Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clúdach árachais insurance coverage
" Ar an drochuair, tá seans níos lú ann go ndéanfaidh fostóir clúdach árachais sláinte a thairiscint d'oibrithe ar phá íseal, agus, má chuirtear clúdach ar fáil dóibh, is minic a chaitheann siad níos mó a íoc as.
chlúdach cover
" Go fiú an pictiúr ar chlúdach an leabhair seo, insíonn sé a lán faoin gcineál brú a bhíonn ar réiteoirí uaireanta agus an teannas a bhraitheann siad agus iad i mbun cluichí móra a réiteach.
chlúdach cover
" Agus tá ainm an chláir sin fóirsteanach go maith, mar an chéad uair a chas Caitlín agus Alan ar a chéile, san Eilvéis in 2001, caithfidh sé gur cheol an triúr againn achan amhrán atá sa leabhar sin Abair Amhrán ó chlúdach go clúdach agus ar ais arís.
gclúdaigh dhonna in brown envelopes
" "Is cuimhin liom an t-airgead i gclúdaigh dhonna a sheol siad abhaile chuig a dtuismitheoirí agus a dteaghlaigh.
clúdaigh do chúisíní cushion covers
" Déanann sí hataí agus clúdaigh do chúisíní freisin.
chlúdaigh na suíochán seat covers
" Blianta ó shin, bhaineas féin sult mór as breathnú ar chlúdaigh na suíochán ar eitleáin Aer Lingus, de bharr gurbh fhéidir liom na línte filíochta a léamh sa deireadh! A Learner's Guide to Irish* le Donna Wong (Cois Life, 2004) Praghas: €25* Le ceannach ag: www.
le clúdaigh albam a mhaisiú to adorn album covers
" I measc na ndaoine a roghnaíodh le clúdaigh albam a mhaisiú, bhí an t-aisteoir Yootha Joyce (“George and Mildred”) agus an dornálaí Cornelius Carr.
go dtí gur chlúdaigh sí barr an chnoic ar fad until it covered the whole top of the hill
" Thóg sé ardeaglais mhór ar an suíomh, a méadaíodh le linn na mblianta go dtí gur chlúdaigh sí barr an chnoic ar fad.
clúdaigh na n-albam the covers of the albums
" Bhí Simon gealgháireach agus fáilteach ach, le bheith fírinneach, bhí muidne beagáinín díomách mar nach raibh aon chuid den *rock ’n’ roll* ag baint leis – bhí sé róbhéasach! Cinnte labhair sé faoin gceol, shínigh sé mo leabhar síniúchán – “Do The Rat, Simon Crowe”– thaispeáin sé clúdaigh na n-albam dúinn ach níor theastaigh uaidh ach labhairt faoin iascaireacht! D’fhágamar, sásta lenár síniúchán (mo cheann féin suite in aice le cinn Eamonn Coughlan, Pelé agus Chearbhaill Uí Dálaigh) ach beagáinín díomách.
ar chlúdach an albaim on the cover of the album
" AÓF: Caithfidh mé a rá go dtaitníonn an pictiúr atá ar chlúdach an albaim go mór liom.
ag dearadh clúdaigh d'iris nua designing a cover for a new magazine
" Is cuimhin liom an lá a bhí mé féin agus mo chomhghleacaithe ag dearadh clúdaigh d'iris nua a bhí ag díriú ar scéalta ag baint le cineálacha éagsúla fuinnimh in-athnuaite, grianchumhacht, pumpaí teasa agus adhmad ina measc.
ar chlúdach na nuachtán on the coverage of newspapers
" Is cinnte go ndéanann na meáin tagairt dóibh, ach is annamh a bhíonn siad ar chlúdach na nuachtán lá i ndiaidh lae, ach amháin má léiríonn an pobal go bhfuil spéis faoi leith acu i scéal áirithe.
clúdach coverage
"clúdach déanta acu ar chluichí CLG, ar shacar na Spáinne, ar chispheil, rugbaí agus rásaí na Gaillimhe thar na blianta.
clúdach leathair leather cover
" Bhí clúdach leathair ar an déantán agus é fliuch báite.
Leabhar dathannach beoga faoi chlúdach crua a colourful vibrant hardback book
" Leabhar dathannach beoga faoi chlúdach crua is ea *Aniar *a bhfuil dánta ó réanna éagsúla le fáil ann.
ar an chlúdach litreach. on the envelope
" Bhí stampa agus postmharc na Spáinne ar an chlúdach litreach.
nuair a dhear sé clúdach albaim when he designed an album cover
" Bhain Opie aitheantas idirnaisiúnta amach dó féin nuair a dhear sé clúdach albaim don bhanna ceoil Blur.
sciorta uirthi nár chlúdaigh tada a skirt on her which didn't cover anything
" Agus mo bhean imithe isteach go dtí an leithreas i gceann de na hóstáin, tháinig beag chugam, sciorta uirthi nár chlúdaigh tada agus blús ar an easpa clúdaigh chéanna.
agus blús ar an easpa clúdaigh chéanna. and a blouse with the same lack of coverage
" Agus mo bhean imithe isteach go dtí an leithreas i gceann de na hóstáin, tháinig beag chugam, sciorta uirthi nár chlúdaigh tada agus blús ar an easpa clúdaigh chéanna.
