Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chiontacht guilt
" Rud amháin nach raibh na cúisitheoirí ag súil leis, áfach, ná go bhféadfaí an tástáil seo a úsáid chomh maith ar dhóigh eile: chun neamhchiontacht daoine a chruthú.
saor ó chiontacht free from guilt
" Ba thithe déirce iad ón taobh amuigh; thug siad deis don phobal éalú ó fhreagracht agus a bheith saor ó chiontacht.
ciontacht guilt
" ” Leoga, bheadh McBratney ar dhuine de na chéad daoine a d’admhódh nach scéal simplí a bhí i gceist, ina raibh ciontacht agus neamhchiontacht.
íospartaigh “neamh-chiontachta” 'innocent' victims
" Is dream iad FAIR (*sic*) a chreideann go bhfuil íospartaigh “neamh-chiontachta” ann, i.
mothúchán tobann ciontachta a sudden guilty feeling
" Níl a fhios agam arbh é nádúr mothálach ba chúis leis an ngol nó mothúchán tobann ciontachta a bhuail í nuair a chonaic sí an trealamh a chuir a comhthírigh chun feidhme d'fhonn na milliúin a dhúnmharú.
ciontacht guilt
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
ciontachta fo-chomhfhiosaí subconscious guilt
" An Fo-Chomhfhios Luíonn croí an scannáin seo in oibriú amach na ciontachta fo-chomhfhiosaí sin a thiomáin í chuig na gníomhartha uafáis a d’imir sí uirthi féin is ar a fear istigh sa choill.
ciontacht feeling of guilt
" Má bhí Pádraig faoi ualach le ciontacht de dheasca gníomh barbartha collaíochta, nach tráthúil go bhfuil an Eaglais Rómhánach a thug sé go hÉirinn míle go leith bliain ó shin, faoi ualach trom ag peacaí móra collaíochta chomh maith.
Ciaptha le Ciontacht tortured by guilt
" Ciaptha le Ciontacht ========== Is ábhar buartha leanúnach dó freisin nár éirigh leis mar cheoltóir (Saol an Ghrásta).
thaibhsí mhothúchán na ciontachta ghosts of his feeling of guilt
" ”* Tá Cheyenne - ollréalta glamrac na n-ochtóidí - ar teitheadh óna cháil is ó thaibhsí mhothúchán na ciontachta.
an chiontacht a choinneáil uait to keep guilt at arm’s length
" Is í aidhm an leithscéil, an ciúnas a sheachaint agus an chiontacht a choinneáil uait, go fóill.
leis an chiontacht with guilt
" "Bean ar bith a bhfuil páistí óga aici agus í ag obair, tuigeann siad go bhfuil sé an-deacair an troid inmheánach sin leis an chiontacht.
dúshlán a thabhairt d’fhíorasc ciontachta na cúirte to challenge the court’s guilty verdict
" Rinneadh iarrachtaí éagsúla thar na blianta dúshlán a thabhairt d’fhíorasc ciontachta na cúirte agus don phianbhreith araon, ach theip orthu.
an chiontacht guilt
" Cé go bhfuil an t-amhras, an chiontacht agus an easpa saoirse le sonrú leis an gceantar seo sa Mholdáiv, feictear dó go bhfuil an saol i bhfad níos measa san Iarthar.