Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúraimí clainne family duties
" De réir dealraimh, bhí na cúraimí clainne a bhí uirthi ag cur isteach, dar léi féin, ar an chaidreamh a bhí aige le fear ag an am.
clann áirid a certain family
" Cuir i gcás go bhfuil páiste amháin as clann áirid i scoil amháin agus páiste eile ón gclann chéanna i scoil eile ag rang eile.
cúlra clainne family background
" Ach bhí mise bródúil as an áit a dtáinig mé as agus an cúlra clainne a bhí agam agus ní raibh aon fhadhb agam riamh ag rá, 'Okay, siúd é mise, glacadh sibh liom nó ná glacadh sibh liom.
nach mbeadh sé in acmhainn clann a thógáil that he couldn't afford to rear a family
" Admhaíonn Colm gur beag airgead atá déanta acu ó thosaigh siad, go bhfuil sé deacair acu maireachtáil ar an cheol agus nach mbeadh sé in acmhainn clann a thógáil, cuir i gcas.
seachtar clainne seven children
" Chuir bás a athar isteach go mór air chomh maith; ní raibh seisean ach seacht mbliana is daichead d'aois nuair a cailleadh é agus d'fhág sé seachtar clainne ina dhiaidh.
ag tógáil clainne raising children
" Tuilleadh teaghlach ag tógáil clainne le Gaeilge.
nach bhfuil cúram clainne orthu who have no children
" Ach is daoine óga go leor acu nach bhfuil cúram clainne orthu, atá in ann a rá, 'Bhuel, is cuma má bhím as baile ar feadh seachtaine nó ar feadh míosa.
clann na n-imirceach nua the children of the new immigrants
" Tuar dóchais amháin, áfach, ná clann na n-imirceach nua atá ag teacht isteach sa tír seo le tamall de bhlianta agus atá ag teacht i gcónaí, go mbeidh siadsan ábalta an fód a sheasamh ar son na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha amach anseo! *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
ag tógáil clainne raising my family
" Cinnte, agus cuireann sé seo as do lucht na Gaeilge, ní dhéarfainn gur trí Ghaeilge a bheinn ag tógáil clainne dá mbeinn thíos i gCluain Mealla, mar bheadh sé mínádúrtha agam clann a thógáil le Gaeilge i mo bhaile dúchais.
Clár Chlainne Mhuiris Claremorris
" Tá rath ar Chonair Iarnróid an Iarthair, ó Chorcaigh go Clár Chlainne Mhuiris, agus tá nasc maith bus freisin idir Clár Chlainne Mhuiris, Sligeach agus cathair Dhún na nGall, ar ceangal maith é leis na traenacha.
ní mór an tsuim a bhí ag éinne den gclann sa cheol traidisiúnta none of the family had much interest in traditional music
" Cuireadh sinn ar fad go dtí múinteoir pianó nuair a bhíomar beag, ach leis an bhfírinne a rá, ní mór an tsuim a bhí ag éinne den gclann sa cheol traidisiúnta.
ag iompar clainne pregnant
" Bhí sise ag múineadh adhmadóireachta ansin ach bhí sí ag iompar clainne agus bhí ionadaí a raibh Gaeilge aige ag teastáil ar feadh cúpla mí.
ag tógáil mo chlainne rearing my children
" Chaith mise go leor ama le mo mháthair mhór agus bhíodh sé de nós aici a rá "Dá labhródh gach duine a bhfuil Gaeilge aige an teanga, ní bheadh sí i dtrioblóid!" Sin an fáth go bhfuil mise ag tógáil mo chlainne le Gaeilge anseo i Milwaukee.
ag tógáil clainne le Gaeilge raising children through Irish
" Chuir mé ceist ar Ó hAoláin an dúshlán mór é bheith ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht na laethanta seo.
Crothnóidh a chlann agus a chairde é his family and friends will miss him
" Crothnóidh a chlann agus a chairde é ach mairfidh sé ina chuid oibre.
dualgaisí clainne family responsibilities
" Tá a fhios agat mar a tharlaíonn rudaí, clann agus dualgaisí clainne do do tharraingt ó lár na cathrach.
faoina chlann mhac. about his family of sons.
