Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
den chéad scoth first-class
" Fonnadóir den chéad scoth ======= Is cuimhneach liom an chéad oíche a chuaigh mé féin isteach go dtí an Góilín, i bhfad siar.
den chéad scoth first class
" Tógtar caoirigh den chéad scoth ar an talamh íochtarach, caoirigh beaga sléibhe ar na cnoic.
uasaicme upper classes
" Is ann don fhoréigean aontachtach le sprioc polaitiúil dá gcuid féin a bhaint amach agus an íde-eolaíocht a d'fhoghlaim siad ón uasaicme anuas a chaomhnú - nach féidir muinín a bheith agat i gCaitlicigh.
ranganna eitilte flying classes
" Cén fáth go dtabharfaí agus na coirpigh faoi ghlas? Níor cuireadh suim rómhór ach oiread sna fiche éigin Arabach a bhí ag freastal ar ranganna eitilte le déanaí cé go raibh amhras ag cuid dá múinteoirí orthu.
aicme class
" Cad a tharla do *people power*, an chumhacht ollmhór sin a bhris riail iarainn an Cumannachais agus a thug bata agus bóthar do Ceausescu, do Hoenniger, don iliomad deachtóir, beag agus mór, in oirthear na hEorpa? Cá bhfuil sé i dtuaisceart na hÉireann? Tá an oiread sin eagla ar dhaoine roimh an dream eile - agus sin gach aicme den tsochaí - nach bhfuil siad sásta bata agus bóthar a thabhairt don tseicteachas.
na hardaicmí upper classes
" Is dóichí gur daoine ó na hardaicmí a bheidh gafa leis an obair seo seachas daoine ón aicme oibre.
an mheánaicme Phrotastúnach the Protestant middle class
" Tá siad tréigthe ag an mheánaicme Phrotastúnach, a chónaíonn in áiteanna deasa duilleogacha mar thuaisceart Chontae an Dúin.
a luachanna aicme oibre its working-class values
" Cad é an pictiúr a chruthaíonn sin den "dream eile"? An bhfuil mé ag caomhnú an tseicteachais? Ar cheart dom ligint dóibh Gaeilge a labhairt ar Bhóthar na Seanchille?) Sochaí fhearúil ======= Sochaí fhearúil a bhí riamh i sochaí Thuaisceart na hÉireann, bródúil as neart a luachanna aicme oibre.
na huasaicme the upper class
" Mar a deir an sean-nath Meiriceánach, "is é an frith-Chaitliceachas frith-Ghiúdachas na huasaicme," agus is é "an chlaontacht dheireanach mheasúil" i Meiriceá ilchultúrtha.
Tá an-tóir ar ranganna classes are very popular
" Tá an-tóir ar ranganna ar an bhfidil, mar shampla, le tamall anuas.
fheidhmeannach meánaicmeach bainc middle-class bank official
" Cúlra ======= Ach cén saghas saoil a bhí ag Berlusconi sular bhain sé a stádas reatha amach mar *Il Cavaliere* (an Ridire)? Rugadh é i Milano i mí Mheán Fómhair 1936 agus ba fheidhmeannach meánaicmeach bainc é a athair.
aicme shóisialta social class
" Measaim go mb'fhéidir go bhfuil sise ag labhairt faoi ollscoil a dhíríonn ar mhuintir na cathrach, is cuma cén aicme shóisialta as a dtagann siad.
aicme class
" Agus tá aicme bheag nua ann fosta, is í sin na céadta duine (nó b'fhéidir deich míle ar fud na Sé Chontae) atá fostaithe mar oibrithe pobail mar gheall ar phróiseas na síochána.
cúrsaí teastais certificate classes
" Tá nasc déanta ag Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad le Ráth Cairn agus cuireann siad cúrsaí teastais oíche ar siúl i rith an gheimhridh do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu atá ina gcónaí i bhfoisceacht fiche míle den cheantar.
aicme class
" Mothaíonn go leor de bhunadh na tuaithe gur seo aicme ar leith cathrach atá ag iarraidh saol traidisiúnta na tuaithe a chur i mbaol agus gur ionsaí é ar a saol agus ar a nósanna maireachtála.
ceantair mheánaicmeacha middle-class areas
" Creidim féin go bhfuil baint mhór ag Páirc an Chrócaigh leis an athrú meoin seo i leith an Chumainn Lúthchleas Gael sna ceantair mheánaicmeacha, mheasúla agus sna ceantair aicme oibre araon.
