Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag dul i ngleic leis coming to grips with
" Tá an chathair ag dréim le City of Culture 2008 a bhaint amach, ach an bhfuil ailtireacht an Tuaiscirt réidh dá leithéid? D'admhaigh Ciarán Mackel, atá ina bhall den choiste Imagine Belfast 2008 Creative Team agus atá nuathofa mar uachtarán ar an Royal Society of Ulster Architects, nach bhfuil ailtireacht an Tuaiscirt ag dul i ngleic leis na hathruithe atá ag tarlú sa chathair.
ag teacht i mbun a méide coming into its own
" Bhain siad go háithrid leis an chéad ghlúin a fuair ardoideachas fríd mheán na Fionlainnise, nach raibh ach ag teacht i mbun a méide mar theanga chultúrtha san am sin.
go raibh an bhuaidh daite do na daoine seo that victory was coming to these people
" ) Bhuel, ag fáil léargais dó ar an dóigh a raibh an freasúra neamhdhlíthiúil sa Pholainn ag obair, ag foilsiú leabhartha, ag cruthú sochaí dhaonlathach beag beann ar an chóras oifigiúil, ba é an tátal a bhain sé as an scéal ná "go raibh an bhuaidh daite do na daoine seo".
Caidé na ciapógaí atá ag teacht ortsa What's coming over you ...?
" " "Caidé na ciapógaí atá ag teacht ortsa, má tá tú ag déanamh go bhfuil mise ag dul a éirí roimh an lá agus ag dul a imeacht ar chos in airde leatsa?" arsa Nóirín.
do na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh for the generations that are coming after us
" Go ndéanfaí forbairt láidir bunaithe ar theanga agus chultúr na hÉireann sa tslí is go mbeadh obair as Gaeilge ar fáil do na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh.
ag druidim chun deiridh coming to an end
" Ach má athraíonn seo, agus má bheartaíonn muintir Bhaile Átha Cliath ar a dtacaíocht a thabhairt don Uasal Ryan seachas d'fhear Bertie, náiriú poiblí a bheidh ann don Taoiseach agus comhartha soiléir go bhfuil a cheannasaíocht ar Fhianna Fáil ag druidim chun deiridh.
teacht i gcumhacht the coming to power
" Ní mhaireadh an turas ó Learpholl go Londain ach trí huaire le British Rail, go dtí teacht i gcumhacht rialtas Thatcher i 1979.
boladh a allais féin chuige the smell of his own sweat coming to him
" Gluais • Glossary carógblack-haired woman airdheed míchinniúintill fate caidéisinquisitiveness frigháireslight smile ní shamhlófáyou wouldn't imagine cár go cluaisgrin to the ears go réchúiseachin a laidback way geolánfan glinnclear, distinct a dhallfadh thúwhich would blind you ceirdtrade an rud ar dheacra greim a fháil airthe thing that was difficult to get hold of súimínsip fiosrúinvestigating ar a thóirlooking for him geoindrone, hum boladh a allais féin chuigethe smell of his own sweat coming to him cuideachtacompany leigheassolution díbholaíochdeodarant ceist oidhreachtaquestion of inheritance os cionn cláirlaid out (dead) uisce reoiteiced water a thuairimseanhis opinion prochógahovels drochfháistinebad prophecy buagift tairbhebenefit ar nós cuma liomindifferently a shúile sáite i ngile na cathrach amuighhis eyes staring at the whiteness of the city outside marfachdeadly ag dul don éag mar cháchgoing the way of all flesh beathalivelihood bean feasafortune-teller go frimhagúilmockingly ag ceilt na seanscéine uirthihiding the old terror from her beag beann ar bhrothallindifferent to heat anamsoul an dea-scéalthe good news an drochscéalthe bad news á pholladhstabbing him a ghéaga leata faoi chosa an domhainhis legs open under the feet of the world
ag teacht ar shála ghníomh ollmhór díchoimisiúnaithe coming on the back of a major act of decommissioning
" Fuarthas amach cúpla lá ó shin, áfach, go bhfuil oifigigh rialtais ag obair ar dhréachtdoiciméad a leagfadh síos an comhthéacs ina gcuirfí ar bun feidhmeannas bunaithe ar roinnt cumhachta idir an DUP agus Sinn Féin, ag teacht ar shála ghníomh ollmhór díchoimisiúnaithe ón IRA.
