choimhlint
conflict
Agus le móramh 171 ag an rialtas (síos ó 179) cad é ar féidir a bheith ag súil leis? Gan amhras, beidh troid leis na ceardchumainn faoin "Public Finance Initiative" - sin an earnáil phríobháideach ag glacadh smachta ar chuid den earnáil phoiblí, sampla eile den
choimhlint idir an rialtas agus na gnáthdhaoine.
an choimhlint
the contest
Comhscór! Bhí an teannas agus
an choimhlint ag méadú go tapa faoin tráth sin agus le 60 nóiméad caite bhí na foirne fós ar comhscór, 1-10 i gcoinne 2-7.
choimhlint
conflict
D'éirigh an
choimhlint idir an eite chlé agus an eite dheis ní ba mheasa le himeacht ama, áfach, agus ghéaraigh ar mhíshuaimhneas Nuala dá bharr, go háirithe anois agus beirt leanaí aici.
choimhlint
conflict
**PM:** Ach nár shábháil siad beatha na mílte duine sa
choimhlint ó thuaidh?
**ANO:** Sin an rud a deir siad ach an bhfuil a fhios ag duine ar bith an bhfuil sé fíor? Tá fianaise ag teacht amach diaidh ar ndiaidh go raibh baill an Bhrainse Speisialta páirteach in imeachtaí mídhleathacha, dúnmharú san áireamh.
choimhlint
conflict
Tugann an painéal eolais an cúlra seo a leanas faoin
choimhlint:
*In 1969 Catholics in Northern Ireland suffering discrimination started a Civil Rights movement.
an choimhlint uafásach seo
this dreadful conflict
Dá gcruthódh sé deis le deireadh a chur leis
an choimhlint uafásach seo, nár cheart do na daoine a bhfuil tionchar acu a bheith ag caint le chéile, fiú más an UDA agus an IRA atá i gceist.
choimhlint
battle
Ar ndóigh, caithfidh muid fanacht go dtí an chéad olltoghchán eile, ach meastar go mbeidh seasamh láidir Trimble in éadan Shinn Féin ina chuidiú aige sa
choimhlint leis an DUP agus táthar ag tuar go mbeidh an dá pháirtí aontachtacha cothrom i ndiaidh an toghcháin sin.
choimhlint
rivalry
Ach ba é an
choimhlint le hÁth Cliath an
choimhlint ba ghéire agus ba thábhachtaí sna blianta go léir suas go dtí 2002.
choimhlint
conflict
Is cúis iontais é i ndáiríre chomh tapa is a tháinig an
choimhlint seo chun cinn, agus gan an cogadh san Iaráic ar siúl ach achar gearr.
an choimhlint ghéar
the strong rivalry
Bhí gach rud faoin gcluiche sin ar fheabhas, dar liom féin: an iománaíocht a bhí sciliúil agus tapa,
an choimhlint ghéar, an toradh a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh agus an craoladh féin - gairmiúil agus snasta agus i nGaeilge líofa.
choimhlint
conflict
Cad é ba chúis leis an ghéarchéim pholaitiúil seo? Is cinnte go raibh ceist an gháis ar cheann de na rudaí a chuir tús leis an
choimhlint ach is dóigh liom go bhfuil an scéal níos casta ná sin.
choimhlint mhíleata
military conflict
Is léir go bhfuil glactha ag Sinn Féin agus a lucht tacaíochta leis go bhfuil an
choimhlint mhíleata thart agus go bhfuil glacadh go fonnmhar acu leis an chomhréiteach a cuireadh ar fáil le foirmle Chomhaontú Aoine Chéasta.
choimhlint
conflict
Is saineolaí é Cochrane ar
choimhlint Thuaisceart Éireann agus ar aighnis eile ar fud an domhain.
an choimhlint dhílseach
the loyalist conflict
Chomh maith leis an easpa dul chun cinn atá a dhéanamh acu stop a chur leis
an choimhlint dhílseach - leoga measann idir náisiúnaithe agus aontachtaithe go bhfuil siad ag fadú na coimhlinte - tá eagla i measc na gCaitliceach go bhfuil foréigean na ndílseoirí ag imeacht ó smacht agus nach bhfuil an PSNI toilteanach iad a chosaint.
an choimhlint san Ailgéir
the conflict in Algeria
Rinne Fisk tuairisceoireacht ar an réabhlóid san Iaráin, an cogadh idir an Iaráin agus an Iaráic, agus
an choimhlint san Ailgéir.
an choimhlint fhisiciúil
the physical conflict
Ní bheadh an scéal chomh dona céanna, is dóigh, dá mba rud é gur tharla an t-aicsean go léir ar an bpáirc i measc na n-imreoirí, ach toisc gur scaip
an choimhlint fhisiciúil ón pháirc imeartha go dtí an limistéar ar an taobhlíne agus in aice lucht leanúna, bhí an seans ann go ngortófaí duine nó daoine.
