Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
céimeanna cloiche stone steps
" Bhí mé ar mo bhealach chuig oifig an phoist le cúig stampa a fháil agus bhí sí ag teacht anuas na céimeanna cloiche ag an nóiméad céanna.
i mbádaí cloiche in stone boats
" Agus creid é nó ná creid, sheol cuid mhaith acu trasna na farraige i mbádaí cloiche.
cealla cloiche stone cells
" Is é Sceilg Mhichíl an t-oileán beannaithe ar a thóg manaigh cealla cloiche níos mó na míle bliain ó shin.
rinneadh stacán cloiche de Dhónall Dónall was left rooted to the spot
" Leis sin rinne an máistir Ó Duibhir búirtheach agus rinneadh stacán cloiche de Dhónall.
conraí cloiche stone coffins
" Tá tagairt déanta do Pháis Íosa a théann chomh fada siar leis an cheathrú haois ina bhfuil íomhánna dá laethanta deireanacha le feiceáil ar *saracophagi *- conraí cloiche ag déanamh cur síos ar a bhrath, a ghabháil agus a thriail.
trasna seandroichid cloiche over an old stone bridge
" Chuaigh an bóthar trasna seandroichid cloiche, ansin suas mala.
neart ballaí ísle liatha cloiche plenty of low grey walls of stone
" Tá sé suite i mbáisín cnoc glas agus tá neart ballaí ísle liatha cloiche le feiceáil, chomh maith le macasamhla de dhá thúr faire.
neart ballaí ísle liatha cloiche plenty of low grey walls of stone
" Tá sé suite i mbáisín cnoc glas agus tá neart ballaí ísle liatha cloiche le feiceáil, chomh maith le macasamhla de dhá thúr faire.
croí cloiche heart of stone
" ” Tá croí cloiche ag cuid againn ó thuaidh agus is doiligh ag cuid againn caoinfhulaingt a bheith againn do dhreamanna eile.
dealbha cloiche den chéad scoth first-class stone statues
" San áit seo, thart fán 8ú nó 9ú haois, bhí mainistir suite, ina ndearnadh dealbha cloiche den chéad scoth.
ar chrosa arda cloiche on stone high crosses
" Bhí dúil ag dealbhóirí ón Ré Luath-Chríostaí sa scéal seo, agus tá roinnt mhaith samplaí de ar chrosa arda cloiche in Éirinn.
foirgneamh cloiche agus dóibe a building of stone and mud
" Thaitin Mainistir Rongbuk le Liam, foirgneamh cloiche agus dóibe, cruth na haoise ar na ballaí ársa.
de thithe seanda cloiche of ancient stone houses
" Aon tsráid amháin de thithe seanda cloiche a bhfuil armas teaghlaigh ar chuid acu.
Saor cloiche, stone mason,
" Saor cloiche, geolaí, scríbhneoir, bailitheoir béaloidis agus eagarthóir nuachtáin a bhí ann.
teach cloiche stone house
"teach cloiche na misinéirí in Kerikeri ar an teach is sine in Aotearoa.
balla mór láidir cloiche a strong stone wall
" Léirigh sé cúpla ceann de na sainchomharthaí a bhaineann leis an aicíd seo, nó bhí sé ag bualadh a chloiginn go láidir in éadan balla – balla mór láidir cloiche, a bhí i bhfad ní ba chrua ná a chloigeann bocht breoite.
Áth na Cloiche Aughnacloy
" Maraíodh an t-imreoir peil Gaelach agus é ar a bhealach chuig cluiche ar an 21ú Feabhra 1988, gar don ionad seiceála in Áth na Cloiche i gContae Thír Eoghain.
múnlú cloiche moulding stone
" Cruthaíonn Michelangelo na figiúir sna picitiúir seo mar a bheadh sé ag múnlú cloiche.
Mullán cloiche a rock hill
" Mullán cloiche a phléasc ón talamh aníos nuair a bhíog an domhan fadó fadó.
faoi fhad urchar cloiche dá theach within a stone’s throw of his own house
" Anois deir Seán liom go bhfuil iarratas pleanála curtha isteach chuig an Chomhairle Chontae d’fheirm gaoithe a bheidh faoi fhad urchar cloiche dá theach.
i Ré Nua na Cloiche in the Neolithic era
" Cé go bhfuil mé ag amharc orthu le 30 bliain, cuireann sé ionadh orm go fóill an dóigh a raibh daoine i Ré Nua na Cloiche, 5000 bliain ó shin, in innimh cloch mhullaigh, moghlaeirí 40 tonna meáchain a chrochadh in airde agus a leagan ina luí ar thrí chloch eile.
Seanré na Cloiche Old Stone Age
" ie>): ‘Níl aon fhianaise shoiléir tagtha chun cinn go fóill a léiríonn go raibh daoine in Éirinn i rith na tréimhse Pailéilití (Seanré na Cloiche) tráth ina raibh cuid mhaith d’Éirinn faoi oighearchlúideacha.
tréimhse Mheánré na Cloiche the Mesolithic period
" ’ Dá réir sin, ní raibh duine ar bith in Éirinn go dtí tréimhse Mheánré na Cloiche, thart fá 7,000 bliain roimh Chríost.