Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcoinne a gcomrádaithe against their comrades
" Tathant ar dhaoine a gabhadh fianaise a thabhairt i gcoinne a gcomrádaithe ba bhonn leis an chóras "*supergrass*.
ag moladh dá chomrádaithe advising his comrades
" Tá mearchuimhne agam ar litir nó ar alt a scríobh Frank Kermode áit éigin ag moladh dá chomrádaithe i saol na litríochta sa Bhreatain eiseamláir an *New York Review of Books *a leanúint nuair a bhí an fhaill acu.
ag moladh dá chomrádaithe advising his comrades
" Tá mearchuimhne agam ar litir nó ar alt a scríobh Frank Kermode áit éigin ag moladh dá chomrádaithe i saol na litríochta sa Bhreatain eiseamláir an *New York Review of Books *a leanúint nuair a bhí an fhaill acu.
chomrádaithe contae county comrades
" Maidir leis an imreoir, tá seans ann nach mbíonn mórán deise aige taitneamh a bhaint as an éacht atá déanta aige féin agus ag a chomrádaithe contae toisc go bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar an gcéad dúshlán eile i gcraobhchomórtas na gclub ina chontae féin.
ba chomrádaithe muid we were comrades
" "Ar ais i Learpholl bheadh muid ag troid lena chéile, ach sa chathlán seo ba chomrádaithe muid," arsa Jim.
mo sheanchomrádaithe my old comrades
" “Tá mo sheanchomrádaithe ag tréigean an tsaoil seo.
a gcomrádaithe their comrades
" Bhí na hairm mar *sine qua non *ghluaiseacht na poblachta ó tháinig Wolfe Tone, Henry Joy McCracken agus a gcomrádaithe le chéile ar Chnoc na hUaimhe i 1795 leis na hÉireannaigh Aontaithe a bhunú.
iarchomrádaithe former comrades
" Seo ceist: An raibh O’Toole ag seasamh le líne eagarthóireachta an Raghallaigh, rud a mbítear ag súil leis, fiú muna dtacaíonn na fíricí leis an líne eagarthóireachta chéanna? Ar chreid O’Toole gur iarchomrádaithe neamhúdaraithe a bhásaigh Donaldson - ar son onóra agus ar son chuimhne na n-óglach a thit de bharr fhaisnéis sceite an bhrathadóra? Deir “srón” an tseaniriseora ormsa gur mar sin a bhí an scéal le Michael O’Toole.
dá gcomrádaithe for their comrades
" Murach an GMP, bheadh Alan Clair, Roy Barwise agus John Irwin fós saor, ag smuigleáil gunnaí agus drugaí dá gcomrádaithe sa UVF i mBéal Feirste.
a chomrádaithe his comrades
" a chomrádaithe agus a chairde a thóg an leacht seo.
dála a sheanchomrádaithe, like his old comrades,
" Fear gealgháireach is ea Bernard McKenna, atá sna 90í, dála a sheanchomrádaithe, agus ní raibh sé ach 21 bliain d’aois i 1936 nuair a d’fhág sé a phost i monarcha theicstílí i Manchain le dul go dtí an Spáinn.
lena sheanchomrádaithe, with his old comrades,
" Chaill sé teagmháil lena sheanchomrádaithe, thiontaigh sé i dtreo drugaí agus alcóil agus tá fadhbanna sláinte anois aige.
a bheirt chomrádaithe his two comrades
" Chan an cairéad a d’úsáidfeadh Garage ach an bata, agus níl mé ag trácht ar a bheirt chomrádaithe Joe Lena Ó Donut agus May Mac Ránais, cé go dtuigim cén fáth go gceanglódh daoine an bheirt sin ina n-aigne le bata – iad tiubh agus trom agus dolúbtha.
lenár gcomrádaithe gnó nua. with our new business comrades.
