Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cloch chorrach an unsteady rock
" Bhíodh sé ag cur cruógaí beaga air féin, ag freastal ar lao nó ag réiteach ar ghamhain, ag coinneáil súil ar an mbó nó díreach ag biorú an chlaí mar dhea, ag socrú cloch chorrach anseo is dhá chloch ansiúd ar a barr.
clocha cora stepping stones
" Tá an struchtúr 34 troigh ar airde agus chuirfeadh sé tithe spéire nó clocha cora i gcuimhne duit.
cloch bhró millstone
" Do cheanglaíodar cloch bhró timpeall ar mhuineál Chiaráin agus do caitheadh isteach sa bhfarraige é.
chlocha duirlinge cobble-stones
" Boladh míchumhra athghéar san aer; gliogram cos ar chlocha duirlinge an droichid; sioscadh cainte anois is arís; fodhuine ag gol.
céimeanna cloiche stone steps
" Bhí mé ar mo bhealach chuig oifig an phoist le cúig stampa a fháil agus bhí sí ag teacht anuas na céimeanna cloiche ag an nóiméad céanna.
Chloch Mhic Coisteala Greencastle
an chloch is mó atá ar an bpaidrín the biggest concern
" Obair ag teastáil ======= Ó thaobh cúrsaí daonra de, is í an chloch is mó atá ar an bpaidrín anois do cheantar Charna ná deis a thabhairt don daonra daoine óga atá ann fanacht sa gceantar.
an chloch is mó ar a pháidrín its greatest concern
" Más "craoltóir tráchtála" feasta é, cuireadh sé deireadh leis an tseanmóireacht faoi thábhacht an stáisiúin agus admhaíodh sé gurb é leas na hinstitiúide agus ní leas an náisiúin an chloch is mó ar a pháidrín.
clocha maisithe decorated stones
" Ar Oileán Gavrinis, tá carn agus clocha maisithe ann atá cosúil le Brú na Bóinne, agus tá méid mór dolmainí achan áit, na dolmainí fada a dtugtar *allées couvertes *orthu san áireamh.
i mbádaí cloiche in stone boats
" Agus creid é nó ná creid, sheol cuid mhaith acu trasna na farraige i mbádaí cloiche.
cloch aoil limestone
"cloch aoil ar Árainn agus cloch eibhir i gConamara, rud a dhéanann an tírdhreach sa dá áit neamhchosúil.
cloch eibhir granite stone
" Tá cloch aoil ar Árainn agus cloch eibhir i gConamara, rud a dhéanann an tírdhreach sa dá áit neamhchosúil.
cloch i mbéal oibre [she
" I mBealtaine 2000, chuir an tOllamh Laura Robinson cloch i mbéal oibre nuair a d'áitigh sí i bpáipéar comhdhála, "Bosom Friends: Lesbian Desire in L.
obair chloiche stonework
" Le linn na hoibre deisiúcháin atá ar siúl faoi láthair, beidh ar oifigigh Battery Park go leor den obair chloiche atá timpeall an ionaid a athnuachan.
cloch níos troime a stone heavier
" Ní hamháin go bhfuil cíocha ag éirí níos mó ach tá coimeanna ag at chomh maith - tá fir agus mná na hÉireann cloch níos troime ar an mheán anois thar mar a bhí deich mbliana ó shin.
cealla cloiche stone cells
" Is é Sceilg Mhichíl an t-oileán beannaithe ar a thóg manaigh cealla cloiche níos mó na míle bliain ó shin.
na hiontais chloiche ar fad all the stone wonders
" Cuid d'áitreabh i bhfad níos mó é an foirgneamh seo agus is féidir lá nó cúpla lá a chaitheamh ag féachaint ar na hiontais chloiche ar fad.
chloch speile scythe-stone
" Bhain sé an chloch speile as póca a chóta mhóir agus chuir sé rud beag faobhair ar lann na scine.
