Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Na comharthaí The symptoms
" Na comharthaí a i gcás na gcaorach, níor mhair siad i bhfad - d'imigh an bhacaí agus an fiabhras i gceann lá nó dhó agus go minic bíonn an galar ciúin i measc na gcaorach.
comhartha aitheantais trademark
" Is í an dealbhóireacht bheo (saothar a ghluaiseann le hinneall) a comhartha aitheantais.
gcomharthaí Gaeilge Irish language signs
" Léiríonn an méadú atá ag teacht ar líon na gcomharthaí Gaeilge sa chathair é sin.
dea-chomharthaí positive signs
" Ach bhí dea-chomharthaí ann fosta an mhí seo caite.
comhartha signal
" Faoi láthair, cé gur stáisiún áitiúil é Raidió na Life, tá an comhartha le fáil go láidir chomh fada ó thuaidh le Béal Feirste agus chomh fada siar le Béal Átha na Sluaighe.
comhartha uisce watermark
" Cúrsaí slándála ======= Tá tréithe slándála sofaisticiúla intógtha san airgeadra nua - comhartha uisce, snáithe slándála agus stríoc scragaill - chomh maith le comhshnaidhmeadh suas le 100 dath sna bancnótaí, agus beidh géarghá leo.
comharthaí móra easláinte big signs of ill-health
" Tá an phrognóis dóchasach, ainneoin comharthaí móra easláinte.
thug sé comhartha go mbeadh sé ag dul ar chlé he indicated left
" Rinne Cian mar a iarradh air agus thug sé comhartha go mbeadh sé ag dul ar chlé.
chomhartha sign
" Fríd am, b'fhéidir go bhféachfadh an eaglais ar an chur agus cúiteamh go léir atá ag dul ar aghaidh mar chomhartha de shláinte nua.
comhartha mímhuinte rude gesture
" " In áit lámh dhearg Uladh, tá méar dhearg Uladh acu, agus í ina colgsheasamh, ag déanamh comhartha mímhuinte.
comhartha signal
" Ligeann an gléas seo comhartha amach má bhíonn sé faoin sneachta tar éis maidhme sneachta, nó timpiste de chineál ar bith, agus mar sin bíonn sé i bhfad níos fusa daoine a aimsiú.
comharthaí bóthair road signs
" Dearcann na cuairteoirí seo ar na comharthaí bóthair agus áitainmneacha scríofa orthu.
comharthaí bóthair road signs
" Dearcann na cuairteoirí seo ar na comharthaí bóthair agus áitainmneacha scríofa orthu.
chomharthaí láimhe hand signals
" Sa deireadh, tosnaím ar chomharthaí láimhe agus ar fhuaimeanna aisteacha a dhéanamh - 'tósta', 'tóstú', etc.
comhartha an euro euro sign
" Tagann comhartha an euro anois go súile Kalle nuair a ardaíonn an ghaoth! Tá na muilte seo ar fud mhachairí móra fairsinge Ostfriesland, ag síorshiosarnach agus iad ag ag síneadh i dtreo na bhfaitheas.
comharthaí signs
" Bhí daoine eile ann a chuir a gcuid iníonacha in airde ar a nguaillí, comharthaí ina lámha acu leis na focail: "Will work for food.
chomhartha tacaíochta sign of support
" "Ní taispeántas ealaíne é seo sa ghnáthchiall," a dúirt sé, "ach seasann sé mar chomhartha tacaíochta do na daoine a bhí mar bhaill de na foirne tarrthála.
comhartha sóirt marker
" De réir taighde a foilsíodh san *American Journal of Paediatrics* le déanaí is é an comhartha sóirt is mó go mbeidh do pháiste ramhar ná teilifiseán ina sheomra féin.
comharthaí bóthair road signs
" Níor aistrigh mé riamh go dtí gur aistrigh mé go hÉirinn! Beo!: Cén chéad teagmháil a bhí agat leis an Ghaeilge? AH: Ar saoire, ag iarraidh ciall a bhaint as na gutaí ar fad i mullach a chéile ar na comharthaí bóthair! Beo!: Cén tslí ar fhoghlaim tú an teanga?</p AH: Thosaigh mé le leabhair agus téipeanna, mar a thosaíonn gach foghlaimeoir, déarfainn.
