Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar a bhfaca sí riamh whatever she did
" Ach dúirt sé leis féin ansin gur dóigh go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi nó go raibh fógra beo tugtha di gan a theach a thaobhachtáil ar a bhfaca sí riamh.
Chonacthas dom it seemed to me
" " "Chonacthas dom gur siombail den intleachtaí aonair uaigneach a bhí sa phocaire gaoithe.
ní fheicfeá an dá shúil ina ceann leis an chaoineadh her eyes were swollen because of crying
" Bhí Bríd bheag sa tseomra ó tháinig an corp agus ní fheicfeá an dá shúil ina ceann leis an chaoineadh.
Chan fhacthas domh it didn't seem to me
" "Chan fhacthas domh go raibh an saibhreas céanna i nGaeilge ach de réir a chéile tuigeadh domh go gcaithfinn pilleadh ar ais arís, leis an *cliché *sin a úsáid, ar thobar an dúchais agus athshealbhú a dhéanamh ar mo dhúchas féin.
feic saolta a show
" Ach nach sásta atá muid go bhfuil Balorina, a dheirfiúr dhiabhlaí dheisbhéalach dheargnaimhdeach ar shiúl ar ais go dtí an phluais a dtáinig sí as, agus í i ndiaidh feic saolta a dhéanamh di féin agus dá muintir ar "Beo Ar Éigean" na míosa seo caite.
gurb é an píosa is íogaire ailtireachta dá bhfaca sé riamh that it was the most sensitive piece of architecture
" Dúirt an Méara Bloomberg, ag tagairt don saothar, gurb é an píosa is íogaire ailtireachta dá bhfaca sé riamh.
Caithfidh sé go bhfaca tú athruithe iontacha le do linn You must have seen great changes in your time
" "Caithfidh sé go bhfaca tú athruithe iontacha le do linn," arsa an polaiteoir.
a bhfaca sé all that he saw
" Ach chuir a bhfaca sé maidir le traenáil foirne idirchontae déistin air - sliotar amháin do sheisiún traenála, gan córas ar bith chun scileanna a fhorbairt i measc na n-imreoirí ach díreach cluiche a chur ar siúl ina measc.
go bhfeicfinn until I'd see
" " Chrom sé síos isteach sa veain agus chuaigh a tharraingt thart boscaí éisc agus chuir mise mo chloigeann isteach ansin fosta go bhfeicfinn, boladh milis an éisc ár gclúdú.
go bhfeicfinn until I'd see
" " Chrom sé síos isteach sa veain agus chuaigh a tharraingt thart boscaí éisc agus chuir mise mo chloigeann isteach ansin fosta go bhfeicfinn, boladh milis an éisc ár gclúdú.
Ní fheicim aiste mór ar bith ar na fir atá thart ortsa I don't see many of the men around you taking the bait
" "Ní fheicim aiste mór ar bith ar na fir atá thart ortsa ach an oiread.
feicthe seen
" Tá a lán áiteanna feicthe agam i Meiriceá.
feictear dom it seems to me
" Foghlaim na staire ======= Tá fadhb ag baint, feictear dom, leis an dóigh a bhfoglaimíonn muid an stair, mar insítear dúinn mar scéal ár náisiúin féin í.
nach bhfeictear go rómhinic not often seen
" Cé go raibh na cruinnithe seo beag, áfach, léiríonn siad taobh eile de chathair Nua-Eabhrac, taobh nach bhfeictear go rómhinic ar an nuacht nó i scannáin Hollywood.
feic sight, spectacle
" Is cheap tú nach bhfeicfeá féin lá na coise tine choíche.
Chonacthas domsa it seemed to me
" Chonacthas domsa gur bagairt a bhí anseo; d'eisigh an NATFHE agus UNISON ráiteas faoin chás roimh an Nollaig ach sheol sé ríomhphost chugamsa amháin.
d'fheicinn é go minic I used to see him often
" Cé nár bhuail mé riamh le Con Houlihan, d'fheicinn é go minic ar Thaobh na Canálach i bPáirc an Chrócaigh, mise in éineacht le mo ghrúpa cairde agus eisean leis féin de ghnáth.
an bhfuil ár sáith feicthe againn have we seen enough
" Ainmhithe picilthe, leapacha neamhchóirithe, cac eilifinte, spásanna bána agus solas lom iontu … An bhfuil rud ar bith fágtha amuigh ansin i saol na healaíne chun scannal a chur orainn nó an bhfuil ár sáith feicthe againn? Tá am Dhuais Turner tagtha arís agus an rírá agus ruaille buaille a théann leis.
