Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chuathas i mbun coimhlinte conflict started
" I ndiaidh do Hongi filleadh ar Kerikeri, chuathas i mbun coimhlinte ina cheantar.
chuathas i mbun ionsaithe pearsanta personal attacks were initiated
" Ach nuair a thaispeáin go leor pobalbhreitheanna eile gurbh fhearr le muintir na tíre Kevin Rudd ná John Howard mar phríomh-aire, chuathas i mbun ionsaithe pearsanta ar cheannaire nua an fhreasúra.
chuathas i mbun péinteála painting was carried out
" Nuair a leasaíodh na comharthaí bóthair le dul i bhfóirstean don dlí úr chuathas i mbun péinteála i ndorchadas na hoíche, rud a d’fhág na comharthaí ar fad ina ngráin súl.
chuathas i mbun géarleanúna a witch-hunt was begun
" In áiteanna eile, ar an drochuair, chuathas i mbun géarleanúna.
Chuathas i ngleic leis an ailse sciobtha go leor, the cancer was dealt with quicly enough
" Chuathas i ngleic leis an ailse sciobtha go leor, agus dá bharr sin níor chuir sé dá chois é agus bhí sé ar ais ar a sheanléim tamall gairid i ndiaidh na hobráide.
chuathas i mbun círéibeacha there were riots
" Tar éis don fhíorasc neamhchiontachta a bheith fógartha, chuathas i mbun círéibeacha ar caitheadh 1,700 duine i bpríosún mar gheall orthu.
Chuathas i dteagmháil le daoine éagsúla various people were contacted
" * Nóta ón eagarthóir: Chuathas i dteagmháil le daoine éagsúla i rith na míosa seo caite le cuireadh a thabhairt dóibh alt a chur ar fáil do *Beo!* ina ndéanfaí argóintí ar son dhaingiú an chonartha a chur chun cinn.
chuathas i mbun lánpháirtithe san AE integration was begun in the EU
" San am céanna, chuathas i mbun lánpháirtithe san AE agus rinneadh na nascanna a dhoimhniú go mór.
chuathas i muinín an fhornirt violence was resorted to
" Buaileadh í roinnt uaireanta agus chuathas i muinín an fhornirt chun a cuid gruaige a bhearradh.
nuair a chuathas beagán níos doimhne sa scéal when the matter was looked into some more
" “Meas tú,” adeirimse, “nach é an Béarla an Rúisís nua?” Bhí tost ann an uair sin agus nuair a chuathas beagán níos doimhne sa scéal, b’éigean don náisiúntóir Moldávach a dhul i muinín na Rúisise.
Chuathas thar toinn anonn people crossed the seas
" Chuathas thar toinn anonn ó Smøland na Sualainne, ó Chorcaigh, ó Learpholl agus Bristol, ó Napoli na hIodáile ó Rotterdam agus ó Amsterdam na hÍsiltíre.
nuair a chuathas i mbun threascairt thrádstórais thréigthe an cheantair. when the demolition of the area's abandoned warehouses was undertaken.
" Thángthas ar neart fionnachtana seandálaíochta i Lìte sna nóchaidí nuair a chuathas i mbun threascairt thrádstórais thréigthe an cheantair.