chomhartha sign
" Ach ó tharla gur thug Hay an chaint, tchím féin é mar chomhartha go bhfuil greim *eminence grise *an pháirtí ag éirí lag.
comharthaí landmarks
"comharthaí suntasacha ón chathair, ar nós Ardeaglais Naomh Fionnbarra nó dealbh an Athar Maitiú, le feiceáil ina chuid pictiúr agus iad ar fad tarraingthe óna chuimhne.
comhartha sign
" Bhí comhartha in airde ag fear amháin ar Fifth Avenue a dúirt: "Traitors, have you forgotten Sept.
comharthaí signals
" Baineadh roinnt de na fóin sin de na hiriseoirí ag tús an chogaidh toisc go raibh eagla ar arm Mheiriceá go bhféadfadh arm na hIaráice na comharthaí a bhí ag teacht uathu a úsáid chun láthair an iriseora a aimsiú agus a ionsaí.
córais a chraolann comharthaí speisialta systems which broadcast special signals
" Is féidir é sin a fheabhsú go dtí 3 mhéadar, ag baint úsáide as córais a chraolann comharthaí speisialta ón talamh a cheartaíonn an t-asléamh.
comharthaí signals
" Is féidir na comharthaí sin a chloisint go minic nuair a chuireann siad isteach ar challairí atá cóngarach don ghuthán.
chomhartha buíochais token of gratitude
" Ina dhiaidh sin tugadh an t-oileán agus cuid mhór den talamh thart fá na Rosa do Chlann Conyngham, mar chomhartha buíochais ó Chromaill dá gcuidiú.
chomharthaí sráide street signs
" Nuair a chaitheann tú do shaol ag taisteal ar na sráideacha céanna, ní bhíonn sé de nós agat de ghnáth féachaint suas ar chomharthaí sráide.
comhartha dóchais a sign of hope
" Is comhartha dóchais é go bhfuil Microsoft anois sásta cabhrú lena gcustaiméirí troid i gcoinne an *Blaster worm*.
dea-chomhartha good sign
" Ní mór dóibh a bheith foighdeach ach ní dea-chomhartha é go bhfuair siad réidh le bainisteoir na bliana seo cheana féin, Daithí Ó Catháin.
comharthaí signs
" Ach in 2003 chonacthas comharthaí a thabharfadh le fios gur bliain an-chinniúnach a bheidh in 2004 d'fhear Dhroim Conrach.
dhea-chomhartha good sign
" Agus dúirt daoine go mba dhea-chomhartha í a bheith leis mar a bhí.
comharthaí osnádúrtha surreal signs
" Gach uile bhliain nach mór tar éis Chraobh na hÉireann cloisimid faoi na híobairtí dochreidte a rinne na buaiteoirí, na sléibhte a dhreapadar, na locha a shnámhadar, na míle a ritheadar agus na comharthaí osnádúrtha a chonaiceadar i gcaitheamh na bliana.
dea-chomhartha good sign
"dea-chomhartha ar bith an cinneadh seo do thodhchaí na hEorpa.
ón gcomhartha raidió from the radio signal
" Níl gá ag na clibeanna le cadhnraí toisc go bhfaigheann siad a gcuid cumhachta ón gcomhartha raidió a chraolann na léitheoirí atá á gceistiú, rud a thugann buntáiste mór dóibh i gcomparáid le teicneolaíochtaí eile atá bunaithe ar ghutháin shoghluaiste.
dea-chomhartha a good sign
" Is dea-chomhartha é go bhfuil an t-údar, Patrick McCormack, tar éis roinnt mhaith fadhbanna a dheisiú cheana féin agus na "paistí" a chur ar fáil.
chomharthaí tagartha referential signs
" Córas de chomharthaí tagartha atá i dteanga.