" Aisteach go leor, áfach, ní raibh ach tagairt an-bheag d’athair na *lads* – cheapfá go mbeadh ionchur tábhachtach aige sa scéal faoina chlann mhac.
máthair na clainne ceolmhaire the mother of the musical family
" Thosaigh mé ag dul isteach ar an bhFleadh Cheoil agus chabhraigh Máire Uí Raghallaigh, máthair na clainne ceolmhaire as Contae na Mí, liom tabhairt faoin sean-nós.
a bhfuil clann orthu who have children
" Is féidir le mic léinn a bhfuil clann orthu leas a bhaint as an áis seo le linn an chúrsa i mí Iúil más mian leo.
chun mo chlann a chothú, to feed my children,
" “Murach go raibh go leor airgid agam chun mo chlann a chothú, ní bheinn ag obair go deonach.
ag tógáil clainne. raising a family.
" Measann gach duine go mba chóir duit a bheith ag an bpointe sin sa saol, go mba chóir duit a bheith pósta agus ag tógáil clainne.
Saolaíodh clann dóibh, They had a children,
" Saolaíodh clann dóibh, ach lean an bheirt orthu ag atáirgeadh go dtí nach raibh go leor spáis ann do na mic.
ag iompar clainne. pregnant.
" ” Baineann *Hush-a-Bye Baby *le cailín óg neamhphósta as Doire atá ag iompar clainne.
ag iompar clainne pregnant
" Bhí sí ag iompar clainne agus í ag fágáil na tíre agus ní raibh a fhios aici céard a bhí i ndán di ach go dtabharfaí í chun na hEorpa.
níl clann aici. she doesn't have children
" Ní raibh Julia Gillard pósta riamh agus níl clann aici.
le haire a thabhairt dá chlann óg. to care for his young family.
" Tá cur síos áirithe ann ar bhriseadh phósadh Sheosaimh agus ar an tslí ar thréig sé a bhean agus a cheathrar páistí agus nár fhill sé, fiú i ndiaidh bhás a mhná céile, le haire a thabhairt dá chlann óg.
ceathrar clainne four children
" Níl páistí ar bith aici féin ná ag Bríd agus deir sí go bhfuil ceathrar clainne i dteaghlach a fir chéile ach nach bhfuil páistí ar bith acusan ach oiread.
breith clainne childbirth
" Ba gheall le breith clainne é an próiseas ar fad: bhí giniúint i gceist, tréimhse iompair agus faoin Déardaoin, beidh an toradh curtha ina steillebheatha againn ar scáileáin na tíre!Súil an fhir ceamara “Tá jab iontach déanta ag Jim Fahey agus táim cinnte go rachaidh an clár go mór i bhfeidhm ar dhaoine.
clann children
" Is minic i gcás daoine óga a mbíonn orthu a ndeartháireacha is a ndeirfiúracha féin a thógáil nach dteastaíonn uathu clann dá gcuid féin a bheith acu níos déanaí sa saol.
a gclann a thógáil to rear their children
" Ní raibh deis ag Séafra Ó Cearbhaill Gaeilge a fhoghlaím nuair a bhí sé ag fás aníos i Learpholl, ach nuair a phós sé Fiona, bean as an gCaisleán Nua, Contae an Dúin, chinn siad ar a gclann a thógáil le Gaeilge.
dáréag clainne twelve children
" Magoo “Bhí dáréag clainne ar mo thuismitheoirí, ochtar cailíní is ceathrar buachaillí.
chlann children
" Bhí seisear sa chlann agus théadh siad uilig amach ag iarraidh na déirce i lár na cathrach nuair a bhí siad óg.
ceathrar clainne 4 children
" Bhuail mé le fear amháin, Abdul a bhí air, a raibh ceathrar clainne air.
clann children
" Ní raibh clann ar Charlie agus Ella agus thug sin an t-am dóibh leanúint lena dtacaíocht do ghluaiseacht na Poblachta, ag cruinniú airgid don Chumann Cabhrach (eagraíocht fóirithinte na gcimí poblachtacha) mar shampla, agus thug sé an t-áiméar dóibh chomh maith saoire a chaitheamh sa Choireán i gCiarraí a mhinice is ab fhéidir leo.
seisear clainne six children
" ” Ar ndóigh, ní hé Seán Óg an t-aon bhall den seisear clainne a bhíonn go minic i mbéal an phobail.
clainne children
" ” Ar ndóigh, ní hé Seán Óg an t-aon bhall den seisear clainne a bhíonn go minic i mbéal an phobail.
chlann children
" Téim ag campáil le m’fhear chéile is mo chlann sa Fhrainc de ghnáth, rud a ligeann dom gach aon uirlis cumarsáide a fhágáil i mo dhiaidh.
