór an dealú béascna, dar leat, idir an dá shraith ainmneacha thíos, nuair a dhearcfas tú orthu de chéaduair: Peig Sayers Robert Tenpenny Nioclás Tóibín James Hawkins Seán hInnéirghe/John Henry Eugene Archibald Cóilín Fiodhnaise Mac Donncha Lawrence Biggar Aodh Ó Duibheannaigh Mary Barnacle Samhlaítear taobh amháin, an dream ar dheis thuas, leis an mBéarla, tharla gur faoi athchruth sloinne anois iad, cruth a cheileann a ndúchas orainn.
athrú meoin change of mentality
"athrú meoin ag teastáil i gcás mhuintir na Gaeltachta féin, áfach.
a laghad atá athraithe how little has changed
" Feiceann sise na fadhbanna sa chóras sláinte, agus labhrann sí fós faoi stailc na n-altraí cúpla bliain ó shin agus a laghad atá athraithe ó shin.
ag athrú de shíor forever changing
" Tá na gutháin shoghluaiste agus na ríomhairí neamhshreangaithe ag athrú de shíor agus is é an t-idirlíon is cúis leis seo.
athraithe ó bhonn changed completely
" Cúlra ======= Rugadh Higgins i gCorca Dhuibhne corradh le caoga bliain ó shin agus deir sé go bhfuil an saol sa cheantar sin athraithe ó bhonn ó bhí seisean óg.
leasuithe changes
" " Deir sé go bhfuil gá le leasuithe sa tslí ina ritear na comhlachtaí stáit, gur cheart go mbeadh níos mó daonlathais i gceist agus go gcaithfí níos fearr leis na hoibrithe.
Go n-athróinn mo chraiceann that I would change my skin
" Dúirt sí liom, 'Cad é atá siad ag iarraidh? Go n-athróinn mo chraiceann?'" Ina dhiaidh sin, labhair Cora liom faoina saol agus faoin mhéid tarcaisne a bhíonn le fulaingt aici.
níor athraigh a dhath nothing changed
" Cáineadh na drochdhaoine, chuaigh daoine chun an bhaile agus níor athraigh a dhath.
leasuithe a chur i gcrích bring about changes
" Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine, agus cabhraíonn an obair dheonach le daoine scileanna nua a fhorbairt, a bheith níos féinmhuiníní, agus leasuithe a chur i gcrích ina bpobal féin.
hathruithe socheolaíocha sociological changes
" Portráid chomhaimseartha é d'Éirinn, a ardaíonn ceisteanna agus a spreagann smaointe faoi na hathruithe socheolaíocha agus geografacha atá le feiceáil ag tarlú thart orainn faoi láthair.
d'athródh mo phearsantacht go mór my personality would change greatly
" Dá bhfanfainn ann, d'athródh mo phearsantacht go mór dá bharr agus an duine a dhéanfaí díom, ní dóigh liom gur mhaith liom an duine sin in aon chor.
hathruithe déimeagrafacha demographic changes
" Ní mór, áfach, na hathruithe déimeagrafacha sa chathair a thógáil san áireamh.
le cor a chur sa chaint to change the subject
" Sa deireadh, le cor a chur sa chaint, dúirt sí, "Tá boladh breá agat, Bolognaise ab é?" "Is é.
mhórathruithe major changes
" Caithfidh daoine a vóta ach gan mórán dóchais acu go dtiocfaidh aon mhórathruithe.
athrú radaiceach radical change
" Sin an fáth nach rachaidh, meastar, ach 65% den phobal amach ag vótáil - creideann an 35% eile nach dtarlóidh aon athrú radaiceach.
go dtí go dtig athrú air sin until that changes
" Faraor go gcaithfidh tú do ghnó a dhéanamh i mBéarla agus go dtí go dtig athrú air sin beidh Gaeltacht Ghleann Fhinne i mbaol.
athrú poirt a change of tune
" " Fiche bliain níos maille, tá athrú poirt ann.
aimsir shíorathraitheach ever-changing weather
" Is ceantar é atá lán d'áilleacht neamhcheansaithe agus is iad an aimsir shíorathraitheach agus na caoirigh ar féarach na fórsaí is mó a fhágann a rian ar an talamh fiáin seo.