go bhfeictear dom that it seems to me
" " Luaim leis an Uasal Whitaker go bhfeictear dom gurb é a fhealsúnacht phearsanta ná dearcadh dearfach a bheith ag duine fiú agus é i ngleic le fadhbanna móra.
nach bhfacthas go poiblí which weren't seen in public
" Tá cuid acu nach bhfacthas go poiblí roimhe seo.
go bhfeicfinn until I'd see
" Bhí cónaí orm i nGlaschú (mar atá fós) agus rinne mé cuardach go bhfeicfinn cá háit a raibh ranganna Gaeilge ar fáil sa chathair nó an raibh ranganna Gaeilge ar bith á dtairiscint, mar nach raibh a fhios agam.
Chonaic Ifor deireadh Ifor saw everything
" Chonaic Ifor deireadh agus bhéarfá mionna go raibh fonn air éirí; ach bhí leisce air ligean lena lasta agus shuigh sé ansin ag amharc ar Thadhg.
ionas go bhfeicfí so that it would be seen
" Cosc a bheith ar chic a thabhairt don sliotar - an bhéim a bheith ar thiomáint an tsliotair leis an gcamán (bunbhrí an chluiche) B'fhiú, dar liom, triail a bhaint as roinnt athruithe den chineál sin ionas go bhfeicfí an gcuirfidís athrú chun feabhais ar an iomáint.
bhagair siad ar cibé duine a chonaic an t-uafás they threatened anyone who saw the horror
" De réir na ndeirfiúracha, scrios an IRA cibé fianaise a bhí ar fáil taobh istigh den phub, bhris siad na ceamaraí slándála taobh amuigh ar an tsráid, bhagair siad ar cibé duine a chonaic an t-uafás agus d'imigh leo - gan scairt a chur ar otharcharr féin don fhear a bhí ag imeacht ar shlí na fírinne, athair beirt pháistí, a sháith siad le scian agus a chiceáil siad sa chloigeann.
ní fhacthas dó he didn't see
" “Bhí sé ina athair óg agus ní fhacthas dó go raibh ciall ar bith ag baint le feachtas an IRA.
má fheictear dom if it seems to me
" Ní dhéanaim ionsaithe pearsanta ar dhaoine, ach déanaim struchtúir nó eagrais a cháineadh má fheictear dom go bhfuil gá lena leithéid.
go bhfeicfidís until they'd see
" An iománaíocht ======= B’in cúrsaí peile, ach céard faoin iománaíocht? Fad agus a bhí an argóint faoi Phurgóid agus araile ag dul ar aghaidh bhí lucht iománaíochta ag faire agus ag fanacht go bhfeicfidís cén chaoi a n-oibreodh an córas i gcomhthéacs na hiomána.
a chonacthas iad that they were seen
" Mar gheall ar an dóigh a raibh na fir gléasta, an áit ina raibh siad agus an t-am a chonacthas iad, creidtear go láidir gur ag teitheadh i ndiaidh dhúnmharú an Uasail Fullerton a bhí an triúr.
is fánach an turasóir a fheicfidh an radharc seo very few tourists will see this view
" Ach is fánach an turasóir a fheicfidh an radharc seo i mbliana mar go bhfuil fógraí crochta in airde ag tabhairt le fios go bhfuil cosc iomlán ar shiúl sa cheantar.
ní fheicfeá do ghaosán romhat you could see nothing in front of you
" D’imigh an solas agus ní fheicfeá do ghaosán romhat.
feicthe ann seen there
" Dúirt siad go raibh tuairiscí faighte acu go raibh scairdeitleán Meiriceánach a úsáideadh chun daoine a fhuadach feicthe ann ó am go chéile.
chonacthas an t-uachtarán ar na scáileáin arís the president was seen on the screens again
" Níor glacadh le ceisteanna, agus níor pléadh mórán taobh amuigh de shlándáil, ach d'éirigh leis an tseift – chonacthas an t-uachtarán ar na scáileáin arís, agus mhéadaigh a rátálacha sásaimh go 47%.
go bhfeicfear torthaí that results will be seen
" Tá súil ag *Beo!* go bhfeicfear torthaí go luath sa réimse tábhachtach seo.
