Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní chluinfeá you wouldn't hear
" Roimhe seo, ní fheicfeá duine aerach ar an teilifís, ní chluinfeá duine aerach ag caint ar an raidió.
b'fhéidir nach gcluinfeadh siad i choíche iad perhaps they'd never hear them
" Ach go bé go gcaithfidh siad é sin a dhéanamh, b'fhéidir nach gcluinfeadh siad i choíche iad.
a chluintear iad ag rá that they can be heard saying
" Tugann muintir 'Ros na Rún' an-uchtach dúinn, nó is minic a chluintear iad ag rá: 'Tá an ceart agat, Baighdad! Féar plé duit, Baighdad!" "Agus cad é faoi RTÉ, a Shodom? An bhfuil tú sásta leis an stáisiún teilifíse sin?" a d'fhiafraigh Balor.
a chualathas trácht that mention was heard
" Is san Astráil agus i gCeanada sna 1970aidí a chualathas trácht ar Choimisiúin Um Chearta Daonna den chéad uair.
a chluin tú that you hear
" "Tá an fhuaim sin a chluin tú san obair a rinne sé le Planxty chomh glan, néata sin, agus mhothaigh mé é a bheith lán mothúchán agus mé i mo pháiste.
níor chuala sí gíog ná míog she didn't hear a sound
" A fhad agus a bhí sí ag cur thart na smaointe sin ina hintinn thit néal codlata ar Hannah agus níor chuala sí gíog ná míog gur bhuail clog an dorais ar cheathrú go dtí a hocht.
a chluinfinn ag ceol that I used to hear singing
" Is iad mo Mhamaí Caitlín agus m'athair Brian, nach maireann, an t-aon bheirt a chluinfinn ag ceol.
cluintear glór uaigneach caointeach a lonely mournful voice is heard
" Scairteann sé *suas *agus scairteann sé *síos*: “An *thuas *a bhí mé nó *thíos*? Nó an ag dul *suas *an staighre a bhí mé nó ag dul *síos*? Nó ag teacht *anuas *nó ag teacht *aníos*?” Agus macalla na gceisteanna sin fós ag preabadh *anonn *agus *anall *ó bhalla go balla agus *suas síos *ó shíleáil go hurlár, cluintear glór uaigneach caointeach ag teacht ón seomra folctha: “Agus an ag dul *isteach *sa tobán seo a bhí mé, nó ag teacht *amach *as?” *Thíos *sa chistin, agus é fós ina shuí ag an tábla, beireann Réamó greim docht daingean ar a chupán.
an fhianaise a chualathas the evidence which was heard
" * Cultúr ólacháin ======= Ní fúmsa atá sé scagadh a dhéanamh ar an fhianaise a chualathas le mí anuas nó buille faoi thuairim a thabhairt faoin mhéid a tharla ar an oíche chinniúnach úd ar maraíodh an trádálaí beithíoch, Richie Barron.
an fhianaise a chualathas the evidence which was heard
" * Cultúr ólacháin ======= Ní fúmsa atá sé scagadh a dhéanamh ar an fhianaise a chualathas le mí anuas nó buille faoi thuairim a thabhairt faoin mhéid a tharla ar an oíche chinniúnach úd ar maraíodh an trádálaí beithíoch, Richie Barron.
gurbh ann ach gur chuala siad cloigín an dorais that they almost didn't hear the door-bell
" Bhí siad sáite an oiread sin sa chomhrá gurbh ann ach gur chuala siad cloigín an dorais an tríú huair.
nár chualathas gíog ná míog ón fhreasúra that a squeak wasn't heard from the opposition
" Seans fosta gurb í sin an chúis nár chualathas gíog ná míog ón fhreasúra faoin scannal spíodóireachta i Stormont, a ba chúis le titim an rialtais ó thuaidh agus na n-institiúidí trasteorainn.
a chluintear Gaeilge orthu that Irish is heard on them
" Tá cúpla clár raidió faoi ainm na hÉireann anseo ach is annamh a chluintear Gaeilge orthu.