mionathruithe minor changes
" De réir foinse Rialtais, a labhair le *Beo!*, cuirfear roinnt mionathruithe i bhfeidhm ar an Seanad i rith na bliana, ach ní bheidh aon mhórathrú i gceist.
athruithe daonra population changes
" An é go bhfuil caighdeán na bhfoirne sin tite go sealadach nó an bhfuil géarchéim sna contaetha sin maidir le dul chun cinn na hiomána? Na scéalta atá ag teacht as Corcaigh is measa, sé sin, go bhfuil caighdeán na gclubanna íslithe an oiread sin nach bhfuil ar a gcumas dul san iomaíocht i gceart i gcraobhchomórtas chlubanna na Mumhan agus go bhfuil clubanna cáiliúla na cathrach, Naomh Fionnbarra, An Charraig Dhubh agus Fánaithe an Ghleanna tite i léig ar fad de bharr athruithe daonra agus thionchar an tsacair.
athrú suntasach noticeable change
" Ach áit go bhfuil athrú suntasach tagtha ar an saol ná in úsáid an idirlín chun siopadóireacht agus gnó bainc a dhéanamh, agus chun teilea-obair a dhéanamh.
claochlaithe changed
" Bhí an teilea-obair ar cheann de na hathruithe is mó a raibh daoine ag súil leis, ach níl an saol oibre claochlaithe faoi mar a bhí tuartha.
seomraí feistis changing rooms
" Tá dhá pháirc pheile ag Cumann Lúthchleas Gael Chill Chartha agus seomraí feistis do bhuachaillí agus do chailíní acu le freastal ar Chomórtaisí Peile na Gaeltachta a bheas á reáchtáil acu i 2004.
athrú meoin change of mind
" Creidim féin go bhfuil baint mhór ag Páirc an Chrócaigh leis an athrú meoin seo i leith an Chumainn Lúthchleas Gael sna ceantair mheánaicmeacha, mheasúla agus sna ceantair aicme oibre araon.
meáite ar rudaí a athrú resolved on changing things
" D'eagraigh siad cruinniú anseo i Learpholl i Samhain 1999 leis na hÉireannaigh agus chuir beirt bhleachtairí, Stuart Parkinson agus Andy Isles, trí cheist orainn: How can we support the Irish community? Do we discriminate against you? In what ways can we make things better? Bhí fearg ar chuid mhaith de na hÉireannaigh a bhí i láthair ag an chruinniú tar éis cos ar bolg a bheith déanta orthu le blianta roimhe sin, ach dúirt na bleachtairí linn go raibh siad meáite ar rudaí a athrú.
athraithe changed
" Tá an-mholadh faighte ag *Baran *sna Stáit Aontaithe, agus deir Dr Akrami i rith agallaimh ar an stáisiún raidió PBS: "Nuair a fhágann tú an phictiúrlann, mothaíonn tú go bhfuil tú athraithe mar dhuine".
athraithe changed
" Sílim go raibh blianta fada nach raibh an corn ag teacht aníos an taobh seo ach, buíochas do Dhia, tá sin athraithe.
athrú meoin change of mentality
" Seo ceist nó dhó ar féidir le léitheoirí *Beo!* a machnamh a dhéanamh orthu: Cén dóigh a dtig linn athrú a dhéanamh i measc pobal, a bhfuil nós labhairt na Gaeilge beagnach caillte ag an ghlúin déagóirí atá iontu faoi láthair? Cén dóigh ar féidir athrú meoin a chur i bhfeidhm i gcás tuismitheoirí atá ag labhairt Béarla lena gclann agus nach bhfuil ag glacadh aon chinneadh teanga ar thaobh na Gaeilge? Cén dóigh a dtig linn na bunscoileanna sa Ghaeltacht a fhorbairt mar scoileanna lán-Ghaeilge san dóigh is go mbeidh na páistí ag súgradh sa chlós i nGaeilge agus achan ábhar á theagasc go hiomlán trí mheán na teanga? Níl iontu seo a trí cheist shimplí.