Clann Fiamhain O Dohertys
" Chuaigh an ceantar i bhfeidhm orthu agus nuair a cheannaigh siad teach samhraidh, fuair siad an deis fréamhacha dá gcuid féin a chur síos sa cheantar chomh maith le hateagmháil a dhéanamh leis an chontae ina raibh sinsir Michael, Clann Fiamhain nó Muintir Uí Dhochartaigh, faoi iomrá leis na céadta bliain siar.
clainne children
" org/wiki/Gort_Inse_Guaire) Tá Judith pósta agus triúr clainne uirthi.
chlann children
" Tháinig beirt den chlann ar an tsaol i dTrá Lí, beirt den chlann ar an tsaol i gCorcaigh, duine i nDún Laoghaire, duine i Leifear agus cúpla duine i nGaillimh.
beirt clainne (of) two children
" Tugtar cuntas sa scéal ar eachtra a tharla ar oileán na Corsaice ina maraítear athair beirt clainne.
Tábhacht na Clainne the importance of the children
" Tábhacht na Clainne SMM: Ní bhfuair tú deis éalú ó na gasúir, bail ó Dhia orthu, ó thuaidh go Leitir Cheanainn (mar a bhfuil an tOireachtas) i mbliana? BMC: Is é an rud atá ag cur isteach orm faoin Oireachtas i mbliana, Oíche Shamhna! Gasúir ag gabháil amach! Ní féidir a bheith ag imeacht ó ghasúir Oíche Shamhna.
clann children
" Tá deartháir agam anso, pósta agus tá clann aige.
Clann Bhullaí the foreign host
" Má tá Clann Bhullaí ag gabháil a leanstan leis an chosc atá ar Chaitlicigh theacht isteach go lár na cathrach, cad é dhéanfaidh siad mura gcuirfear deireadh le Coimisiún na Mórshiúlta? (http://www.
tinneas clainne childbirth
" Sin ráite, tá an teicneolaíocht chomh lárnach sin i mo shaol gur bhain mé úsáid as feidmhchlár iPhone is mé á tabhairt ar an saol! ‘*Labor Mate*’ a tugadh ar an bhfeidhmchlár seo a dhéanann taifeadadh ar chrapthaí le linn tinneas clainne.
A chlann liom my dear children
" ” “A chlann liom,” ar seisean, “Is doilbhe go mór an áit é seomra comhdhála Fhine Gael ná íochtar Ifrinn.
clann children
" Níl sí pósta, an chéad phríomhaire ‘díomhaoin’ abhus riamh, cé go bhfuil páirtí aici, agus níl clann aici.
Clann children
" Clann an Easpaig === **Balor: Agus an bhfuil aon pháistí agat, a Ardeaspaig?** Dermo: Páistí Dé atá agam, a Bhaloir, a chroí.
dara duine clainne second born
" Cé gurb é an dara duine clainne agam é Odhrán, tháinig na deora liom nuair a chuala mé a ghlór don chéad uair.
na haon chlann all children
" Téann búire leis na haon chlann is dócha.
ag tógáil clainne rearing children
" 3 Tacaíochtaí do na teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht, mar shampla, Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh, bunú gréasáin shóisialta don aos óg, athdhréachtú ar Scéim Labhairt na Gaeilge srl.
chlann children
" Do chlann féin a dhíol a máthair.
Clanna Míle the Irish forefathers
" Sin é an áit as ar tháinig Clanna Míle, faoi Mhíl Easpáinne, as an Spáinn ar dtús! Comhairle ===== **SMM: Tá oiread sin teangacha á labhairt in Éirinn le blianta beaga anuas.
clann éagsúil various families
" Ainneoin go raibh cúpla clann éagsúil ag gach fear, ní raibh ach dhá leaba tuí ann – ceann amháin don mháthair agus na leanaí agus ceann dá chuid féin don athair.
clann mhór a large offspring
" Phós Luther féin sa bhliain 1525 agus bhí clann mhór air ina dhiaidh sin.
