Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhionannas deiseanna equal opportunities
" Is *melting pot* cultúrtha é Meiriceá, tír atá ar nós cuma liom faoi dhath craicinn daoine, a bhfuil comhionannas deiseanna agus cothrom na Féinne le fáil inti.
comhionannas equality
" Gan trácht ar mhoráltacht, cearta daonna, comhionannas nó an tsochaí i gcoitinne, ar bhonn eacnamúil amháin b'fhiú an infheistíocht a dhéanamh go luath seachas go mall.
Comhionannais equality
" Tá An Bille Comhionannais Teanga agus Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta foilsithe.
Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla 2002 The Official Languages (Equality) Bill 2002
" Go ndéanfaí acht den Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla 2002.
easpa comhionannais lack of equality/uniformity
" Cuireann an easpa comhionannais seo daoine ar mire, ach caithfidh gach moltóir an cinneadh atá oiriúnach dar leis a dhéanamh i gcomhthéacs na himeartha agus an chluiche i gcoitinne.
an Coimisiún Comhionannais the Equality Commission
" Tá lear mór cáipéisí scríofa ag eagraíochtaí mar an Coimisiún Comhionannais, ach ní dhéanann siad difríocht ar bith.
chomhionannas equality
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Mar thoradh ar an Acht Teanga agus ar an aitheantas a thugtar anois don chomhionannas, tá súil agam go n-aithneoidh agus go n-éileoidh daoine a gcearta saol agus seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil gan dua, gan mhoilleadóireacht, gan mhasla agus ar chaighdeán chomh hard le nó níos airde ná an tseirbhís atá ar fáil trí Bhéarla.
comhionannas dleathach legal equality
" Faoi Alt 5 den acht sin, tugtar comhionannas dleathach do logainmneacha Gaeilge agus logainmneacha Béarla araon taobh amuigh den Ghaeltacht; sna ceantair Ghaeltachta, is iad na logainmneacha Gaeilge amháin a bheas dleathach.
comhionannas equality
" Bhain na tiarnaí agus a dtionóntaí leis an chlann chéanna – Clann Rois – ach ní raibh comhionannas eatarthu ar chor ar bith.
comhionannas equality
" ”Tá an tuairim chéanna aige mar gheall ar an gcomhionannas fosta.
na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí to the Department Justice, Equality and Law Reform
" Nuair a thagann duine go hÉirinn agus é ag lorg stádais mar dhídeanaí, bíonn air iarratas a chur faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an stádas sin a bhaint amach.
Idir dhlíthe comhionannais agus dheontais chúnta, between equality laws and assistance grants,
" " An ionann oideachas agus geal anois, agus bochtanas agus gorm? Agus an amhlaidh gur cheart an bochtanas sin a cheiliúradh? Idir dhlíthe comhionannais agus dheontais chúnta, tá an dúrud déanta ag an rialtas chun lámh chúnta a thabhairt do na Gormaigh, ach ní mór don chine féin seasamh a ghlacadh anois agus a gcultúr a mheas.
comhionannas equality
" Ba í an teachtaireacht eile a theastaigh uathu a chur in iúl ná nach bhfuil comhionannas iomlán bainte amach acu san Astráil sa chaoi is go mbítear ag déanamh leithcheala orthu go fóill agus go mbraitheann cuid acu faoi bhagairt an fhoréigin in amanna.
comhionannas iomlán total equality
" Ba í an teachtaireacht eile a theastaigh uathu a chur in iúl ná nach bhfuil comhionannas iomlán bainte amach acu san Astráil sa chaoi is go mbítear ag déanamh leithcheala orthu go fóill agus go mbraitheann cuid acu faoi bhagairt an fhoréigin in amanna.
ag éileamh comhionannais demanding equality
" Dúirt sé freisin go dtabharfaidh sí guth do dhreamanna éagsúla – do mhuintir na tuaithe, cuir i gcás, agus dóibh siúd atá ag éileamh comhionannais ar son na mban agus ar son na mBundúchasach.
de bharr na reachtaíochta comhionannais because of equality legistlation
" Tá dul chun cinn suntasach déanta le blianta beaga anuas de bharr na reachtaíochta comhionannais in Éirinn agus an Bille um Pháirtíocht Shibhialta.
Acht um Chomhionannas Fostaíochta Employment Equality Act
" Ba chóir, mar shampla, leasú a dhéanamh ar mhír 37(1) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta a shíltear a bheith míchothrom mar go bhféadfaí úsáid a bhaint aisti le leithcheal a dhéanamh ar mhúinteoirí homaighnéasacha i scoileanna atá á reáchtáil ag na heaglaisí.
comhionannas pósta marital equality
" Is é téama Fhéile Bhróid Bhaile Átha Cliath i mbliana ná “*always the bridesmaid, never the bride*”, téama atá tráthúil agus oiriúnach um an dtaca seo mar gheall ar go bhfuiltear ag diúltú go fóill comhionannas pósta a thabhairt don phobal aerach.
i leith comhionannais, with regard to equality
" Tá sé mar aidhm ag an gclár seo tuiscint na rannpháirtithe a fhorbairt ar theoiricí agus ar chleachtais i leith comhionannais, éagsúlachta agus seirbhíse ardcháilíochta do chustaiméirí.
neamh-chomhionannas inscne gender inequality
" Tá an t-eolas seo a tugadh dom ag teacht sna sála ar thaighde a léiríodh le linn comhdháil bhliantúil Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) i rith na Cásca maidir le neamh-chomhionannas inscne sa ghairm.