na haicme oibre the working class
" Tá na céadta buama píopa caite ar thithe na haicme oibre, nó an aicme *dole *ba bheaichte a rá, b'fhéidir, lá i ndiaidh lae.
a raibh sa rang everyone in the class
" * Gluais • Glossary girseachgirl clisteclever giodalachperky, self-conceited ardnósachpompous a mhaíomhasserting go sotalacharrogantly úimléideachuseful ag coimhéadwatching máistreás(female) teacher ag inse d'achan duinetelling everyone ciallmeaning dúilliking Taispeánfaidh sin daofaThat'll show them chuartaigh síshe searched nach bhfuil fiacha orm a insethat I don't have to say a raibh sa rangeveryone in the class sámsáilprattling
lucht oibre Caitliceach Catholic working class
" " Ba dhuine de cheithre pháiste déag é athair McEvoy agus d'oibir sé mar dhoirseoir agus mar phluiméir i ngach cúinne de Greenwich Village, ar chomharsanacht den lucht oibre Caitliceach ba mhó a bhí ann ag an am.
den chéad scoth first-class
" Tá an t-ádh orainn i Santa Cruz go bhfuil mórán ceoltóirí den chéad scoth ag teacht anseo.
aicme class
" Theastaigh uaidh déileáil mar ba chuí le gach aon aicme sa tír agus roinnt daoine aonair chomh maith.
an rang ba dheacra the most difficult class
" Ní raibh mórán cleachtadh cainte agamsa ag an am sin, ach bhí mé ag iarraidh an rang ba dheacra a bhí ar fáil a dhéanamh.
meánaicmeach middle-class
" Ba rud neamhchoitianta é sin mar go bhfuil cónaí ar Ruth i dtuaisceart an Dúin, i sráidbhaile meánaicmeach Protastúnach, agus tháinig sí go dtí an cumann sin i sráid bheag bhídeach i gceantar atá go hiomlán Caitliceach.
rang amháin a thairiscint to offer one class
" Ach chinn siad ar rang amháin a thairiscint, mar sin féin.
an rang ba dheacra the most difficult class
" Ní raibh mórán cleachtadh cainte agamsa ag an am sin, ach bhí mé ag iarraidh an rang ba dheacra a bhí ar fáil a dhéanamh.
cúlra uas-mheánaicmeach nó ardaicmeach upper-middle-class or upper-class backgrounds
" Is éard atá sna pobail do lucht scoir i Meiriceá ná "sráidbhailte" do dhaoine atá dulta anonn in aois, daoine as cúlra uas-mheánaicmeach nó ardaicmeach, de ghnáth.
meánaicmeach middle-class
" Léirigh staidéar a choimisinigh an clár "Prime Time", agus a craoladh ar RTÉ le gairid, go bhfuil úsáid cócaoin i measc aos óg meánaicmeach na tíre níos forleithne ná riamh.
meánaicmeach middle-class
" John O'Connor, ó Bhord na nIonad Cóireála do Lucht Mí?Usáide Drugaí, go dtí le gairid chinntigh an praghas ard a bhí ar chócaon gur dream meánaicmeach, leithéidí dochtúirí, dlíodóirí agus daoine sna meáin chumarsáide, ab ea formhór na ndaoine a d'úsáid cócaon.
meánaicmeach middle-class
" Tá páirteanna de Staten Island, Brooklyn, Queens agus na Bronx, ar a dtugtar toghlaigh amuigh Nua-Eabhrac, lán ceantar an-traidisiúnta lucht oibre agus meánaicmeach.
chaointe na meánaicme the laments of the middle-class
" Ar chuma éigin, áfach, níor tugadh an spás céanna dó sna nuachtáin is a tugadh do chaointe na meánaicme faoi phleananna Noel Dempsey bocht.
ranganna neamhfhoirmiúla informal classes
" Sa bhliain 2000, thosaigh scata ag teacht le chéile i mo theachsa gach oíche Déardaoin i gcomhair ranganna neamhfhoirmiúla agus comhrá.
mheánaicmeach middle-class
" Is bean mheánaicmeach seacht mbliana is fiche d'aois í Katie, a phós ar na mallaibh, agus tá cónaí uirthi i mbruachbhaile de chuid Washington DC.
de chuid na haicme oibre of the working class
" Fir óga de chuid na haicme oibre agus an t-ólachán is cúis le cuid fadhbanna na hAlban, fir óga a chreideann, agus iad faoi thionchar an óil, go gcaithfidh siad daoine a shá.
