Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
choca féir cock of hay
" Tugann sráidhreach atá le feiceáil go luath sa taispeántas, a rinne Monet roimh thús ceart an Impriseanachais, deis dúinn an fás agus an fhorbairt a tháinig ar a shaothar siúd a fheiceáil; tá seo fíor chomh maith faoin tsraith cháiliúil a rinne sé ar choca féir agus an staidéar iontach ar an loch duilleog báite ag Giverny.
dhá chrobh an choiligh the cock's two claws
" Má tá coiscéim coiligh leis an lá idir an dá Nollaig, is áit inteacht i lár na coiscéime sin atá muid anois – san áit is contúirtí ar fad, b’fhéidir, nó cad é atá go díreach idir dhá chrobh an choiligh ach tóin an choiligh, Dia idir muid agus cac na héanlaithe! Agus muid ag caint ar chúrsaí éanlaithe, tá a bhfuil fós beo de thurcaithe na tíre ag rith thart sna cuibhrinn agus sna botháin ag gabháil buíochais le Dia na nDúl gur tháinig siad slán fríd ár lár an gheimhridh.
coileach ag glaoch. a cock crowing.
" Bhí caoirigh ag méileach agus coileach ag glaoch.
seanchoileach old cock
" Bhí seanchoileach ar an fhara a bhí céasta ag pian Is ní dhearna sé a ghnoithe le breis agus bliain.
ná an coileach agus é ag scairteadh den tríú huair. than the cock crowing for the third time
" Bhí mórán acu ann, agus ba láidre an séanadh a bhí siad á dhéanamh ná an coileach agus é ag scairteadh den tríú huair.
scéal i mbarr bata éigin cock and bull story
" Mura dtapaíonn an feachtas an deis a spriocanna a chur i gcrích agus aird an phobail ar an scéal, is lú arís an t-ionchas go dtabharfaidh siad an bua leo níos déanaí, agus na meáin dulta ar aghaidh chuig an chéad eachtra eile, nó chuig scéal i mbarr bata éigin.
Glaoch an choiligh the cock’s crow
"Glaoch an choiligh’ is ciall leis an ainm ó thus.
barr a dhá chluas in airde his two ears cocked
" “Nár mhúin siad duit conas suí ach an oiread? Cad eile nár mhúin siad duit? Suigh go deas!” Bhí sé ina sheasamh, barr a dhá chluas in airde, a theanga amuigh aige is é ag féachaint orm.
iarracht ar leathmhaing a half-cocked effort
" Thig níos mó dochar ná sochar a dhéanamh le iarracht ar leathmhaing, de cheal ionchur eolais ó mhuintir na háite agus ó mhuintir na hearnála.
Níor scéal i mbarr bata was no cock and bull story
" Níor scéal i mbarr bata léim Felix Baumgartner, mar a samhlaíodh do roinnt bheag daoine, ach éacht agus céim mhór chun cinn ag an duine a bhí ann dar le Ciarán Mac Aonghusa.