Comhionannais equality
" Grád: C Dermot Ahern (An tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí): Tá sé de bhuntáiste aige nach bhfuil sé rómhór nó róbheag leis an fhear cheannais.
comhionannas equality
" Níl luach níos lú leis an gcoincheap a bhaineann le cearta agus le comhionannas nuair is i gcomhthéacs teanga é.
chomhionannas equality
" Bheadh seans ann tar éis toghcháin go dtiocfadh ceannaireacht nua chun cinn i gceannas ar rialtas ag a mbeadh fís úr, a bheadh bunaithe ar chomhionannas seachas ar shaint chun saibhreas pearsanta a chnuasach.
chomhionannas equality
" Tagann na nósanna seo salach ar an chomhionannas, an fhreagracht, an t-ionracas, agus ar an oscailteacht.
chomhionannas equality
" ' Maíonn sé go mbíonn muid de shíor ag díriú ar stádas oifigiúil agus ar chomhionannas agus go bhfuil easpa pleanála ann ó thaobh idirdhealú dearfach a déanamh don Ghaeilge dá thairbhe.
comhionannais of equality
" Thug siad stádas dleathach don chomhpháirtíocht shibhialta agus chuir siad dlíthe comhionannais i bhfeidhm a chuidigh go mór le mionlaigh eitneacha agus leis an duine aerach.
neamh-chomhionannas inequality
" Díomá na hEite Clé === Níor éirigh go rómhaith leis an Lucht Oibre dul i ngleic leis an neamh-chomhionannas, afách, atá níos measa sa Bhreatain ná mar atá in aon tír Eorpach eile.
chomhionannais gnéis sexual equality
" Luaigh sí Cumann Chearta Sibhialta Thuaisceart Éireann agus na héilimh a bhí acu sin sna 1960í - vóta d’achan duine - *one man, one vote* - (seo roimh aimsir chomhionannais gnéis!), scor na B-Speisialach, deireadh le leatrom i gcúrsaí tithíochta agus fostaíochta agus deireadh leis an chlaonroinnt.
chomhionannas equality
" Bhí clú ar an Astráil, tráth den saol, mar thír a bhí forásach ó thaobh bheartas i réimse sóisialta de, tír ina mbíodh ardmheas ar chomhionannas agus ar chothroime.
Comhionannais equality
" D'fhreastail sé ar an Seanad arís ó 1983 go dtí 1987 nuair a fuair sé an lámh in uachtar ar Coogan an iarraidh seo agus ar ais leis chun na Dála, ag gnóthú aireachta dó féin, Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus é i gceannas air nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) i 1996, beart a bhfuil sé an-mhórtasach as.
ar son comhionannais for equality
" D’fhill sé ar Mheicsiceó sna 20í agus bhí sé ina bhall de ghluaiseacht múrmhaisiú Mheicsiceó, gluaiseacht ealaíonta intleachtach a thug tacaíocht don fheachtas ar son comhionannais do mhuintir dhúchais na tíre.
Choimisiúin Comhionannais Equality Commission for Northern Ireland
" (Is beag déagóir a bhfuil a fhios acu cad é an tslí bheatha atá rompu, ar ndóigh) ach i ndiaidh "sraith timpistí", tá Bob Collins ar na fir is mó tionchar ar dhá thaobh na teorann in dá réimse difriúla, mar Chathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann (ÚCÉ) ó dheas, agus mar Phríomh-Choimisinéir ar an Choimisiúin Comhionannais ó thuaidh.
ar bhun comhionannais from the point of equlity
" De réir dhlí na Breatain Bige, ní mór gach eagraíocht stáit beartas teanga a leagan amach a mhíníonn conas a rachaidh sé i ngleic leis an dá teanga ar bhun comhionannais.
gur lenár leas uilig é an comhionannas cultúir that parity of esteem is for the good of all
" 
Caithfidh aontachtaithe a aithint fosta go gcaithfear aitheantas a thabhairt don chultúr Éireannach sa chuid ó thuaidh d'Éirinn agus caithfidh náisiúnaithe a bheith cinnte go dtuigeann gach duine gur lenár leas uilig é an comhionannas cultúir a iarraidh acu.
de chomhionannas inscne a thabhairt of gender equality
" Mhaígh sise go bhfuil ‘an tsíleáil ghloine’ fós le sonrú i gcúrsaí rialtais na tíre cé go bhfuil sé de dhualgas ar an bPríomh-Aire dea-shampla de chomhionannas inscne a thabhairt do na hearnálacha eile abhus.
an comhionannas equality
" Go príomha is páirtí don meánaicme é Páirtí an Lucht Oibre, an chuid den aicme sin a chreideann gur rud maith é an comhionannas agus nach bhfuil treoraithe ag an tsaint a mhill an stát seo le linn réimeas tubaisteach Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach.
ar nós an chomhionannais like equality
" Fíorluach na hOla ======= De réir Browne is fearr d’Albain dul i ngleic le fadhbanna ar nós an chomhionannais má tá sí ina chuid de thír atá níos mó.