áiseanna den chéad scoth first-class facilities
" Ionad a bheith tógtha ar an gCeathrú Rua ina mbeidh áiseanna den chéad scoth le freastal ar na mic léinn - m.
sa chéad ghrád in first class
" Tar éis siúl suas an staighre álainn grástúil sa chéad ghrád agus ansin síos go dtí na buncanna cúnga sa tríú grád, agus fuaimeanna an ama agus na háite i mo chluasa, ba é an dúshlán ná feiceáil cé chomh fada is a d'fhéadfainn mo lámh a fhágáil brúite ar bhloc mór millteach leac oighir - a bhí ag an teocht nó an fuacht ag a raibh an t-uisce agus na cnoic oighir an oíche dhuairc sin a ndeachaigh an long mhaorga go tóin poill.
foireann den scoth a first-class team
" "Táimid an-sásta le cúrsaí agus, mar a luaigh mé cheana, tá foireann den scoth againn.
scoil mheánaicmeach a middle-class school
" Agus mé i mo dhéagóir cantalach ag freastal ar scoil mheánaicmeach i mBaile Átha Cliath 4, chuaigh cumha an fhile ón iarthar "ar imirce" sa bpríomhchathair i bhfeidhm go mór orm: Thóg an fear seo teach Is an fear úd Claí nó fál A mhair ina dhiaidh Is a choinnigh a chuimhne buan.
an mheánaicme aontachtach the unionist middle-class
" "Tá an mheánaicme aontachtach, thar dhream ar bith eile, freagrach as ar thit amach le 30/40 bliain anuas mar nach ndearna siad a gcion féin don pholaitíocht," ar sé liom.
cúlra meánaicmeach middle-class background
" B'as cúlra meánaicmeach é; bhí siopa earraí tirime ag a athair, áit ar oibrigh Hopper nuair a bhí sé óg.
mheánaicme middle class
" "Bhí eagla ar chuid mhór daoine den mheánaicme a dhath a dhéanamh ar eagla go gcuirfeadh sé isteach ar shaol s'acu, ach thug duine éigin m'ainm agus ainm Antóine dó," arsa Bríd.
Aicme class
" "Bhí eagla ar chuid mhór daoine den mheánAicme a dhath a dhéanamh ar eagla go gcuirfeadh sé isteach ar shaol s'acu, ach thug duine éigin m'ainm agus ainm Antóine dó," arsa Bríd.
chúlra meánaicmeach middle-class background
" Teachta Dála agus iar-aire é Eoin Ryan, fear ó chúlra meánaicmeach i ndeisceart na cathrach a raibh a athair agus a sheanathair roimhe beirt lárnach i bhFianna Fáil.
ceoltóirí den chéad scoth first-class musicians
" Bhíodh oícheanta seanchais sa Damer, mar shampla, agus thugtaí amhránaithe ó na Gaeltachtaí agus ceoltóirí den chéad scoth ansin.
meánaicme middle class
" Ach má bhain tú le meánaicme Bhaile Átha Cliath bhí tú ag brath ar dhaoine eile.
saineolas den chéad scoth first-class expertise
" Tá gá le saineolas den chéad scoth agus traenálaithe agus oiliúnóirí den scoth freisin.
aicme class
" Ar an taobh eile, téann formhór na votaí chuig na páirtithe atá bunaithe ar an phobal seachas ar aicme.
aicmí classes
" "Is é an rud is tábhachtaí maidir leis an nGaeilge," a deir Ray Yeates, "ná go ngearrann sí trí aicmí.
pháirtí na haicme oibre the party of the working class
" Is fada na gnólachtaí móra ag tacú leis an Pháirtí Poblachtánach - chonacthas an Páirtí Daonlathach mar pháirtí na haicme oibre, na ngnáthdhaoine.
aicme oibre working class
" "Níl ceann ar bith de na páirtithe sa Tionól ag obair ar son na haicme oibre, an dream is mó atá faoi bhrú," ar sé.