Caithfidh sé go bhfaca tú athruithe iontacha le do linn You must have seen great changes in your time
" "Caithfidh sé go bhfaca tú athruithe iontacha le do linn," arsa an polaiteoir.
a ghreim camáin a athrú to change the way he held the hurley
" An chéad rud a rinne sé ná iarracht a dhéanamh a ghreim camáin a athrú.
athruithe a chur i gcrích to bring about changes
" Is é an freagra a bhí ag an gCathaoirleach ar a litir tamall ina dhiaidh sin ná post an bhainisteora a thairiscint dhó! In ainneoin an mhéid a tharla roimhe sin ghlac sé leis an gcuireadh sin go fonnmhar, mar bhí a fhios aige go bhféadfadh sé athruithe a chur i gcrích (ag an am sin bhí cúigear roghnóir ceaptha ach gan aon duine amháin i gceannas!) agus an bhliain dár gcionn bhuaigh Tiobraid Árann Craobh Mhionúr na hÉireann faoina stiúir i gcoinne Cill Chainnigh.
cúpla mionathrú a few minor changes
" Is rialacha idirnáisiúnta a úsáidtear sna cluichí sin ach measann imreoirí na hAstráile gur peil Ghaelach go bunúsach atá ann le cúpla mionathrú.
athraithe go mór changed greatly
" Cé go bhfuil an saol athraithe go mór ó bhí sé féin ina ghasúr, agus go bhfuil rogha i bhfad níos mó ag gasúir ó thaobh spóirt agus caitheamh aimsire eile de, tá ceantair fós ann ina bhfuil an iománaíocht fite fuaite le cultúr an phobail agus le rithim laethúil an tsaoil.
mar athrach for a change
" " Ba mhór ag Aoife dá dtabharfadh Gerry faoi seo ar dhóigh aigeanta, chroíúil mar athrach, seachas smut a bheith air a leagfadh leathdosaen.
Níl cúrsaí athraithe mórán Things haven't changed much
soinseála change
" Níl a fhios agam go cruinn cé mhéad euro a bheadh ann, dá ndéanfaí an tsuim sin a aistriú agus dá gcuirfí san áireamh an boilsciú sa chostas maireachtála ó 1994 i leith, ach ní shamhlóinn go mbeadh mórán soinseála agat as €60 milliún i dtéarmaí an lae inniu.
tá cúrsaí athraithe things have changed
athrú meoin change of mind/mentality
" Faoin gceannteideal caithréimeach "We are all Iraqis now", scríobh Shukrallah faoin athrú meoin a tharla san Éigipt nuair a thuig daoine nach cogadh cúig lá a bheadh ann, agus go raibh muintir na hIaráice ag troid go calma i gcoinne lucht an ionraidh.
athrú réimis regime change
" Deir sé: "Sular thosaigh an cogadh níor chreid mé go raibh meon an phobail chomh láidir sin in aon cheann de thíortha an Mheánoirthir le go mbeadh athrú réimis mar thoradh air, sin le rá athrú go réimeas a bheadh i gcoinne trádála leis an iarthar.
athrú suntasach meoin noticeable change in thinking
" Ní mar sin, áfach, a d'amharc tromlach na ndaoine in Éirinn ar an cheist agus is athrú suntasach meoin é seo ón dóigh a raibh cúrsaí.
athrú ollmhór massive change
" Aontaíonn sí leis an tuairim gur athrú ollmhór a bhí ann.
tháinig mé ar athchomhairle I changed my mind
" Chaith muid seal le chéile ag cuimhneamh siar ar na seanlaethanta agus tháinig mé ar athchomhairle faoina shlí mhaireachtála tar éis dom bualadh leis aris.
ar son na n-athruithe atá de dhíth orthu for the changes that they want
" Seo seans don DUP troid ar son na n-athruithe atá de dhíth orthu.
athrú as cuimse a great change
" D'fhéadfaí athrú as cuimse a dhéanamh ar chuid de na fadhbanna móra struchtúrtha atá ag tachtadh na príomhchathrach agus ag bánú na tuaithe.
claochluithe changes
" Deirim féin go minic gur beag an trua atá agam féin dóibh toisc a dheacra is atá an tSeicis domsa! Is léir gurb iad na claochluithe tosaigh, na bríonna éagsúla a bhíonn ag "a" agus na forainmneacha réamhfhoclacha is mó a bhíonn ag dó na geirbe acu.
