Pota Focal Intergaelic
can | cia | cian- | cin | ian
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian the way in which drink affected Cian
" Chuir Síle i gcónaí sonrú sa dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian.
dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian the way in which drink affected Cian
" Chuir Síle i gcónaí sonrú sa dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian.
leis na cianta for years, for yonks
" Bhí siad beagnach de dhlúth agus d'inneach ann anois agus ní ligfeadh an eagla dó a rá lena athair nach raibh dea-thomáint aige agus é ar an bhealach leis na cianta.
a thiomnú d'athair Chiain associate with Cian's father
" Ní "foighid" focal a d'fhéadfá a thiomnú d'athair Chiain.
Ní dhearna Cian ach moladh leis Cian agreed with him (to keep the peace)
" " Ní dhearna Cian ach moladh leis.
Tháinig sé crua ar Chian It was difficult for Cian
" Tháinig sé crua ar Chian soc an chairr a fheiceáil, chan amháin a bheith ag caint ar chúlú thart an coirneál.
Chuirfeadh sé lán a chraicinn d'iontas ar Chian it would really amaze/surprise Ciarán
" Chuirfeadh sé lán a chraicinn d'iontas ar Chian dá gcuirfeadh Fiachra lá suime i gcúrsaí éadaigh nó faisin.
na cianta cairbreacha generations
" Nach in é an domhan ina mairimid, an geilleagar saor… Saor sinn! Tugtar an "Creek" nó an góilín ar an ngaoth sáile a shníonn trí Dhúbai agus is ann a chífidh tú an *dhow*, an bád traidisiúnta atá ag trádáil leis an India agus leis an Afraic mar a dhein leis na cianta cairbreacha.
sa Chian-Oirthear in the Far East
" Ba bheag an mhaith breis agus deich míle díograiseoir ag glacadh an darna morgáiste amach ar an teach agus ag díol a gcuid leanaí le sclábhaíocht le go mbeidís in ann bheith in éineacht leis an fhoireann sa Chian-Oirthear.
chian melancholy
" Bhí mé cinnte gur ag tagairt do chiach agus do chiamhaire agus do chian an amhráin a bhí siad, ach ní hea! Ag tagairt don spota buí ar thóin a dhráir a bhí siad! An duine nach raibh spota buí ar thóin a dhráir ariamh seasadh sé suas.
leis na cianta for a long time
" Níl aon cheart ar leith ag na hiascairí an acmhainn seo a ídiú go mífhreagrach bliain i ndiaidh bliana, faoi mar atá déanta acu leis na cianta.
leis na cianta for many many years
" An bhfuil deireadh leis an bhfís a deir gurb é is tábhachtaí ná páirt a ghlacadh, an t-idéal a thiomáin iomaitheoirí leis na cianta agus a thionscain na Cluichí Oilimpeacha.
atá folaithe ina gcroíthe leis na cianta which has been hidden in their hearts for a long time
" Agus má dhéanann an DUP cleas Tony Blair, nuair a ghoid sé polasaithe Tóraíocha agus chuir pacáiste New Labour thart orthu, má thagann an DUP ar sprid an iolrachais atá folaithe ina gcroíthe leis na cianta, b'fhéidir gur seo an dé deiridh do pháirtí James Craig agus Basil "I wouldn't have one about the place" Brookborough.
ó chéin is ó chóngar from far and near
" Ceantar idirnáisiúnta spioradálta ab ea Teamhair a mheall daoine ó chéin is ó chóngar ar feadh na mílte bliain.
tógfaidh seo an cian díot this will lift your spirits
" Seo, tógfaidh seo an cian díot,” ar sé agus tharraing sé buidéal mór seaimpéin as an chuisneoir.
i gcian is i gcóngar far away and at home
" Áirítear é fosta ar cheann de na sléibhte is deise sna Beanna Beola, sliabhraon a chuireann eiteoga ar lucht siúl sléibhe agus dreapadóireachta i gcian is i gcóngar.
ó chian is ó chóngar from far and near
" Thagadh daoine ansin ar an fharraige ó chian is ó chóngar.
i gcian is i gcóngar far away and at home
" Roimh na seascaidí bhí daoine ag brath ar na nuachtáin agus ar an raidió chun léargas a thabhairt dóibh ar chluichí móra agus ar ócáidí spóirt i gcian is i gcóngar.
de chéin is de chóngar from far and near
" Na laethanta seo, tagann daoine de chéin is de chóngar go fóill.
fuath na gcianta the hate of many years
" Ach ba é Milosevic a d’adaigh gríosach mharfach fuath na gcianta idir Seirbiaigh, Moslamaigh agus Crótaigh.
den chéad uair le cianta for the first time in a long time
" I mbliana, ba lá an-speisialta é ar chúis eile ar fad do mhuintir na hiomána i mBaile Átha Cliath agus lasmuigh de, mar is ar an lá sin a bhuaigh Foireann Choláistí Átha Cliath Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann den chéad uair le cianta.
ó chian agus ó chóngar from far and near
" AÓF: Cén saghas scoláirí a d'fhreastail ar na cúrsaí seo agus cén leibhéal a bhí i gceist? DdeB: Tháinig siad ó chian agus ó chóngar.
ó chian agus ó chóngar, from far and near,
" Chuaigh daoine saibhre faiseanta ann ó chian agus ó chóngar, agus bhí carráistí speisialta don áit ar an traein ó Londain.
leis na cianta cairbreacha. for generations
" Cuidíonn gaoth mhór an tseanchais le feachtas an phobail nuair a shéideann sí ar feadh trí lá agus trí oíche, ag ligean do Chillín *Chait*ríona solas an lae a fheiceáil den chéad uair leis na cianta cairbreacha.
ó chian is ó chóngar from far and near
" Agus dála na gCluichí Oilimpeacha, tháinig siad ó chian is ó chóngar agus bhí go leor teangacha á labhairt ina measc.
thóg cian den chuideachta brightened up the company
" Bhí ceol agus damhsa againn tar éis an dinnéir, rud a thóg cian den chuideachta.
leis na cianta cairbreacha from time immemorial
" Lámh Láidir an Stáit Tháinig fórsaí slándála na Céinia maidin amháin sa bhliain 1973, gunnaí is sorcóga deorgháis ar iompar acu, go dtí an áit timpeall ar Loch Bogoria ina mbíodh na hEndorois ag maireachtáil leis na cianta cairbreacha.
anuas na cianta down the centuries
" Tugtar ar turas sinn anuas na cianta ón tréimhse roimh Chríost go dtí aimsir na Normannach.
leis na cianta cairbreacha for donkeys' years
" Níl fiú an leathchéad síniú ó oileán na naomh is na n-ollamh in ainneoin an leasa a baineadh as an inimirce le breis is deich mbliana, gan trácht ar an iliomad Éireannach a d’fhág a dtír dhúchais leis na cianta cairbreacha.
leis na cianta cairbreacha for aeons
" Freagracht ar na hÚdaráis =============== Cé go bhfuil an gortú do rannpháirtithe ina chuid bhunúsach de chluichí páirce leis na cianta cairbreacha, braithim go bhfuil méadú tagtha le tamall de bhlianta ar an ngéarghortú tromchúiseach do bhallnaisc agus d’ailt.
le cianta for aeons
" Seo an ‘colonial Irishman’ nó ‘Stage Irishman’ go bhfuil daigniú déanta air san fho-chomhfhios Briotnach, Angla-Mheiriceánach agus Éireannach, faraor, le cianta.
leis na cianta for aeons
" Léirigh leabhar Gammage dom go mbíodh bainistíocht talún dheaslámhach ar siúl ag an mhuintir dhúchais leis na cianta agus go mbíodh sí bunaithe ar eolas cuimsitheach faoi éiceolaíocht shobhriste chasta na tíre ollmhóire seo.
gcianta centuries
" Níl cónaí ná áitreabh ann, ach seanchosáin a chleacht na Breatnaigh ar feadh na gcianta, brácaí lucht siúil, agus nead na bhfiach.
leis na cianta for years
" Tá cinneadh rialtais ann táille clárúcháin a ghearradh ar dhabhcha séarachais i dtithe ar fud na tuaithe agus tá cosc á chur ar dhaoine a gcuid móna a bhaint i bportaigh atá in úsáid leis na cianta.
na Céine agus na Ciandachta of distance and far away hills
" ” I nDomhnach, Maitiúnas na mBrocanna ================== “Ó a Spéirbhean Chumhachtach na Céine agus na Ciandachta, ní hiad sin a thagann idir mé agus codladh na hoíche.
bhí tagtha as cian had come from afar
" Díthreabhach i bhFolach ======== Níor mise an t-aon mhúinteoir a bhí tagtha as cian.
scrios na tuillte ba mheasa leis na cianta the worst floods in a long time ruined
" Cuimhnímis ar ar tharla i gCorcaigh ag deireadh an Mheithimh i mbliana nuair a scrios na tuillte ba mheasa leis na cianta siopaí agus tithe, agus níor den chéad uair é! Is beag faoiseamh a bhí ag an earnaíl mhiondíola ón drochaimsir ach oiread le haon dream eile.
ag buachailleacht anseo leis na cianta shieling here for aeons
" Ach tá na daoine ag buachailleacht anseo leis na cianta.
stair bhrónach atá lán de chian atá i gceist it’s a sad poignant history
" Ach is stair bhrónach atá lán de chian atá i gceist.
a shíneann siar na cianta which stretches back aeons
" Faoin am a dtiocfaidh aon áit Ghalltachta amháin an timpeall ar fad (> iar-Ghaeltacht > réamh-Ghaeltacht > ath-Ghaeltacht), bheadh súil le Dia agam go mbeidh roinnt bailte fearainn misniúla fós san fhíor-Ghaeltacht in ann a mhaíomh go bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu a shíneann siar na cianta.
leis na cianta for aeons
" Tá fianaise ann go bhfuil daoine ag úsáid na réalta mar oireas loingseoireachta agus eile leis na cianta.
atá na camáin á ndéanamh leis na cianta hurleys are being made for aeons
" Is as an fhuinseog atá na camáin á ndéanamh leis na cianta.
leis na cianta cairbreacha for aeons
" Bhí muintir dhúchais darb ainm na Arabana ina gcónaí i gceantar an locha leis na cianta cairbreacha agus thug siadsan an t-ainm Kati Thanda ar an loch, ainm a chiallaíonn áit chruinniú na gceannairí.
leis na cianta ar aghaidh go deo na ndeor to the end of time
" 
 Cúpla lá roimhe rinne an tOrd Oráisteach géarcháineadh ar shagart na paróiste, ag baint díoltais amach sular tharla a dhath mar sin is léir go mbeidh an tOrd ag gníomhú mar pháiste millte le linn an tsamhraidh, compordach go leanfaidh an teideal oidhreachta a bhronn ceannairí aontachtacha orthu leis na cianta ar aghaidh go deo na ndeor.
a raibh cúlra na gcianta cairbreacha laistiar di which had aeons stretching back in its foundation
" B’fhéidir go raibh eagla ar dhaoine eile roimhe, toisc iad a bheith aineolach ar an stair agus ar fheidhm na hamhránaíochta coimhthíche seo a raibh cúlra na gcianta cairbreacha laistiar di.
abhus leis na cianta cairbreacha here for donkey’s years
" Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach seisear ban i measc na 43 duine san aireacht, an céatadán is ísle in aon aireacht abhus leis na cianta cairbreacha.
leis na cianta cairbreacha for donkey’s years
" Chuimhnigh sé ar mhuintir Mhaigh Eo a raibh aithne aige orthu leis na cianta cairbreacha.
leis na cianta for ages
" Rinne an Pápa Prionsias ceiliúradh ar aifreann speisialta ina raibh urraim do bhloghanna iarsmaí, a chreidtear gur le Naomh Peadar iad, le feiceáil go poiblí don chéad uair leis na cianta.
ina dtost in imeacht na gcianta quietened over many long years
" Cuireadh teaghlaigh na bpáistí seo ina dtost in imeacht na gcianta.
leis na cianta cairbreacha for aeons
" Ní go maith a caitheadh leo leis na cianta cairbreacha.