Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dlúthcheangailte le closely connected with
" Níl freagra simplí ar bith ar an cheist seo: Cén dóigh is éifeachtaí ar féidir an Ghaeilge, agus na mílte teanga eile atá san fhaopach céanna, a choinneáil beo beathach? Gan amhras ar bith, tá forbairt rathúil na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht dlúthcheangailte le caomhnú na Gaeilge mar theanga laethúil i bpobail Ghaeltachta.
bainteach connected
" Creideann Finian Fallon, mac de chuid an Gharda Fallon, gurbh é rialtas Jack Lynch, nó daoine a bhí bainteach leis ag an am, ba chúis le dunmharfóirí a athar imeacht saor.
fite fuaite lena chéile closely connected
" I ndáiríre, tá na healaíona agus an gnáthshaol fite fuaite lena chéile.
fite fuaite leis an fharraige closely connected with the sea
" Tá scéal Ulapul fite fuaite leis an fharraige, agus tá neart le feiceáil faoin stair sin.
a cheanglóidh which will connect
" Ní féidir a thuar cad é mar a bheidh an gréasán iompair Éireannach i gceann deich mbliana eile, i 2025, ach tá mórán suime faoi láthair sa scéim chun droichead agus tollán a thógáil chun Baile Átha Cliath a cheangal leis an líne thapa iarnróid nua “Maglev” atá beagnach i bhfeidhm agus a cheanglóidh Albain, Manchain, Learpholl agus Londain le traenacha a bheidh ag taisteal ag 500 cileaméadar san uair.
mar nár bhain sé go dlúth because he wasn't closely connected
" Míshocracht Tá sé ráite ag Morrissey faoi amhrán eile ar an gceirnín, “Never Had No-one Ever”, gur fáisceadh é as an míshocracht a bhraith sé agus é ag fás aníos, mar nár bhain sé go dlúth leis an gceantar inar rugadh agus ar tógadh é.
ceangailte go mór greatly connected
" “Ba mhaith liom go dtuigfeadh daoine sa chathair go bhfuil na coirmeacha ceoil seo ceangailte go mór le Gaeilge.
nasctha connected
" Is beag suíomh taistil nach bhfuil nasctha le GoogleMaps.
nasctha connected
" Tá sé nasctha leis an mórthír trí dhroichead atá suite ar an taobh thuaidh den oileán agus is féidir teacht agus imeacht ar bháid farantóireachta ar an taobh theas.
nascadh connecting
" Tá óstáin ag éirí níos flúirsí ná mar a bhíodh, tá feabhas ag teacht ar an chóras iompair, ainneoin go bhfuil cuid mhór eile le déanamh agus tá níos mó aerbhealaí ag nascadh an tuaiscirt le cuid mhór den Eoraip.
nascadh connecting
" Muna bhfuil daoine ag scríobh faoi do chomhlacht agus ag nascadh dá bharr chuig do chomhlacht ar líne, teipfidh ort nuair a déanfaidh saoránaigh an domhain úr chróga cuardach ort ar líne.
nasctha le connected to
" Ciallaíonn seo ná trí fheidhmchlár beag ar do ríomhaire féin atá nasctha le iTunes, is féidir eolas faoin gceol atá cloiste agat a chur chuig do phroifíl ar Last.
fite fuaite tied up, connected
" org/) bean Rajiv Gandhi a feallmharaíodh i 1991, (feallmharaíodh a mháthair siúd, Indira Gandhi, chomh maith sa bhliain 1984) i gceannas ar an pháirtí seo agus tá clann Nehru fite fuaite leis freisin (Ba é Jawaharlal Nehru an chéad Taoiseach ar an India tar éis dóibh an tsaoirse a bhaint amach ón Bhreatain Mhór).