as an chóras comharthaí sin from that system of signs
" Rinne Breandán Ó Doibhlin deighilt tráth idir "léamh" agus "léitheoireacht", idir "scil a chuireann ar ár gcumas ciall a bhaint as an chóras comharthaí sin ar a dtugaimid scríbhinn" agus scil a chuireann ar ár gcumas córas comharthaí de chineál eile a léamh.
comharthaí dátheangacha bilingual signs
" Ag an aerfort agus ar na bóithre, thug mé faoi deara comharthaí dátheangacha, ach níor chuala mé ach Béarla á labhairt ag daoine mórthimpeall orm.
comhartha soiléir clear sign
" Ach má athraíonn seo, agus má bheartaíonn muintir Bhaile Átha Cliath ar a dtacaíocht a thabhairt don Uasal Ryan seachas d'fhear Bertie, náiriú poiblí a bheidh ann don Taoiseach agus comhartha soiléir go bhfuil a cheannasaíocht ar Fhianna Fáil ag druidim chun deiridh.
comharthaí rúndiamhra mysterious signs
" Tá clú ar an iarsmalann sin de bharr na gcloch Piochtach atá inti, agus comharthaí rúndiamhra greanta iontu.
comharthaí signs
" Tá clú ar an iarsmalann sin de bharr na gcloch Piochtach atá inti, agus comharthaí rúndiamhra greanta iontu.
comharthaí an tSaoil Eile signs of the Other World
" " An bhfuil "*terrible beauty*" i gceist leis an *Mauritius Woman*, mar sin, suite in áit eile, agus comharthaí an tSaoil Eile i ngach áit? "An rud atá ar siúl agam faoi láthair ná go bhfuilim ag féachaint ar reiligiúin an domhain agus ar na daoine atá bainteach leo.
Comhartha dátheangach bilingual sign
" Comhartha dátheangach a bheith ar gach sráid sa cheantar.
comhartha sign
" Ach dúirt sí chomh maith gur cheart go mbeadh comhartha sa tosach ar a mbeadh na focail: "Tá fáilte romhat.
dea-chomhartha good sign
" Is dea-chomhartha é go bhfuil na déantóirí eitleán ar nós Airbus ag déanamh a gcuid taighde féin chun a chinntiú go díreach cén saghas trealaimh atá dainséarach agus cén saghas nach bhfuil.
comharthaí signs
" Córas iontach soiléir atá ann, ina bhfuil chuile rud scríofa agus comharthaí i ngach áit.
comhartha sign
" Fuair mé an bóthar, Trassey Road, ar an léarscáil - ach ní raibh comhartha ar bith ar an bhóthar féin.
comhartha sign
" Sin an comhartha is mó go bhfuil an DUP agus Sinn Féin ag suirí lena chéile agus go bhfuil socrú beagnach bainte amach, ach tá fadhbanna cruthaithe ag Paisley dó féin mar gur cháin sé David Trimble as an oiread dímhíleataithe a bhí ceannaire an UUP sásta cur suas leis.
comharthaí signs
" Agus tá na comharthaí "Ar díol" agus "Le ligean ar cíos" le feiceáil ar go leor de na tithe i gcomharsanachtaí Éireannacha.
comharthaí signs
" "Bhí an dlí ag athrú agus bhí comharthaí ann go dtiocfadh an iomaíocht chun cinn go luath.
comharthaí signs
"comharthaí ann go dtiocfaidh an t-am seo freisin.
chomhartha ómóis sign of respect
" Dhruid siopaí an bhaile mar chomhartha ómóis cé gurbh é an lá ba ghnóthaí trádála sa tseachtain.
droch-chomhartha bad sign
" Agus measaim gur droch-chomhartha d’Fhoras na Gaeilge é go bhfuil siad ina bhfo-pháirtnéirí san Fhóram sin.
comhartha signal
" Cuireadh bileoga abhaile le daltaí scoile ar fud dheisceart Chonamara ionas go mbeadh a fhios ag a dtuismitheoirí conas teacht ar an gcomhartha teilifíse, a bhí ag teacht ó bharr Chnoc Mordáin.
chomhartha ómóis mark of respect
" Cén fáth? Mar chomhartha ómóis don Phápa Eoin Pól II.