" Muid an-sásta lenár gcomrádaithe gnó nua.
a chuid comrádaithe his comrades
" Lena seal, aithníodh na páistí eile as a gcumas ceannasaíochta féin: bhí bua an cheoil ag Aodh agus Seán Bán; bhí deis a labhartha ag Annie agus Bríd; rinne Séamus scríbhneoir de féin; d’aithin a chuid comrádaithe san IRA cumas Dhónaill agus rinneadh captaen de.
a sheanchomrádaí ollscoile his old university comrade
" Tar éis an tsaoil, ámh, ná déan dearmad gur vótáil pobal Mheiriceá dó, ní uair amháin, ach faoi dhó, agus gur bhua sách éasca a fuair sé ar a sheanchomrádaí ollscoile John Kerry i dtoghchán 2004.
a chuid comrádaithe mallaithe. his damned comrades.
" Mhaígh rialtas na hIaráice gur léirigh a bhás go raibh an báire curtha ar an iardheachtóir agus a chuid comrádaithe mallaithe.
dá sceithfeadh sé ar a chomrádaithe. if he would give away secrets about his comrades.
" Agus é amuigh, ofráladh £50,000 dó dá sceithfeadh sé ar a chomrádaithe.
a chomrádaithe his comrades
" **Bás Sheáin**Bhí mé ag déanamh staidéir ar an dráma *Lá Fhéile Mhichíl* sa bhaile nuair a fuair mé scairt ó Mháirtín ar an 6 Márta 1988 le cur in iúl dom go raibh Seán agus a chomrádaithe marbh i nGiobráltar.
chomrádaí comrade
" " Cuireann sé síos uirthi mar chomrádaí agus deir sé nach bhfuil a dhath eile ar domhan agat má chailleann tú do chomrádaí.
leathbhádóir comrade
" ” Mire mhílaoiseach Ach má tá Palin claonta i leith Iosrael (d’inis sí do Shimon Peres nach raibh ach bratach amháin ina hoifig!), tá a leathbhádóir sinsearach, John McCain, splanctha i ndiaidh na tíre bige sin.
chomhghleacaithe comrades
" Dúirt sé go raibh sé ag súil go mbeadh tuiscint ní ba shoiléire ag a chomhghleacaithe ar an bhfadhb mar gheall ar na cuairteanna, agus go mbeadh smaointe ní b’fhearr acu le dul i ngleic léi.
comhleacaithe comrades
" Cad chuige an t-airgead agus cén fáth nár déanadh iarratas i scríbhinn ar a shon? An bhfuil bealach ar fáil don Seanadóir Ó Murchú le hidirbheartaíocht a dhéanamh lena chuid comhleacaithe i bhFianna Fáil seachas dul tríd na gnáthrúibricí? Cén dóigh a bheidh a fhios ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuiltear ag fáil luach a gcuid airgid ón mhéid a tugadh do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann nuair nár leagadh aon phlean foirmeáilte os a gcomhair roimh Cáinaisnéis 2009? Cén chumhacht draíochtúil atá ag an Ard-Stiúrthóir nuair a d’éirigh leis 60 oiread airgead ná mar a bhí á lorg aige a chrú as an Roinn fad is a bhí faobhar á chur ar an chorrán? Is cinnte go mbeadh suim faoi leith ag Údarás na Gaeltachta i bhfreagra na ceiste sin.
chomhghleacaithe comrades
" Bhí sé ag tabhairt tacaíochta do chomhghleacaithe a bhí ag fiosrú ionsaí ar bhean i gceantar Lismore Manor i gCraigavon.
comhghleacaí comrade
" Mar a dúirt an tUascán Ó Sáirsint, comhghleacaí le Molt Ó Gorm Liath sa Chomhaontas Glas: “Is ionann pictiúr agus míle focal, agus is ionann agallamh liomsa agus céad míle focal.
chomhghleacaithe comrades
" Ba ghearr mar sin gur ordaigh Morinigo go dtabharfaí cuid den talamh ba thorthúla i gCambacuá dá chomhghleacaithe.
comhleacaithe comrades
" Agus cén dream is mó atá thíos leis na moltaí úd? Colm McCarthy agus a chuid comhleacaithe a chur a oiread sin dua orthu féin clár ciorruithe a chur le chéile, clár ar tugadh droim láimhe dó don chuid is mó.