ag teacht i bhfeidhm coming into force
" Amannta is míbhuntáiste é an córas daonlathach seo toisc go mbíonn athruithe tábhachtacha mall ag teacht i bhfeidhm, ach is gné thábhachtach é freisin den CLG toisc go dtugann sé úinéireacht an chumainn do na gnáthbhaill, agus ar an gcaoi sin Cumann Lúthchleas Gael a choinneáil láidir sa phobal.
teacht na gCeilteach the coming of the Celts
" Chuaigh mé ar ais dhá mhíle bliain go dtí teacht na gCeilteach go hÉirinn - agus níos faide siar fiú - ansin tháinig mé ar ais de réir a chéile i dtreo an lae inniu.
Sna sála ar an bhreith seo coming right after this judgement
" Sna sála ar an bhreith seo, d’fhógair grúpa aturnaetha in Éirinn go mbeadh imeachtaí dlíthiúla á dtionscnamh acu go luath ar son íospartaigh MRSA agus a muintir.
ag teacht aniar an t-ard coming over the high ground
" “Sin Síle agat,” arsa an mháthair agus í ag amharc ar an iníon ag teacht aniar an t-ard agus céim anois agus céim arís léi.
teacht na teilifíse cábla agus satailíte the coming of cable and satellite TV
" Agus le teacht na teilifíse cábla agus satailíte, táthar in ann táillí féachana a ghearradh go díreach orthu siúd atá ag féachaint sa mbaile.
Le teacht na nguthán soghluaiste, na ríomhairí agus an idirlín, with the coming of mobile phones, computers and the internet,
" Le teacht na nguthán soghluaiste, na ríomhairí agus an idirlín, tá barr feabhais curtha ar chúrsaí cumarsáide agus oideachais; ach de réir mar atá an líon daoine atá ag baint úsáide as an teicneolaíocht nua-aimseartha ag méadú, is amhlaidh go bhfuil fadhbanna á gcruthú agus baol úr curtha os ár gcomhair.
teacht na teilifíse sna caogaidí the coming of television in the Fifties
" Ba é teacht na teilifíse sna caogaidí a d’athraigh gach rud.
teacht na Cásca, the coming of Easter,
" Mar is gnách san earnáil seo, tháinig brú ollmhór díreach roimh an mbriseadh lár téarma, agus na spriocdhátaí ag bagairt orthu! Mar sin, bhí mise lánsásta le teacht na Cásca, agus thapaigh mé an deis chun éalú ón mbaile agus m’aghaidh a thabhairt ar thuaisceart an Oileáin Thuaidh.
ag druidim leis. coming up.
" Bhí imní ar Angie agus Steve faoin am seo, mar, mar gheall ar an mhéid béime a bhí ar an sacar i saol a mic, ní raibh sé ag déanamh mórán oibre ar scoil agus bhí scrúduithe an GCSE ag druidim leis.
ag teacht chun chríche. coming to the end.
" Roimh an mbreisimirt úd, bhí an t-uafás teannais le sonrú in imirt na n-imreoirí agus iad ag teacht chun chríche.
i ngleic le coming to grips with
" Tugtar léiriú thar cionn anseo ar shaol an tseomra ranga agus bhainfeadh idir fhoghlaimeoirí agus mhúinteoirí an-phléisiúr as na meancóga greannmhara a thagann chun cinn, de réir mar a bhíonn na carachtair éagsúla i ngleic le castachtaí na teanga: “Gabh mo leithscéal,” arsa Siobhán.
teacht an iarnróid the coming of the railroad
" **Tuilleadh turasóireachta**Le teacht an iarnróid sa bhliain 1894, tháinig méadú mór ar líon na dturasóirí a thug cuairt ar an gceantar, as cathracha móra an deiscirt go háirithe.
Thuig sé mo chás, He understood where I was coming from,
" Thuig sé mo chás, ach ní raibh aon tuiscint ná meas aige ar scoláire eile a dúirt go raibh cluiche sacair aige ar an Satharn! Fuair an buachaill sin íde béil uaidh.
ag teacht isteach coming in
" “Is as an Bog (Taobh an Bhogaigh) mé, agus shíl muid go raibh daoine ag teacht isteach ón taobh amuigh agus ag baint úsáide as an Tuaisceart mar chineál goldfish bowl.