chomharthaí signs
" Tá níos mó fear buí greanta ar chomharthaí in iarthar na tíre ná mar a bhíonn i nDroim Chrí i mí Iúil.
comhartha sign
" Nuair a chuaigh muidne ansin, bhí an bóithrín giota beag deacair a aimsiú, mar bhí an comhartha leagtha ag an duine a bhfuil cónaí air díreach in aice leis an chaisleán.
chomhartha sign
" Bhí an neamhaird a thug an rialtas ar an mhórshiúl frithchogaidh i Londain ar a raibh milliún duine ina chomhartha nach raibh an rialtas ag comhlíonadh mhian na ndaoine, measann Fisk.
comharthaí rabhaidh warning signs
" Agus go dtí go mbeidh muid sásta a admháil cén fáth a raibh an oiread sin dúile ag daoine i McCarthy &#150; ní hamháin na hoibrithe láimhe Gael-Mheiriceánacha ach fosta dream na gcuirtíní lása mar Joe Kennedy &#150; tá an baol ann nach dtabharfaidh muid faoi deara na comharthaí rabhaidh nuair a thiocfaidh McCarthy eile ar an fhód.
gcomhartha craolta broadcast signal
" Beidh muid ag díriú chomh maith ar an gcomhartha craolta a láidriú mar go bhfuil áiteacha i mBaile Átha Cliath nach bhfuil an comhartha chomh soiléir is ba chóir dó bheith.
chomharthaí bóthair roadsigns
" Tá úsáid an leagain oifigiúil riachtanach ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis, i reachtaíocht stáit agus ar chomharthaí bóthair stáit agus comhairle contae.
comharthaí signs
" Feirmeacha déiríochta atá le fáil ansin den chuid is mó ach mar gheall ar na comharthaí buí ní raibh sé deacair an tslí a aimsiú go dtí go raibh mé ag tarraingt ar Fheirm Barhill.
comharthaí bóthair dátheangacha bilingual road signs
" Ach bhain mé sult as na comharthaí bóthair dátheangacha a fheiscint, agus rinne mé iarracht iad a thuiscint, fiú má bhíos ag cur isteach ar na paisinéirí in aice liom ar na busanna áitiúla le ceisteanna.
comhartha leictreonach electronic sign
" Chuir an rialtas nua (treoraithe ag an gComhaontas Glas) bearta bunúsacha i bhfeidhm: cosc ar ghluaisteáin le paisinéir amháin ar roinnt de na príomhbhóithre ag an mbroidtráth; páirceanna rothar i bhfad níos fearr in aice le stáisiúin agus stadanna bus; fáinne carrchlósanna &#147;*Park and Ride*&#148; timpeall na gcathracha; traenacha dhá urlár ag dul go dtí na bruachbhailte; comhartha leictreonach ag gach stad bus ag tabhairt amanna na gcéad bhusanna eile; faoiseamh cánach dóibh siúd a cheannaigh rothar; agus táillí plódaithe tráchta (is gá íoc chun tiomáint sna cathracha idir 7 a.
chomhartha tacaíochta sign of support
" * Le linn an Chéad agus Dara Cogadh Domhanda rinneadh an deilbhín as plástar mar chomhartha tacaíochta don fheachtas náisiúnta cogaidh.
cúpla comhartha dóchais a few signs of hope
comharthaí signs
" É sin ráite, tá comharthaí ann go bhfuil an linn d’imreoirí maithe ag méadú de réir a chéile.
comhartha sign
" Cheana féin, tá Easpáinnigh ag troid agus ag fáil báis i gcogadh na hIaráice, go díréireach i gcomparáid le muintir na bpobal eile, comhartha gur do Mheiriceá atá a ndílseacht cheana féin.
comharthaí dóchais signs of hope
"comharthaí dóchais ann.
comhartha lag weak signal
" Bíonn fadhbanna teicniúla leis an tarchuradóir, rud a chiallaíonn go mbíonncomhartha lag i gceantair áirithe sa chathair.