chomhleacaí comrade
" Ní raibh aon deacracht ag mo chomhleacaí, Máire Treasa Ní Cheallaigh, teacht ar dhaoine a bhí sásta barúil a nochtadh faoin dealbh nach raibh le feiceáil.
chomhghleacaithe comrades
" Maíodh go raibh cuid dá chomhghleacaithe ag éagnach go ciúin ar an tslí a rinneadh cinntí an rialtais gan chomhairle, ach chuir siad suas léi a fhad is a bhí gnaoi an phobail ar a gceannaire.
leathbhádóirí comrades
" Meas tú céard a cheapfadh an gnáth-Mheiriceánach faoi leithéidí Lieberman, a mhaíonn gurb é an stát Giúdach an comhghuaillí is fearr atá acu, dá mbeadh a fhios aige gur chuir gníomhairí Iosraelacha buamaí loiscneacha i saoráidí Meiriceánacha san Éigipt i 1954 le heasaontas a chothú idir Nasser agus SAM; gur mharaigh Iosrael 34 Meiriceánach nuair a d’ionsaigh siad an USS Liberty d’aon ghnó ar 8 Meitheamh, 1967; go ndearna spiaireacht na nIosraelach, go háirithe spiaireacht Jonathan Pollard, an-dochar go deo do SAM; go raibh cúigear gníomhairí Mossad ag scannánaíocht agus ag ceiliúradh ionsaithe 9/11; gurb é Iosrael agus a gcairde i Meiriceá foinse na faisnéise bréagaí i dtaobh na hIaráice; agus faoi go leor gníomhartha fill eile nach iad? Lena iarracht seo an t-idirlíon a mhúchadh, an é muintir Mheiriceá atá á chosaint ag Lieberman ó sceimhlitheoirí? Sin, nó an iad a leathbhádóirí fealltacha atá á chosaint aige ó mhuintir Mheiriceá?
gcomhghleacaithe comrades
" Bhí na Tóraithe i gcumhacht 52 bhliain den 89 mbliain ó bunaíodh an stát ó thuaidh go dtí i mbliana agus le linn an ama sin, nuair ba ghá, thug Coimeádaigh lántacaíocht dá gcomhghleacaithe i rialtas Aontachtach Stormont.
chomhleacaí comrade
" Ach ba de thaisme a tháinig Mandelson anseo agus é ag súil le haiséirí pholaitiúil, (tar éis dó éirí as oifig de bharr gur ghlac sé le hiasacht gan ús ó chomhleacaí leis, Geoffrey Robinson, le teach a cheannach fad is a bhí a chuid gnaithe á fhiosrú ag an Roinn a bhí faoi cheannas Mhandy.
lucht a gcomhchúise their comrades
" Ach in ainneoin go dtugann na mórchumhachtaí le fios nach ngéillfidh siad riamh do na héilimh a dhéanann fuadaitheoirí go n-íocfaí leo airgead fuascailte nó go scaoilfí as géibheann lucht a gcomhchúise ar an gcoinníoll go saorfaidís gialla, is minic mar sin féin go mbíonn daoine in amhras.
comhghleacaí comrade
" Scéal Rúin ==== Chaith Sharon Commins, oibrí leis an eagraíocht Goal, mar aon lena comhghleacaí, Hilda Kawuki, breis agus 100 lá i mbraighdeanas i 2009 nuair a ghabh fir faoi airm iad ón áit a raibh an bheirt acu ag obair in Kutum i dtuaisceart Darfur.
chomhleacaithe comrades
" Má tá Lynch agus a chomhleacaithe ciontach as an fheall sin a imirt, rinne Charlie McCreevy amhlaidh nuair a d’fhógair sé go gcaithfeadh sé a raibh aige.
comhleacaithe comrades
" Ó tharla go raibh lámh an tsaoiste i bhfostú sa sparán, mheas roinnt dá chuid comhleacaithe go raibh a leithéid d'iompar inghlactha.