níor chuala mé faic I heard nothing
" Cruinniú leis an ghobharnóir ======= Tar éis na cuairte, lean mé leis an chomhfhreagras le Ronnie ach níor chuala mé faic ón Roinn Gnóthaí Baile sa bhliain úr, 1988.
is túisce a chuala mé was the first I heard
" Nóirín Ní Riain is túisce a chuala mé ag cur gutha le “Cré Bhaile Mhac Óda”.
an fhuaim is uaigní dár chuala tú riamh the loneliest sound you ever heard
" Táimid le ceolchoirmeacha a dhéanamh le ceoltóirí mór le rá: Haruhiko Saga, a sheinneann fidil ón Mhongóil, agus an fhuaim is uaigní dár chuala tú riamh uaithi; Ryo Watanabe, cnaguirliseoir; Kotaro Oshio, seinnteoir giotáir agus popréaltóg anseo sa tSeapáin; Ryutaor Kaneko, duine de dhrumadóirí Kodo.
a chluinim thú ag fiafraí. I hear you asking.
" ‘Cad é mar a thig le duine ar bith a mhaíomh gur baile Gaeltachta é Londondingle?’ a chluinim thú ag fiafraí.
gur ar éigean a chuala a hathair í. that her father barely heard her.
" Labhair sí chomh ciúin sin gur ar éigean a chuala a hathair í.
nár chuala a leithéid cheana, who hadn't previously heard such a thing,
" Agus cuirfear iontas ar an triúr sa tír nár chuala a leithéid cheana, agus cuirfear leamhthuirse arís agus arís eile ar nócha cúig faoin chéad den daonra agus alltacht ar an leath eile.
nár chualathas le fada not heard in a long time
" Agus an guth nár chualathas le fada beidh sé le cloisteáil arís, agus an geall a briseadh go minic roimhe sin beidh sé le briseadh arís, nó is iomaí geall a dhéanfar agus is iomaí geall a chuirfear.
nár chuala mé riamh cheana. that I never heard before.
" Maidir le Barry Gleeson, is breá liom an rogha amhrán atá aige ar a albam siúd, cuid acu nár chuala mé riamh cheana.
cluinte heard
" “Is minic é cluinte agam ach níor chuala mé riamh cé a scríobh é.
Chualathas na leithscéalta arís the excuses were heard again recently
" Chualathas na leithscéalta arís le déanaí tar éis scliúchas Staid Semple ag tús mhí an Mheithimh inar thug iománaithe an Chláir agus Chorcaí faoina chéile sular cuireadh tús leis an gcluiche.
chluininn scéalta I used to hear stories
" Bhí an t-ádh orm; chluininn scéalta fá mo chairde ar tugadh gríosáil dóibh as siocair iad a bheith ina gCaitlicigh.
nár chualathas mórán faoi go dtí seo. about whom not much has been heard up until now
" D'fhéadfaimis casadh cinntitheach a fheiceáil sa toghchán in Iowa, mar sin, i dtreo iarrthóra nár chualathas mórán faoi go dtí seo.
nár chuala aon duine againn trácht air nó uirthi who nobody has ever heard of
" Ach cá bhfios nach ndéanfaidh leithéidí Derval O'Rourke nó David Gillick nó buachaill nó cailín éigin nár chuala aon duine againn trácht air nó uirthi go fóill gaisce mór agus bonn a bhreith abhaile leis nó léi ón tSín? Ach fiú amháin mura dtarlaíonn sé sin, tá ag éirí linn mar náisiún, dar liom féin, fealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha a chothú.
ar chualathas cur síos air. of which a description was heard
" Mar sin, ní rabhthas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán – rud a bheadh lochtach ann féin – ach bhíothas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán ar chualathas cur síos air.
nár chuala siad trácht orthu riamh that they never heard mention of
" Bíonn siad ag teacht ar chláracha nár chuala siad trácht orthu riamh agus bíonn siad ag breathnú orthu ar feadh cúpla nóiméad.
Níor chuala mé riamh trácht ar a leithéid. I never heard the likes of it
" Balor: Agus caidé mar a bhí a fhios aige é sin? An bhfuil lorg nó ball broinne ar do chraiceann a léiríonn gur Prod atá ionat? Níor chuala mé riamh trácht ar a leithéid.
