Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chualathas trácht that mention was heard
" Is san Astráil agus i gCeanada sna 1970aidí a chualathas trácht ar Choimisiúin Um Chearta Daonna den chéad uair.
an fhianaise a chualathas the evidence which was heard
" * Cultúr ólacháin ======= Ní fúmsa atá sé scagadh a dhéanamh ar an fhianaise a chualathas le mí anuas nó buille faoi thuairim a thabhairt faoin mhéid a tharla ar an oíche chinniúnach úd ar maraíodh an trádálaí beithíoch, Richie Barron.
an fhianaise a chualathas the evidence which was heard
" * Cultúr ólacháin ======= Ní fúmsa atá sé scagadh a dhéanamh ar an fhianaise a chualathas le mí anuas nó buille faoi thuairim a thabhairt faoin mhéid a tharla ar an oíche chinniúnach úd ar maraíodh an trádálaí beithíoch, Richie Barron.
nár chualathas gíog ná míog ón fhreasúra that a squeak wasn't heard from the opposition
" Seans fosta gurb í sin an chúis nár chualathas gíog ná míog ón fhreasúra faoin scannal spíodóireachta i Stormont, a ba chúis le titim an rialtais ó thuaidh agus na n-institiúidí trasteorainn.
nár chualathas le fada not heard in a long time
" Agus an guth nár chualathas le fada beidh sé le cloisteáil arís, agus an geall a briseadh go minic roimhe sin beidh sé le briseadh arís, nó is iomaí geall a dhéanfar agus is iomaí geall a chuirfear.
Chualathas na leithscéalta arís the excuses were heard again recently
" Chualathas na leithscéalta arís le déanaí tar éis scliúchas Staid Semple ag tús mhí an Mheithimh inar thug iománaithe an Chláir agus Chorcaí faoina chéile sular cuireadh tús leis an gcluiche.
nár chualathas mórán faoi go dtí seo. about whom not much has been heard up until now
" D'fhéadfaimis casadh cinntitheach a fheiceáil sa toghchán in Iowa, mar sin, i dtreo iarrthóra nár chualathas mórán faoi go dtí seo.
ar chualathas cur síos air. of which a description was heard
" Mar sin, ní rabhthas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán – rud a bheadh lochtach ann féin – ach bhíothas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán ar chualathas cur síos air.
chualathas trup mór taobh amuigh a big din was heard outside
" Ar bhuille a trí, chualathas trup mór taobh amuigh agus isteach thar an tairseach le Maidhc Dainín Ó Sé agus Micheál Ó Mórdha chun an Tóirse Oilimpeach a bhreith leo ar an chéad chuid eile dá chamchuairt.
Chualathas faoi eachtraí eile another incidence was heard
" Níor thug sé faoi deara go raibh an carr mícheart tógtha aige go dtí gur dhúisigh duine de na páistí agus gur labhair sí leis i bPléimeannais! Chualathas faoi eachtraí eile a tharla a chuirfeadh sceoin ort dá mbainfidís duit féin ach a chuirfeadh ag gáire thú, b’fhéidir, fhad is gur duine eile a bheadh i gceist.
Chualathas was heard
" Chualathas le déanaí an tAire Airgeadais, Christine Lagarde, ag rá go mbeidh an rialtas ag cur go mór in aghaidh aon íocaíocht bhreise le príomhfheidhmeannach a ligeann oibrithe chun siúil i mbliana.
chualathas was heard
" Agus an Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta ag déanamh cluasaíochta ar spiairí Iosraelacha i SAM, mar a scríobh Jeff Stein in Congressional Quarterly ar an 11 Aibreán, chualathas Jane Harman, Feisire Daonlathach, ag labhairt le gníomhaire Iosraelach, agus í ag gealladh dó go gcuirfeadh sí a ladhar isteach leis an Roinn Dlí agus Cirt ar son beirt oifigeach AIPAC, an brúghrúpa ar son Iosrael, a díotáileadh i 2005 maidir le faisnéis rúnaicmithe a thabhairt don ambasáid Iosraelach i Washington.
gur chualathas was heard
" Mar sin féin, ar éigean gur chualathas gíog ná míog as na meáin.
chualathas was heard
" Gíog ná míog níor chualathas ó aos acadúil na Gaeilge ag an am.