chonacthas dúinn it seemed to us
" Chomh maith leis sin, chonacthas dúinn go raibh TG4 ag fáiltiú roimh chláracha macasamhail cláracha Béarla.
d'fheicfeá you would see
" Go deimhin, d’fhéadfá stopadh in aon áit ar an mblár agus d'fheicfeá rud éigin suimiúil.
go bhfeicfeadh tíortha eile an domhain iad that other countries of the world would see them
" Agus bhí an oiread sin measa ar an saothar sin san Ostair féin ag an am gur beag nach raibh sé ina léiriú ar an dóigh ar mhian leis na hOstaraigh go bhfeicfeadh tíortha eile an domhain iad – sofaisticiúil, maisiúil, nua-aoiseach.
tá mo dhóthain feicthe agam I've seen enough
" In ainneoin gur beag a fheicim agus a chloisim de na cluichí peile agus iomána agus mé i mbun mo chuid oibre, tá mo dhóthain feicthe agam de na cluichí agus míreanna tráchtaireachta cloiste agam ar Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ le mé a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn na gcontaetha éagsúla.
go raibh rud éigin uafásach feicthe acu that they had seen something terrible
" Leathbhealach tríd an pharáid, bhrúigh beirt acu isteach sa pharáid go tobann agus shíl mé go raibh rud éigin uafásach feicthe acu i measc na siúlóirí.
go bhfacthas duine amháin that one person was seen
" Dúirt an cigire leo go raibh fadhbanna tromchúiseacha leis an pharáid, mar shampla go bhfacthas duine amháin agus deoch mheisciúil ina lámh aige.
a chonacthas sa tír that was seen in the country
" Tar éis dhá lá den sneachta ba mheasa a chonacthas sa tír le 40 bliain anuas, bhí sé iontach ar fad nuair a tháinig an ghrian amach agus bhíomar in ann na radharcanna áille a bhí thart timpeall orainn a fheiscint.
ar chaoi nach bhfeicfeá riamh in a way you'd never see
" Sna *Minor Leagues*, déantar botúin go minic, agus ní annamh mar sin go bhfeictear cluichí corraitheacha nó imreoirí ag dul sa seans ar chaoi nach bhfeicfeá riamh sna sraithchomórtais mhóra.
feicthe seen
" Go mbeadh an oiread sin fonn ar cholúnaithe an drochrud a rá, cuid acu gan an stáisiún a bheith feicthe acu, cuid acu sular thosaigh an stáisiún ag craoladh.
chonacthas dom it seemed to me
" Ach de réir a chéile, chonacthas dom go raibh rudaí eile a theastaigh uaim a dhéanamh, go raibh luí agam le rudaí eile.
go bhfeicfimis na dea-rudaí that we would see the good things
" An príomhrud a theastaigh uathu ná go bhfeicfimis na dea-rudaí a bhaineann leis an Afraic, agus go háirithe leis an tSaimbia.
Cé a shamhlaigh go bhfeicfí riamh an lá who imagined that the day would ever come
" Cé a shamhlaigh go bhfeicfí riamh an lá a dtabharfadh dílseoir faoi Ian Mór agus Gerry Mór in aon iarracht amháin? Ní mise ar scor ar bith,” a mhaíonn Balor an Bithiúnach Bladhmannach agus é ag briseadh a thóna ag gáire agus ag fágáil slán ag Mickey Stoned.
é a thaispeáint do dhaoine nach bhfaca a leithéid cheana. to show it to people who have not seen something like it before.
" Agus mar gheall ar an mbród sin, tá ceangal ar Mheiriceánaigh é a thaispeáint do dhaoine nach bhfaca a leithéid cheana.
chonacthas dom it seemed to me
" Fiú sular thángamar le chéile san óstán, chonacthas dom gur bhean shocair shochma í Justine, a mbeadh sé deacair gan réiteach go maith léi.
ní raibh sé feicthe agam I hadn't seen him
" Chuala mé go bhfuair sé bás ach ní raibh sé feicthe agam le blianta, blianta fada.
in áit inteacht a bhfeicfidh mé iad. somewhere I'll see them.
" Éist liom anois agus coinnigh do dhá lámh in áit inteacht a bhfeicfidh mé iad.
mar fheic. as a spectacle.