rinneadh stacán cloiche de Dhónall Dónall was left rooted to the spot
" Leis sin rinne an máistir Ó Duibhir búirtheach agus rinneadh stacán cloiche de Dhónall.
conraí cloiche stone coffins
" Tá tagairt déanta do Pháis Íosa a théann chomh fada siar leis an cheathrú haois ina bhfuil íomhánna dá laethanta deireanacha le feiceáil ar *saracophagi *- conraí cloiche ag déanamh cur síos ar a bhrath, a ghabháil agus a thriail.
an chloch is mó ar a phaidrín his biggest concern, his priority
" Abair, níl mé ag iarraidh a bheith dian ar dhaoine mar tá daoine díograiseacha ann i gcónaí, ach ar éigean go bhfuil scríbhneoir ar bith Gaeilge arb é an cháil atá air gurb í an drámaíocht an chloch is mó ar a phaidrín, rud atá spéisiúil.
de bharr na gcloch Piochtach because of the Pictish stones
" Tá clú ar an iarsmalann sin de bharr na gcloch Piochtach atá inti, agus comharthaí rúndiamhra greanta iontu.
clocha duirlinge pebbles
" Ansin, leacaigh sé na clocha duirlinge trasna an chladaigh mar bhealach go dtí an áit a mbíonn na báid iascaireachta.
trasna seandroichid cloiche over an old stone bridge
" Chuaigh an bóthar trasna seandroichid cloiche, ansin suas mala.
clocha caonaigh mossy stones
" Shiúil mé síos bóithrín suaimhneach duilleogach a raibh sméara dubha aibí agus clocha caonaigh ar an dhá thaobh de.
is í an chloch is lú ar a bpaidrín í its the matter they're least concerned about
" In ainneoin go ndearbhaíonn siad gur cheart go mbeadh Giobráltar faoi chumhacht na Spáinne, i ndáiríre is cuma leo faoin gceist go ginearálta - is í an chloch is lú ar a bpaidrín í.
greanta i gcloch inscribed on stone
" Anuas air sin, tá sé greanta i gcloch anois ag an Bhord Pleanála go bhfuil dualgas ar gach Comhairle Contae coinníollacha a chur i bhfeidhm lena gceantair Ghaeltachta a chosaint.
tá cloch eile ar a phaidrín something else is concerning him
" Agus anois, tá cloch eile ar a phaidrín.
clocha méithe mellow stones
" Radharc aoibhinn a bhí ann: na crainn gléasta i nduilleoga úra, an sceach gheal faoi bhláth, agus clocha méithe phálás an easpaig agus abhainn ghléigeal dhonn ag rith fúthu.
clocha duirlinge rounded shore-pebbles
" Caithfidh an chéad duais sa chomórtas seo dul chuig an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuiv, as an deontas de €9,000 a thug sé le haghaidh an bhóthair díreach trí na leaca agus clocha duirlinge síos go dtí an ché ag an Phort.
neart ballaí ísle liatha cloiche plenty of low grey walls of stone
" Tá sé suite i mbáisín cnoc glas agus tá neart ballaí ísle liatha cloiche le feiceáil, chomh maith le macasamhla de dhá thúr faire.
neart ballaí ísle liatha cloiche plenty of low grey walls of stone
" Tá sé suite i mbáisín cnoc glas agus tá neart ballaí ísle liatha cloiche le feiceáil, chomh maith le macasamhla de dhá thúr faire.
clocha snoite áille lovely engraved stones
" Rinne siad clocha snoite áille – crosa móra agus leaca cuimhneacháin – agus bhí ceardlanna acu ina ndearna siad pár as seithí do lámhscríbhinní, agus ina d’oibrigh siad le hór, airgead, cré-umha agus gloine.
croí cloiche heart of stone
" ” Tá croí cloiche ag cuid againn ó thuaidh agus is doiligh ag cuid againn caoinfhulaingt a bheith againn do dhreamanna eile.