athruithe fadtéarmacha long-term changes
" Dar le roinnt de na saineolaithe atá ag forbairt na ngléasanna seo, d'fhéadfaí rudaí ar nós theocht agus luas na gaoithe a thomhas go leanúnach le clib bheag agus anailís a dhéanamh ar aon athruithe fadtéarmacha a bhí le feiceáil tar éis do léitheoir an t-eolas a bhailiú.
mar athrú for a change
" Nach dtiocfadh libh fanacht, mar athrú?" arsa Aindí.
athruithe aeráide climate changes
" * Glactar leis go coitianta go dtarlóidh cibé athruithe aeráide atá i ndán dúinn de bharr thionchar an tí ghloine go réidh, de réir a chéile.
athrú tobann a sudden change
" D'iarr sé ar Peter Schwartz, comhairleoir de chuid an CIA agus iarcheannasaí pleanála leis an ollchomhlacht ola Royal Dutch Shell, agus ar Doug Randall ón Global Business Network, staidéar a dhéanamh ar fhianaise áirithe atá ag teacht chun cinn le blianta beaga anuas go bhféadfadh athrú tobann tarlú - agus go deimhin gur tharla eachtraí den chineál sin i bhfad siar sa stair.
athrú rialtais change of government
" Tá sé ráite ó shin ag Mark Latham, ceannaire an fhreasúra, go dtabharfar sceimhlitheoirí na hAstráile abhaile ón Iaráic roimh an Nollaig má bhíonn athrú rialtais ann i dtoghchán na bliana seo.
claochlú change
" Mar sin, le claochlú a chur ar mhana pháirtí an Taoisigh a chualamar cheana, b'fhéidir go bhfuil go leor déanta, ach tá tuilleadh le déanamh.
athraithe go deo changed forever
" Is ceist dhomhanda í a chúram agus as an chonspóid tagann ceisteanna eile chun cinn: an fiú i gcónaí athchóiriú a dhéanamh ar shaothar atá chomh luachmhar agus chomh sean le saothar Michelangelo má tá an chontúirt ann go mbeidh sé athraithe go deo? Agus, cé ba cheart cinneadh mar seo a dhéanamh? Rinne Gailearaí Uffizi cinneadh gan leanúint ar aghaidh le hathchóiriú ar an "l'Adorazione dei Magi" le Leonardo Da Vinci nuair a fuair siad amach go raibh bunstruchtúr an phictiúir ní ba chasta ná mar a shíl siad.
athrú meoin change of mind
" Tá feachtas poiblíochta tosaithe ag Timor Thoir le gairid atá ag iarraidh athrú meoin a chur ar Rialtas na hAstráile agus iad a náiriú os comhair an tsaoil.
athruithe a thionscan i gcúrsaí polasaí initiate policy changes
" Gan amhras, ba cheart go mbeadh deis ag gach vótóir dul i bhfeidhm ar an rialtas agus athruithe a thionscan i gcúrsaí polasaí.
cúinsí athraitheacha changing circumstances
" ) Bhí Murphy chun a rá gur "fréamhacha" a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta agus go gcaithfeadh na hinstitiúidí fás agus forbairt de réir cúinsí athraitheacha.
athruithe a chur i gcrích to make changes
" Ní hamháin go raibh saoirse chainte againn (murab ionann agus na Sóivéadaigh bhochta, na créatúir), ach dá dteastódh uainn athruithe a chur i gcrích, bhí an tsaoirse againn vóta a chaitheamh agus na hathruithe sin a dhéanamh.
athruithe changes
" " Agus fiche bliain caite aici in RTÉ, céard iad na hathruithe is mó atá feicthe aici le linn na tréimhse sin? "Dul chun cinn na teicneolaíochta, gan dabht," a deir sí.
d'athrófaí seo this would be changed
" " *Sin le rá, tá luach na Teamhrach ceangailte leis an cheantar ina bhfuil sé suite agus, trí mhótarbhealach mór a thógáil tríd an cheantar, d'athrófaí seo.