comhartha sign
" “Is comhartha ann féin é gur chuir níos mó ná 400 duine isteach ar 30 phost mar aistritheoirí agus mar theangairí sa mBruiséal.
mar chomharthaí ceana agus measa as signs of affection and respect
" Sa Ré Luath-Chríostaí, cuireadh “mo-” roimh ainmneacha naomh agus “-óc” (nó “-áig” sa ghinideach) ag an deireadh mar chomharthaí ceana agus measa.
comharthaí tine signs of fire
"comharthaí tine le feiceáil go fóill, agus is dócha go mbaineann siad leis an eachtra áirithe sin.
comharthaí dothuigthe enigmatic symbols
"comharthaí dothuigthe ann ó thraidisiún áitiúil na gCruithneach, agus tá gréasa ann a thagann ó thraidisiún an domhain Luath-Chríostaí, mar shampla lámhscríbhinní maisithe de na Soiscéil agus scrínte oirnéalta déanta as miotal, ar bhoscaí iad ina gcoinnítí leabhair naofa, cloig agus taisí.
comhartha cinnte a sure sign
" Ach is comhartha cinnte í an dhealbhóireacht go raibh mainistir thábhachtach anseo.
ar comharthaí de chuid na Náisiún Aontaithe iad that stand for the United Nations
" Agus iad ar mhisean thar lear, bhíodh sé chomh dócha lena athrach go mbíodh na saighdiúirí ag caitheamh bairéad gorm, ar comharthaí de chuid na Náisiún Aontaithe iad.
comharthaí sábháilteachta safety signs
" Dúirt Andrew Robb, rúnaí parlaiminte le haghaidh inimirce agus ilchultúrachais, gur chóir dóthain Béarla a bheith ag daoine le labhairt lena gcomhoibrithe, le comharthaí sábháilteachta a léamh agus a thuiscint agus le foirmeacha a líonadh.
ag lorg chomharthaí dóchais looking for signs of hope
" Nuair a bhíonn lucht na Gaeilge agus daoine nach iad ag lorg chomharthaí dóchais ó thaobh thodhchaí na Gaeilge de, is annamh nach n-úsáidtear fás na nGaelscoileanna mar an tuar dóchais agus an t-ábhar misnigh is mó.
comhartha sign
" Ar thaobh an bhóthair, tá cnoc beag bídeach ann agus comhartha in aice leis ar a ndeirtear &quot;Cathair Moluag&quot;.
comhartha sign
" Cé go bhfuil sé ar shlí na *fírinne *(!) le ceithre bliana is fiche tá an-mhargadh ann, ní hamháin dá chuid pictiúr bréagach ach margadh chomh bríomhar céanna do na bréagphictiúir bhréagacha! An comhartha é seo go bhfuil deireadh le réim ealaíontóirí ar nós Hirst ó thaobh smaointe úra spreagúla a bheith acu nó ar chóir go mbeadh cead ag ealaíontóirí smaointe a thógáil ó shaothar daoine eile ar mhaithe le healaín “úr” a chruthú? An seadánachas agus gliceas mí-onórach atá ann nó gné nádúrtha de phróiseas na cruthaitheachta?*Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
taobh thiar de chomhartha ildaite behind a multi-coloured sign
" Mar shampla, níl aon roghchlár &quot;File&quot; ann a thuilleadh agus tá na roghanna is coitianta ar nós &quot;Oscail&quot; agus &quot;Sábháil&quot; faoi cheilt taobh thiar de chomhartha ildaite sa chúinne is airde ar chlé.
mar chomhartha buíochais, as a sign of thanks,
" Mhair an chuid is mó acu trí 1621, agus mar chomhartha buíochais, shocraíodar fleá a eagrú.
Droch-chomhartha Bad sign
" Droch-chomhartha é sin, a dúirt Aoibheann léi féin, tá sé ag éirí tógtha anois.
an comhartha a ghlacadh, to receive the signal,
" Tá a fhios againn le fada go bhfuil an-suim ag na hArabaigh in LFC; bíonn gach cluiche beo ar stáisiúin teilifíse Arabacha agus sin an t-aon dóigh amháin a mbíonn roinnt mhaith de chosmhuintir na háite ábalta na *Reds* a fheiceáil gach seachtain &ndash; éiríonn le go leor tithe tábhairne sa chathair an comhartha a ghlacadh, ag úsáid cártaí satailíte “neamhoifigiúla”.
