Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caimiléireacht cheating
" Cén dóigh ar féidir a bheith cinnte nach mbeidh caimiléireacht ar siúl maidir le torthaí i scoileanna príobháideacha, nach é an duine a íocfaidh an tsuim is airde a gheobhaidh na torthaí is fearr (mar a tharlaíonn go minic san Iodáil, ar an drochuair)? De bharr gur dhiúltaigh an tAire Moratti bualadh leis na daltaí seo ó scoileanna poiblí na Róimhe, ghlac siad seilbh ar scoil ar feadh cúpla lá agus rinne siad troscadh mar agóid.
caimiléireacht cheating
" Shíl go leor againn i l988, agus Cluichí Oilimpeacha Seoul ag teacht chun deiridh agus Ben Johnson ciontaithe as drugaí a ghlacadh, drugaí a chabhraigh leis curiarracht an domhain a shárú agus an bonn óir sa 100m a bhuachaint, shíl muid an t-am sin go ndéanfaí rud éigin, gníomh éigin dearfa agus fónta chun deireadh a chur le caimiléireacht ghránna na ndrugaí.
an chaimiléireacht the cheating
" Agus anois, agus muid ag tarraingt suas ar thoghchán 2004, tuigeann muid nach bhfuil botúin an ama a chuaigh thart ceartaithe, agus ní cúis iontais iad an chaimiléireacht, an insint bréag, an t-imeaglú, agus an mhí-úsáid atáthar a bhaint as cuid ballód daoine eile.
a d’imreodh feall ar a bhean who would cheat on his wife
" Dúradh i gcás Bill Clinton, mar shampla, go mbeadh an té a d’imreodh feall ar a bhean sásta feall a imirt ar a thír chomh maith céanna! Bhíodh dearcadh ceartaiseach againne sa tír seo faoi scéalta dá gcineál.
caimiléireacht cheating
" Agus daoine fiúntacha a bhí iontu, ní daoine a bhí ag iarraidh caimiléireacht ar bith a dhéanamh.
an chaimiléireacht a bhí ar bun acu the cheating that they were conducting
" ScilBhí éagsúlacht iontach ag baint leis an chaimiléireacht a bhí ar bun acu – d'éirigh leo, mar shampla, saothar de chuid an phéintéara LS Lowry, mar aon le píosa de chuid an dealbhóra Barbera Hepworth, a chóipeáil go foirfe, rud a léirigh cumas agus oilteacht Shaun i réimse leathan stíleanna, tréimhsí agus disciplíní.
líomhain chaimiléireachta allegation of cheating
" Tá gach líomhain chaimiléireachta séanta ag na Paisleys agus ag Foster.
an chaimiléireacht cheating
" Le dul i ngleic leis an chaimiléireacht seo, tá OFT ag comhoibriú le heagraíochtaí mar Carers UK, Help the Aged, Age Concern, Citizens Advice, Action on Elder Abuse agus Neighbourhood Watch.
Caimiléireacht cheating, swindling
" Caimiléireacht ba chúis leis an teip agus úsáideadh an t-airgead a fuarthas as an díol le socraíocht ollmhór a dhéanamh le ceoltóirí éagsúla – Altan, Cherish The Ladies agus Cathy Ryan, cuir i gcás.
Falcaire cheat
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
cúigleáil cheating
" pdf) Anois, de réir an Fhoclóra Bhig, is ionann falcaire agus lúbaire, agus deir Ó Domhnaill faoin duine a bheadh ag cúigleáil, ag cártaí, abraimis, gur ag déanamh caimiléireachta a bheadh sé nó gur calaois a bheadh déanta aige.
i gcathú na calaoise tempted to cheat
" Bíonn a oiread sin brú ar thaighdeoirí na Síne is go mbíonn siad i gcathú na calaoise.
fhalcaire cheat
" Mar sin, nuair a fhaighimid amach go bhfuil laoch spóirt dár gcuid gan a bheith foirfe agus níos measa ná sin, é a bheith ina chladhaire nó ina rógaire, ina fhalcaire nó ina scabhaitéir, bíonn díomá agus fearg orainn, braithimid go bhfuil feall déanta orainn.
bhfalcaireacht cheating
" Ach is é bua an leabhair nach ndéantar na gnéithe míthaitneamhacha den pheil Ghaelach a cheilt agus trí insint lom, fhírinneach na n-imreoirí go gcaitear solas ar an uirísle, an fhabhtacht agus ar an bhfalcaireacht a bhíonn chun cinn uaireanta ar pháirc na himeartha.
falcaire a cheat
" D’admhaigh sé gur falcaire agus gur bhréagadóir a bhí ann, go mbíodh sé ag maistíneacht ar iomaitheoirí agus ar dhaoine eile, go raibh sé neamhthrócaireach, gránna agus mímhacánta.
falcaireacht cheating
" Mar is léir, tagann drochthréithe an duine chun cinn sa spórt chomh maith le comhthéacs ar bith eile - ciníochas, falcaireacht, dópáil, maistíneacht, bréagadóireacht, troid, achrann ar pháirceanna, ionsaithe ar réiteoirí, alcólachas agus cearrbhachas (tá aitheantas tugtha ag CLG don fhadhb seo), drochíospairt leanaí agus daoine óga (dhearbhaigh an sárdhornálaí clúiteach Sugar Ray Leonard gur thug traenálaí drochíospairt dó agus é i mbun traenála do na cluichí Oilimpeacha mar shampla).