Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clasaicigh classics
" Tá mé féin den tuairim nach mba chóir don fhoghlaimeoir bacadh leis an chineál sin leabhartha ach i ndiaidh dó dianstaidéar a dhéanamh ar Ghaeilge na Gaeltachta - na clasaicigh, ar nós shaothar mhuintir Ghrianna, Mháirtín Uí Chadhain, Pheig agus an dream sin uilig - agus thairis sin, caithfidh sé roinnt mhaith díolamaí béaloideasa a léamh.
an tseoid seo de líne this classic line
" Freagraíonn Nixon é leis an tseoid seo de líne: "Ar ndóigh, tá a fhios agat gur tragóid uafásach é, mar go bhfuil an Bhreatain, in ainneoin a ndea-thréithe go léir, tugtha do chúrsaí a láimhseáil go mícheart i gcónaí in Éirinn … Agus níl a fhios agam an bhfuil siad ag láimhseáil cúrsaí go mícheart anois nó nach bhfuil.
an Léann Clasaiceach Classics
" ” Rinne Fisk céim amháin – an Léann Clasaiceach agus an Teangeolaíocht - in Ollscoil Lancaster agus an dara céim, sa Pholaitíocht, i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.
ó thaobh an cheoil chlasaicigh de in terms of classic music
" * Cloisim an dóigh a ndeachaigh an oiliúint a fuair sí ó thaobh an cheoil chlasaicigh de chun sochair di – tá sé le sonrú sa chomhcheol agus i struchtúr an cheoil é féin.
ag plé na nua-aoisithe clasaiceacha discussing modern classics
" Thugamar tamall ag plé na nua-aoisithe clasaiceacha – go háirithe Thomas Mann, Dostoevsky agus Proust.