Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chinnire na dtosaithe the leader of the forwards
" Nuair a d’éirigh na laochra úd as a bheith ag imirt, líon Mattie an ról mar chinnire na dtosaithe ar an bhfoireann ab fhearr a bhí ag Gaillimh riamh, foireann a bhuaigh an Chraobh trí bliana as a chéile idir 1964-66.
cinnirí éagsúla various leaders
" Tá sé mar aidhm ag an gcruinniú mullaigh seo cinnirí éagsúla de chuid na polaitíochta, an ghnó agus eagraíochtaí neamhrialtais a thabhairt le chéile chun beartas nua, comónta a chur chun cinn i dtreo leigheas a fháil ar an ailse.
cinnirí leaders
" ” Ceist mhór thromchúiseach Leanadh leis an díospóireacht ag cruinniú den Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cúpla seachtain ó shin, áit ar thapaigh cinnirí ghluaiseacht na Gaeilge a moltaí faoin dréachtstráitéis a chur in iúl.
chinnirí sléibhe mountain leaders
" Bhí mé cláraithe ar chúrsa athfhoghlama geimhridh do chinnirí sléibhe ag Lóiste Gleann Mór, an t-ionad traenála cóngarach don bhrú.
chinnire leader
" Bhain sé gradam amach mar chinnire sa chumann agus sa choláiste.
chinnirí éagsúla na tíre various national leaders
" Nochtadh tuairim go raibh imreoirí spóirt ina n-eiseamláirí don óige agus don phobal i gcoitinne agus dúradh go raibh teipthe ar eagraíochtaí móra agus ar chinnirí éagsúla na tíre, idir chléir agus thuath, lucht polaitíochta, gnó agus siamsaíochta (an dream a luaitear an focal ‘*celebrity*’ lena stádas sa phobal go háirithe), treoir, sampla agus cinnireacht cheart a thabhairt do mhuintir na tíre.
agus mé im’ chinnire I’m a group leader
" Seo an cúigiú uair dom dul chuig choláistí samhraidh - ach is é an cúrsa i mbliana mo chéad uair riamh sa Ghaeltacht – agus mé im’ chinnire an t-am seo.