athruithe áirithe certain changes
" Fógraíodh roimh an Nollaig go raibh sé i gceist ag Cumann Lúthchleas Gael (CLG) athruithe áirithe ar rialacha na peile agus na hiomána a chur ar a dtriail agus é sin a dhéanamh le linn na gcomórtas luathbhliana ar nós Chorn Uí Bhroin agus na Sraithe Náisiúnta peile agus iomána.
lena leithéid d'athrú rialach with such a rule change
" Sin í an fhadhb lena leithéid d'athrú rialach ag leibhéal club agus scoile.
an t-athrú is radacaí the most radical change
" Is dóigh gurb é an sos peaca nó *"sin bin" *an t-athrú is radacaí a thabharfar isteach faoi na hathruithe seo.
athrú san aeráid climate change
" Fosta, baineann eitleáin úsáid as a lán breosla le dul go gasta agus, ós rud é go bhfuil siad chomh hard sin san aer, déanann siad i bhfad níos mó dochair don chomhshaol, athrú san aeráid san áireamh.
dá n-athrófaí an t-ainm if the name were changed
" Ní hé an rud céanna a bheadh ann dá n-athrófaí an t-ainm! AÓF: Cá bhfaigheann tú do chuid amhrán? ÁNíD: Ó chairde, ó dhlúthdhioscaí.
athrú cleachtais change of work-practices
" Ach murab ionann agus an t-airgead ar fad a caitheadh ar an tseirbhís sláinte le blianta anuas, ní féirín gan choinníoll a bhí ann mar go raibh athrú cleachtais ceangailte leis.
athrú bisigh a change for the better
" Ach creidim go bhfuil athrú bisigh i ndán di.
sóinseáil change
" Agus ní sóinseáil atá i gceist: íocann an Rialtas thart faoi €50 ar son gach paisinéir aontreo idir Baile Átha Cliath agus Aerfort na Gaillimhe agus Aerfort Chiarraí.
athruithe móra big changes
" "Tá uachtarán nua, John Hughes, againn ach tá mé den tuairim nach mbeidh athruithe móra ag titim amach anseo.
athruithe drámatúla dramatic changes
" Tháinig athruithe drámatúla ar a ealaín nuair a d'fhág sé an Róimh agus in áit a phictiúir a bheith lán de ghníomhaíochtaí pléisiúrtha an tsaoil, d'éirigh siad inbhreathnaitheach, dorcha agus machnamhach.
aistriú change
athrú fíor-radacach a truly-radical change
" “Bheadh athrú fíor-radacach ag baint le hathrú teanga ag an bpointe seo,” a deir.
athruithe changes
" ” Is mór iad na hathruithe atá tagtha ar an tír seo ó bhí de Valera ina Uachtarán, áfach, iad feicthe ag Donncha Ó hÉallaithe sa nGalltacht agus sa nGaeltacht.
athrú réabhlóideach revolutionary change
" “Dar liomsa, is athrú réabhlóideach é.
muna n-athraítear iad if they are not changed
" Ach fiú amháin muna n-athraítear iad, ní féidir bheith cinnte go gcoimeádfar iad.
muna n-athraítear iad if they are not changed
" Ach fiú amháin muna n-athraítear iad, ní féidir bheith cinnte go gcoimeádfar iad.
athruithe dochreidthe incredible changes
" Má thógaimid tréimhse ceathracha bliain, ó lár na seascaidí i leith cuir i gcás, tá athruithe dochreidthe feicthe ag cuid againn.
athrú stairiúil historical change
" Measann Feeney gur athrú stairiúil eile é seo do na poblachtánaigh.
á claochlú being changed
" Tá teicneolaíocht an fhocail scríofa á claochlú arís i ré seo an eolais dhigitigh agus na dteicneolaíochtaí cumarsáide, agus lena chois sin tá príomhaíocht an téacs aibítrigh á treascairt ag iomadú na n-íomhánna luaineacha, rud a shonraigh Miller chomh maith le Debray.
athraithe changed
" AÓF: Céard iad na difríochtaí is mó a fheiceann tú in Éirinn anois ón am a d’imigh tú na blianta fada ó shin? An bhfuil muid níos fearr as anois nó an gceapann tú go bhfuil rudaí áirithe caillte againn? MÓS: Ará, tá an domhan go léir athraithe, Éire chomh maith, agus cuid de na hathraigh sin olc.