In ainneoin gach a bhfuil cluinte nó léite agat, despite everything you have heard or read
" Nach fíor sin? Ian: Ní fíor! In ainneoin gach a bhfuil cluinte nó léite agat, níl deacracht dá laghad agam le Caitliceachas, ná leis an Eaglais Chaitliceach, ná leis an phápacht ná le rud ar bith eile a bhaineann leis an Eaglais sin – is leis na Caitlicigh iad féin atá deacracht agam.
chualathas trup mór taobh amuigh a big din was heard outside
" Ar bhuille a trí, chualathas trup mór taobh amuigh agus isteach thar an tairseach le Maidhc Dainín Ó Sé agus Micheál Ó Mórdha chun an Tóirse Oilimpeach a bhreith leo ar an chéad chuid eile dá chamchuairt.
Ní chluinfidh tú you won't hear
" Ní chluinfidh tú na focail “iontach” agus “Trajet” in aon abairt amháin riamh, áfach.
Chualathas faoi eachtraí eile another incidence was heard
" Níor thug sé faoi deara go raibh an carr mícheart tógtha aige go dtí gur dhúisigh duine de na páistí agus gur labhair sí leis i bPléimeannais! Chualathas faoi eachtraí eile a tharla a chuirfeadh sceoin ort dá mbainfidís duit féin ach a chuirfeadh ag gáire thú, b’fhéidir, fhad is gur duine eile a bheadh i gceist.
Chualathas was heard
" Chualathas le déanaí an tAire Airgeadais, Christine Lagarde, ag rá go mbeidh an rialtas ag cur go mór in aghaidh aon íocaíocht bhreise le príomhfheidhmeannach a ligeann oibrithe chun siúil i mbliana.
cluinte agam I heard
" Is iomaí rud maith atá cluinte agam fútsa.
go gcluinfinn that I would hear
" "Níor shíl mé go gcluinfinn a leithéid i mo shaol," a dúirt Protastúnach amháin liom.
chualathas was heard
" Agus an Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta ag déanamh cluasaíochta ar spiairí Iosraelacha i SAM, mar a scríobh Jeff Stein in Congressional Quarterly ar an 11 Aibreán, chualathas Jane Harman, Feisire Daonlathach, ag labhairt le gníomhaire Iosraelach, agus í ag gealladh dó go gcuirfeadh sí a ladhar isteach leis an Roinn Dlí agus Cirt ar son beirt oifigeach AIPAC, an brúghrúpa ar son Iosrael, a díotáileadh i 2005 maidir le faisnéis rúnaicmithe a thabhairt don ambasáid Iosraelach i Washington.
gur chualathas was heard
" Mar sin féin, ar éigean gur chualathas gíog ná míog as na meáin.
chualathas was heard
" Gíog ná míog níor chualathas ó aos acadúil na Gaeilge ag an am.
chluineann hear
" Cuirfidh sé iontas ort nuair a chluineann tú páistí ag labhairt i nGaeilg.
cluinte has heard
" Agus ní maith le Balor na téarmaí tarcaisneacha sin ar nós The Bould O Donoghue, nó Johnny Cash, nó John O Dreams, nó níos measa atá cluinte aige.
Chualathas was heard
" Chualathas Colm Sonaí Ó Méalóid ag gearán ar na mallaibh go bhfuil Máire Mhór ar ais ar an bhairneach is ar bhláth na scailliún dearg, go bhfuil cuma chnámharlaigh uirthi, agus go bhfuil sí ag dul thart i ngúna beag dearg cosúil le hÁine Ní Dhroighneáin.
chluineadh sí she used to
" D’fheiceadh sí an scuaine corp amuigh ar an tsráid achan oíche agus chluineadh sí an gháir ag na fir oibre “Caithidh amach na mairbh lena gcur”.