comhleacaí comrade
" Ar fhágáil na páirce dom, dúirt comhleacaí eile as Cois Fharraige liom “is gnó é seo go príomha”.
comhghleacaí comrade
" Do Richard Bruton, comhghleacaí de shórt d’Enda Álainn Aoibhiúil, tá uaireadóir beag deas ceannaithe aige le bronnadh air am na Nollag.
chomhghleacaithe comrades
" Luaigh siad ceannach agus breabaireacht, a chreideann siad a bheith go forleathan san Afganastáin, agus an bhaint atá ag cuid nach beag de chomhghleacaithe Karzai i saothrú phoipíní an chodlaidín agus trádáil na hearóine.
comhghleacaithe comrades
" Ball foirne a bhí inti i ngréasán idirspleách an náisiúnachais chultúrtha agus tá aitheantas poiblí den chineál seo tuillte ag cuid mhaith dá comhghleacaithe.
chomhleacaí comrade
" Tuigim go mbeadh sé deacair don Aire Carey an sprioc a leag a chomhleacaí Éamonn Ó Cuív síos a tharraingt siar agus sprioc níos réadúla a chur ina háit.
comhghleacaí a comrade
" Chonacthas é mar ionsaí seicteach ar scoileanna Caitliceacha agus cháin comhghleacaí Robinson, an Leas-Chéad Aire, Martin McGuinness, an méid a bhí le rá aige, ag tabhairt rabhaidh dó gan dul i ndeabhaidh leis an Eaglais Chaitliceach ar cheist na scolaíochta.
a chomhghleacaí his comrade
" Ba léir gur shíl McGuinness nach raibh a chomhghleacaí inchurtha leis an dúshlán agus sin an fáth gur ghlac sé freagracht don Fheidhmeannas sa ghéarchéim.
chomhghleacaithe comrades
" Mhol an t-aon fheisire de chuid an Pháirtí Ghlais, Adam Bandt, an rún, a d’iarr ar a chomhghleacaithe sa teach dhá rud a dhéanamh: a thabhairt faoi deara go raibh pósadh comhghnéis dlite i dtíortha go leor eile, agus ceist an phósadh chomhghnéis a spíonadh leis an lucht vótála ina gcuid toghcheantar.
chomhleacaí comrade
" ================= Tabharfar an nod anseo do Rabbitte thar Alan Shatter ó Fhine Gael agus a chomhleacaí féin, Joe Costello.
iar-leathbhádóir ex-comrade
" Ina áit sin, d'fhéadfaí go mbronnfaí an post fíoríseal seo air (a bhaist a iar-leathbhádóir i nDún Laoghaire, David Andrews, 'the Minister for Fish and Ships' air!) Is dócha ná a mhalairt gur cheapachán ghearrthréimhseach a bheas anseo.
gcomhleacaithe comrades
" Chuaigh an ITGWU ar stailc i mBaile Átha Cliath, ag taobhú lena gcomhleacaithe i Sasana, agus Jim Larkin, Éireannach a rugadh i Learpholl ina cheannaire orthu.
comhpháirtí comrade
" Theith comhpháirtí Khodorkovsky sa choireacht, Leonid Nevzlin, go hIosrael sula bhfuarthas ciontach in absentia é as ordú dúnmharuithe polaiteoirí agus lucht gnó a chuir isteach ar phleananna leathnaithe Yukos.
chomhghleacaithe comrades
" Agus é ina chathaoirleach ar an gCácas Comhdhála um Chearta an Duine, chuir sé dallamullóg ar a chomhghleacaithe agus ar an bpobal maidir le ‘Nayirah,’ iníon ambasadóir Chuáit, a d’inis an scéal faoi shaighdiúirí Saddam ag caitheamh leanaí amach as goradáin otharlainne — bréag a chuir ina luí ar dhaoine tacú le Cogadh na Murascaille.