Clann an Uisce children of the water
" Clann an Uisce ======= Mar is eol daoibh, b’iad na hamfaibiaigh na chéad ainmhithe le cnámh droma a tháinig i dtír chun maireachtaint ar thalamh na cruinne.
clann óg young children
" Sa bhliain 1967, cuirim i gcás, nuair a bhí siad pósta agus clann óg acu, chaith siad samhradh i nGort a’ Choirce, in iarthuaisceart Dhún na nGall, ag dul don phéintéireacht agus an fhilíocht i gcuideachta a chéile.
clainne children
" Níl aon fhocal ar leith do dheartháir ná deirfiúr ach tá focail ann don deartháir níos sine is níos óige agus an deirfiúr níos sine is níos óige araon mar go léirítear stádas i measc na clainne leo.
an chlann his children
" (Thréig a athair - a daoradh chun báis as Droichead Mhala a phléascadh i 1922 - thréig sé an chlann nuair a bhí Michael D ina pháiste i Luimneach.
thiteann tinneas clainne ar becomes pregnant
" Go deimhin, rinneadh clár iomlán sa tsraith teilifíse *"30 Rock"* faoi seo le déanaí, nuair a thiteann tinneas clainne ar charachtar an-choimeádach agus í i gCeanada.
chlann cheolmhar musical family
" Cód: CEFCD200 Donncha Ó Briain Ceol ar an bhFeadóg Stáin ======================= Ball de chlann cheolmhar Uí Bhriain ó Bhaile Átha Cliath ab ea Donncha.
Seinneann clann family play
" Seinneann clann Dhonncha ar dhá rian agus ar ‘The Maid of Mont Cisco’, tá tionlacan ar an ngiotár ag Mark Kelly, cara mór Donncha.
duine de chlann one of the family
" ie, a chruthaigh Marcus McInnes, duine de chlann McInnes Photography.
a gclann féin their own children
" Rachaidh na scéalta daonna i bhfeidhm ar chuid acu agus caoinfidh siad deoir anois is arís nuair a altófar roimh bhia nó nuair a bhreathnóidh siad ar a gclann féin ar aon aois le roinnt de na daoine a loiteadh in oibríochtaí na ladrann seo.
chlann children
" Is cuimhin liom Breandán Ó hEithir ag rá gurb é an dualgas atá ar aon Ghaeilgeoir a chinntiú go mbeidh Gaeilge ag an chlann.
cúram clainne child care
" Cá bhfios cén eachtra a bheadh ar bun agam anois, fad is a bhí cúram clainne, cócaireacht, glanadh, cur agus baint ar siúl ag mná na háite.
cúraimí clainne family responsibilities
" Ní hé go bhfuilid gortaithe nó go bhfuil a bpoist ná cúraimí clainne á gcoinneáil sa bhaile.
a chlann my friends
" ‘An bhfeiceann sibh, a chlann,’ a deir sí le lán an tseomra, ‘tá ceoltóir as Éirinn tagtha ar cuairt chugainn.
a gclann their children
" Bhí Pádraic Ó Cadhain agus a bhean agus a gclann agus ansin tháinig Máirtín ar cuairt ag an teach.
a bhean chéile ná a chlann his wife or children
" Sa chás go gceadófar íocaíochtaí amach anseo, cé méid airgid a bheas i gceist agus cad as a dtiocfaidh sé? An mbeidh cead ag bainisteoirí a gcuid íocaíochtaí a phlé agus a shocrú i gcomhar le coistí clubanna agus contaetha agus ardú a éileamh faoi mar a dhéanann fostaithe go minic i gcúrsaí gnó? An mbeidh an íocaíocht ag brath ar leibhéal an bhrú agus stró atá ar an mbainisteoir de thoradh an mhéid ama a chaitheann siad as baile gan a bhean chéile ná a chlann a fheiceáil ó cheann ceann na seachtaine? Luaitear an ghné sin den bhainistíocht go minic ach dáiríre an mbaineann sé le hábhar? Daoine go Leor Buartha ============ Scanraíonn an cheist ar fad go leor daoine sa CLG toisc go bhfeictear dóibh go mbeidh sciar maith den airgead a bhailítear go deonach trí chrannchuir, oícheanta rásaíochta, chlasaicí gailf, laiteonna, shiúlóidí urraithe is araile á chaitheamh ar bhainisteoirí seachas ar ghasúir, ar fhearas agus ar áiseanna.
