Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clogad helmet
" I Learpholl, cuir i gcás, is é an chéad rud a fheiceann tú nuair a fhágann tú an príomhstáisiún ná dealbh den Ghinearál William Earle ó arm Shasana, clogad air, claíomh ina lámh aige agus a chos ar sciath Afracach.
chlogad helmet
" Tá mo chlogad crua, mo sciath óir, claíomh géar na lainne glaise agus mo phéire sleá fós crochta go teolaí ar na rachtaí agam fá bhun na tuí agus fós cha dtáinig an Ginearál de Chateaubriand fá scread asail de mo dhún," a mhaíonn Balor Iarghnóch.
chlogaid helmets
" Tá an iománaíocht ar na spóirt is costasaí le himirt de bharr an chostais aird atá ar chamán (d'fhéadfadh camán a chosain €15 briseadh leis an gcéad "chleataráil" i gcluiche) agus ar chlogaid.
clogad eitilte flying helmet
" Thug mo chara Áine dhá bhréagán bhoga domh: Biggles, a bhfuil clogad eitilte air, agus Sylvester, a chaitheann pitseámaí dearga agus bána.
clogad crua na ceartaiseachta the hard helmet of priggishness
" Cé a bhí ina sheasamh idir mé agus maidneachan ach Éamonn Ó Doornail, an tEagarthóir Téagartha; clogad crua na ceartaiseachta fána cheann, sciath nuachtán crochta lena thaobh, claíomh géar na fíréantachta ina láimh dheas agus péire peann ina láimh eile, agus nuair a chonaic mé é gléasta mar a bhí agus solas niamhrach na húrmhaidine ag lonrú fríd a chuid gruaige cataí ciardhuibhe, dúirt mé gur mhór an trua nach raibh mo Canon EOS Digital liom nó nach gcreidfeadh duine ar bith ar chlár an domhain an chuma churata, oscartha, laochta a bhí air an mhaidin sin.
clogad, a helmet,
" Ba é Jamie a bhí ag tiomáint, mar sin thug mé liom mo chuid trealaimh chuig a theach: dhá phiocóid oighir, crampáin, clogad, buataisí agus éadaí teirmeacha.
clogaid helmets
" Cé go raibh crampáin agus clogaid orainn agus piocóid oighir inár lámha, bhí sé deacair go leor dul síos.
clogaid agus úmacha sábháilteachta, helmets and safety harnesses,
" Gléasta i gcultacha uisce, clogaid agus úmacha sábháilteachta, chaitheamar an lá ag léim isteach in uisce fíorfhuar ó bhruacha agus ó charraigeacha, ag rópadóireacht anuas na heasa, agus ag streachailt leis an bhfáschoill sa Waitakere.
mar chlogaid agus gheansaithe pardógacha. such as helmets and padded tops.
" Gan trácht ar na céadta dianghortú, maraíodh ocht mac léinn déag agus iad ag imirt peile sa bhliain 1905! Chun a leithéid a sheachaint, cuireadh toirmeasc ar na seifteanna úd, agus tugadh éadaí cosanta isteach, mar chlogaid agus gheansaithe pardógacha.
a chlogaid his helmet
" ” Agus amach leis, a chlogaid agus a chóta faoina ascaill aige.
clogad helmet
" “Tabhair aire duit féin ar an rothar sin”, a d'fhógair sé orm agus an clogad á shíneadh i mo leith aige.
clogad imreora a player's helmet
" Nach é calaois a bheadh i gceist ag Mícheál dá dtarraingeodh imreoir geansaí, nó cos, nó camán, nó clogad imreora eile, nó dá leagfadh imreoir go fealltach imreoir eile a bheadh ag déanamh ar a bháire féin? An ionann sin is a rá gur falcairí agus lúbairí a bhíonn ag imirt na peile agus na hiománaíochta? Tá súil agam nach ea.
clogad helmet
" Theacht dheirge an dá néal an mhaidin chiúin shamhraidh sin, chomh tiubh géar agus a nocht ball bán ar an lá, agus i ndiaidh dó *The Western People* agus *The Mayo News* a léamh ó chlúdach go clúdach, ghléas sé é féin fá choinne an chatha: clogad crua rothaíochta fána chasdlaoithe buí, sciath óir de Bhunreacht Fhine Gael crochta lena thaobh, claíomh géar na lainne glaise ina láimh dheas agus léine gheal ghorm an pháirtí ceangailte thart ar a cholainn chaol chaomh.
chlogad deasghnách ceremonial helmet
" Deirtear go bhfuil sé bunaithe ar chlogad deasghnách Cheilteach.
clogad helmets
" Ní raibh muid ag caitheamh clogad agus dá bharr sin d'fhéadfadh cúrsaí a bheith ní ba mheasa.
clogad helmet
" Ní raibh acu ach clogad, feadóg, buicéad lán le gaineamh agus caidéal láimhe chun dochar na mbuamaí a chur ó mhaith agus tinte a mhúchadh! Phós Jim McCartney agus Mary Mohin i Aibreán 1941.
clogad helmet
" Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin san fhómhar, chomh tiubh géar agus a nocht ball bán ar an lá, ghléas Balor é féin fá choinne an tsiúil: clogad crua fána chloigeann caomh, dlochtán creamha ceangailte go docht thart ar a mhuineál, sciath titanium crochta lena thaobh, claíomh géar na lainne glaise ina láimh dheis agus dhá gha ina dhóid eile.
ar a chlogad on his helmet
" Tá a fhios ag cách faoi seo, mar bhí ceamara cinn ar a chlogad agus d’fhoilsigh sé an scannán ar an idirlíon tar éis na timpiste mar rabhadh do dhaoine eile.
chaitheamh an chlogaid wearing the helmet
" Athrú suntasach a bheas i riail chaitheamh an chlogaid i gcluichí iomána a tháinig i bhfeidhm céad lá na míosa.