Thuig muid uilig dó. We understood where he was coming from.
teacht na nuatheicneolaíochta. the coming of new technology.
" ” **Teacht na nuatheicneolaíochta**Ó thaobh na meán i gcoitinne de, measann Ó Murchú gurb é an dúshlán is mó atá le sárú faoi láthair ná teacht na nuatheicneolaíochta.
ag teacht chun cinn coming up
" “Tá sé ríthábhachtach dúinn taighde agus forbairt a dhéanamh go leanúnach ar na rudaí a bheas ag teacht chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de, ó thaobh riachtanais na gcraoltóirí de, i dtaobh an idirlín agus i dtaobh dhúnadh na bearna idir an teilifís agus an t-idirlíon.
i ndiaidh teacht chun solais after coming to light
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
ag teacht chun cinn coming up
" Beidh a lán athruithe ag teacht chun cinn maidir le cúrsaí caidrimh idirnáisiúnta, áfach.
ag teacht chun cinn coming up
" Is teicneolaíocht iontach é seo ach dá dtarlódh sé go raibh comhlachtaí árachais sláinte ag iarraidh ort na sonraí sin ar fad a roinnt leo, an mbeifeá sásta é sin a dhéanamh? Tá ceisteanna suimiúla eitice ag teacht chun cinn de bharr na dteicneolaíochtaí nua seo ar fad agus is cinnte nach Google an t-aon dream a bheidh ag baint geite as daoine amach anseo.
ag teacht faoi bhrú coming under pressure
" Agus dealraíonn sé go bhfuil Harney ag teacht faoi bhrú géilleadh dá n-éileamh.
ag tarraingt ar an tír seo coming to this country
" Is cinnte fosta go mbeidh go leor daoine polaitiúla mór le rá na coigríche – idir lucht tacaíochta, dóibh siúd atá in aghaidh an chonartha agus “*headbangers*”, más fíor d’Enda Kenny – ag tarraingt ar an tír seo sna míonna beaga amach romhainn lena gcás a leagan os comhair an phobail.
teacht agus ag imeacht coming and going
" Bhí stór amhrán den scoth aici cionn is go raibh feirm ag a teaghlach agus bhíodh daoine as achan cearn den tír agus as Albain i gcónaí ag teacht agus ag imeacht le bheith ag obair uirthi.
a bheas ag teacht chun cinn which will be coming up
" Ach is comhartha láidir é toradh an vóta seo maidir leis an dóigh ina bhfuil ag éirí le páirtí, agus tugann an vóta móiminteam don bhuaiteoir agus é ag tabhairt aghaidhe ar na cácais a bheas ag teacht chun cinn i stáit eile go gairid ina dhiaidh sin.
ag teacht ina treo? coming in her direction
" Chuir an timpiste iontas orm – cén dóigh nach bhfaca an bhean leoraí mór mar sin ag teacht ina treo? Agus cén dóigh nach bhfaca an tiománaí an bhean? CaochspotaD'inis mé an scéal do chara de mo chuid, Dave, a bhí ina thiománaí leoraí ar feadh na mblianta.
go mbeinn ag teacht agus ag imeacht that I'd be coming and going
" Bhíodh sé deacair coimitmint a thabhairt d’aon dream eile go ndéanfainn obair dóibh mar go mbíodh a fhios agam go mbeinn ag teacht agus ag imeacht an t-am ar fad.
sna glúnta atá le teacht in coming generations
" Agus chuile sheans go mbeidh áit chomh lárnach ag carachtair mar Bhrian na mBromanna i saol na bpáistí sna glúnta atá le teacht is a bhí ag Judge agus Sneaky the Snake agus Foxy i saol na ndaoine atá ar comhaois liomsa.
ag teacht go leanúnach coming continuously
" An bháisteach a bhí ag titim an mhí ar fad ag teacht go leanúnach.
agus tú anois ag teacht chuig deireadh do réime. coming to the end of your power
" ceart go leor, a eagarthóir, seo é: Balor: Míle buíochas leat, a Ian, siocair gur roghnaigh tú mise as measc iriseoirí uile na Gaeilge agus an Bhéarla agus na Polainnise, le cúpla ceist a chur ort agus tú anois ag teacht chuig deireadh do réime.
ag teacht le chéile coming together
" Deir sé go mbeidh Moving Hearts ag teacht le chéile ag deireadh na bliana seo arís agus ar an bhliain seo chugainn chomh maith agus go b’fhéidir go ndéanfaidh Planxty roinnt ceolchoirmeacha sna blianta atá amach romhainn fosta.
ag teacht isteach ón fhuacht. coming in from the cold.
