Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thionscnamh to commence
" Leagan amach nua maidir le himirt agus rannóga imeartha a thionscnamh.
tionscnaíodh was commenced
" Shamhlaigh NATO, is léir, nuair a tionscnaíodh an eachtraíocht fhuilteach seo i Libia go dtiontódh na daoine in aghaidh Qathafi, ach ní mar sin a tharla.
Cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach European settlement commenced
" Cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach san Astráil mar áitreabh pionóis agus bhí tionchar bunúsach ag na daoránaigh ar shaíocht na tíre.
a thionsnamh to commence
" An Clár Tacaíochta Teaghlaigh: ========== Nuair a cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) anuraidh tugadh le tuiscint go raibh sé beartaithe cur chuige níos fearr a thionsnamh.
ar thug siad faoi which they commenced
" Is é an pobal féin a scríobhann na hailt seo, ag déanamh cur síos go minic ar thogra ar thug siad faoi chun inneallra nó rud éigin ina saol féin a dhéanamh níos fearr nó níos gaire don rud atá uathu ná an fearas olltáirgthe as áit éigin i bhfad thar lear.
bhunaigh an rialtas the government commenced
" Chun plé le tuismitheoirí na saoránach óg seo, bhunaigh an rialtas an Irish Born Child Scheme – nó IBC/05 Scheme.
thosaigh ceannaithe rachmasacha capitalist merchants commenced
" Tháinig an earnáil tionslaíochta agus tráchtála chun cinn go mór faoin tsaoirse nuaghnóthaithe seo agus thosaigh ceannaithe rachmasacha, a bhí anois i gceannas ar chumhacht geilleagair na poblachta nua seo, ag cur spéise san ealaín i measc rudaí eile, lena gcuid airgid a chaitheamh uirthi.
a tionscnaíodh breis is which commenced more than
" Ní fhéadfadh an rialtas breitheamh gan Ghaeilge líofa a aistriú as limistéir ina raibh ceantar Gaeltachta ann, de réir an chomhairle a chur an Roinn Dlí is Cirt ar fáil i gcás cháiliúil chearta teanga a tionscnaíodh breis is 30 bliain ó shin.
Cuireadh tús leis an scéal seo this matter commenced
" Cuireadh tús leis an scéal seo ar an 11 Samhain, 1975 tráth ar tháinig an tUas.
thosaigh sileadh goir isteach as neascóid éigin an oozing of puss from some boil commenced
" Ar feadh i bhfad a deirim, ach le himeacht ama, ba léir gur thosaigh sileadh goir isteach as neascóid éigin i mball aineoil.
thionscain initiated, commenced
" ’Sé cúlra an scéil seo ná gur thionscain iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí athbhreithniú breithiúnach i 2011 le go gcuirfí i bhfeidhm treoir de chuid an Aontais Eorpaigh, ina raibh sé de dhualgas ar Éirinn agus ar gach ballstát eile lipéadú a dhéanamh i ngach teanga oifigiúil dá gcuid ar chógais agus ar na bileoga eolais a théann leo (Airteagal 63 de Threoir 2001/83/EC).
chrom sé ar na freagraí gonta a scríobh he commenced to write down the short answers
" Bhí peann tobair breá leis an dochtúir óg ar a chéad chuairt agus chrom sé ar na freagraí gonta a scríobh.
thosaigh cogadh nua láithreach a new war commenced immediately
" Agus na cimí nua sin sáite anois sa chóras Briotanach seo, thosaigh cogadh nua láithreach, cogadh faoi thalamh, cogadh bolscaireachta, agóidíochta agus urlabhra.
a thosnaigh le huirlisí cosúil le tairní agus sceanra which commenced with tools such as nails and knives
" Athchruthú na hEachtra ======= Chonaiceamar an t-allas ar leiceann D’Aughton mar aon le hualach na croise ar a dhroim, agus bhraith an lucht féachána go léir an phríomhimní a chur isteach go mór ar Chríostaithe an naoú aois déag: ar chóir creideamh uilíoch a chruthú ar dhúnmharú uafásach duine soineanta, dúnmharú a cuireadh i gcrích le linn cúpla uair, dúnmharú a thosnaigh le huirlisí cosúil le tairní agus sceanra agus a chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg? B’shin an rud a bhí i gceist ag Julian Morrow, an múinteoir líofa san úrscéal The Secret History nuair a mhínigh sé dá rang: “ *‘The Roman genius, and perhaps the Roman flaw*’, he said, ‘*was an obsession with order….
Cromann commences
" Droim Láimhe don Seanchas ========== Cromann de Paor fé mhionscagadh ar gach focal i ngach aon scéal dar chum an Cadhnach agus é ar thóir croílár a chuid intleachta liteartha.
tionscnaíodh (was) commenced
" I 2005, mar shampla, tionscnaíodh FRONTEX, eagraíocht a chuireann roimpi faireachas agus rialú teorainneacha seachtracha an AE a threisiú trí ghníomhaíochtaí na mballstát a chomhordú is trí patról a dhéanamh ar na teorainneacha seachtracha idir mhuir is thír.
luíomar isteach ar we commenced
" D'ordaigh an triúr againn piontaí (trí Bhéarla) agus luíomar isteach ar chomhrá.
Tá ré nua agóidíochta tosaithe a new era of protest has commenced
" Tá ré nua agóidíochta tosaithe i measc lucht na Gaeilge agus tá creathadh bainte as an rialtas.
le feiceáil in dhá chás cúirte a tionscnaíodh to be seen in two court cases commenced
" Bhí a chruthúntas nár éirigh leis na spriocanna a leagadh síos nuair a cuireadh deireadh leis an Ghaeilge éigeantach le feiceáil in dhá chás cúirte a tionscnaíodh i 2010 inar tugadh cúiteamh airgid do bheirt iarrthóirí siocair nár cuireadh marcanna breise dá gcumas i mBéarla agus i nGaeilge san áireamh agus iad i mbun comórtais inmheánacha.
thosaigh dreamanna groups commenced
" Ó fhógairt an toghcháin, thosaigh dreamanna i Montréal ag maíomh go mbainfeadh siadsan neamhspléachas amach mar chathair - cosúil le Singeapóir nó Monacó- agus go bhfeidhmeodh sé mar sin ar mhaithe le geilleagar.
ach ag tosnú ag borradh just commenced expanding
" Muintir nach bhfuil ach ag tosnú ag borradh agus nach staonfaidh dá n-iarracht nó go mbíonn siad go hiomlán ina máistrí ar a ngraithí.
ag casadh na mílaoise as the new millennium commenced
" Tábhacht na Nuála ======== Thuig muidne in Oideas Gael ag casadh na mílaoise nach raibh freastal ceart á dhéanamh ar phobal léitheoireachta na Gaeilge.