an chloch ba mhó ar a bpaidrín the thing they were most concerned with
" Agus, ó thaobh reitrice ar aon nós, bhí athaontú na tíre mar an chloch ba mhó ar a bpaidrín.
dealbha cloiche den chéad scoth first-class stone statues
" San áit seo, thart fán 8ú nó 9ú haois, bhí mainistir suite, ina ndearnadh dealbha cloiche den chéad scoth.
ar chrosa arda cloiche on stone high crosses
" Bhí dúil ag dealbhóirí ón Ré Luath-Chríostaí sa scéal seo, agus tá roinnt mhaith samplaí de ar chrosa arda cloiche in Éirinn.
roinnt cloch snoite some carved stones
" Fuarthas roinnt cloch snoite anseo ón Ré Luath-Chríostaí, atá in iarsmalann Historic Scotland anois.
foirgneamh cloiche agus dóibe a building of stone and mud
" Thaitin Mainistir Rongbuk le Liam, foirgneamh cloiche agus dóibe, cruth na haoise ar na ballaí ársa.
clocha á spraeáil mar a bheadh meaisínghunna stones being sprayed like a machine-gun
" ‘Rad sé tharam ar a bhealach amach, clocha á spraeáil mar a bheadh meaisínghunna.
greanta i gcloch engraved in stone
" Agus 5,000 bliain greanta i gcloch sa cheantar, idir thuamaí cúirte agus thuamaí ursanacha, is áit an-suimiúil í do na daoine ar mo chúrsa siúl sléibhe agus bíonn siad i gcónaí sásta sos a ghlacadh ón siúl le hamharc ar na hiarsmaí Neoiliteacha.
ciorcail chloiche stone circles
" Tá mé tar éis *McCarthy's Bar*, an leabhar móréilimh le Pete McCarthy, nach maireann, a léamh agus tá píosa mór ann faoi na deacrachtaí a bhí aige ciorcail chloiche a aimsiú i gCorcaigh.
de thithe seanda cloiche of ancient stone houses
" Aon tsráid amháin de thithe seanda cloiche a bhfuil armas teaghlaigh ar chuid acu.
cloch shnoite Phiochtach a carved Pictish stone
"cloch shnoite Phiochtach taobh istigh, ach tá sí síondaite agus deacair a dhéanamh amach dá bharr.
san fhorbairt atá beartaithe sna Clocha Liath, in the development planned for Greystones,
" Mar atá le feiceáil san fhorbairt atá beartaithe sna Clocha Liath, mo bhaile dúchais féin, tá áiteanna áille, seanáiteanna, á scrios ar mhaithe leis an airgead.
cloch shnoite chlúiteach de chuid na bPiochtaí a famous carved stone of the Picts
" Gar don stáisiún, tá cloch shnoite chlúiteach de chuid na bPiochtaí ar a dtugtar Cloch an Iolair le feiceáil, agus má tá an fuinneamh agat, tá dún cnoic mór le rá, Knock Farril, go hard os cionn an tsráidbhaile.
Cloch an Iolair the Eaglestone
" Gar don stáisiún, tá cloch shnoite chlúiteach de chuid na bPiochtaí ar a dtugtar Cloch an Iolair le feiceáil, agus má tá an fuinneamh agat, tá dún cnoic mór le rá, Knock Farril, go hard os cionn an tsráidbhaile.
Is é an chloch is mó ar phaidrín an bhreithimh the judge's main priority
" Is é an chloch is mó ar phaidrín an bhreithimh ná cur i bhfeidhm phróis chuí an dlí.