ar son na haicme oibre on behalf of the working class
" "Níl ceann ar bith de na páirtithe sa Tionól ag obair ar son na haicme oibre, an dream is mó atá faoi bhrú," ar sé.
ranganna na naíonán mór senior enfant classes
" Céard in ainm Chroim atá ag tarlú ann nuair atá 25 faoin gcéad de pháistí óga an chontae ramhar nó fíor-ramhar? Agus má tá cúrsaí chomh dona sin in áit mar Liatroim, cé mar atá an scéal i mbruachbhailte na gcathracha móra? Rinneadh an suirbhé i measc 361 páiste a d'fhreastail ar ranganna na naíonán mór i mbunscoileanna Liatroma an bhliain sin.
ranganna neamhfhoirmiúla informal classes
" Bhí a lán ranganna neamhfhoirmiúla ann, agus múinteoirí a bhí ag obair go deonach ina mbun.
aicmí classes
" Is rud fíordhearfach é go bhfuil tuilleadh rochtana ag daoine ó aicmí éagsúla ar oideachas.
aicme oibre na n-inimirceach the immigrant working class
" Ba í aicme oibre na n-inimirceach a thóg an córas cumhachtach scolaíochta Caitliceach sna Stáit Aontaithe.
an mheánaicme the middle class
" Anois, áfach, tá deacrachtaí fiú ag an mheánaicme i Nua-Eabhrac íoc as táillí na scoileanna Caitliceacha.
ó chuile aicme from every class
" Bhínn ag bualadh le daoine ó chuile aicme agus chomh luath agus a chloisidís gur oibrigh mé le Gael Linn, bhíodh an-mheas acu orm.
aicme class
" Heigeamaine ======= Tá coincheap tábhachtach a bhaineann le cultúr ar a dtugtar heigeamaine, nó mórcheannas, ina nglacann cine, rialtas nó aicme seilbh ar luachanna sochaí iomláine.
lucht oibre working class
" Is ceantar lucht oibre é Dingle, atá suite i ndeisceart na cathrach in aice le habhainn an Mersey.
den chéad scoth first class
" “Tá mé go mór in amhras mar gheall ar pháistí a thógáil le Gaeilge, mura gcinntíonn tú go mbeidh Béarla den chéad scoth acu freisin.
saoránaithe den dara grád second-class citizens
" Níor cheart do mhuintir Dhún na nGall bheith sásta fanacht ina saoránaithe den dara grád níos mó.
i dtuilleamaí mo rangsa dependent on my class
" Bhíos go mór i dtuilleamaí mo rangsa fad is a bhí an treoraí ag cur de, mar bhí an Ghàidhlig an-ramhar go deo aige.
seirbhís den scoth a first-class service
" Táimid ag súil go mór leis an dúshlán, áfach, agus táimid dóchasach gur féidir linn seirbhís den scoth a chur ar fáil.
ranganna idirbhliana transition-year classes
" Tá na ceardlanna ar an nGaeilge agus ar ghnéithe éagsúla den chultúr Gaelach fós á dtairiscint againn chomh maith agus go leor scoileanna, agus ranganna idirbhliana go háirithe, ag léiriú suime iontu.
gluaiseacht láidir aicme oibre a strong work-class movement
" D’fheadfaí gluaiseacht láidir aicme oibre a chruthú dá dtiocfadh an dá dhream le chéile, in éagmais na n-arm.
seirbhís den scoth a first-class service
" Táimid ag súil go mór leis an dúshlán, áfach, agus táimid dóchasach gur féidir linn seirbhís den scoth a chur ar fáil.
ranganna idirbhliana transition-year classes
" Tá na ceardlanna ar an nGaeilge agus ar ghnéithe éagsúla den chultúr Gaelach fós á dtairiscint againn chomh maith agus go leor scoileanna, agus ranganna idirbhliana go háirithe, ag léiriú suime iontu.
i gceantracha de chuid na haicme oibre aontachtach agus dílseach in unionist and loyalist working-class areas
" Dúirt an tOirmhinneach Alan Harper, Easpag de chuid Eaglais na hÉireann, mar shampla, go mothaíonn daoine i gceantracha de chuid na haicme oibre aontachtach agus dílseach go bhfuil siad go mór faoi mhíbhuntáiste, coimhthithe agus scoite ón phróiseas polaitiúil.
i gcomhpháirtíocht leis an aicme oibre Caitliceach in partnership with the Catholic working class
" Caithfidh siad díriú ar a leas féin i gcomhpháirtíocht leis an aicme oibre Caitliceach.
lucht oibre working class
" "Bhí Jim Larkin ina dhuine lárnach i stair Bhaile Átha Cliath agus i stair Learphoill, agus bhí an frithdhúnadh i 1913 ar cheann de na samplaí ba mhó riamh de streachailt an lucht oibre,” ar seisean.