á claochlú being changed
" Tá teicneolaíocht an fhocail scríofa á claochlú arís i ré seo an eolais dhigitigh agus na dteicneolaíochtaí cumarsáide, agus lena chois sin tá príomhaíocht an téacs aibítrigh á treascairt ag iomadú na n-íomhánna luaineacha, rud a shonraigh Miller chomh maith le Debray.
ó thaobh na n-athruithe polaitiúla as regards the political changes
" Bhí an t-am ceart chomh maith ó thaobh na n-athruithe polaitiúla a bhí ag tarlú sa dá thír.
aon athruithe a chur i bhfeidhm to implement any changes
" AÓF: An bhfuil tú sásta leis na córais éagsúla moltóireachta a bhíonn in úsáid nó ar mhaith leat aon athruithe a chur i bhfeidhm? LÓM: Tá.
athrú séasúr the change of seasons
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
athrú meoin change of mentality
" Ach an bhfuil athrú meoin ar bith le brath i measc an phobail? An bhfeiceann muid corp, ealaín nó míchumas nuair a mheabhraíonn muid ar an saothar seo de chuid Marc Quinn? Nó an bhfuil sé ag baint úsáide as Alison Lapper nó ag ceiliúradh an cineál difriúil áilleachta atá le feiceáil inti? Nó an raibh amhras riamh ar Alison Lapper faoin dóigh ar leiríodh í sa saothar seo? “Bhí mé féin ag déanamh obair den chineál céanna ach bhí a fhios agam nach mbeinn ábalta rud chomh suntasach agus ar an scála céanna leis seo a dhéanamh,” a dúirt sí.
athruithe ollmhóra sa gheilleagar huge changes in the economy
" Ach tá taobh eile ar an bhonn: nuair a imeoidh an fuinneamh saor, tarlóidh athruithe ollmhóra sa gheilleagar.
athrú saoil change of life
" Lena chois sin, chuir sí fáilte roimh an athrú saoil.
dá mhéad a athraíonn an mhúinteoireacht is amhlaidh go bhfanann sí mar an gcéanna the more teaching changes, the more it stays the same
" Ach tá rud amháin an-soiléir dom tar éis leabhar McCourt a léamh, mise a chaitheann gach lá ag múineadh an Bhéarla chomh maith i ngairmscoil gharbh, is é sin, dá mhéad a athraíonn an mhúinteoireacht is amhlaidh go bhfanann sí mar an gcéanna.
athrú meoin change of attitude
" I lár an 18ú haois, tháinig athrú meoin ar cheannairí na hEaglaise Preispitéirí.
leasú change, amendment
" Rinne an comhrialtas a toghadh in 2007 an chéad leasú ar an Transport21, agus ar ndóigh ba é an comhrialtas a raibh an chéad Taoiseach Glas i gceannas air, a toghadh mar iarmhairt ar ghéarchéim na hola i 2010, a rinne na leasuithe ba mhó.
seomra gléasta changing room
" Fan san áit a bhfuil tú a Bhaloir agus rithfidh mé isteach sa seomra gléasta sin.
mionathruithe minor changes
" Amanna eile deineadh mionathruithe ar dhlíthe na tíre.
athrú as éadan a total change
" Thiocfadh athrú as éadan ar an Ghaeltacht mar is eol dúinn í dá gcloífí le slata tomhais an Choimisiúin.
athraithe ó bhonn utterly changed
an t-athrú aeráide féin the climate change itself
" Inseoidh an aimsir is an t-athrú aeráide féin an pragmatach nó idé-eolaí é Stephen Harper.
athruithe changes
" Agus is gnó é ina bhfuil an méid céanna athruithe ar siúl is atá i ngnó na bpaisinéirí.
má tá air athrú ó eitleán amháin go heitleán eile if it has to change planes
" Cén fáth? Tá cúpla cúis leis: Ar dtús, mar a deir lucht an ghnó seo, “is cuma le lasta má tá sé ar sheaneitleán” nó “is cuma le lasta má tá air athrú ó eitleán amháin go heitleán eile”.