Saor cloiche, stone mason,
" Saor cloiche, geolaí, scríbhneoir, bailitheoir béaloidis agus eagarthóir nuachtáin a bhí ann.
teach cloiche stone house
"teach cloiche na misinéirí in Kerikeri ar an teach is sine in Aotearoa.
cloch ghreanta polished stone
" Thit an tóin as a ngnó luachmhar nuair a d'éirigh saineolaithe ó Mhúsaem na Breataine amhrasach faoi thrí rilíf Aisiriacha a bhí déanta as cloch ghreanta a thairg an teaghlach dóibh in 2005.
an ghrian ag scoilteadh na gcloch the sun splitting the stones
" Murach na brístí gearra agus na t-léinte a bhí á gcaitheamh ag fir agus ag mná, agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch taobh amuigh, ní chreidfinn nach sa mbaile a bhí mé – i bpub éigin, áit éigin sa tír.
gurb iad na clocha is mó ar phaidrín an damhsóra that the dancer's biggest priority
" Ach tá rud éigin an-fhoirmleach agus teicniúil fá dtaobh de, a thugann le fios gurb iad na clocha is mó ar phaidrín an damhsóra ná luas, chomh hard agus is féidir leis léim san aer agus cleasaíocht, seachas léiriú dá chuid paisin.
Is é an chloch is mó ar phaidrín an British Air Accident Investigation Board the biggest priority of the British Air Accident Investigation Board is
" Is é an chloch is mó ar phaidrín an British Air Accident Investigation Board anois ná imscrúdú a dhéanamh ar an eachtra.
balla mór láidir cloiche a strong stone wall
" Léirigh sé cúpla ceann de na sainchomharthaí a bhaineann leis an aicíd seo, nó bhí sé ag bualadh a chloiginn go láidir in éadan balla – balla mór láidir cloiche, a bhí i bhfad ní ba chrua ná a chloigeann bocht breoite.
Dá mbeinn ag caitheamh cloch If I was throwing stones
" Ghlac sé a fhad ar fhear an tacsaí tuiscint cén áit a bhí á rá agam, agus ansin sa deireadh nuair a thuig sé, dúirt sé liom, “*Ce n’est pas à Paris*”! (Níl sin i bPáras!) Dá mbeinn ag caitheamh cloch ó bharr Concorde La Fayette, bhuailfeadh siad Place de Belgique! Dúirt sé sin cionn is nach bhfuil sé in “*Arrondissement*”.
an chloch a chaitheamh as an muinchille to bury the hatchet
" Cibé rud a tharla le linn “Don’t feed the Gondolas”, is léir gur éirigh le Des agus le RTÉ an chloch a chaitheamh as an muinchille mar go bhfuil caidreamh sláintiúil proifisiúnta i gceist eatarthu ó shin i leith.
dhá chloch bhua two stones of destiny
" Bhí lúireach agus dhá chloch bhua – ar a tugadh Urim agus an Thummim – curtha san áit chéanna agus d’úsáid Smith na rudaí seo leis an téacs a bhí scríofa ar na plátaí órga a aistriú ó Éigiptis go Béarla.
clocha stones
" Chaith an drong cannaí beorach agus clocha ar an bhus.
Ba iad na clocha ba mhó ar a bpaidrín their biggest priorities
" Ba iad na clocha ba mhó ar a bpaidrín ná Foclóir Béarla-Ultais/Ultais-Béarla; suirbhé ar "chainteoirí dúchais" ina ndéanfaí téipeanna de na cainteoirí sin a thaifeadadh; aistriúchán Ultaise ar an Bhíobla; stóras leictreonach de litríocht na hAlbainise Uladh; seirbhís aistriúcháin agus córas don chaighdeánú litrithe agus nuathéarmaíochta.
fuarthas clocha paidrín rosary beads were found
" Ba iad muintir Ionad Buail Isteach an chéad dream a tháinig faoi amhras, ach níorbh fhada gur tháinig an Eaglais Chaitliceach faoi amhras i bhfad ní ba mhó, nó fuarthas clocha paidrín, ceann i ndiaidh a chéile, ar an bhealach idir An Bóthar agus teach an tsagairt sa Daingean.
clocha sneachta hailstones
" An uair seo, is clocha sneachta a thiteann anuas orainn – cinn chomh mór le liathróidí gailf.