Seirbhísí comhairleoireachta Gaeilge den chéad scoth a sholáthar to provide first-class Irish language consultancy services
" Tá an cur chuige atá i gceist ag Oisín leagtha amach inár ráiteas misin: “Seirbhísí comhairleoireachta Gaeilge den chéad scoth a sholáthar a chuirfidh le sochaí in Éirinn atá iltheangach i ndáiríre”.
meánaicmeach middle-class
" Nuair a fhéachann tú siar ar an stair, tá sé spéisiúil a fhoghlaim nach eaglaisí nó pátrúin shaibhre ba chúis leis na gaiscí ealaíne a rinneadh sa chathair seo le linn an 17ú haois – rud a bhí amhlaidh i dtíortha eile – ach an pobal mór meánaicmeach a raibh airgead le spáráil acu agus a bhí ag iarraidh pictiúir a cheannach le crochadh ina dtithe féin.
Seirbhísí comhairleoireachta Gaeilge den chéad scoth a sholáthar to provide first-class Irish language consultancy services
" Tá an cur chuige atá i gceist ag Oisín leagtha amach inár ráiteas misin: “Seirbhísí comhairleoireachta Gaeilge den chéad scoth a sholáthar a chuirfidh le sochaí in Éirinn atá iltheangach i ndáiríre”.
meánaicmeach middle-class
" I gcás mo scoilse, scoil dara leibhéal, meánaicmeach, níl a fhios agam an bhfuil an scéal ag dul in olcas nó nach bhfuil.
intleacht den chéad scoth first-class intellect
" Tá siadsan ag iarraidh rud éicint *deep and meaningful *a mholadh, a thabharfas léargas orthu féin mar dhaoine sofaisticiúla, a bhfuil intleacht den chéad scoth acu, seachas rud éicint siamsúil agus b’fhéidir seafóideach agus éadrom mar chlár.
céad onóracha first class honours
" Fuair sé céad onóracha agus rinne sé ard-dioplóma i gCoireolaíocht chomh maith.
rogha na meánaicme liobrálaí the choice of the liberal middle-class
" Dearcadh an Times ======= Agus ansin bhí an *Irish Times *againn, rogha na meánaicme liobrálaí, is cosúil.
saol an lucht oibre a fheabhsú to improve the life of the working class
" Bhí ceangal láidir idir é agus an pholaitíocht réabhlóideach agus b’aidhm thábhachtach dá chuid saol an lucht oibre a fheabhsú.
a fhreastalaíonn ar ranganna Gaeilge who attend Irish classes
" Tá mic léinn eile ann a fhreastalaíonn ar ranganna Gaeilge mar go bhfuil spéis acu sa cheol traidisiúnta, go háirithe san amhránaíocht.
leis an aicme oibre with the working class
" Ní bheadh sin chomh fíor céanna san Eoraip ach go traidisiúnta baineann an sacar níos mó leis an aicme oibre ná le haicme na ngairmeacha den chuid is mór.
aicme na ngairmeacha the professional class
" Ní bheadh sin chomh fíor céanna san Eoraip ach go traidisiúnta baineann an sacar níos mó leis an aicme oibre ná le haicme na ngairmeacha den chuid is mór.
dealbha cloiche den chéad scoth first-class stone statues
" San áit seo, thart fán 8ú nó 9ú haois, bhí mainistir suite, ina ndearnadh dealbha cloiche den chéad scoth.
líon suntasach ranganna a noticeable number of classes
" Bhí daoine áirithe ann a raibh líon suntasach ranganna caillte acu toisc “fadhbanna” éagsúla bheith acu.
ar a ghualainn uasaicmeach féinig on his own upper-class shoulders
" Mí-léamh a bhí ansin atá aitheanta anois ag Martin Mansergh, gúrú Haughey, a ghlacann cuid den fhreagracht sin ar a ghualainn uasaicmeach féinig.
oideachas den chéad scoth first-class education
" Is é sprioc fhadtéarmach na Comhairle athbheochan na Gaeilge a spreagadh agus an ghaelscolaíocht a bheith mar dhúshraith na hathbheochana sin, agus í tógtha ar oideachas den chéad scoth.
san earnáil liobrálach mheánaicmeach in the liberal middle-class sector
" Níl mórán athrú tagtha ar thacaíocht an Lucht Oibre sna pobalbhreitheanna agus iad faoi ionsaí ag Fine Gael san earnáil liobrálach mheánaicmeach agus ag Sinn Féin ón eite chlé.