" B’fhearr i bhfad Craobh 1995 mar fheic.
a chonaic toradh a saothair who saw the fruits of their labour
" Ach seo daoine a chonaic toradh a saothair – saothar fuilteach, uafásach in amanna – ar bhonn láithreach, a deir sé.
chonacthas iad they were seen
" Rinneadh an rud céanna in Albain i 1975 agus eitlíonn siad go hÉirinn anois is arís – chonacthas iad i mBaile an Chaistil, Contae Aontroma anuraidh, mar shampla.
Dá bhfeicfeá na forránaigh! If you saw the bold people!
" Dá bhfeicfeá na forránaigh! Bhí cuid mhór acu gléasta i mionsciortaí agus cíochbhearta dathannacha.
an uair dheireanach a chonaic mé cluiche peile idir-ollscoile in Éirinn, the last time I saw an inter-varsity football match in Ireland,
" Más buan mo chuimhne, an uair dheireanach a chonaic mé cluiche peile idir-ollscoile in Éirinn, bhí céad duine sa lucht féachana! Cuid de shaol ollscoile is iad na cluichí seo do gach mac léinn.
chonaic mé I saw
" “Bhuel, chonaic mé an dráma é féin in Amharclann an Tricycle - an áit is fearr ar domhan le hé a fheiceáil - agus bhí mé faoi dhraíocht ag an lucht féachana.
Ba mhaith liom go bhfeicfidh daoine I would like people to see
" Ba mhaith liom go bhfeicfidh daoine an scannán seo agus go n-aithneoidh siad gurb ionann Polannach an lae inniu agus Paddy an lae inné.
Feictear dom, It appears to me,
" ** ** **Constaicí**Feictear dom, áfach, go bhfuil constaicí móra le sárú ag Kevin Rudd má tá sé chun a bheith ina phríomh-aire.
nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, which was hitherto unseen,
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
chonacthas dom it seemed to me
" Bhíos díreach i ndiaidh mo phost a chailliúint le comhlacht mór ríomhaireachta, agus chonacthas dom nach raibh todhchaí romham sa réimse sin pé scéal é.
ach ba ghearr go bhfacthas do Pholannaigh but it was soon apparent to Polish people
" Bhí an chuma ar an scéal go gcomhlíonfaí an gealltanas sin nuair a cuireadh oifig frith-chaimiléireachta (CBA) ar bun, ach ba ghearr go bhfacthas do Pholannaigh nach raibh i CBA ach uirlis rialtais chun poiblíocht mhaith a fháil do PiS agus chun an freasúra a chiapadh.
go bhfeicfidís to see
" Bhí alltacht agus fearg ar mhuintir na hiomána, agus chuaigh slua chuig Páirc an Chrócaigh an Domhnach dár gcionn go bhfeicfidís cé acu an imreodh Mick leis na hiománaithe nó an imreodh sé leis na peileadóirí.
Ní fheictear dom It doesn't appear to me
" Ní fheictear dom go bhfuil sé cuí nó ceart cumhacht a bhronnadh ar leithéidí Shinn Féin/IRA mar dhuais.
Chonaic Myers Myers saw
" Chonaic Myers rudaí i mBéal Feirste a fhanfaidh leis go deo.
nach bhfuil Sabine feicthe agam that I haven't seen Sabine
" Tá an ghné sin den chás á fhiosrú ag mo dhlíodóir faoi láthair, ach is é bun agus barr an scéil ná nach bhfuil Sabine feicthe agam le breis agus ceithre bliana.
Tá eagla orm nach bhfeicfidh mé choíche arís í. I am afraid that I will never see her again
" Tá eagla orm nach bhfeicfidh mé choíche arís í.
feictear dom it appears to me
" Ach is é an feachtas is mó atá ar bun faoi láthair ná feachtas na huachtaránachta, agus d’ainneoin chomh tógtha is atá Meiriceánaigh leis an bpolaitíocht, feictear dom go bhfuil muintir na tíre ruainne beag braon de cheana féin.