chomhbhádóir comrade
" Ar bord chomh maith tá an staraí agus an saineolaí ar logainmneacha, Breandán Ó Cíobháin; an file agus an sárscéalaí Danny Mac an tSithigh as Corca Dhuibhne; Dónal de Barra as an gCláir agus mo chomhbhádóir as Conamara, Ruairí Ó Tuairisg.
a gcomhghleacaithe sinsir their senior comrades
" 
Ar an 26u Márta 2007, chonaic muid Ian Paisley agus Gerry Adams fána lile Cásca, ina suí le chéile, a gcomhghleacaithe sinsir thart orthu agus iad ag fógairt go mbunófaí feidhmeannas ag Stormont ar an 8ú Bealtaine, feidhmeannas ina mbeadh náisiúnaithe agus aontachtaithe ag roinnt cumhachta lena chéile.
a chomhghleacaithe his comrades
" Tá treoir agus féinmhuinín tugtha aige d’iománaithe na príomhchathrach agus luach a shaothair agus saothar a chomhghleacaithe agus daoine a tháinig roimhe le feiceáil anois.
a gcomhghleacaithe their comrades
" Agus creid é nó ná creid: is fearr an Ghaeilge a bhíonn ag daltaí ghnáthmheánscoileanna na hÉireann tar éis na hArdteiste ná an Béarla a bhíonn ag a gcomhghleacaithe sa Bhrasaíl, áit a bpléitear an t-ábhar céanna sa rang Béarla bliain i ndiaidh bliana: an briathar to be.
chomhghleacaithe comrades
" Duine de bhunaitheoirí Chraobh Melbourne de Chonradh na Gaeilge a bhí ann, agus díreach cosúil lena chomhghleacaithe in Éirinn, bhain sé leas as an nuachtán chun a smaointe a chraobhscaoileadh: d’oibrigh sé mar eagarthóir ar “Our Gaelic Column” sa nuachtán The Advocate, ó 1902-1912.
leathbhádóir comrade
" Ba iad Joe Lieberman agus a leathbhádóir John McCain, ar na páirtínigh Iosrael is láidre ar Chnoc an Chaipeatóil, a chuir rún faoi bhráid Seanad SAM maidir le limistéar faoi chosc eitilte a chur i bhfeidhm os cionn na Libia.
chomhghleacaithe comrades
" É sin ráite, agus b’fhéidir gur deacair é a chreidbheáil, ach tá mórán daoine óga ann inniu nár chuala trácht riamh ar Kerouac ná ar a chomhghleacaithe, Neal Cassady agus eile.
leathbhádóir rámha comrade oarsman
" "Bhíodh beirt in gach ceann acu - leathbhádóir rámha, is dócha, " a dúirt Paul.
chomhghleacaithe comrades
" Is mó go mór an trioblóid a bhíonn agam le mo chomhghleacaithe sa Rialtas: muintir Pháirtí an Locht Oraibhse.
a chomhleacaithe his comrades
" Smaoinigh go raibh an Ghaeilge á labhairt mar theanga cheannais chumarsáide ag breis is milliún duine ag an am a raibh an Donnabhánach agus a chomhleacaithe ag béarlú na logainmneacha ar fud na tíre.
a chomhghleacaithe his comrades
" Dúirt Pádraig Mac Piarais gur rud maith é airm a fheiceáil i lámha Éireannacha agus é ag tagairt don UVF, agus fiú leithéid Brinsley Macnamara ina leabhar, *The Clanking of Chains*, deir sé gur chuir Carson agus a chomhghleacaithe san UVF “breochloch in anam an náisiúnachas Éireannaigh”.
a chomhghleacaithe ag fáil réitithe de his comrades are nullifying
" (Tá Ó hEára agus a chomhghleacaithe ag fáil réitithe de níos mó stáisiún póilíneachta ná mar a rinne an IRA riamh! Féach <http://www.
is amhlaidh go mbeidh a chomhghleacaithe traenála agus oiliúna it happens that his training comrades shall
" Ní hamháin sin, ach is amhlaidh go mbeidh a chomhghleacaithe traenála agus oiliúna (an gá oiliúint a chur ar iománaithe Chill Chainnigh fós?), Martin Ó Fógartaigh agus Mícheál Ó Díomsaigh, ag fanacht chun cabhrú leis.