ag líonrú connecting
" Tá comhlachtaí neamhbhrabúis, comhlachtaí earraí tomhaltais, comhlachtaí earcaíochta, siopaí speisialtóireachta arlíne, lucht eolas fíona, eolaithe teicneolaíochta, ealaíontóirí, ceoltóirí agus eagraíochtaí Gaeilge (!!!) ag plé is ag roinnt is ag líonrú ar Twitter chuile lá.
ceangailte connected
" Cén chaoi a dtiocfadh nó tá Éire ar cheann de na tíortha is mó atá ceangailte leis (agus ag brath ar) an ghréasán idirnáisiúnta gheilleagair.
cheangal to connect
" Is fuirist lorg na cosanta sin a cheangal leis an gcineál sochaí a chruthaíonn Haneke sa ‘Ribín Bán’ dúinn.
nascadh to connect
" stm) Ag tráth a bhfuil Peter Robinson ag iarraidh ceist na mórshiúlta Oráisteacha a instealladh san idirbheartaíocht maidir le haistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt ó Westminister, léiríonn sé a chontúirtí is atá sé cúrsaí mórshiúlta agus cúrsaí cirt a nascadh le chéile.
ceangailte connected
" Bhí siad araon ceangailte go dlúth leis an ghluaiseacht a chuir deireadh le sean-mhodheolaíocht Pháirtí Lucht Oibre na Breataine agus a chur tús le New Labour, eagraíocht a bhí rite le claonbholscairí, le dreamanna fócais is a bhfuil coincheapa mar ‘on message’ mar oidhreacht aige.
dlúthcheangailte intricately connected
" Tá leibhéal an ioncaim a bhailíonn údaráis an stáit dlúthcheangailte leis an timthriall gnó, rud a fhágann go bhfuil geilleagair an stáit in anó mhór ó thús na géarchéime airgeadais.
bainteach le connected to
" ) Bíonn gach Tosú Conspóideach ================ Bhí conspóid bainteach leis an dámhachtain ón chéad lá riamh, mar a léirigh an scéal thuas, agus bhí cúrsaí amhlaidh leis i mbliana, mar a mhíneoidh mé thíos.
shnaidhmiú léi to connect with it
" Ar mullach ghné na liogeolaíochta, is fearrde an tír an t-aos óg a fhásfas aníos ann a shnaidhmiú léi sa dóigh go bpillfidh siad abhaile i ndiaidh sealanna oibre is oideachais thar lear.
ceangailte go dlúth connected firmly
" Má chruthaíonn tú spás cultúir atá lán deiseanna mar thriail muid roimhe mura bhfuil an spás sin ceangailte go dlúth le traidisiúin agus le comhthéacs an cheantair, rud imeallach a bheas ann.
cosán rochtana connecting pathway
" Thug na siúlóirí ‘Bóthar na mBrící Buí’ ar an milleadh seo, milleadh atá mar chuid de ‘fhorbairt na háite’! Deir fógra in aice leo: ‘Treoróidh na marcanna buí ar na clocha agus ar bholláin i dtreo thoir thuaidh thú ar ais go cosán rochtana an Oilithrigh.
nasc an grá le ciapadh connected love with torment
" Ba ghealt é Íosa Chríost dar leis, an chéad ghealt sa stair fiú; luaitear mac an athar shleamchúisigh a chuir iachaill air dul fé chúram dhlí na Rómhánach, an t-athair a dhiúltaigh aon chúnamh a thabhairt dá mhac agus a cholainn á réabadh ag tairní, an t-athair a nasc an grá le ciapadh agus céasadh poiblí, an mac dar ghlac leis an dearcadh seo.
nascadh le to connect
" D’éirigh leis an dá rud a nascadh le chéile, nuair a chomhoibrigh sé ar an leabhar, ‘The Northern Fiddler’, leis an Ollamh Alan Feldman ó Ollscoil Nua-Eabhrac.
ní gá cárta creidmheasa a nascadh leis one doesn’t have to connect one credit card with it
" Ach ní gá cárta creidmheasa a nascadh leis.