Chonacthas dúinn it seemed to us
" Chonacthas dúinn go síleann daoine áirithe gur féidir leo rud ar bith a chaitheamh le chéile trí Ghaeilge agus go nglacfar leis.
ba dhaoine nach bhfaca an scannán, it was people who hadn't seen the film even
" Bhí scéal Uí Shearcaigh faoi chaibidil go minic ar “Liveline” i rith na míosa seo caite ach, den chuid ba mhó, ba dhaoine nach bhfaca an scannán, fiú, a bhí á phlé.
go bhfeictear dóibh that it appears to them
" Dar ndóigh, d’fhéadfadh muintir *Lá Nua* claontacht tíreolaíochta den chineál céanna a chur i leith *Foinse*; go bhfeictear dóibh gur ar mhuintir na Gaillimhe go príomha atá sé dírithe.
dá bhfeicfeá an duine céanna if you saw the same person
" Cad a shílfeá dá bhfeicfeá an duine céanna ag rith ar luas lasrach go stad an bhus? An ndéarfá gur calaois a bheadh ann? Agus cad faoin dochtúir a chuir teistiméireacht ar fáil faoina mhíchumas? An ndéarfá go raibh seisean nó sise comhpháirteach sa chalaois nó mar pháirtí i gcomhcheilg le bob a bhualadh ar an stát? Samhlaigh sa bhreis air sin dá dtarlódh a leithéid céanna i gcás breis is 6,000 duine eile.
go dtí go bhfeicimid until we see
" Táthar ag tuar gurb í seo "bliain an bhua" ó thaobh na nDaonlathach de, ach ní chuirfinn McCain as an áireamh go dtí go bhfeicimid an dtabharfaidh na Daonlathaigh ar fad tacaíocht dá n-iarrthóir.
feictear don fhreasúra gur laigeacht atá ann. the opposition regard him as a weakness.
" Níl ach bliain caite sa phost aige agus feictear don fhreasúra gur laigeacht atá ann.
ar eagla go bhfeicfinn teach lán in case I would see a full house
" Bhí faitíos orm dul isteach, ar eagla go bhfeicfinn teach lán nó blás srathach agus go nochtóinn é i ngan fhios do na himreoirí eile.
an fhírinne nach bhfeiceann an tsúil a nochtadh to uncover the truth which the eye doesn't see
" Ba é an dúshlán a bhí aige ná an fhírinne nach bhfeiceann an tsúil a nochtadh.
nach bhfeicfidh mé choíche a leithéid arís that I will never see the likes of it again
" Ba rud é nár theastaigh uaim a fheiceáil agus tá súil le Dia agam nach bhfeicfidh mé choíche a leithéid arís.
chonacthas do lucht bunaithe na heagraíochta it appeared to the founders of the organisation
" Um an dtaca sin, chonacthas do lucht bunaithe na heagraíochta go raibh suim choitianta sa rince céilí ag dul i léig diaidh ar ndiaidh agus nach raibh an oiread sin deiseanna ag grúpaí éagsúla castáil lena chéile chun na rincí a chleachtadh.
chonaic mé go raibh mo thromluí fíoraithe I saw that my nightmare was realised
" Nuair a d’fhill mé ar Shliabh Liag ag an Cháisc, chonaic mé go raibh mo thromluí fíoraithe.
feictear dúinn we feel that
" Tá faitíos ar leith orainn in Éirinn, áfach, mar feictear dúinn nach bhfuil an t-éalú céanna againn agus a bhíodh sna caogaidí agus sna hochtóidí le dul ar eisimirce; níl postanna ar fáil, ach an oiread, sna tíortha a mbíodh muid ag tarraingt orthu mar Shasana, Meiriceá nó Ceanada.
Feictear dúinn it appears
" Feictear dúinn go bhfuil spéis sa cheol traidisiúnta níos mó ná riamh, go háirithe i measc na n-óg.
Feiceann Súil Ghlas Saol Glas we only see what we want to
" Is léiriú é seo den fhíorspéis atá ann i leith rudaí Éireannacha sna Stáit Aontaithe Feiceann Súil Ghlas Saol Glas Caithfidh sé go bhfuil rud éigin thar a bheith tarraingteach faoin chultúr ionas go mbeadh a oiread sin daoine gafa leis.
feictear dom it appears to me
" Labhraítear, cinnte, faoin ráta dífhostaíochta a bheith ag dul in airde, faoin éigeandáil sa tionscal mótair agus faoin ghéarchéim mhuiníne atá ag daoine as na forais airgeadais, ach feictear dom go ndéantar bainistíocht ghlic ar dháileadh na drochnuachta seo sa chaoi is nach gcuirfear lagmhisneach amach is amach ar na Francaigh.
nach bhfacthas not seen
" Bhí an t-ádh dearg ormsa i mbliana nó chonaic mé radharc neamhchoitianta, radharc nach bhfacthas le roinnt blianta sa cheantar seo: fíorfhidléir ina steillbheatha agus é ag fidleáil! Tá a fhios ag an saol mór gur i Meiriceá agus ar mhór-roinn na hEorpa a bhíonn na cruitirí ag cruiteáil agus na fliúiteadóirí ag fliúiteáil ar na saolta seo.
feic saolta a sight to behold
" Nach mór an díol trua iad, agus an feic saolta, agus an staicín áiféise, agus an ceap magaidh.
