Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Chonacthas dom it seemed to me
" " "Chonacthas dom gur siombail den intleachtaí aonair uaigneach a bhí sa phocaire gaoithe.
Chonacthas domsa it seemed to me
" Chonacthas domsa gur bagairt a bhí anseo; d'eisigh an NATFHE agus UNISON ráiteas faoin chás roimh an Nollaig ach sheol sé ríomhphost chugamsa amháin.
a chonacthas iad that they were seen
" Mar gheall ar an dóigh a raibh na fir gléasta, an áit ina raibh siad agus an t-am a chonacthas iad, creidtear go láidir gur ag teitheadh i ndiaidh dhúnmharú an Uasail Fullerton a bhí an triúr.
chonacthas an t-uachtarán ar na scáileáin arís the president was seen on the screens again
" Níor glacadh le ceisteanna, agus níor pléadh mórán taobh amuigh de shlándáil, ach d'éirigh leis an tseift – chonacthas an t-uachtarán ar na scáileáin arís, agus mhéadaigh a rátálacha sásaimh go 47%.
chonacthas dúinn it seemed to us
" Chomh maith leis sin, chonacthas dúinn go raibh TG4 ag fáiltiú roimh chláracha macasamhail cláracha Béarla.
a chonacthas sa tír that was seen in the country
" Tar éis dhá lá den sneachta ba mheasa a chonacthas sa tír le 40 bliain anuas, bhí sé iontach ar fad nuair a tháinig an ghrian amach agus bhíomar in ann na radharcanna áille a bhí thart timpeall orainn a fheiscint.
chonacthas dom it seemed to me
" Ach de réir a chéile, chonacthas dom go raibh rudaí eile a theastaigh uaim a dhéanamh, go raibh luí agam le rudaí eile.
chonacthas dom it seemed to me
" Fiú sular thángamar le chéile san óstán, chonacthas dom gur bhean shocair shochma í Justine, a mbeadh sé deacair gan réiteach go maith léi.
chonacthas iad they were seen
" Rinneadh an rud céanna in Albain i 1975 agus eitlíonn siad go hÉirinn anois is arís – chonacthas iad i mBaile an Chaistil, Contae Aontroma anuraidh, mar shampla.
chonacthas dom it seemed to me
" Bhíos díreach i ndiaidh mo phost a chailliúint le comhlacht mór ríomhaireachta, agus chonacthas dom nach raibh todhchaí romham sa réimse sin pé scéal é.
Chonacthas dúinn it seemed to us
" Chonacthas dúinn go síleann daoine áirithe gur féidir leo rud ar bith a chaitheamh le chéile trí Ghaeilge agus go nglacfar leis.
chonacthas do lucht bunaithe na heagraíochta it appeared to the founders of the organisation
" Um an dtaca sin, chonacthas do lucht bunaithe na heagraíochta go raibh suim choitianta sa rince céilí ag dul i léig diaidh ar ndiaidh agus nach raibh an oiread sin deiseanna ag grúpaí éagsúla castáil lena chéile chun na rincí a chleachtadh.
chonacthas domh it seemed to me
" Fiche Bliain faoi Bhláth Bhí mé i Hamburg na Gearmáine nuair a d’fhág mé mo chuid fichidí i mo dhiaidh, agus cé go raibh mé ag damhsa go gairmiúil, chonacthas domh de réir a chéile go raibh mé ag bogadh isteach i ré ann a raibh mé i bhfad níos mó ar mo shuaimhneas ná mar a bhí mé go dtí sin.
Chonacthas domsa as I saw it
" Thug siad a bhfreagra in olltoghchán na bliana seo (2016) nuair a toghadh níos lú teachtaí Fhianna Fáileacha ná i 2011 go fiú! De bharr nach raibh muid iontaofa, ní raibh muid intofa! Chonacthas domsa nach raibh againn ach dhá rogha: deireadh ar fad a chur le Fianna Fáil nó athbhrandáil ó bhonn a dhéanamh air agus é a athsheoladh mar pháirtí úr.
chonacthas iad they were seen
" Ní raibh meas ar an nGaeilge ná ar Ghaeilgeoirí agus chonacthas iad mar dhream bocht ar an imeall.
Chonacthas don lánúin it appeared to the couple
" Chonacthas don lánúin go bhfanann fear na Polainne i mbun na feirge agus an mhíshásaimh agus ní théann i muinín an ghrinn ar chor ar bith, in am ar bith, dá fhaide an comhrá.
mar a chonacthas i mbliana as was witnessed this year
" Sprioc an Dá Dheich ========= An 10ú Craobh ag Brian Mac Óda mar bhainisteoir agus an 10ú bonn mar imreoir ag Henry Ó Seibhleáin – is iad sin spriocanna muintir Chill Chainnigh do 2013 agus bímis deimhin de go mbeidh gach mac agus iníon athar agus máthar de chuid phobal Chill Chainnigh ag obair ar son na spriocanna seo a bhaint amach agus go bhfóire Dia ar gach foireann a gcastar orthu! D’fhéadfadh sé tarlú dar ndóigh go mbuafadh foireann éigin ar Chill Chainnigh i gcomórtas Laighean na bliana seo chugainn ar nós mar a rinne Gaillimh in 2012 ach cén seans go dtarlóidh sé an dara huair i rith na bliana céanna? Seans faoin spéir déarfainn, mar a chonacthas i mbliana agus is lú é mar sheans agus an dá sprioc thuas luaite ina spreagadh ar leithligh ag Cill Chainnigh an chéad bhliain eile.
chonacthas scoilteanna ann cracks were seen in it
" Níor tógadh an foirgneamh de réir na rialachán agus chonacthas scoilteanna ann roinnt laethanta sular thit sé.
Chonacthas were seen
" Chonacthas roinnt daoine amuigh faoin fhearthainn i gConamara agus i gCorca Dorcha agus iad ceann-nochta! An é go síleann siad nach dtuigeann muid gur ag ní a gcuid gruaige saor in aisce a bhí siad.
Chonacthas dúinn it seemed to us
" Chonacthas dúinn gur féidir aon dúshlán sa saol a shárú má thugann tú aghaidh air le chéile.
Chonacthas di she saw
" Chonacthas di corrchosúlacht idir sean-nósanna na hÉireann agus roinnt de chleachtais na Tansáine.