choimhlint
conflict
Bhí sé amhail is gur tháinig cuimhne chomónta na ndaoine – na Péindlíthe, an leatrom agus an frith-Chaitliceachas go ginearálta agus an leatrom in éadan daoine aonair ó thuaidh – gur tháinig sé uilig le chéile sa
choimhlint seo idir na stailceoirí agus Rialtas na dTóraithe sa Bhreatain.
choimhlint
conflict
Ar ndóigh, bhí anailís déanta aige ar an
choimhlint in Éirinn go dtí sin agus óna bhéal féin a chuala mé an chéad trácht ar “phróiseas na síochána”.
choimhlint
conflict
D’fhéadfadh an
choimhlint seo a bheith “salach” fós.
fíochmhar sa choimhlint
fierce in the contest
Tá imreoirí an Chláir mór, láidir, crua agus
fíochmhar sa choimhlint, ach nílim in ann a rá go bhfuil aon iománaí speisialta acu, cé go gcaithfeadh duine ardmheas a bheith aige ar a ndíograis agus a gcur chuige, agus ar imreoirí mar Dhaithí Mac Gearailt, Brian Ó Lóthán agus Séanín Mac Mathúna as an tseirbhís atá tugtha acu don chontae.
ó choimhlint eile
from another conflict
Suíomh suimiúil eile
Thug muid cuairt ar shuíomh suimiúil
ó choimhlint eile i mí Lúnasa, Cró na Rad, áit ar thuairteáil eitleán de chuid an RAF sa Dara Cogadh Domhanda.
an choimhlint nó iomaíocht seo
this rivalry or competition
Tá
an choimhlint nó iomaíocht seo idir na Ceiltigh agus Rangers míshláintiúil toisc go bhfuil sé bunaithe ar dheargsheicteachas.
ón dá thaobh den choimhlint
from the two sides of the conflict
Ach ina ainneoin sin goléir is
ón dá thaobh den choimhlint sa Tuaisceart atá roinnt de nadaoine is cineálta is fíréanta (sincere) a bhfuil aithne curtha agamorthu trí m\'obair".
an choimhlint
conflict
Tá siad ann sna paraimíleataigh a chreideann gurb í
an choimhlint an rud is tábhachtaí, níos tábhachtaí ná an ceann scríbe féin, de réir dealraimh.
go bhfuil aon choimhlint anseo
that there is any conflict here
Ní fheictear dó
go bhfuil aon choimhlint anseo – is féidir le gníomhaí do chearta ceannasacha a phobail glacadh le teideal mar seo, dar leis.
an choimhlint ó thuaidh
the conflict in the north
Tugadh a luach saothair d’Adams as an obair a bhí déanta aige féin agus ag gluaiseacht na poblachta le deireadh a chur leis
an choimhlint ó thuaidh ach is coimhthigh iad na tuaisceartaigh diamhra, scanraitheacha seo agus beidh Michael McDowell bródúil as an bhuille a thug sé do Gerry Adams le linn na díospóireachta ar RTÉ seachtain an toghcháin.
gníomhach sa choimhlint
active in the conflict
Beidh obair ag íospartaigh Phrotastúnacha (agus Caitlicigh) sin a thuigbheáil ach tá na pearsantachtaí a bhí
gníomhach sa choimhlint le linn na dTrioblóidí agus an cúlra agus an taithí a spreag iad thar a bheith casta.
an choimhlint
the conflict
Cé a dúirt go mbeadh an pholaitíocht réadúil leadránach? Bhí tréimhse ann agus bhí
an choimhlint ó thuaidh “gnéasach”.
neodrach sa choimhlint
neutral in the conflict
Ba mar gheall air seo, dar le daoine áirithe, go raibh na Stáit Aontaithe
neodrach sa choimhlint idir pobal na Bahutu agus pobal na Batutsi.
choimhlint
contest
I gcás na gcluichí Gaelacha, agus na hiománaíochta go mór mór, is deacair d’fhear amháin a bheith gar don
choimhlint i gcónaí nuair is féidir le suíomh na coimhlinte athrú ó ionad go hionad ar an bpáirc ar luas lasrach.
choimhlint
contest
Ar bhealach is féidir amharc ar stair na sibhialtachta, ní mar
choimhlint leis an chinniúnt ná leis an talamh, ach mar
choimhlint i gcoinne chroí dorcha an duine féin.
choimhlint
struggle
Tharla na chéad sosanna cogaidh 15 bliana ó shin agus ní bheadh cuimhne ag daoine óga, atá in aois vótála don chéad uair anois, ar na Trioblóidí, ach tá na heasaontóirí ag iarraidh iad a tharraing isteach sa "
choimhlint".