ó aicmí eile from other classes
" Is dócha nach raibh siad i dtaithí ar an chor nua seo sa tsaol, go raibh daoine ag teacht isteach chucu ó aicmí eile den phobal agus cuid acu fuair siad sin deacair go leor a láimhseáil.
an lucht oibre the working class
" Bhain siad leis an lucht oibre agus ní raibh aon difear eadrainn, le fírinne.
seirbhís phroifisiúnta den chéad scoth a first-class professional service
" Cuireann go leor de na tithe altranais seirbhís phroifisiúnta den chéad scoth ar fáil ach tá céatadán ard go leor nach ndéanann amhlaidh.
compordach sa mheánaicme, comfortable in the middle class,
" “An tríú glúin, bhí an t-airgead acu, bhíodar compordach sa mheánaicme, bhí oideachas acu agus ba iad seo a chuir suim ina bhfréamhacha agus ina gcultúr.
rang foirmeálta formal class
" Ní raibh rang foirmeálta riamh agam agus b’fhéidir gur maith an rud é sin fosta mar d’fhoghlaim mé féin ainmneacha na nótaí agus chaithinn b’fhéidir uair go leith ag trascríobh nótaí ó thaifeadadh éigin de thiúin éigin ionas go bhféadfainn í a fhoghlaim.
daoine éirimiúla de chuid na meánaicme intelligent middle-class people
" Ní tuairim imeallach í nach bhfaightear ach i measc lucht leanúna an Ku Klux Klan, ach tuairim a nochtann daoine éirimiúla de chuid na meánaicme chomh maith.
den chéad scoth first class
" Tá a fhios agam go maith nach mbeidh mo chuid leabhar riamh den chéad scoth – is cuma sa tsioc liom.
nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach when the middle class was thriving in Dutch society
" Mac muilleora ab ea Rembrandt agus saolaíodh é nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach agus, dá bharr sin, bláth ag teacht ar an phéintéireacht réalaíoch, a d’fhéach le gnéithe de shaol an ghnáthdhuine a léiriú chomh maith le portráidí na n-uaisle a chur ar fáil.
ranganna Gaeilge saor in aisce free Irish language classes
"ranganna Gaeilge saor in aisce á gcur ar fáil ar an idirlíon ag Cumann Carad na Gaeilge ó bhí an mhí seo caite ann.
earraí den chéad scoth first-class goods
" Téann daoine ann le béile blasta a fháil sna bialanna, nó le roinnt siopadóireachta a dhéanamh sna siopaí beaga agus earraí den chéad scoth a cheannach iontu.
rang socheolaíochta a sociology class
" Bhí rang socheolaíochta lena raibh mé leathbhainteach mar léachtóir ollscoile ag caitheamh leath lae in Passaic County Jail, in Paterson, New Jersey.
nuair nach ann don aicmíocht. when class distinction doesn't exist.
" Ba é an tuigbheáil a bhí ag Marx de “dheireadh na staire” ná tréimhse nuair nach ann don aicmíocht.
meánaicmeach middle-class
" Seans gur cuid de *malaise* meánaicmeach iarthar na hEorpa é sin, bheith rafar ach imní anama de chineál éigin bheith ort go fóill.
aicmí áirithe different classes
"aicmí áirithe i measc na n-oilithreach fosta.
le haicmí áirithe daoine with certain classes of people
" I gcás sacair agus peile Gaelaí, mar shampla, samhlaítear go minic go mbaineann na cluichí sin le haicmí áirithe daoine atá ar ioncam íseal ach de réir na tuarascála tá ioncam níos airde ag tromlach de lucht imeartha an dá chluiche sin agus tá cáilíocht 3ú leibhéal ag 40% dá líon.