Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chiorrú cutting back
" Breathnaíonn sé ar an stáisiún mar Titanic a rachaidh go tóin poill mura dtagann deireadh leis an chiorrú agus leis an choilleadh leanúnach atá ar bun de bharr go bhfuil gach rialtas le scór bliain tar éis diúltú ardú ceart a thabhairt sa cheadúnas teilifíse.
corp ciorraithe maimed body
"corp ciorraithe le feiceáil, é greamaithe le tairní do chrann agus luchóga agus cruimheanna ag ithe na feola agus ag fágáil na gcnámh glan.
chiorrú ar cutting back
" Go deimhin déanadh oiread sin de chiorrú ar bhuiséad an Údarás Comhionannais (43%) gur bhraith Príomhfheidhmeanach na heagraíochta, Niall Crowley agus seisear ball den bhord, nach raibh an darna suí sa bhuaile acu, ach éirí as a gcúram.
chiorraigh sí she cut back
" Thug an tUachtarán le fios gur chiorraigh sí a tuarastal sise, rinne an rialtas amhlaidh agus chuideodh sé go mór le sinne, atá ag saothrú chuid Pháidín den mheacan, a thuiscint go bhfuil dream an tuarastail áiféisigh in ann taobhú linne in Éire Inc.
ciorrú coil incest
" Ciontaíodh Josef Fritzl an mhí seo caite, innealtóir as Amstetten na hOstaire, in éigniú, ciorrú coil, daoirse, agus i ndúnmharú.
Ciorrú cutback
" * Ciorrú 50% ar Dól orthu siúd fá 20 bliain d’aois.
Fógraíodh ciorraithe breise extra cuts were announced
" Fógraíodh ciorraithe breise ar ioncam, ar liúntaisí agus ar an síneadh láimhe ba ghnás do Theachtaí Dála, do Sheanadóirí agus do Airí Rialtais.
ciorrú cutback
" D’ainneoin tuairiscí áirithe, níl ciorrú molta ar an tacaíocht do TG4.
ciorrú cut back
" Baineann siad leas freisin as cleasa agus seifteanna chun ciorrú ar líon na bhfocal.
a bhfeidhm a chiorrú cut back on their influence
" Tá daoine go leor abhus, go háirithe i measc na dtráchtairí ar chúrsaí reatha, a mheasann go bhfuil sé thar am fáil réidh leis na rialtais dara leibhéal, nó a bhfeidhm a chiorrú go géar ar a laghad.
ciorrú cutback
" In ainneoin ar mhol an Bord Snip, níor deineadh ach ciorrú fíorbheag.
ciorraithe cutbacks
" Tá fiacha ollmhóra – príobháideach agus poiblí – ag brú go trom ar an Bhreatain agus tuigtear anois go mbeidh ar an rialtas nua Coimeádach-Liobrálach ciorraithe géara a ghearradh ar an tír.
chiorrú an mhaoinithe cutback in funding
" Éireoidh an dearcadh seo níos daingne i ndiaidh chiorrú an mhaoinithe atá ag teacht, suas go dtí £2 billiún agus mar is gnách, is ar na daoine is boichte, a thitfidh an t-ualach is mó.
am a chiorrú to shorten the time
" An Cur Chuige ======= Muna bhfuil scannánóir sásta am a chiorrú trí mhontage seatanna gearra a cur le chéile, caithfidh sé gluaiseacht leanúnach a chruthú sna seatanna fada a úsáideann sé.
ciorrú a cull
" Meastar go bhfuil corradh is 100,000 crogall inbhir san Astráil faoi láthair, agus tá daoine áirithe den tuairim go bhfuil sé thar am ciorrú de shaghas éigin a chur i bhfeidhm lena líon a ísliú.
a chiorrú to cut
" Is leamh le haithris gurb é an chéad rud a rinne an rialtas úr tuarastail agus deolaí agus na n-airí a chiorrú.
tá oiread ciorraithe déanta so much cutting back has been performed
" Go deimhin tá oiread ciorraithe déanta ar mhaoiniú na heagraíochta gur doiligh a shamhlú go mbeidís in innimh tabhairt faoi na cúraimí traidisiúnta seo go sásúil.
chiorrú go géar cut sharply
" Tá rialtas Cameron i ndiaidh na sochair leasa shóisialaigh a chiorrú go géar.
anuas ar chiorraithe an rialtais on top of the government cutbacks
" Rinneadh go leor gearán faoin ghearradh ar an liúntas gutháin do phinsinéirí, ach tríd is tríd ó thús na géarchéime, is beag an t-ísliú ioncaim a fuair siad le hais an teaghlach óg a bhfuil cúram leanaí orthu agus, anuas ar chiorraithe an rialtais, a chaill post nó ar gearradh siar ar a dtuarastal.
I ndiaidh dó glacadh le ciorraithe after he accepted the cutbacks
" I ndiaidh dó glacadh le ciorraithe agus le hísliú stádais do mhuintir na Gaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta araon, tá sé thar am aige a chumas seasaimh a fháil ar ais.
ciorrú cutback
" Tá an ciorrú ag teacht i bhfeidhm abhus.
D’ainneoin ghéire na gciorraithe despite the severity of the cutbacks
" D’ainneoin ghéire na gciorraithe sa chóras sláinte tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil léas beag dóchais ag sileadh chugainn ó fhoinsí éagsúla.