choimhlint
rivalry
Ag caint ar an
choimhlint idir DUP Peter Robinson agus TUV Jim Allister, dúirt sé:
“*Mr Robinson says that some of devolution's biggest successes for unionists were those things which it had been able to stop, such as an Irish Language Act*.
choimhlint
struggle
An chontúirt agus cruatain bheaga mar seo, go díreach le dinnéar a chur ar an tábla, bhí an fócas go hiomlán ar seo – an rud simplí bunúsach seo – agus bhí fadhbanna beaga laethúil an domhain, a chuireann bliantaí ar dhuine go hiondúil, imithe mar gheall ar an
choimhlint chun marthana seo.
choimhlint
conflict
html )
Ina aitheasc do Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar an 24ú Meán Fómhair, mhaígh Benjamin Netanyahu go raibh ’an tsibhialtacht in aghaidh an bharbarachais’ sa
choimhlint idir Iosrael agus an Iaráin.
choimhlint
conflict
Tá íoróin nach beag ag baint leis go raibh dlisteanacht is údarás rialtas an stáit nua bunaithe ar a ról ceannaireachta sa
choimhlint ar son an neamhspleáchais ón bhFrainc.
choimhlint leasa
conflict of interest(s)
Cé gur thug meáin áirithe an
choimhlint leasa gnách seo faoi deara, rinneadh neamhaird ar shárú ar iontaoibh i bhfad níos measa ar phobal SAM.
choimhlint
contest
Cuir barra ar an gcreatlach thuasluaite mar
choimhlint le réiteach.
choimhlint foréigin
violent competition
Rinne sé athléiriú i 2001, cuirim i gcás, ar an
choimhlint foréigin a tháinig chun cinn le linn stailc mhianadóirí na Breataine sna 80í, ar tugadh Cath Orgreave air.
choimhlint
contest, rivalry
Anois, agus roinnt taithí ag formhór na n-imreoirí ar an gcluiche, tá an caighdeán imeartha ardaithe agus an
choimhlint faighte níos géire.
choimhlint mharfach a chosc
stopping mortal conflict
Is “eagraíocht neamhrialtasach, neamhspleách, neamhbhrabúis atá tiomanta don
choimhlint mharfach a chosc agus a réiteach” é an ICG, dar leis an eagraíocht í féin, ach ní aontódh gach duine leis an gcur síos sin.
choimhlint
conflict
“Bhí an
choimhlint faoi lán seoil ó thuaidh ach ní raibh aon duine ag caint air ó dheas,” ar sí, “ach in oifigí Trócaire bhí saineolaithe ar na hOileáin Fhilipíneacha, ar Mheiriceá Láir, ar an Afraic Theas.
choimhlint
struggle
Is cosúil go bhfuil sraith teilifíse ann, agus ráchairt mhór uirthi in Éirinn, darb ainm *‘The Wire’*, faoin
choimhlint idir dronganna sráide agus póilíní in Baltimore.
choimhlint
vying
Tá an
choimhlint Chaitliceach/Protastúnach seanaitheanta ach tá coimhlintí i réimsí eile de shaol an tuaiscirt folaithe ag an “deighilt traidisiúnta.
choimhlint
dispute
Tá an trácht seo mar chuid den taispeántas, chomh maith le spola de Pathé news ón
choimhlint sa chathair, rud atá iorónta leis na círéibeacha nua a bhí le feiceáil ar an teilifís, an mhí seo caite, 2011!
I rith na gcaismirtí i 1911, bhí an *Walker Art Gallery* ag iarraidh taispeántas bliantúil suntasach, *‘the Liverpool Autumn Exhibition’* a eagrú, ach bhí siad ag brath ar loingeas agus ar an iarnród chun pictiúirí a fháil anall as tíortha éagsúla ach chuir an stailc agus na círéibeacha stad le seachadadh gach ruda: *”Delivery just now is impossible.
choimhlint
struggle
Sé atá sa leabhar, aistí beathaisnéise faoin saol a bhí ag an údar le linn a óige i Brooklyn Nua-Eabhrach agus i Luimneach chomh maith lena
choimhlint le bochtanas agus le fadhb ólacháin a athar agus faoi iarrachtaí a mháthar an teaghlach a choimeád beo.
choimhlint
conflict
Buille trom don
choimhlint sin é cinneadh an rialtais go mbainfear a neamhspleáchas ón Oifig.
choimhlint fhuilteach
bloody conflict
Amach ón dóigh ar dhírigh an
choimhlint fhuilteach aird an rialtais agus na n-údarás ó dhul chun cinn geilleagrach, rinne sé dochar d’ioncaim an stáit.
