Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dlúthcheangailte le closely connected with
" Níl freagra simplí ar bith ar an cheist seo: Cén dóigh is éifeachtaí ar féidir an Ghaeilge, agus na mílte teanga eile atá san fhaopach céanna, a choinneáil beo beathach? Gan amhras ar bith, tá forbairt rathúil na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht dlúthcheangailte le caomhnú na Gaeilge mar theanga laethúil i bpobail Ghaeltachta.
bainteach connected
" Creideann Finian Fallon, mac de chuid an Gharda Fallon, gurbh é rialtas Jack Lynch, nó daoine a bhí bainteach leis ag an am, ba chúis le dunmharfóirí a athar imeacht saor.
fite fuaite lena chéile closely connected
" I ndáiríre, tá na healaíona agus an gnáthshaol fite fuaite lena chéile.
fite fuaite leis an fharraige closely connected with the sea
" Tá scéal Ulapul fite fuaite leis an fharraige, agus tá neart le feiceáil faoin stair sin.
mar nár bhain sé go dlúth because he wasn't closely connected
" Míshocracht Tá sé ráite ag Morrissey faoi amhrán eile ar an gceirnín, “Never Had No-one Ever”, gur fáisceadh é as an míshocracht a bhraith sé agus é ag fás aníos, mar nár bhain sé go dlúth leis an gceantar inar rugadh agus ar tógadh é.
ceangailte go mór greatly connected
" “Ba mhaith liom go dtuigfeadh daoine sa chathair go bhfuil na coirmeacha ceoil seo ceangailte go mór le Gaeilge.
nasctha connected
" Is beag suíomh taistil nach bhfuil nasctha le GoogleMaps.
nasctha connected
" Tá sé nasctha leis an mórthír trí dhroichead atá suite ar an taobh thuaidh den oileán agus is féidir teacht agus imeacht ar bháid farantóireachta ar an taobh theas.
nasctha le connected to
" Ciallaíonn seo ná trí fheidhmchlár beag ar do ríomhaire féin atá nasctha le iTunes, is féidir eolas faoin gceol atá cloiste agat a chur chuig do phroifíl ar Last.
fite fuaite tied up, connected
" org/) bean Rajiv Gandhi a feallmharaíodh i 1991, (feallmharaíodh a mháthair siúd, Indira Gandhi, chomh maith sa bhliain 1984) i gceannas ar an pháirtí seo agus tá clann Nehru fite fuaite leis freisin (Ba é Jawaharlal Nehru an chéad Taoiseach ar an India tar éis dóibh an tsaoirse a bhaint amach ón Bhreatain Mhór).
ceangailte connected
" Cén chaoi a dtiocfadh nó tá Éire ar cheann de na tíortha is mó atá ceangailte leis (agus ag brath ar) an ghréasán idirnáisiúnta gheilleagair.
ceangailte connected
" Bhí siad araon ceangailte go dlúth leis an ghluaiseacht a chuir deireadh le sean-mhodheolaíocht Pháirtí Lucht Oibre na Breataine agus a chur tús le New Labour, eagraíocht a bhí rite le claonbholscairí, le dreamanna fócais is a bhfuil coincheapa mar ‘on message’ mar oidhreacht aige.
dlúthcheangailte intricately connected
" Tá leibhéal an ioncaim a bhailíonn údaráis an stáit dlúthcheangailte leis an timthriall gnó, rud a fhágann go bhfuil geilleagair an stáit in anó mhór ó thús na géarchéime airgeadais.
bainteach le connected to
" ) Bíonn gach Tosú Conspóideach ================ Bhí conspóid bainteach leis an dámhachtain ón chéad lá riamh, mar a léirigh an scéal thuas, agus bhí cúrsaí amhlaidh leis i mbliana, mar a mhíneoidh mé thíos.
ceangailte go dlúth connected firmly
" