Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhordú co-ordination
" Mar shampla, is gá eagrúchán a dhéanamh ar an tSeachtain, dearadh a dhéanamh ar fhoilseacháin na Seachtaine, comhordú a dhéanamh ar na himeachtaí, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do na grúpaí atá ag eagrú imeachtaí, airgeadas a láimhseáil, urraíocht a fháil, déileáil leis na meáin chumarsáide, srl.
comhordú co-ordinating
" Agus ná habair faic faoin dualgas atá ar an tír astuithe carbóin a laghdú! Mar sin, cá háit ar féidir linn smaointeoireacht chomhtháite a fháil? Tá sé beartaithe ag an Aire Iompair, Martin Cullen, Údarás Iompair Átha Cliath a chur ar bun, chun comhordú a dhéanamh ar chúrsaí iompair sa chathair.
comhordú na seirbhísí éigeandála co-ordination of the emergency services
" Mar gheall ar go n-úsáidtear satailítí le grianghraif a thógáil ón spás, is féidir eolas a bhailiú go tapa agus cabhraíonn na seirbhísí teileachumarsáide le comhordú na seirbhísí éigeandála agus iad i mbun tarrthála.
comhordú ceart proper co-ordination
" Bhí lucht leanúna mór againn ar an mhór-roinn ach ní raibh comhordú ceart déanta ar chúrsaí.
comhordú fioscach fiscal coordination
" Iad siúd a chreideann gur chóir go mbeadh euro-bhannaí ann nó gur chóir go mbeadh comhordú fioscach de chineál éigin ann le go bhfeidhmeodh limistéar an euro ní b’fhearr, ba chóir dóibh vótáil ar son an chonartha.