ag iompar clainne pregnant
" Sólás agus solas í dó cé gur thréig sí é cúpla mí roimis theacht an chogaidh i 1914 nuair a thuig sí go himníoch go raibh sí ag iompar clainne.
sa gclann of the children
" Is mise an duine is óige sa gclann.
ball clainne thar sáile family members abroad
" Tá cásanna sonraithe ag léiriú go mbíonn a fhios ag ball clainne thar sáile scéal nuachta sula mbíonn a fhios ag an duine ag baile fiú.
gach mac máthar agus cuid den chlann iníonacha everyone without exception
" Is í an riail atá i gceist agam, an riail a bhaineann leis an gcomhthreomharán beag a bhíonn marcáilte os comhair an chúil sna cluichí Gaelacha agus a dtugann gach mac máthar agus cuid den chlann iníonacha freisin an ‘chearnóg bheag’ air.
chúigear duine clainne five children
" Bhí Darach 18 bliana d’aois i Mí Márta i mbliana agus is é an duine is óige de chúigear duine clainne.
gclann children
" Ag deireadh an lae, níl de rogha againn ach iarrachtaí a dhéanamh tuismitheoirí a spreagadh le Gaeilge a labhairt lena gclann.
armas chlann the family arms
" Ní raibh mórán acu ann ach bhí roinnt bratacha Uladh ann, chomh maith, iad buí agus crois dhearg orthu - armas chlann de Búrca - agus lámh dearg Uí Néill ina lár.
clann an-óg very young children
" Ar aghaidh le clann an-óg, aos níos sine, tuismitheoirí, daoine a bhí anonn go maith san aois, chun an chéad chúpla chiliméadar timpeall an phoirt a rith.
atá molta ina clann mhac is iníon, ina clann gharmhac is iníon who’s children and offspring are a credit to her
" Bean atá molta ina clann mhac is iníon, ina clann gharmhac is iníon, isteach sa cheathrú ghlúin.
lena gclann to their children
" Is cuma mura bhfuil siad in innimh míniú don domhan mhór cén fáth nár labhair tuismitheoirí teanga a ndúchais lena gclann, nó cén fáth nach labhraíonn muintir na Gaeilge, idir Ghaeltacht is Ghalltacht, a dteanga go neambalbh agus le mórtas, nó cad chuige nach mbeidís bródúil as a gceol féin anuas na blianta go dtí gur thosaigh Ó Riada, na Dubliners, na Clancy Brothers, Horslips, agus buíonta eile, agus mheall iad leis an cheol cheart a athbheochaint ar ball, - is cuma! Is cuma mar go bhfuil an ceol níos forbartha agus níos fairsinge ná mar a bhí riamh.
An Gaillimhigh iad do chlann are your children Galwegians
" An Gaillimhigh iad do chlann faoi am seo nó an Conallaigh iad?** ENíCh: Má chuireann tú an cheist ormsa an Gaillimheach nó an Conallach mé, is Conallach mise! (gáire) Táimid anseo le hocht mbliana agus chuaigh sé thart iontach gasta ar fad.
ag tógáil clainne i dtír iasachta raising a family in a foreign country
" Bheadh tuiscint ag na hÉireannaigh i Sasana ar théamaí an dráma seo: ag tógáil clainne i dtír iasachta; ag éisteacht leo ag fás aníos le blas *Scouse/Brummie/Cockney* ar a gcuid cainte; ag filleadh abhaile leo chun samhradh ídileach a chaitheamh i measc do mhuintire féin; agus an t-imni a bhionn ort faoi drochthionchar na cathrach móire orthu.
shíolraíonn clann ríoga na Sasana the English royal family descend
" Ní luaitear go minic gur de shliocht na Gearmáine a shíolraíonn clann ríoga na Sasana, dálta clanna ríoga eile ar mhór-roinn na hEorpa.