Chualathas was heard
" Chualathas Colm Sonaí Ó Méalóid ag gearán ar na mallaibh go bhfuil Máire Mhór ar ais ar an bhairneach is ar bhláth na scailliún dearg, go bhfuil cuma chnámharlaigh uirthi, agus go bhfuil sí ag dul thart i ngúna beag dearg cosúil le hÁine Ní Dhroighneáin.
chualathas was heard
" com/watch?v=c6AfwbmgTaY&feature=related) Cuir i gcás an eachtra seo a leanas nuair a bhí comhlacht mór cairr ag taifeadadh míre do scannán fógraíochta chualathas sioscadh nó cogarnaíl an-íseal agus chonacthas fear a bhí ag trasnú an bhóthair ag titim go díreach amach roimh an charr seo, ach ní fhaca tiománaí an chairr a dhath riabhach le linn an ama chéanna.
guth nár chualathas unheard voice
" Agus an guth nár chualathas le fada ní bheidh sé le cluinstin fós.
nár chualathas was not heard
" Cathair phleanáilte í Brisbane, ach tír í an Bhrasaíl nár chualathas trácht ar rialacha pleanála ann go dtí le fíorghairid.
Chualathas were heard
" Chualathas beirt acu an tseachtain seo.
Chualathas go leor drochscéalta plenty of bad news was heard
" Chualathas go leor drochscéalta i leith Tvind leis na blianta anuas agus ionchúisíodh go leor dá chuid ceannairí ar choireanna airgeadais.
nár chualathas cheana never heard before
" Cloistear anseo chomh maith taifeadtaí le Seán Ó Síocháin as Cill na Martra nár chualathas cheana iad ach ar fhadcheirnín a eisíodh i 1960.
nár chualathas mórán faoi not much was heard about him
" Tá iarrthóir uachtaránachta acu, Mitt Romney, atá ina bhall den Eaglais Mhormannach (eaglais a bhfuil go leor Meiriceánach in amhras faoi), agus nár chualathas mórán faoi in aon chor go dtí earrach na bliana seo, agus tá iarrthóir leasuachtaránachta acu, Paul Ryan, atá i bhfad amach ar an eite dheis ó thaobh Críostaíochta agus leagan amach geilleagair de.
Gíog ná míog níor chualathas not a chirp was heard
" An bhfuil siad ag rá linn i ndáiríre go gcosnódh sé os cionn €63m sa bhliain téacsanna Gaeilge ar bhileoga eolais a thástáil lena chinntiú go dtuigfeadh an léitheoir an fhoclaíocht a úsáidtear? Ar ndóigh thuigfeá cad tuige go mbeadh an Roinn Sláinte ag feidhmiú ar mhaithe le mianta an tionscal cógaisíochta ach cén fáth nár chuir Roinn na Gaeltachta a mhalairt de chás chun cinn? Gíog ná míog níor chualathas uathu ar an cheist seo agus ní léir go bhfaca siad aon chúram dóibh ann.
chualathas sa seó aoir heard in this satiric show
" Nach raibh *Apple* ag Éabha? Sin ceann de na jócanna a chualathas sa seó aoir, *The Bible: The Complete Word of God (abridged)* de chuid an *Reduced Shakespeare Company* a bhí ar ardán *The Theatre at the Mill* i mBaile na Mainistreach, an baile beag a bhí sna cinnlínte lastuaidh de Bhéal Feirste ar feadh dhá oíche an tseachtain seo caite.
am a chualathas an mana when the motto was heard
" Bhí caidreamh láidir idir an Eaglais agus an pholaitíocht ó na 30idí, am a chualathas an mana “le ciel est bleu, l’enfer est rouge” (Tá an spéir gorm, tá ifreann dearg) chun a chur ina luí ar daoine a vóta a chaitheamh ar son an pháirtí choiméadaigh.
B'iomaí olagón agus ochón ó a chualathas much wailing and lament was heard
" B'iomaí olagón agus ochón ó a chualathas ag an droichead chéanna.
chualathas guth a voice was heard
" An tseachtain seo féin, chualathas guth ón uaigh féin sna Sé Chontae thiar i Meiriceá ag éisteacht de chuid Chomhdháil na Stát Aontaithe.