chualathas was heard
" com/watch?v=c6AfwbmgTaY&feature=related) Cuir i gcás an eachtra seo a leanas nuair a bhí comhlacht mór cairr ag taifeadadh míre do scannán fógraíochta chualathas sioscadh nó cogarnaíl an-íseal agus chonacthas fear a bhí ag trasnú an bhóthair ag titim go díreach amach roimh an charr seo, ach ní fhaca tiománaí an chairr a dhath riabhach le linn an ama chéanna.
chuala heard
" Athcraoladh an tsárshraith raidió 'Glórtha ón Gorta' le Cathal Póirtéir (1997) an mhí seo caite, mí na Samhna, agus chuir na guthanna agus na scéaltaí a chuala mé ar an chlár, an leabhar *'Irish, Catholic and Scouse, The History of the Liverpool Irish 1800-1939*' le John Belcham (Ollscoil Learphoill, 2007) i gcuimhne dom.
guth nár chualathas unheard voice
" Agus an guth nár chualathas le fada ní bheidh sé le cluinstin fós.
cluinte heard
"cluinte agam faoi chara carad de mo chuid a thiomáineann bus agus a chlaonann a anam le hobair lá Sabóide anois is arís.
Ní chluintear is not heard
" Ní chluintear Délgéis, ná Tomhaltach, ná Baothghalach, na laethanta seo.
Cluintear duine san áit nach bhfeictear é one’s fame precedes/proceeds where one does not
" Duaiseanna ===== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar seo: Sé an Saol an Máistir ========== Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha Le Gearóid Denvir Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair.
Cluintear are heard
" Cluintear glórthaí réamhthaifeadtha an lucht féachana ag cur a mbuairt in iúl i gcogar ag an am céanna – fuaimeanna agus radhairc, a chuirfeadh sceitimíní ort.
Is annamh a chluin tú you seldom hear
"Is annamh a chluin tú aontachtach nó Protastúnach féin ag moladh an tsóisialachais agus shílfeá go dtagann an dá rud salach ar a chéile ach a mhalairt atá fíor dar le Ervine.
nár chualathas was not heard
" Cathair phleanáilte í Brisbane, ach tír í an Bhrasaíl nár chualathas trácht ar rialacha pleanála ann go dtí le fíorghairid.
cluintear one hears
" (Is doiligh le béal Gaelach na focail “Banríon na Breataine” a rá!) Ach anois is arís, cluintear taibhsí.
Chualathas were heard
" Chualathas beirt acu an tseachtain seo.
nár chuala trácht riamh ar who never heard tell of
" É sin ráite, agus b’fhéidir gur deacair é a chreidbheáil, ach tá mórán daoine óga ann inniu nár chuala trácht riamh ar Kerouac ná ar a chomhghleacaithe, Neal Cassady agus eile.
chluinim I hear
" Ní Balor féin atá faoi thromaíocht acu (“ar an drochuair,” a chluinim cuid agaibh ag rá!) ach is ar dhornán beag de shagairt chróga, mheáite atá an bhachall ag titim.
Chualathas go leor drochscéalta plenty of bad news was heard
" Chualathas go leor drochscéalta i leith Tvind leis na blianta anuas agus ionchúisíodh go leor dá chuid ceannairí ar choireanna airgeadais.
nár chuala didn’t hear
" Labhraíonn os cionn 30 milliún duine an teanga sin, ach chuirfinn geall nár chuala 99% de dhaltaí scoile na tíre seo trácht uirthi mar theanga.
nár chualathas cheana never heard before
" Cloistear anseo chomh maith taifeadtaí le Seán Ó Síocháin as Cill na Martra nár chualathas cheana iad ach ar fhadcheirnín a eisíodh i 1960.
Níor chualamar faic we heard nothing
" Níor chualamar faic faoi na lochtanna a bhaineann leis an Dáil féin.
chuala trácht ar hear mention of
" Ó bhí comórtas sacair na hEorpa ann i mbliana, is beag duine in Éirinn nár chuala trácht ar an gcathair úd.
