Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clasaiceach classical
" Chomh maith leis sin, nuair a thosaigh mé sa chéad bhliain ní raibh aon cheol clasaiceach agam.
samhloidí ón litríocht chlasaiceach imagery from classical literature
" Tá blaisín samhloidí ón litríocht chlasaiceach ann - is carbhad a bhád beag, mar shampla - agus tá macallaí na salm ann freisin.
hailtireacht chlasaiceach mheánaoiseach classical medieval architecture
" Céard a thug go Poblacht na Seice in aon chor mé? Cinnte tá Prág go hálainn mar chathair, lena hailtireacht chlasaiceach mheánaoiseach, beoir bhlasta agus mná áille, ach canathaobh go dteastódh uait fanacht ann seachas ar do laethanta saoire amháin, mar a dhéanann gach éinne eile? Nó an bhfuil tú as do mheabhair ar fad? B'in iad na ceisteanna infhoilsithe a cuireadh orm nuair a chuir mé in iúl do mo chairde agus mo ghaolta go rabhas ag glacadh le post ag múineadh Gaeilge san ollscoil ansin.
déithe clasaiceacha classical gods
" Tá líon dochreidte dealbh thart ar bhallaí agus ar dhíonta na cathrach - naoimh, déithe clasaiceacha, maighdeana mara, sclábhaithe fiú.
sa stíl nuachlasaiceach in the neo-classical style
" Rinne sí an teach a atógáil sa stíl nuachlasaiceach agus rinne sí na gairdíní a athdhearadh freisin.
an fhliúit chlasaiceach classical flute
" CÓD: Is fear fliúite é Johnny a sheinneann an veidhlín níos minicí ná an fhliúit, sárcheoltóir é atá oilte i mórán saghsanna eile ceoil, ar nós an cheoil chlasaicigh (múineann sé an fhliúit chlasaiceach) agus snagcheoil, ach ar mo chuma féin, tá a chroí i gceol Shliabh Luachra.
ceol clasaiceach den scoth excellent classical music
" Bíonn ceol clasaiceach den scoth le cloisteáil san Fhéile Idirnáisiúnta.
drámaí clasaiceacha agus nua-aoiseacha, classical and modern plays,
" Léiríonn Rough Magic drámaí clasaiceacha agus nua-aoiseacha, chomh maith le drámaí nua Éireannacha.
ag canadh bhailéid chlasaiceacha na hAlban. singing the classical ballads of Scotland.
" Deir an t-amhránaí mór le rá Dick Gaughan go raibh Robertson ar an amhránaí is fearr dá chuala sé riamh ag canadh bhailéid chlasaiceacha na hAlban.
ceoltóirí clasaiceacha classical musicians
" ** ** AÓF: Cén saghas daoine a cheannaíonn boghanna uait? NB: 90% de mo chuid custaiméirí is ceoltóirí clasaiceacha iad cé go bhfuil roinnt ceoltóirí traidisiúnta atá ag seinm go proifisiúnta tar éis boghanna a fháil uaim.
nuachlasaiceach neo-classical
" Thóg Ross teach mór grástúil nuachlasaiceach dó féin, atá ann go fóill.
ag seinm na fliúite claisicí, playing the classical flute
" Ansin, thosaigh mé ag seinm na fliúite claisicí, an phianó chlaisicigh agus na fidle sa deireadh.
bunaithe ar cheol clasaiceach. based on classical music.
" Ag an am, bhí an siollabas bunaithe ar cheol clasaiceach.
nuachlasaiceach neo-classical
" **Íoróin**Bhí íoróin ag baint leis an ócáid a bheith ar siúl ansin mar tógadh an halla mór, galánta, nuachlasaiceach in 1854 mar shiombail de shaibhreas na cathrach le linn d’inimircigh bhochta Éireannacha a bheith ag fáil bháis sna slumaí cúpla céad slat ón ionad tógála.
oiliúint chlasaiceach classical training
" Is as Contae Liatroma í mo mháthair agus rinne sise cinnte de go bhfuair muid oiliúint chlasaiceach sa cheol chomh maith.
ré chlasaiceach classical era
" Rúiseach doscúch é Artur Chilingarov, a bhfuil 80 bliain slánaithe aige, agus an chuma air gur tháinig sé díreach ó ré chlasaiceach na dtaiscéalaithe, féasóg mhairnéalaigh san áireamh.
bheidhlíní oilte clasacacha of proficient classical violins
" Claochlú an tSaoir ina Dhaor ========== I Nua-Eabhrach réamhchogaidh na bliana 1841 tá cónaí ar Solomon Northup – saorfhear de chuid an chine ghoirm, saor adhmaid snasta, bheidhlíní oilte clasacacha.
sa Ré Nuachlasaiceach in the Neo-Classical Era
" Taispeántas suntasach é seo ó láimh an dealbhóra Eilbhéisigh Giacometti, a mheabhraíonn duit an neart atá i gcolainn an duine de réir mar a bhí sé samhlaithe ag mórealaíontóirí le linn na hAthbheochana, sa Ré Bharócach agus sa Ré Nuachlasaiceach - agus ag figiúirí sprionlaithe truamhéalacha Alberto Giacometti - atá le feiceail i ndánlann álainn an Villa Borghese.