Feictear is seen
" Feictear an claonadh céanna sa líon mac léinn in ollscoileanna eile ar nós Toulouse-Le Mirail agus Montpellier 3.
ní fhaca didn't see
" Ceantar álainn ach ní fhaca muid tada, óir bhíomar uilig inár gcodladh ar an mbus.
feiceann súil ghlas saol glas everyone's view of the world is subjective
" Ach ní shroichfidh an teachtaireacht seo éinne óir tá níos mó ná céad daichead 'carachtar' ann! Bhí an ghrian ag scalladh agus feiceann súil ghlas saol glas.
chonacthas domh it seemed to me
" Fiche Bliain faoi Bhláth Bhí mé i Hamburg na Gearmáine nuair a d’fhág mé mo chuid fichidí i mo dhiaidh, agus cé go raibh mé ag damhsa go gairmiúil, chonacthas domh de réir a chéile go raibh mé ag bogadh isteach i ré ann a raibh mé i bhfad níos mó ar mo shuaimhneas ná mar a bhí mé go dtí sin.
bhfeicfear shall be seen
" Ni dócha go bhfeicfear i bPáirc an Chrócaigh ach oiread é, áit a mbronntar Corn Sam Maguire, “a republican gunman” de réir McCausland.
feicthe seen
" ) Tugtar an Red Centre ar lár na hAstráile agus is minic atá an lár dearg feicthe agam.
d'fheicfeá you'd see
" Ag fanacht liom sa chríochfort bhí John McGuire, Gael-Mheiriceánach neamhphostúil, gléasta mar a d'fheicfeá Éireannach ar bith.
feicthe have seen
" Tá sé feicthe go minic cheana agam.
Chonaiceamar we saw
" SMM: Chonaiceamar thú ag taisteal i Meiriceá ar *Highway 61* agus ar *Route 66* roimhe a Dháithí.
bhfeictear is seen
" Thaispeáin an tOllamh Cormac O Gráda agus Cathal Póirtéir le déanaí go bhfuil léargas ar an tubaiste le fáil i bhfoinsí béaloidis a bhfeictear seanteanga mháthartha na tíre go láidir iontu.
Feiceann súil ghlas saol glas everyone has their own view of things
"Feiceann súil ghlas saol glas’ a deir an seanfhocal agus is fíre ná riamh é ar cheist an chárta den dath céanna! Feiniméan Domhanda === Ar ndóigh, is rud é an inimirce neamhdhleathach a tharlaíonn i ngach cearn den domhan.
Seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann out of sight, out of mind
"Seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann’ an mana neamhráite a bhí againn.
An bhfeicfidh mé an t-earrach shall I see the spring
" An bhfeicfidh mé an t-earrach? Nílim in ann déirc a lorg.
Chonacthas domsa as I saw it
" Thug siad a bhfreagra in olltoghchán na bliana seo (2016) nuair a toghadh níos lú teachtaí Fhianna Fáileacha ná i 2011 go fiú! De bharr nach raibh muid iontaofa, ní raibh muid intofa! Chonacthas domsa nach raibh againn ach dhá rogha: deireadh ar fad a chur le Fianna Fáil nó athbhrandáil ó bhonn a dhéanamh air agus é a athsheoladh mar pháirtí úr.
feic saolta a dhéanamh de making a holy show of
" Maidir le muintir Fhianna Fáil, tá Balor ag smaoineamh ar mhiasa deasa uisce a fháil dóibh chomh maith le tuáillí chun go nífidh siad a gcuid lámh i ndiaidh dóibh feic saolta a dhéanamh de mhuintir na hÉireann os comhair an tsaoil mhóir.
Cluintear duine san áit nach bhfeictear é one’s fame precedes/proceeds where one does not
" Duaiseanna ===== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar seo: Sé an Saol an Máistir ========== Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha Le Gearóid Denvir Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair.
ní fheictear are not seen
" Go minic áfach, ní fheictear na daoine seo.