an choimhlint is géire
most intense rivalry
Is ar na páirceanna imeartha a bhíonn
an choimhlint is géire idir an dá thír le feiceáil, cluichí rugbaí idir na fir agus cluichí cispheile idir na mná ach go háirithe.
an choimhlint idir an mhaith agus an t-olc
the conflict between good and evil
Táimid ag dul chun cinn gan amhras, ach ní thiocfaidh deireadh leis
an choimhlint idir an mhaith agus an t-olc i gcroí an duine.
an choimhlint chun marthana
the struggle to survive
Caitheann sé súil ar
an choimhlint chun marthana a thagann chun cinn nuair a tharlaíonn géarchéim i saol duine.
a ndúil sa choimhlint agus sa bhua
their interest in the contest and the win
Tá siad i mbarr a sláinte agus a n-aclaíochta i gcónaí agus más dada é is ag dul i bhfeabhas agus in aibíocht atá siad ar nós an fhíona mhaith, gan aon lagú ná maolú tagtha ar a gcuid imeartha ná ar
a ndúil sa choimhlint agus sa bhua.
an choimhlint níos géire dá bhrí sin
the competition more intense for that reason
Bheadh
an choimhlint níos géire dá bhrí sin, rud a bhí, agus bhí imní ar dhaoine go bhféadfadh brú nó tinneallaí, mí-ádh nó leochaileacht dhaonna beartais agus taicticí Katie a chur ó mhaith in am ar bith.
an choimhlint ansin a leathnú amach
to broaden the conflict there
Deir nuachtóirí éagsúla sna meáin go bhfuil “dreamanna míleata neamhaitheanta” ar mian leo cogadh creidimh a thosú sa tSiria agus go n-oireann sé dóibh
an choimhlint ansin a leathnú amach ar bhonn seicteach agus dá dheasca sin is ea a tharla an t-ionsaí a rinneadh ar cheantar Críostaí Aleppo.
choimhlint idir comharsana
neighbourly rivalry
Cé go bhfuil sé ráite gurb í an
choimhlint idir comharsana an choimhlint is géire ar fad agus gurb amhlaidh a bhí idir Ciarraí agus Corcaigh, bhain blas agus corraíl ar leith leis na cluichí úd idir Ciarraí agus na ‘*Dubs*’.
choimhlint dleathach
the legal contest
Is féidir poll mór a aithint i lár an bhreithiúnais mór-le-rá, Fleming v Ireland, AG and DPP a scríobh triúr breithimh de chuid na hArd-Chúirte insa
choimhlint dleathach idir Mrs Fleming agus Oireachtas na hÉireann.
an choimhlint seo
this vying
Bhí
an choimhlint seo ag dul ar aghaidh in áiteanna eile ar fud an domhain.
an choimhlint atá ar bun againn ar bhonn laethuil
the competition which we engage in every day an t-iompar seo this behavior
"Deir siad go gcosnódh sé barraiocht airgid leis an cheist a fhreagairt nó go nglacfadh sé barraiocht ama agus sin
an choimhlint atá ar bun againn ar bhonn laethuil.
Ba ghéar an choimhlint
there used to be sharp rivalry
Ba ghéar an choimhlint a bhíodh idir na gabháltais teallaigh agus an comhlacht stáit Coillte, i dtaca leis an talamh ard go háirithe.
deireadh leis an choimhlint
an end to the conflict
Ba dheimhniú do mhuintir na hÉireann í cuairt na banríona go raibh
deireadh leis an choimhlint agus leis an tsíor-achrann.
choimhlint idir
conflict between
I dteannta triúr pearsantachtaí suimiúla ó H-Division, an Cigire Edmund Reid, an tSáirsint Bennett Drake agus an máinlia Meiriceánach, Captain Homer Jackson, déantar an lucht féachana a threorú tríd na conspóidí ba bhríomhaire sa naoú haois déag, ’sé sin scaipeadh na n-iarnród trí sheanphortaigh Londain, feidhm na n-otharlann agus na ndochtúirí i sochaí tionsclaíochta, an choiriúlacht idirnáisiúnta, an
choimhlint idir an cosc dleathach ar “*gross indecency*” agus cumhacht doshéanta na drúise homoghnéasaí, agus scáth na himpireachta féin ar fhallaí an Ten Bells.
an choimhlint go léir
all the conflict
D'fhéadfadh toradh dearfach a bheith ar
an choimhlint go léir atá ar siúl idir baill an UUP le tamall anuas, dar le Robert McMillen.
choimhlint
contest
Tá todhchaí an Taoisigh, Bertie Ahern, ag brath ar an toradh a bheas ar an
choimhlint idir beirt iarrthóirí Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath i dtoghchán na hEorpa an mhí seo, dar le Dónall Ó Maolfabhail.