chlúdaigh chéirníní record covers
" Tá a ghriangrafadóireacht le feiscint ar chlúdaigh chéirníní Kíla ó am Luna Park i 2003.
chlúdach covering
" Ní faoi chrann na Nollag ná i stoca ná faoi chlúdach deas a fuair mé féin m’fhéirín féin, ach ó mhuintir Ghael Linn cúpla seachtain roimh Nollaig.
clúdach cover
" Bíonn sceitimíní orainn uilig a luaithe a fheicimid an clúdach bán ar na cnoic agus bíonn na radharcanna go hálainn nuair a shiúlaimid amach ar an sliabh.
chlúdach plaisteach a plastic cover
" Cónaíonn siad pé áit is féidir leo – i mbotháin trá nó i dtithe tréigthe, nó sa ‘dufair’ – an ceantar foraoise timpeall ar bhaile Calais – ar phailléid adhmaid faoi chlúdach plaisteach.
clúdach cover
" Thug an dáilitheoir ceoil, Sony comhairle do na hionaid mhóra siopadóireachta ar nós Sainburys, Tesco, Asda agus Morrisons gan clúdach albam úr na Manic Street Preachers, Journal for Plague Lovers, a thaispeáint mar gur cheap siad nach raibh sé ‘oiriúnach’ do shúile an phobail.
gclúdach an leabhair the book cover
" Thosaigh muid á dtaifeadadh ar chaiséid, ach tá an lá sin imithe agus séard a dhéanaimid anois ná dlúthcheirnín a chur isteach i gclúdach an leabhair agus bíonn sé sin níos áisiúla le hiad a dhíol.
chlúdach cover
" Tá leabhar scríofa aige fosta: *‘Titanic and Liverpool’*, le grianghraf den bhád ag seoladh as Cóbh i gcuan Chorcaí ar 11ú Aibreán 1912, ar an chlúdach.
Clúdach foirgnimh a building wrap
" Clúdach foirgnimh atá ann.
gclúdach cover
" Lena chois sin is dream guagach iad na meáin, agus de bharr nach ndíolfadh nuachtán riamh agus an scéal céanna ar an gclúdach gach lá, bíonn siad ar thóir scéalta éagsúla de shíor.
bronnta na gclúdach litreach tendering brown envelopes
" Scaip cultúr caochta na súl agus nós bronnta na gclúdach litreach ar fud an chórais riaracháin.
cearnóigín de chlúdach litreach a little envelope corner
" Is cuimhin liom gur shínigh sé cearnóigín de chlúdach litreach dem’ chuid, atá fós agam, i mbosca éigin, in áiléar mo thuistí.
clúdach corcáin a pot lid
" An spéir mar a bheadh clúdach corcáin a bhí ar tí pléascadh le racht cúir agus sneachta.
clúdaigh adhairte pillow covers
" Ní éadach galánta é, ach ós rud é nach dtréigeann an dath agus é ar tuar faoi sholas na gréine, bhíodh tóir air le héadach tí a dhéanamh, cuirtíní agus clúdaigh adhairte, cuir i gcás, rudaí a bhíonn le níochán go minic.
clúdach crua hardback
" Mar aon leis na dioscaí, tá leabhar 40 leathanach le clúdach crua a dhéanann an t-ábhar a chíoradh: Faightear anseo an saothar is deise agus is cáiliúla dá chuid, idir cheol don cheolfhoireann agus do Cheoltóirí Chualann.
aon chlúdach amháin one cover
" ** Sa leabhar seo tá an chéad dá chnuasach le Nuala Ní Dhomhnaill, An Dealg Droighin (1981) agus Féar Suaithinseach (1988) le fáil faoi aon chlúdach amháin.
Clúdach bog soft cover
" An Duais ==== Cóip de 'An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc’ agus cóip de 'Ar an Taifead – fís, fuaim, focal' Eagrán 2012 An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc: =================== Clúdach bog, 312 lch.
Clúdach Crua hardback
" ISBN 978-1-85791-156-5, Clúdach Crua Aoisghrúpa: Páistí 10 mbliana+ **Cillian agus an Rón:** Buachaill mór bád is ea Cillian.
chlúdach cover
" Ar chlúdach na hirise ‘Nós’ i mí Bealtaine, ‘Ceol na Coiribe’ a bhí mar phríomhscéal.
ar an chlúdach on the cover
" Bhí ar an chlúdach: ‘*Published by Amadorn*’, agus bhí an méid seo sa réamhrá: ‘Tá an gleann atá i lár na siúlóidí, ar a bhfuil cur síos sa leabhar seo, ainmnithe i ndiaidh an dea-dhuine sin, Naomh Pádraig.
chlúdach leanúnach continuous coverage
" Sa dara cuid de 2002, thosaigh go leor daoine ag rá le Tom Deignan, agus le hiriseoirí eile, go raibh an chaint ar fad sna meáin ar uafás an 11 Meán Fómhair ag cur as dóibh, go raibh sé in am éirí as an chlúdach leanúnach a bhí i gceist go dtí sin.
chlúdaigh of (a) cover
" Ní sásamh go mothú an chlúdaigh ná ní barr feabhais go boladh an pháir.