a chomhghleacaithe mallaithe Ciarraíocha its beloved C. comrades
" Ag Saothrú Meas Namhad ============ A fhad is a bhain sé liom féin áfach agus mé mar bhall de Arm Heffo (fonóta thíos) sna seachtóidí agus ochtóidí, ba é Páidí Ó Sé an namhaid, namhaid nach raibh de chuspóir agus de phléisiúr sa saol aige agus ag a chomhghleacaithe mallaithe Ciarraíocha ach croí gach ‘Dub’ a bhriseadh chomh minic agus ab fhéidir.
a chomhghleacaithe athbheocana his revivalist comrades
" *” Thuig Joyce go glé glinn an chumhacht a bhain le meán ársa a breacadh i dteanga na cosmhuintire, agus thuig sé freisin gur Moses nua ab ea Dúbhghlás de hÍde agus a chomhghleacaithe athbheocana.
lenár gcomhghleacaithe with our comrade
" Tá sé thar am againn comhstádas tuarastail a fháil lenár gcomhghleacaithe sa Ríocht Aontaithe agus ar fud na hEorpa.
Thug mé liom leathbhádóir de mo chuid I took a comrade of mine with me
" Thug mé liom leathbhádóir de mo chuid as an bPolainn, agus chuir muid clár ar bun in éineacht le duine d’fhilí oirthear na hEorpa.
Ní raibh mo leathbhádóir chomh bagrach céanna my comrade wasn’t as threatening
" Ní raibh mo leathbhádóir chomh bagrach céanna, ach mhaslaigh sé dona go leor iad trí mhíniú dóibh os ard i mBéarla nár aithin siad teanga na hÉireann, an Ghaeilg, agus choinnigh air i bhfad ag rachtaíl gáire ina ndiaidh! Choinnigh siad orthu ag gearradh bealaigh go maolchluasach, ach is é an trua nach bhfaca slua ceart iad, mar roghnaigh siad sráid bheag choisithe lena sonc maslach a thabhairt do na ‘heachtrannaigh’ na teanga aduaine.
dá chomhghlacaithe to his comrades
" Glactar go forleathan leis gurbh é an leabhar seo príomhshíol Stát na hIosráile againne, leabhar inar mhínigh Herzl dá chomhghlacaithe cén fáth ná féadfaidís brath a thuilleadh ar thrócaire na liobrálaithe Gearmánacha.
a chuid comhghleacaithe ar fad all his comrades
" Chaith sé deich mbomaite ag moladh Jimmy *When He Was Winning Matches Mc Guinness*; luaigh sé a chuid comhghleacaithe ar fad ar Chomhairle Contae Dhún na nGall; thug sé íde na muc is na madraí dóibh siúd a scar an contae amach óna chúlchríoch nádúrtha dúchasach, ach… abairt ná nath ná fiú focal ar bith ní dúirt sé faoi phearsa úrcheapaithe na bliana reatha, Liam Uasal Ó Cuinneagáin.
lena cur faoi ndeara a chomhleacaithe to bring to his comrades attention
" Chuige sin bhí an litir ag impí ar Dinny Mc Ginley rud éicint fiúntach a dhéanamh sa dhá bhliain atá fanta aige in oifig lena cur faoi ndeara a chomhleacaithe sa rialtas ‘go dteastaíonn athrú i meon, athrú i bpolasaí agus athrú sa gcur chuige’.
comhghleacaithe comrades
" Caithfidh comhghleacaithe an phóilín chaillte a shaol a cheiliúradh agus é a sheoladh ar shlí na bhflaitheas.
chomhghleacaithe comrades
" Cuireann an leagan amach seo olc ar Dhara ach níl fhios aige cad is féidir leis nó lena chomhghleacaithe a dhéanamh faoi.
iarchomrádaithe former comrades
" Measann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil seans an-mhaith nach iad a iarchomrádaithe a mharaigh an spiaire Denis Donaldson.