" Ba mhaith liom fáil amach, ní hamháin faoin díograis chreidimh agus pholaitiúil, ach faoin tsíceolaíocht a spreag cuid de na huafáis a raibh sé páirteach iontu agus daoine á ngríosú aige le máirseáil trí áiteanna nach raibh fáilte rompu – agus tá muid ag caint ar thríocha bliain roimh ghéarchéimeanna Bhóthar Gharbh Achaidh! Dá bhfeicfeadh sé toradh a chuid saothair, an ndéanfadh sé gach rud mar a rinne?Ar an drochuair, ní bheidh an tOirmhinneach ag plé le ceisteanna tábhachtacha den chineál seo sa leabhar; beidh sé ag díriú ar na cúig bliana a chaith sé ag teacht isteach ón fhuacht.
teacht agus imeacht coming and going
" Tógann an turas trí lá, agus is cinnte gur cuid lárnach den saol cois locha é teacht agus imeacht an ILALA.
ag teacht i dtír. coming inland
" “*Failt erriu dys Mannin”* (Fáilte romhat go Manainn) a bhí scríofa ar chomhartha agus mé ag teacht i dtír.
Ag druidim le trí a chlog ar maidin coming up to three in the morning
"Ag druidim le trí a chlog ar maidin, bhí Barr an Chúma ciúin.
Bhí na sluaite ag tarraingt ar an áit crowds were coming to the place
" Bhí na sluaite ag tarraingt ar an áit agus ag íoc airgid mhaith le hamharc ar an Tóirse Míorúilteach.
ár ndomhain ag teacht le chéile our worlds are coming together
" Déanann muid gáire le chéile, ag rá gurb éard atá ag tarlú ná go bhfuil ár ndomhain ag teacht le chéile – na heilimintí uilig ag bualadh i gcoinne a chéile; tintreach agus toirneach, scamaill agus báisteach.
ag teacht in aois fir coming of age as a man
" Nath eile a thaitin liom ná “ag teacht i gcrann”, is é sin, ag teacht in aois fir.
ag teacht chun solais is coming to light
" I ndomhnach, tá sé ag teacht chun solais anois gur goideadh nó gur scriosadh go leor den airgead a chuir gnáthinfheisteoirí faoi choimirce na mbancanna agus na gcomhlachtaí airgeadais.
ag teacht i dtír landing, coming ashore
" Nuair a thosaigh iarrthóirí na hÁise ag teacht i dtír as báid neamhúdaraithe ag lorg tearmainn go luath sna nóchaidí, cuireadh i bhfeidhm beartas na coinneála éigeantaí, ar bhonn tacaíochta dépháirtí.
teacht chun solais coming to light
" Géarchéim an Gheilleagair Anois don chéad uair tá sé ag teacht chun solais chomh cóngarach do chiumhais na haille a tháinig an tír i ndeireadh 2008 agus tús 2009.
teacht i gcumhacht coming to power
" Beidh cuid mhór sna páipéir nuachta an mhí seo fá imeacht a tharla 30 bliain ó shin an tseachtain seo - teacht i gcumhacht Margaret Thatcher mar Phríomh-Aire na Breataine ar an 4ú Bealtaine 1979.
á fhíorú is coming to pass
" Tá an chuma ar an scéal gurb é an dearcadh diúltach atá á fhíorú.
tíocht coming
" Bhí triúr ar an bpáirc an lá sin a ainmníodh ar Fhoireann Iomána na Mílaoise: Christy Ring (38), an tosaí cumasach as Chorcaigh, a bhí ag tíocht ag deireadh a ré; John Doyle (30), an fear láidir scafánta ó Thiobrad Árann a bhí i mbarr a mhaitheasa; Jimmy Doyle (20), an gréasaí ciotógach as Dúrlas Éile, a chabhraigh le Tiobraid Árann cluichí go leor a bhuachaint lena chruinneas chun scóranna a aimsiú.