Cluin sí go mion minic she often hears
" Cluin sí go mion minic é á lua i dtíortha ina bhfuil coimhlint nó a bhfuil deireadh ag teacht le coimhlintí iontu mar ábhar dóchais.
nár chualathas mórán faoi not much was heard about him
" Tá iarrthóir uachtaránachta acu, Mitt Romney, atá ina bhall den Eaglais Mhormannach (eaglais a bhfuil go leor Meiriceánach in amhras faoi), agus nár chualathas mórán faoi in aon chor go dtí earrach na bliana seo, agus tá iarrthóir leasuachtaránachta acu, Paul Ryan, atá i bhfad amach ar an eite dheis ó thaobh Críostaíochta agus leagan amach geilleagair de.
cluinim go leor acu I hear many of them
" Leis an ollfhás a tháinig faoi, is cineál right of passage ag muintir na gcoláistí anois a bheith ann agus cluinim go leor acu ansin ag spalpadh Béarla, ólta as a gcloigeann, ag léimnigh thart ag Club na Féile.
Tá cluinte agam I’ve heard
"Tá cluinte agam go bhfuil sé de rún ag mná óga áille áirithe cóipeanna de na hirisí seo a thabhairt isteach agus iad faoi cheilt ina gcuid éadaigh, le dáileadh ar bhunadh an oileáin; ach beidh mise ag fanacht leo ar an ché le hiad a friskeáil.
an port a chluinfear go minic the tune frequently sung
" “Beidh an cheist sin á scagadh ag an Chomhdáil ar an Bhunreacht,” an port a chluinfear go minic is dócha sna míonna amach romhainn.
chuala mé trácht go mion, macánta I heard a minute honest description
" Ach is i gcomhluadar Chastus lá sneachta i mBonn i mbliana an chéad uair a chuala mé trácht go mion, macánta ar an saol a bhí sa DDR – Oirthear na Gearmáine – sna seachtóidí agus sna hochtóidí.
Gíog ná míog níor chualathas not a chirp was heard
" An bhfuil siad ag rá linn i ndáiríre go gcosnódh sé os cionn €63m sa bhliain téacsanna Gaeilge ar bhileoga eolais a thástáil lena chinntiú go dtuigfeadh an léitheoir an fhoclaíocht a úsáidtear? Ar ndóigh thuigfeá cad tuige go mbeadh an Roinn Sláinte ag feidhmiú ar mhaithe le mianta an tionscal cógaisíochta ach cén fáth nár chuir Roinn na Gaeltachta a mhalairt de chás chun cinn? Gíog ná míog níor chualathas uathu ar an cheist seo agus ní léir go bhfaca siad aon chúram dóibh ann.
cad chuige nár chuala oiread is duine amháin why has not even one person heard
" Ceisteanna i Réimsí Eile Saoil ========== Na *Northern Irish*, na hiománaithe ar an chlaí seo, an ansa leo *The Late, Late Show* nó Jonathan Ross? U2 nó Guns and Roses? Laethanta saoire i dTír Chonaill nó i bPort Rois? An abrann siad ‘TG Ceathair’ nó ‘TG Four’? (Maidir leis an teilifís de, cén fáth nach n-amharcann aon duine ó thuaidh ar *Fair City*? Ó thosaigh sé i 1989, cad chuige nár chuala oiread is duine amháin éinne ag fiafraí "Bhfaca tú Fair City aréir?") An dtugann siad douze points d'Éirinn agus null points don Ríocht Aontaithe sa chomórtas Eoraifíse? An dtugann siad Arm na Breataine nó An tArm ar, em, Arm na Breataine? An bhfuil naoi nó sé chontae in Ultaibh? Tá na mílte ceist againn ó thuaidh a léiríonn a bhfreagraí cén dearcadh polaitíochta atá ag duine, agus miondifríochtaí saíochta.
a chluintear abairtí mar seo does one hear sentences like this
" “Cén mhaith dúinn a bheith ag caitheamh airgid ar theanga atá marbh, ná atá ag fáil bháis?” Cé chomh minic a chluintear abairtí mar seo, go háirithe in am seo an ghátair ó thaobh an gheilleagair de? In ainneoin go bhfuil creideamh an-láidir ar fad ag Balor i dtodhchaí gheal na Gaeilge, bhí an tsíorcháisíneacht agus an chnáimhseáil shíoraí ag creimeadh a dhóchais… go dtí gur thug sé cuairt ar Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí i mBaile Gaelach sa chathair cois Life.