le hardú agus le caitheamh clocha móra with raising and throwing big stones
" D’eascair na cluichí páirce as comórtais neamhfhoirmiúla a bhíodh ar siúl fadó – comórtais a bhain le reathaíocht agus le neart; le hardú agus le caitheamh clocha móra; le *teilgeil a’ chabair*.
chloch mhara sea stone
" Ar ndóigh, caithfidh go bhfuil tú dall, bodhar agus i do chónaí faoi chloch mhara mura bhfuil a fhios agat go mbeidh toghchán ar siúl i Meiriceá i mbliana.
chomh crua le cloch as hard as stone
" Ceithre scór deireadh seachtaine ag iarraidh dallamullóg a chur ar eagarthóir *Beo Ar Éigean!* Agus ós ag caint dúinn ar eagarthóirí: an bhfuair Balor cáca milis deas le coinnle air in onóir na hócáide ón eagarthóir? Beag an baol! Dia go deo leis na seanlaethanta nuair a bhí Éamonn Ó Doornail i mbun na hirise; bhí sé chomh teann le gad agus chomh crua le cloch i dtaca le híocaíocht, lena thrí Euro in aghaidh an ailt, ach ar a laghad bhí sé furasta dallamullóg a chur air, nó bhí sé daonna, nó cineál daonna.
Is iad na clocha is mó ar a paidrín her biggest priorities are
" Is iad na clocha is mó ar a paidrín ná an comhshaol, dí- armáil núicléach agus an eagraíocht The Chernobyl’s Children’s Project, a bhunaigh sí ag tús na nóchaidí.
an chloch ba mhó ar phaidrín the biggest priority
" Ní móide gurbh é an fiadhúlra an chloch ba mhó ar phaidrín leithéidí Mobuto, Abedi, agus Ludwig.
clocha áitiúla local stones
" Tá ardáin déanta as clocha áitiúla sna háiteanna seo, agus ballaí ísle thart timpeall orthu sa dóigh is nach n-amharcann siad as ionad.
cosán clocha stone footpath
" Mhol mé ar Raidió na Gaeltachta gur chóir cosán clocha a thógáil ansin, ach níor tharla sé.
an chloch is mó ar an phaidrín the most important factor
" Níl mé ag maíomh gur cheart duine a dhícháilliú siocair gur ball de pháirtí polaitiúil é, ach ba cheart go mbeadh critéir chinnte ann ina mbeadh cumas an duine, beag beann ar a chlaonadh polaitiúil, ar an chloch is mó ar an phaidrín.
chloch is mó ar phaidrín cause of greatest concern
" Tuigeann na Pailistínigh go maith, áfach, nach é sábháilteacht na mac léinn an chloch is mó ar phaidrín leithéidí Emanuel.
cloch mhór ar pháidrín a prime interest
" Beidh $48 Billiún á chaitheamh sa cháinaisnéis seo ar oideachas, cloch mhór ar pháidrín an Uachtaráin, agus bealach trína gceapann sé go mbeidh Meiriceánaigh in ann dul in iomaíocht le tíortha eile amach anseo.
ar an chloch is mó ar a phaidrín his first priority
" Fós féin, bhí an Ghaeilge ar an chloch is mó ar a phaidrín le linn na tréimhse úd: “Cé bhéarfas deimhin dúinn go mbeidh deis againn ar ball ar an rud sin a dhéanamh gur leasg linn tabhairt faoi san am i láthair? Measaim féin gur chiallmhaire go mór d’Éireannaigh a ndícheall do dhéanamh chun an méid is féidir dá gcruadh-bhearta do réiteach gan mhoill.
an chloch ba mhó ar pháidrín the most pressing matter
" Faoi dheireadh 2008, níorbh é an Iaráic an chloch ba mhó ar pháidrín na cosmhuintire níos mó, ach a bpócaí.
bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch it was incredibly warm
" Agus bhí an t-ádh orainn an tréimhse a chaith muid ann, nó bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
ghrian ag scoilteadh na gcloch sun breaking the rocks
" Ní hamháin go raibh an ghrian ag scoilteadh na gcloch, ach bhí sé chomh te sin go bhféadfá ubh a róstadh ar na clocha dá mbeadh ubh agat, mar a dúirt cara liom fadó.
an chloch ba mhó ar phaidrín the greatest concern / desire
" B’é Saddam Hussein an chloch ba mhó ar phaidrín Saban ag an am.
ocht gcloch eight stone
" Cheannaigh mé hata le mo chloigeann maol a chosaint óir bhí an ghrian ag spalpadh! Ní raibh ach ocht gcloch go leith meáchain ann nuair a fuair sé bás.
na clocha is mó ar a phaidrín his greatest concern
" ” Nach iontach an léargas é sin ar chur chuige, ar aigne, ar fhís, ar dhearcadh an DUP i leith na cothromaíochta? Tá taithí fada ag an Uasal McCausland, iarbhall den UUP a d’iompaigh chuig an DUP, i bpolaitíocht na sáraíocht (adversarial politics) agus is iad an CLG, an Ghaeilg agus an cultúr Gaelach, na clocha is mó ar a phaidrín má tá an abairt sin fóirstineach don Phrotastúnach Soiscéalach! Dúirt an ceimí de chuid Oxford, i ndiaidh a cheaptha, nach dtabharfadh sé cuairt ar ionad CLG a bhí baiste as poblachtánaithe agus é ag tagairt do Pháirc Mhic Easmainn ach go háirithe.
an chloch is mó ar an phaidrín of the utmost importance
" Maíonn údair na tuarascála nach bhfuil tionscnaimh éagsúla teanga ar an chloch is mó ar an phaidrín faoi láthair, nó "a relatively lower priority in terms of the existing pressures on the public finances” mar a deirtear ann.
Áth na Cloiche Aughnacloy
" Maraíodh an t-imreoir peil Gaelach agus é ar a bhealach chuig cluiche ar an 21ú Feabhra 1988, gar don ionad seiceála in Áth na Cloiche i gContae Thír Eoghain.
cuimilt mhéire don chloch ineffectual
" Ba léir go raibh tnáitheadh – nó burnout - mar fhadhb mhór ina measc, ámh, de dheasca gur mhothaigh cuid acu gur cuimilt mhéire don chloch é mar ní fhaca siad aon athrú dearfach ag teacht lena linn iontu.
chloch is lú ar phaidrín of small consideration
" Ar bhealach tá reifreann Eorpach ar an chloch is lú ar phaidrín mhuintir na hÉireann.
chloch is mó ar phaidrín most pressing matter
" Ar ndóigh, is é an brabús an chloch is mó ar phaidrín an lucht gnó.
chloch is mó ar mo phaidrín what I really care about
" com/watch?v=4z4cB5k-XA4) Is maith liom ceoltóirí a bhfuil rud ínteach le rá acu agus mar sin an chloch is mó ar mo phaidrín, ceol úr a spreagadh inár dteangaidh féin agus go mbeidh achan chineál ceol nua-aimseartha inár dteangaidh féin, go mbeidh cuid mhór dá bhfuil ag tarlú sa Bhreatain Bhig agus i dTír na mBascach.
chloch is mó ar phaidrín the greatest concern
" Mar aon le rialtas Iosrael agus a lucht tacaíochta thar lear, is iad airm núicleacha na hIaráine nach ann dóibh an chloch is mó ar phaidrín Ottolenghi anois, ó cuireadh deireadh le ‘bagairt’ na hIaráice.