ag tuilleadh flooding, coming in
" Shuínn ar charraig ag breathnú ar an dtaoide ag tuilleadh is ag trá, tonn bheag ar thonn mheasartha mhór, ar thonn mhór.
ag bláthú is coming on beautifully
bláthú na síochána the coming to bloom of peace
" Is cúis mhór shásaimh dom fosta bláthú na síochána i dTuaisceart Éireann agus feabhsú an ghaoil idir pobail ar an dá thaobh den teorainn.
ag teacht i réim coming to power
" Go deimhin, agus í ag teacht i réim, tá an Bhrasaíl ar thairseach ré nua mar chumhacht domhanda.
an Domhnach beag seo this Sunday coming
" Toisc nach lá saoire é sa Fhrainc an ceathrú Déardaoin i mí na Samhna, an lá ar a gceiliúrtar Lá an Bhuíochais sna Stáit Aontaithe, tá sé socraithe acu go gcaithfear an féasta an Domhnach beag seo.
míonna amach romhainn coming months
" Caithfear plé oscailte agus macánta a dhéanamh ar na ceisteanna seo sna míonna amach romhainn agus ins an fheachtas toghchánaíochta go mór mór.
ag druidim le coming towards
" Bhí sé ar an léarscáil gur cheart cosán seanbhóthar Rómhánach a leanacht agus bhí fhios agam go raibh mé ag druidim le Ribchester, nó Bremetennacym, mar atá tugtha ar an léarscáil fosta.
theacht is ar imeacht comings and goings
" Rinneadh magadh agus bithéamh ar na daoine ciallmhara sin a d’éiligh Údarás Calafoirt do Chuan Bheantraí le smacht a choinneáil ar theacht is ar imeacht na n-ollsoithí ola.
ag tíocht coming
" Ó toghadh Mícheál Martin ina cheannaire ar Fhianna Fáil tá brú ag tíocht ar Fhine Gael agus ar an Lucht Oibre.
ag téarnamh coming to, recovering
" Tá na Gaeil ag téarnamh de réir a chéile, d’ainneoin na mbacainní ar fad atá curtha roimh an *‘social fact par excellence’*.
ag teacht i gcabhair ar coming to the aid of
" Dar leo tá siad tinn tuirseach fosta de bheith ag teacht i gcabhair ar na náisiúin Eorpacha eile a chaith a maoin go rabairneach.
ag teacht anuas coming down
" Is cuimhin liom na smaichtíní ag teacht anuas orainn ó na póilíní capaill, agus fuil ar eitilt tríd an aer, ag scairdeadh mar anlann trátaí as buidéal a fáisceadh i siopa sceallóige.
teacht chun talún coming to earth
" Bheadh scileanna scannáin Leni Riefenstahl de dhíth ar an té a léireodh teacht chun talún an tsaorspioraid eisceachtúil áirithe seo.
b’fhada liom I thought it long in coming
" Bhí sé ann, ach b’fhada liom an fanacht leis.
an doras isteach coming in the door
" Chonaic sí mise an doras isteach.
ag teacht i dtreis anois coming into its own
" An é an meath ar an scríobh agus ar an léitheoireacht a tháinig le himpireacht an idirlín is cionsiocair leis seo? Nó an é nach bhfuil an méid spéise céanna i gcúrsaí staire sa lá atá inniu ann agus a bhíodh achar gairid ó shin? An bhfuil an ghlúin nua atá ag teacht i dtreis anois níos dírithe ar an am i láthair ná ar oidhreacht choiteann an duine? Glúin Úr agus Gluaiseacht Úr =============== Más mar sin é, bheadh cosúlachtaí móra idir ghluin óg an lae inniu agus glúin Kerouac.
isteach is amach coming and going
" Bíonn chuile shórt duine, idir óg is aosta, isteach is amach ann agus is iomaí cineál ceoil a bhíos le cloisteáil agus scéil a bhíos á chíoradh ann ó mhaidin go hoíche.
ag tíocht chun cinn le muid a fhuascailt coming forward to free us
" How can it produce anything good in literature, art, or institutions as long as it is actuated by motives so contradictory?”* Ar ndóigh, ní mar a chéile an cás inniu le 120 bliain ó shin ach sa méid is go bhfuil an tír bheag atá againn i gcruachás arís agus gan de chuma ar an scéal go bhfuil aon smaointeoireacht nua ag tíocht chun cinn le muid a fhuascailt in aon bhealach.
