Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cáis cheese
" Díolann sé cáis agus uachtar reoite déanta as bainne gabhar, chomh maith le hispíní gabhar.
cháiseanna sléibhe mountain cheeses
" Bhí margaí na Nollag faoi lán seoil i lár na cathrach, agus chuile rud ar díol ó cháiseanna sléibhe (cuid acu déanta le líon), go potadóireacht áitiúil, ispíní láidre (chomh crua le cnámh, ach i bhfad níos blasta) bocairí agus maisiúcháin Nollag déanta as adhmad.
cáis cheese
" Taos fuar-ardaithe sáithithe le cáis, uachtar agus uibheacha, mmmm.
cáis, cheese
" Ghlac mé sos ansin agus cheannaigh mé cáis, sú oráiste agus torthaí i siopa beag sa bhaile sin.
cailc le cáis chalk and cheese
" Is léachtóir le Bord Fhíon na hÉireann é John McDonnell, fear a thug seacht mbliana ag plé leis an tionscal fíona san Astráil agus a bhí chomh éagsúil lena chomhstiúrthóir is atá cailc le cáis.
cáis dhonn brown cheese
" “Brunost” nó cáis dhonn a itheann siad don bhricfeasta.
clár cáise cheese board
" Ach an rud a chur casadh aigne amach is amach orm ná go raibh an clár cáise fágtha díreach taobh amuigh den leithreas céanna.
lucht ite cáise cheese eaters
" De na daoine seo, is iad fir óga de shliocht Mharacó an dream is mó a mhothaíonn go bhfuil siad ‘faoi chois’ ag ‘lucht ite cáise’.
saghas cáise type of cheese
" Sna siopaí búistéara agus sna margaí sráide, cuirtear béim ar chuisine an Beaujolais, spóla coinín nó ar dhuáin laofheola mar shampla, mar aon le gach saghas cáise ach an cháis ghabhair go háirithe.
rannóg na cáise the cheese section
" Nuair a tháinig mé go Penn ar Bed ar dtús, is cuimhin liom seasamh le barr iontais ag rannóg na cáise san ollmhargadh ar feadh deich nóiméad ar a laghad.
ceapaire cáise a cheese sandwich
" ” **Balor: “Bhuel, b’fhéidir, agus ní móide; ach cé eile i saol na Gaeilge a bhfuil barraíocht airgid acu?** Coimisinéir: “Cad é faoi Fhoras na Gaeilge féin? Nach bhfuil bord nua le hainmniú acu? Agus nár gheall Fine Gael i rith fheachtas na toghchánaíochta nach líonfaidís boird le feidhmeannaigh nó le comhairleoirí dá gcuid féin? Agus cé leis ar líon siad an bord úr? Agus cén fáth go raibh feidhmeannaigh an dá pháirtí rialtais ag marú a cheile le bheith ar an bhord úr seo? Ar mhaithe le todhchaí na Gaeilge? Bhuel, nuair a bheas mise réidh leis an mhungailt a dhéanfaidh mo chuid fiacla ar chostais an bhoird áirithe sin, beidh na baill ag tabhairt leo cupán tae i mbuidéal chuig na cruinnithe – agus ceapaire cáise sa phóca chomh maith.
tugann sé ola olóige agus cáis he brings olive oil and (parmesan) cheese
" In áit an champa san Ostair, tagann Luigi ar cuairt chuig Mokryna san Úcráin agus in áit na rudaí beaga fuaite a rinne sé mar bhronntanais di agus iad óg, tugann sé ola olóige agus cáis parmesan leis agus cuidíonn sé thart fána teach ag déanamh jabanna beaga dí.
slísneoirí cáise cheese slicers
" Is cuimhin liom go maith an croíghearrthóir agus an slisneoir úill, na slísneoirí cáise is uibhe, na boscaí sábháil bia, na leabhair nótaí, eagraitheoir béiltí is liostaí bia.