amhail is go raibh cluinte acu as if they’d heard
" Ansin thosaigh siad á gcaitheamh siar amhail is go raibh cluinte acu nach mbeadh pionta ar bith ar fáil an lá ina dhiaidh sin.
chuala tú trácht uirthi you heard tell of her
" Bhí múinteoir scoile agam a bhí go hiontach ar fad, Proinsias Ní Dhorchaí, chuala tú trácht uirthi.
faoi chogar ar bith a bheadh cluinte aige le linn faoistine any whispers he heard in confession
" Chuaigh siad thart san oíche ag éisteacht ag na fuinneoga ar chúl gach tí, agus cheistigh siad an sagart faoi chogar ar bith a bheadh cluinte aige le linn faoistine.
Cluinfimid neart eile fós we’ll hear plenty more yet
" Cluinfimid neart eile fós ón amhránaí cumhachtach seo!
a luaithe is a chuala mé faoi seo as soon as I heard about this
" Dá bhféadfainn an t-airgead a fháil ar ais, bheinn saibhir…! An chéad rud a smaoinigh mé air a luaithe is a chuala mé faoi seo (ar an bpodchraoladh iontach (For Immediate Release)(http://forimmediaterelease.
nár chuala do ghuth fós who hasn’t yet heard your voice
" Ag fanacht ag an Túr Solais ar Shráid Uí Chonaill le duine nár chuala do ghuth fós, a thógfaidh ar fánaíocht tú trí áiteanna nach bhfuil aon chur amach agat orthu go fóill, a chuirfidh daoine nua in aithne duit, agus a roinnfidh, más go maith a réitíonn sibh, an saol leat.
Chuala na hioraí rua reilige the cemetery’s red squirrels heard
" Chuala na hioraí rua reilige é seo: *“And it comes strangely over me in bidding you goodbye how a life is but a day and expresses mainly but a single note, it is so much like the act of bidding an ordinary goodnight.
Chuala mé trácht ar I heard mention of
" Chuala mé trácht ar theastas TEFL nó teastas i múineadh an Bhéarla mar theanga iasachta, ach bhí amhras orm ina leith ar dtús.
chualathas sa seó aoir heard in this satiric show
" Nach raibh *Apple* ag Éabha? Sin ceann de na jócanna a chualathas sa seó aoir, *The Bible: The Complete Word of God (abridged)* de chuid an *Reduced Shakespeare Company* a bhí ar ardán *The Theatre at the Mill* i mBaile na Mainistreach, an baile beag a bhí sna cinnlínte lastuaidh de Bhéal Feirste ar feadh dhá oíche an tseachtain seo caite.
am a chualathas an mana when the motto was heard
" Bhí caidreamh láidir idir an Eaglais agus an pholaitíocht ó na 30idí, am a chualathas an mana “le ciel est bleu, l’enfer est rouge” (Tá an spéir gorm, tá ifreann dearg) chun a chur ina luí ar daoine a vóta a chaitheamh ar son an pháirtí choiméadaigh.
Seanphort a chuala mise an oft repeated statement I heard
" Seanphort a chuala mise go minic nuair a bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar Foinse le linn mo sheal mar eagarthóir ar an nuachtán, ná nach bhfeicfí an príomhscéal a bhí againn ar chéad leathanach an Irish Times.
fonn nár chuala mise a tune I never heard
" “Sin fonn nár chuala mise ach le hEanach Cuain,” arsa mise.
Cluinim I hear
" Cluinim nach bhfuil sé ag dul rómhaith ar na cúrsaí gailf ar na saolta deireanacha seo.
B'iomaí olagón agus ochón ó a chualathas much wailing and lament was heard
" B'iomaí olagón agus ochón ó a chualathas ag an droichead chéanna.
chualathas guth a voice was heard
" An tseachtain seo féin, chualathas guth ón uaigh féin sna Sé Chontae thiar i Meiriceá ag éisteacht de chuid Chomhdháil na Stát Aontaithe.