ag teacht i ndáil comhairle lena chéile coming together to discuss
" Is fada siar anois a thosaigh dhá thaobh an phobail i nDoire ag teacht i ndáil comhairle lena chéile lena gcuid fadhbanna a réiteach.
ag teacht anuas ag cleachtadh coming down training
" Agus is cuimhneach liom i mo shuí in Amharclann na Mainistreach agus bhí na suíochán thíos an staighre sa foyer agus is cuimhneach liom ag breathnú orthu ar fad ag teacht anuas ag cleachtadh agus chuas suas agus dúirt sé “bhuel tá folúntas agus tosóidh tú ar an Luain”.
ar shála leithéid coming in the wake of
" An Múnla ==== Tá sé faiseanta, ar shála leithéid *‘Priceless’* (2006) - atá sárthaithneamhach, dála an scéil - agus ag cur san áireamh a chéad mór-ruathar ceallalóide *‘Amelie’* (2001) go mbeadh criticí téagartha (ina mbreithiúnas féin, gan amhras) ag fanacht leis an ról gairmshainithe sin di.
ag tíocht coming
" Is cuimhin liom daoine ag tíocht anseo ar an Spidéal agus chloisfeadh siad daoine ag labhairt Gaeilge Tigh Hughes thimpeall orthub agus baineadh geit astub.
teacht ré na haibhléise the coming of electricity
" Ceann de na dul chun cinn is tapúla ó chruthú an *printing press* ná teacht ré na haibhléise.
ag dul i ngleic coming to grips
" Déantar staidéar ar na braistintí scoiteacha a mhothaíonn an bheirt acu agus iad ag dul i ngleic lena gcailliúint chomh maith leis an scéala gur coinníodh baill coirp a n-iníne, Teresa, san otharlann i ngan fhios dóibh.
ag teacht chun cinn coming ahead
" Tá na mná ag teacht chun cinn, rud atá go maith.
Cé Tá Chugainn who’s coming to us
" Cé Tá Chugainn? ======= Baineann gné eile leis an scéal seo fosta.
anuas im’ éadan coming down the mountain
" Cúpla lá ina dhiaidh sin ar shliabh Galltachta bheannaigh mé don chúigiú duine, b’fhéidir, anuas im’ éadan.
ag teacht i gCabhair ar an tSaoránacht coming to aid citizenship
" Ach cén bhrí atá leis an tsaoránacht ó thaobh an linbh de mura bhfuil ceart aige a bheith tógtha ag a thuismitheoirí in aonad teaghlaigh ina thír dhúchais? An tAE ag teacht i gCabhair ar an tSaoránacht ===================== D’fhág breithiúnas na Cúirte Uachtaraí go raibh ar inimircigh nár chomhlíon coinníollacha an IBC/05 Scheme imeacht as an tír.
a theacht ar cuairt coming on a visit
" Ní fada uainn anois an Nollaig, a chairde, agus ní fada uainn an Fear Dearg a theacht ar cuairt lena chuid bronntanas ar an sleamhnán.
suaimhneas agus ciall ag teacht i réim peace and sense coming to the fore
" Ní fheicfimid suaimhneas agus ciall ag teacht i réim go dtí sin.
bheadh ag tíocht i gcomharbacht ar would be coming in place of
" An Clár Tacaíochta Teaghlaigh: ============= Ar an gcéad dul síos bhí an tAire Stáit tagtha inár láthair chun an Clár Tacaíochta Teaghlaigh, a bheadh ag tíocht i gcomharbacht ar Scéim Labhairt na Gaeilge a fhógairt.
teacht i gcumhacht the coming to power
" B'in an 11 Samhain 2005 agus idir sin agus teacht i gcumhacht Fhine Gael bhain pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta na sála dá chéile ag iarraidh a chinntiú nach dtiocfadh bhláth ar an bheartas seo.
ré ag teacht chun críche an era was coming to an end
" Ba bheag a thuig mé an t-am sin, samhradh breá na bliana 1995, go raibh ré ag teacht chun críche – ré na monaplachtaí náisiúnta ar nós British Telecom, ré na dtionscnamh mór fada, ré na hoibre tomhaiste seasmhaí, ré na gcúrsaí fada traenála, ré an mhaorlathais trom, ré na scáileán dubh agus bán (sea, sa bhliain 1995!).