dálta clanna ríoga eile like other royal families
" Ní luaitear go minic gur de shliocht na Gearmáine a shíolraíonn clann ríoga na Sasana, dálta clanna ríoga eile ar mhór-roinn na hEorpa.
ag iompar clainne pregnant
" Bhí Lindy ag iompar clainne arís faoin am seo agus b’éigean dí a dara hiníon a thabhairt do Michael nuair a saolaíodh í sa phríosún.
bhí an chlann ag freastal ar the children attended
" Bhí Máire agus Máirtín ag freastal ar Oideas Gael agus bhí an chlann ag freastal ar Choláiste Aoidh mhic Bhricne i dTeileann agus chuaigh siad ar aghaidh go Gleann Fhinne an bhliain sin, in ionad dul chuig an Horse Show i mBÁC, má tá cuimhne agat, mar bhí raic faoi sin.
dá gclann for their children
" Dar leo siúd atá ar son an athraithe, tarlaíonn sé go minic go dteipeann ar thuismitheoirí, ar chúiseanna áirithe, an cúram ceart a thabhairt dá gclann.
ag iarraidh a gclann a thógáil trying to raise their children
" Mar chuid den chlár sin scaiptear pacáiste tacaíochta teanga ar thuismitheoirí atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge.
tá trua agam do chlann an fhir a maraíodh I feel sorry for the children of the man who was killed
" Tá fuath agam ar an fhoréigean agus tá trua agam do chlann an fhir a maraíodh.
Cúlaíonn clann, comharsain agus an ceol féin children, neighbours and music itself
" Cúlaíonn clann, comharsain agus an ceol féin an doras amach de réir a chéile.
a gclann ag filleadh ar ais and their children returning
" Agus tá imirce ciorclach ann fosta; is é sin na himircigh agus a gclann ag filleadh ar ais go Éirinn: “Thug mé faoi deara cé chomh tábhachtach a bhí imirce ciorclach nuair a bhí mé ag Ollscoil Manchain,” a dúirt sé linn.
bean agus clann a wife and children
" Cén fáth go gcuireann aon iris, idirlíon nó eile, scríbhneoir (le bean agus clann) faoi bhrú mar sin? Caithfear córas mar atá luaite agam thuas a thabhairt isteach.
A chlann liom my dear children
" ” Thiontaigh Íosa thart agus dúirt lena dheisceabail: “A chlann liom, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i Ríocht Dé.
tógáil clainne raising children
" Ceisteanna a bhaineann le tógáil clainne, le cúram seandaoine agus le daoine bochta.
ag tógáil clainne raising a family
" Caithfidh mé a rá go raibh drogall orm dul ag plé le polaitíocht arís, go háirid ó thaobh a bheith ag tógáil clainne agus mar sin de.
atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge who are trying to raise their children with Irish
" Déanfar leithcheal ar mhórán bealaí ar dhaoine atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge má leanfar leis an chéad dréacht de na rialacha nua seo.
a bheirt chlainne his two children
" Tháinig a bhean chéile agus a bheirt chlainne chun na coilíneachta sa bhliain 1847 agus thóg siad teach mór fairsing.
imeacht ón am i láthair siar go dtí clanna éagsúla Uí Néill to leave the present and go back to the various branches of the O N. family
" - agus, ag an am chéanna, imeacht ón am i láthair siar go dtí clanna éagsúla Uí Néill san aimsir anallód ag meabhrú ar an tsaol a bhí acu, ar an chineál Ghaeilge a labhair siad, an chiall a bhain siad as an tsaol chrua a bhí acu.
clann agus cairde children and friends
" Sa bhaile, tá clann agus cairde agam agus faigheann an lúcháir a fhaighim uathu sin an lámh in uachtar ar chogadh bréagach Stormont.
féna clann chaillte about her dead children
" Agus í ag féachaint ar dhealbh na Maighdine Mhuire, ritheann an smaoineamh seo léi féna clann chaillte: ‘A bheith ró-shalach le slánú, ró-ghlan le damnú…Ar an stoc ronna nach raibh Dia ná an diabhal ag éiliú seilbhe air a bhíodar ‘in áit dorcha gan aon phian’.