Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
coincheapa concepts
" Thaispeáin taighde go raibh páistí chomh hóg le trí bliana d'aois ábalta na coincheapa "Caitliceach" agus "Protastúnach" a aithint agus tréithe diúltácha a lua le ceachtar acu.
coincheapa concepts
" Ar an gcéad dul síos, glacadh focail a bhain le coincheapa nua a tháinig ón gcultúr Meiriceánach, mar shampla *rock 'n' roll, cruise missile, baseball* agus mar sin de.
coincheapa concept
" Is breá an foilseachán é seo faoi Sheán Boylan agus faoi pheileadóirí agus fhoirne na Mí agus is leabhar neamhghnách é ó thaobh coincheapa de.
na coincheapa polaitiúla coitianta, the common political concepts,
" Amharcann Laoch na Litríochta air féin mar scolardach polaitiúil, agus d’amharc riamh, ach tuigeadh dó go mbeadh air dianstaidéar a dhéanamh ar roinnt de na coincheapa polaitiúla coitianta, agus iad siúd nach bhfuil chomh coitianta, sula dtabharfadh sé faoi thuairisceoireacht thuisceanach tharraingteach ar ghnéithe éagsúla de na feachtais atá le teacht.
coincheapa concepts
" Bímid ag sú tuairimí agus coincheapa athláimhe chugainn thar farraige isteach agus is minic a fhágtar na hathchoinceapa sin gan na hathruithe cuí atá riachtanach chun cultúr fíornuálaíoch a chothú.
coincheapa concepts
" Bhí siad araon ceangailte go dlúth leis an ghluaiseacht a chuir deireadh le sean-mhodheolaíocht Pháirtí Lucht Oibre na Breataine agus a chur tús le New Labour, eagraíocht a bhí rite le claonbholscairí, le dreamanna fócais is a bhfuil coincheapa mar ‘on message’ mar oidhreacht aige.
coincheapa na pleanála teanga concepts of language planning
" Téann na téacsanna i ngleic leis an mbunábhar teoiriciúil agus leis an taobh feidhmiúil sa réimse: an éagsúlacht, na pobail urlabhra, an antraipeolaíocht teanga, an t-ilteangachas, malartú teanga, códmheascadh agus criólú, coincheapa na pleanála teanga, caighdeán agus caighdeánú, stádas reachtúil na Gaeilge sa tír, an Ghaeilge sa chóras oideachais, sainiú na Gaeltachta, ceist na féiniúlachta agus an dearcadh náisiúnta, na meáin agus na heagrais teanga.
a bhaineann leis na coincheapa which pertain to this concept
" Sa tsochaí chomhaimseartha, go háirithe i réimse na haigneolaíochta, tá claonadh ann na ceisteanna a bhaineann leis na coincheapa a dtugtar an mhaith agus an t-olc orthu a sheachaint, go háirithe más ceisteanna freagrachta atá faoi chaibidil.
na coincheapa the concepts
" Tá a fhios agam go bhfuiltear ag rá le blianta go bhfuil na meáin ar fad ag teacht le chéile, agus nach mbeidh aon bhrí a thuilleadh leis na coincheapa ‘stáisiún teilifíse’, ‘nuachtán’ ná ‘stáisiún raidió’ nuair is féidir leat pacáiste comhtháite le fís, fuaim agus focail a sholáthar le chéile ar shuíomh idirlín nó ar áis soghluaiste.
coincheapa casta complicated concepts
" Anseo thíos, tá sliocht as leabhar nua Bhalor, Tá Níos Mó Seomra i mo Bholg, ina bhféachann sé le coincheapa casta de chuid ghramadach na Gaeilge a chur i láthair an léitheora.