Tá borradh ag teacht arís faoin Ghaeilge Irish is coming back again
" Tá borradh ag teacht arís faoin Ghaeilge in Éirinn agus thar lear le blianta beaga anuas.
Tá an tuar ag teacht fán tairngreacht what was foretold is coming to pass
" ” (Aindí na hArdteiste in ‘Ar Son na Cúise’ Foinse 23 Feabhra, 2003) Tá an tuar ag teacht fán tairngreacht.
gur féidir níos mó a mhothú aníos ón mbóthar one can feel more of the road coming through
" Seachas sin is beag locht atá uirthi ó thaobh tiomána de – cé gur féidir níos mó a mhothú aníos ón mbóthar ná mar is ceart.
chruthódh a leithéid de theacht le chéile folús such a coming together would create a vacuum
" Cothaíonn agus beathaíonn an dá pháirtí a chéile agus chruthódh a leithéid de theacht le chéile folús don eite chlé a bheadh ina údar imní dá lucht leanta.
ag teacht in inmhe ar an idirlíon coming to the fore on the internet
" Tá sí ag teacht in inmhe ar an idirlíon.
ach ag cur tuisceana ar an scéal seo just coming to understand matters
" (Crime and the Great Recession, City Journal, Samhradh 2011) Is cosúil nach bhfuil na coireolaithe ach ag cur tuisceana ar an scéal seo.
ag gabháil i dtreo na tuairime coming around to the opinion
" Táim féin ag gabháil i dtreo na tuairime gur chóir bliain a chaitheamh ag obair roimh fhreastal ar an ollscoil, ach níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta! Ach má éiríonn leat agus má shocraíonn tú ar freastal ar an tríú léibhéal, ná bac leis an gcarr nua a thairg do thuismitheoirí duit do thorthaí maithe: iarr liúntas teicneolaíochta uathu agus ceannaigh na giuirléidí seo a leanas.
athachtú ar theacht an Chéad Chabhlach a re-enactment of the coming of the first fleet
" Reáchtáladh athachtú ar theacht an Chéad Chabhlach i gCuan Sydney mar mhír lárnach an cheiliúrtha.
an doras isteach coming in the door
" Duine díobh sin, Tomás, bhí sé ag obair i siopa leabhar Ystwyth ar an mbaile i rith an tsamhraidh, agus nuair a chonaic sé an doras isteach mé, is i nGaeilge a bheannaigh sé dom.
nach raibh sé ag tarraingt orthu it wasn’t coming at them
" Tar éis dóibh súil a choinneáil ar rian an diúracáin ar feadh cúpla bomaite eile, thuig na Rúisigh nach raibh sé ag tarraingt orthu.
gan teacht aghaidh ar aghaidh without coming face to face
" com/start-ups/item/34493-finalists-for-2013-esb/> Déamar Ár Linne is ea Marcas ========= Má tá spéis sa réimse teicneolaiochta agat, ní mhairfidh tú i bhfad gan teacht aghaidh ar aghaidh le cultas na ngnóthaí nua.
ag teacht aníos a d’fhreastail ar coming up who attended
" “Anois tá daoine óga ag teacht aníos a d’fhreastail ar Diwan (scoileanna tumoideachais Briotáinise) nó ar Div Yezh (scoileanna dhátheangacha) agus daoine a bhfuil cúrsa STUMDI (eagraíocht ranganna do dhaoine fásta) déanta acu.
ag tíocht anseo coming here
" "Beidh dhá mhíle gasúr ag tíocht anseo an bhliain seo chugainn.
ar theacht isteach arís upon coming again
" “*I apologise for my appearance, but I have had a difficult time these past several years*” arsa Northup, ar theacht isteach arís i gcomhluadar a mhnaoi is a theaghlaigh tar éis cruatan agus brúidiúlacht an dá bhliain déag a d’imigh roimhe a chur de.
ag teacht in inmhe coming to fruition
" H: Cad iad na deacrachtaí is mó atá le sárú ag an nglúin óg ceoltóirí atá ag teacht in inmhe anois meas tú – más mian leo slí bheatha a bhaint amach i réimse an cheoil?** N.