Tugaim comharthaí faoi deara dár dtreorú I notice signs directing us
" Tugaim comharthaí faoi deara dár dtreorú go h**Eaglais Santa María de Eunate**, teampall ochtagánach atá thart ar dhá chiliméadar ón g*Camino *ar thaobh na láimhe clé.
in ainneoin go bhfuil comharthaí ann despite of the fact that there are signs
" Deirim an méid sin thuas in ainneoin go bhfuil comharthaí ann go mb’fhéidir go mbeadh 2007 suimiúil ó thaobh na hiomána de.
comhartha ceiste question mark
" Tá sé suntasach mar sin go bhfuil comhartha ceiste leis an teideal.
comharthaí signs
"comharthaí ann cheana féin go bhfuil an pobal dubh dóite den fheachtas.
comharthaí signs
" Is faoi chúram Choimisiún na Foraiseachta atá Rosal anois, agus tá sé leagtha amach ar mhaithe le cuairteoirí agus comharthaí in airde a mhíníonn an saol laethúil a bhíodh ann.
comhartha. counted.
" Is ábhar bróid dom go bhfuaireas an toradh iomlán ceart, ó fhianaise na bhfigiúirí tallaí amháin, gan oiread agus vóta fós comhartha.
na comharthaí sóirt the characteristic features
" Ceann de na comharthaí sóirt a bhí ag baint leis an athrú mór seo ná gur theastaigh uathu go dtuigfeadh daoine cad a bhí á rá ag an mBíobla, dóibh féin ina gcroí istigh.
cúpla ceann de na comharthaí a couple of the signs
" Seo thuas cúpla ceann de na comharthaí go bhfuil an margadh cianaistir á roinnt.
na chéad chomharthaí the first signs
" Leanadh na taomanna Sócraiteacha seo dó ar feadh a shaoil agus is iad na chéad chomharthaí atá againn den suaitheadh aigne a bhain dó ó am go ham.
Comhartha soiléir eile Another clear sign
" Comhartha soiléir eile é seo go bhfuil aighneas sa pháirtí.
dáileadh chomharthaí craolacháin digiteacha. the distribution of digital broadcasting signals.
" Is ar an Roinn Cumarsáide, Mara, agus Acmhainní Nádúrtha atá an fhreagracht maidir le polasaí na hÉireann a dhréachtú i dtaca le dáileadh chomharthaí craolacháin digiteacha.
comhartha sign
" Tá sé thar am don Rialtas comhartha a thabhairt do mhuintir an Iarthair Láir go bhfuiltear sásta éisteacht leo.
Mar chomhartha as a sign
" Mar chomhartha ar an athrú atá i ndán d'iompar na Polainne ag leibhéal na hEorpa, chuir PO in iúl lá i ndiaidh an olltoghcháin go dteastaíonn uathu go mbeidh an Pholainn ar an gcéad tír a dhaingneoidh an conradh.
comhartha sign
" Cén fáth a bhfuil nós na rothaíochta ag dul i léig? An é gur comhartha eile den Tíogar Ceilteach é? **Suirbhé**In 2004, rinne Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath suirbhé inar cuireadh ceist ar 300 comaitéir arbh iad a ngluaisteáin a bpríomh-mhodh iompair.
aon chomhartha any sign
" Agus níl aon chomhartha ann go mbeidh Áth Cliath níos fearr mar fhoireann in 2008 ná mar a bhí siad in 2007 nó 2006.
comhartha láidir strong sing, signal
" Ach is comhartha láidir é toradh an vóta seo maidir leis an dóigh ina bhfuil ag éirí le páirtí, agus tugann an vóta móiminteam don bhuaiteoir agus é ag tabhairt aghaidhe ar na cácais a bheas ag teacht chun cinn i stáit eile go gairid ina dhiaidh sin.