a chomhairle a athrú to change his mind
" * Gluais &#149; Glossary glúin nuaa new generation brívigour ag dul ó neart go neartgoing from strength to strength fiontar foilsitheoireachtapublishing enterprise cnuasach gearrscéaltacollection of short stories cé gur mhionnaigh Artairalthough Artair swore slíomairesmooth, flattering, hypocritically friendly person saint an ghoilethe greed of his stomach a chomhairle a athrúto change his mind ar fheabhas uiligabsolutely excellent osnasigh ar chúl an mhuinílbehind the neck muisiriúnmushroom ní réitíonn siad sin liom beag ná mórthey don&#148;t agree with me at all snaghiccups gráinnínpinch cainéalcinnamon síoltaseeds a sháith biaenough food ag cruthú rud úrcreating something new má thuigeann tú leat méif you know what I mean a sheachaintto avoid muiníntrust blastatasty ordóg coisetoe an iarraidh sinthis time cnapheap á ghreadadh go cúramachcarefully mixing it babhlabowl scilléadskillet shamhlaigh séhe imagined go díbhirceacheagerly subhachascheerfulness ag leathadhspreading geirfat bréanfoul doilighdifficult a chreidbheáilto believe ar leithseparately mar a thit rudaí amach domhow things worked out for me ní raibh dadaidh le fáilthere was nothing available i mo ghlacin my hand ag diúlsucking bhí an t-ádh dearg ormI was dead lucky dea-chumthashapely láchfriendly fialgenerous níor bhlais mé riamhI never tasted faic na ngrástnot a thing ag cuimilt a béilrubbing her mouth a mháshis thigh seanmóireachtpreaching greimbite iomrámention deisopportunity luachmharvaluable seanchaslore as ar fáisceadh iadfrom which they were wrought doilíssorrow, difficulty i leathchogarin a half-whisper iad a chur i ngníomhto put them in action seal beag gearra short period sa Nua-Shéalainnin New Zealand ina ghabhalcrotch ag sápressing críonmhíoltawood-worms corrachprojecting lorgashin damanta nimhneachdamn sore scoilteadh a chraiceannhis skin was split crá gan mhaolútorment without alleviation chun an tí bhigto the toilet ina gcuideachtain their company báisteach mhillteanachterrible rain foscadhshelter a bhaint amachto reach ag bleadaracht go díchéillíblattering senselessly scaiftecrowd ag casachtachcoughing breallánfool millteanach dóighiúilextremely pretty as miosúrextraordinary gan choinneunexpected blas searbha sour taste breis agus a sáithmore than her fill strambánachlong-winded smut féin den fhírinneeven a small bit of truth é a thionlacanto accompany him a bhéarfadh íthat would take her críochend gan mhórchuid náirewithout a lot of embarrassment gnóthachbusy straois léanmharwoeful grimace trína gruaig mhín bhánthrough her soft white hair sula bpléascfadh a lamhnánbefore his bladder would explode ag cogaint a spúnóigechewing the spoon déaraimislet us say drochnósannabad habits tuairimíopinions cogaíwars slí mhaireachtála fholláinhealthy way of life a mhealladhto coax a chuir fíorionadh uirthiwhich really surprised her ag cur tharstutalking away go díbhirceach dícheallacheagerly and diligently d&#146;fholmhaigh séhe emptied sásarsaucer doirtealsink thriomaigh éhe dried it slachtmhartidy á thionlacan féinaccompying himself sultmharenjoyable spídslander gan mhuirnwithout tenderness magairlítesticles nuair a dheifrigh Artair tharstu de léimwhen Artair hurried past them with a jump <t
athrú ar bith chun feabhais any change for the better
" Mo bharúil féin faoi fhreagairt an CLG agus an pionós a gearradh ar dhaoine ná go bhfuil siad an-mhíshásúil ar fad agus nach dtiocfaidh athrú ar bith chun feabhais dá mbarr.
athraithe go mór greatly changed
athrú aeráide climate change
" Brionglóid gan chiall, nó polasaí fadradharcach? Ba mhaith leis an rialtas go nglacfadh fuinneamh malartach áit an bhreosla iontaise sula dtarlaíonn géarchéim éigin: athrú aeráide a scriosfadh an geilleagar, nó ganntanas ola ag dul in olcas (agus praghas na hola gainne céanna ag méadú).