nascadh le connect to
" Is féidir é a nascadh le féilire digiteach freisin ionas go mbeidh tú cinnte nach bhfuil na himeachtaí atá ag teacht aníos ar siúl ag an am céanna is a bheas na himeachtaí priobháideacha atá á n-eagrú agat féin.
gceanglaíonn connects
" Bíonn feiceáil ag an Danmhairg agus ag an tSualainn ar a chéile san áit a gceanglaíonn Droichead Öresund an dá thír dá chéile.
ceangailte go dlúth le cruthaíocht firmly connected to creativity
" Nuair a chuir údarás na Síne cosc láithreach ar a fhiseán agus bhain den Idirlíon é, dúirt Ai Weiwei go raibh sé ina cheart ag daoine iad féin a chur in iúl dá chéile agus go raibh an ceart seo ceangailte go dlúth le cruthaíocht, sonas agus le saol daoine agus an tsochaí ar di iad.
ceangailte go dlúth closely connected
" Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne.
cruthaíonn sé nasc le m’óige it connects me with my youth
" Ní féidir liom an iomarca béime a chur ar an tionchar a bhíonn ag an mhothúchán seo orm nuair a imrím i bhfoireann mar cruthaíonn sé nasc le m’óige” a deir sé ar Highland Radio.
i ndáiríre mar gheall ar an nasc really about the connect
" Ach ní léir in aon chor féiliúnacht an reductio sin mar níor scríobh na breithimh i ndáiríre mar gheall ar an nasc idir chúinsí sainiúla thinneas Mrs Fleming agus na torthaí diúltacha san Ísiltír dár béimníodh.
bhfuil sé bainteach leis an aigne seo is he connected to this psyche
" Meas tú, an gceapann sé go bhfuil sé bainteach leis an aigne seo nó an bhfuil sé ag iarraidh éalú uaidh mar fhear Gaeltachta? Tar ar ais go Camus ======== D'fhág sí mé go uaigneach in sa ngleann, uaigneach gan chairde ná gan chlann, chuaigh sí anonn, go Boston Mheiriceá Tar ar ais go Camus sin mo phaidir chuile lá Tar ar ais go Camus, tar ar ais go Camus, tar ar ais, nuair a bhíonn an féar ag fás Tá saol an bhaitseailéara anseo i gCamus i gcruachás.
nascadh leis connect to it
" Is féidir ríomhchláir agus scáileán (fiú teilifíseán) a nascadh leis agus é a úsáid mar ríomhaire le córas oibriúcháin Linux air.
a bhíodh nasctha go haineolach which were mistakenly connected
" De réir mar a thuigtear do Dhónall, bíonn drogall ar dhaoine aeracha na cathrach a spéis sa nGaeilge agus i saíocht traidisiúnta na hÉireann a léiriú de dheasca tuiscintí coiméadacha a bhíodh nasctha go haineolach leis an nGaeilge, rud nach bhfuil fíor a thuilleadh dar leis.
ceangailte go dlúth leis strongly connected to
" Bhí na cnámha faoi thalamh ar feadh na gcéadta ar shuíomh atá ceangailte go dlúth leis an Naomh agus de bharr seo is iarsmaí beannaithe iad ar nós Coróin Deilge Críost, in Ard-Eaglais Notre Dame, Páras, Cumhdach Turin nó méar Naomh Tomás in Eaglais Santa Croce in Gerusalemme sa Róimh.
dreamanna nach raibh ceangail acu leis groups who weren’t connected to
" Ach sa chuid is mó fágadh dreamanna nach raibh ceangail acu leis an pháirtí gan aon chumhacht sa náisiún nua.
nascadh to connect
" Míníonn Roseanne Smith dúinn san alt seo nach gá a thuilleadh, buíochas do Dhia, do chárta creidmheasa a nascadh le *Paypal* ná lena leithbhreac d’fhonn gnó a chur i gcrích ar an idirlíon.