Dá ainneoin sin, le fanacht taobh istigh de laincisí an rialtais, tá beartaithe ag Bord Oideachais agus Leabharlann an Oir-Dheiscirt pasanna bus a bhaint de pháistí áirithe, ní cheannófar leabhair úra do scoileanna ná do leabharlanna, ní bheidh oiread airgid ann le caitheamh ar mhúinteoirí sealadacha, agus gearrfar siar ar chothabháil.
Bunaíodh Wikipedia - a dtagann a ainm ón fhocal Haváíoch "wikiwiki", a chiallaíonn "gasta" - sa bhliain 2000, agus is ciclipéid saor in aisce í a dhéanann lucht a úsáidte, nó na "*Wikipedians*", a scríobh, a chur in eagar, agus a chothabháil.
Agus deireadh 2006 ag druidim linn, seo ceist shuimiúil: ag cur san áireamh na dtreochtaí seo ar fad, cén chuma a bheidh ar eitleáin i gceann fiche nó tríocha bliain?
Ar dtús, caithfimid a rá nach mbeidh cuma ródhifriúil ar roinnt mhaith acu! Bíonn saolré timpeall 25 nó 30 bliain ag aerlínéar nua-aimseartha mar an Airbus A320 nó Boeing 737 - tar éis na tréimhse sin éiríonn an chothabháil róchostasach.