an chloch is mó ar a bpaidrín the most urgent matter
" Ach an bhfuil an pobal aontachtach chomh truamhéileach sin gur tábhachtaí leo an tOrd Oráiste a fheiceáil ag siúl ar Bhóthar Gharbhachaidh ná smacht a bheith ag a chuid ionadaithe ar chúrsaí póilíneachta agus cirt? Agus an bhagairt atá ag teacht ó easaontóirí Poblachtanacha ag méadú lá i ndiaidh lae, an é an chloch is mó ar a bpaidrín (cor cainte mífhóirsteanach, is dócha) cosa Oráisteacha i gceantracha Caitliceacha? In amanna, cailleann focal nó nath cainte brí má bhaintear barraíocht feidhme as.
chloch meáchain pounds weight
" Chuireas suas thart ar chloch meáchain nuair a bhíos ann.
ar an chloch is mó ar an phaidrín of great import, concern
" Nó ní raibh aon éalú ó mhaíomh na tuarascála nach raibh tionscnaimh éagsúla teanga ar an chloch is mó ar an phaidrín faoi láthair, nó "a relatively lower priority in terms of the existing pressures on the public finances” mar a dúradh ann.
múnlú cloiche moulding stone
" Cruthaíonn Michelangelo na figiúir sna picitiúir seo mar a bheadh sé ag múnlú cloiche.
Caitear na clocha gearáin ar fad it's all heaped on
" Caitear na clocha gearáin ar fad le Ó Cuív faoin gconspóid sin, ach céard faoi na daoine a vótáil don Acht gan a thionchar a thuiscint? Pléadh an Bille sa Dáil agus sa Seanad.
chloch ghreanta carved stones
" Stair ealaín chloch ghreanta na hÉireann is ábhar don scannán gleoite seo.
an chloch is mó ar a bpaidrín their greatest concern
" Thuigfeá cad tuige nach mbeadh tógáil na macasamhla ar an chloch is mó ar a bpaidrín ag am nuair atá pinginí gann agus an bhróg ag teannadh ar gach aon eagraíocht.
an chloch is mó ar a phaidrín his greatest concern
" Ag Obadh Obama agus ag Neartú Netanyahu ================= Ní hamháin gurb é Iosrael an chloch is mó ar a phaidrín, ach is cosúil nach bhfuil cloch ar bith eile air.
an chloch is mó ar a phaidrín the greatest priority
" ” Ach an chloch is mó ar a phaidrín ná Obama agus an iarracht (thar a bheith lag) a rinne sé cur ina luí ar Netanyahu deireadh a chur le tógail áitrimh nua ar thailte gafa.
carn cloch a mound of stones
" Tá a thórramh féin le feiceáil sa scannán, leis an fhoireann ag tógáil carn cloch ina urraim is ina chuimhne ag Cuan Grytviken.
chloch chluanach magnet, lodestone
" Siopa mór ilrannach mar 'ancaire', nó mar 'chloch chluanach', a tharraingíonn na gcustaiméirí isteach, agus clochán beag siopaí lena ais, macasamhail cógaslann, bácús, búistéir, agus a leithéid.
cloch is cuan terra firma
" Roghnaíodh an dáta seo don lá náisiúnta de bharr gur cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus ar 26 Eanáir 1788, nuair a bhuail an Chéad Loingeas, mar a thugtar air abhus, cloch is cuan i Sydney.
chlocha stones
" Itheann siad feithidí beaga ar chlocha nó ar an bhféar, análaíonn siad fad is atá siad ar thalamh tirim agus iad lánábalta an cleas seo a dhéanamh faoin uisce fosta.
clocha móra ar phaidrín the major concerns
" Má chuireann siad slacht ar a ndúnghaois airgeadais, beidh an deis ag Sinn Féin dul chun cinn mór a dhéanamh don chéad olltoghchán eile - i 2016? Tá an bealach céanna rompu is a bhí ag Fianna Fáil i 1926 - gan ach sé bliana sula ndearnadh rialtas dóibh i 1932! Ar aidhmeanna Fhianna Fáil na linne sin, bhí athaontú na tíre, athbheochan na Gaeilge agus athdháileadh maoine, clocha móra ar phaidrín Shinn Féin an lae inniu.