Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clisteacht cleverness
" Rinneadh ceangal idir an Ghearmáinis chaighdeánach, áfach, agus forás, oideachas agus clisteacht.
i gclisteacht an choincheapa in the cleverness of the concept
" Tarraingíonn an t-ainm seo an uile dhuine agus an uile chreideamh agus an uile bharúil pholaitíochta sa stát seo le chéile in uaisleacht an ainm agus i gclisteacht an choincheapa: Stát Hibridithe Ilchiníoch Thuaisceart Éireann: SHITE! Tá a fhios agam go bhfuil sé rud beag fada mar theideal, ach tá brí agus boladh leis.
clisteacht cleverness
" Tá áilleacht, croí, mothú, nádúr agus clisteacht ina chuid dánta.
an chlisteacht chiútálta fhéinchosantach the cute self-protective cleverness
" Ag tógaint san áireamh an drochmheas a bhí aige orthusan a bhí ag iarraidh bheith deas leis, an fhantasaíocht alcólach inar mhair sé go minic agus a chuaigh in olcas agus é fá bhrú, paranáia leanúnach an bhréagadóra go bhfaighfí amach é, gan trácht ar an chlisteacht chiútálta fhéinchosantach a sheas go maith dó riamh anall, creidim nár thug sé fábhar speisialta ná deis riamh d’éinne a thug oiread agus pingin rua dó.
cineálacha éagsúla clisteachta various types of cleverness
" “Má d’fhoghlaim mé tada agus mé ag obair i bhFianna Fáil d’fhoghlaim mé go bhfuil cineálacha éagsúla clisteachta ann.
clisteacht cleverness
" Bua Ba é cleas nó clisteacht Chomhaontú Aoine an Chéasta é gur lig sé don dá thraidisiún creidbheáil go raibh an bua acu.
den chlisteacht sin of that cleverness
" B’fhear é nár léirigh riamh mórán den chlisteacht sin atá de dhlúth agus d’inneach na bpolaiteoirí is fearr ach níorbh éigean dó.
an chlisteacht réamhaithriseach seo this foretelling intelligence
" com/news/technology-quarterly/21590760-predictive-intelligence-new-breed-personal-assistant-software-tries>) beidh an chlisteacht réamhaithriseach seo cosúil le cúntóir pearsanta dúinn.
a chlisteacht his intelligence
" Mhol sí é as a cheannasaíocht agus a chlisteacht agus a ábaltacht i rith a thréimhse mar Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta.
clisteacht an uisce faoi thalamh the cuteness of the conspiracy
" Ach in earnáil seo na scáileanna is an chur i gcéill, cé tá ag seiftiú, cé nach bhfuil; cad tá fíor, cad tá bréagach? Cá bhfios dúinn na freagraí, agus an cuma le héinne na ceisteanna sa chéad dul síos? In ainneoin ghnás an genre agus clisteacht an uisce faoi thalamh, ní thiomáintear ‘American Hustle’ tríothu siúd a imirt orainn - an rud is annamh is iontach.
chlisteacht wisdom
" Ba léir san am sin féin, an chlisteacht sin a thug foireann chaide i ndiaidh a chéile chun tosaigh i gcomórtais ach lámh Mick O Dwyer a bheith ar stiúir a misnigh.
i gclisteacht becoming wiser
" ‘Chuile líne ag dul i míne’ nó i mbrúidiúlacht? B’fhéidir gur i gclisteacht agus i mbrúidiúlacht atá an duine ag dul dar le Ciarán Mac Aonghusa.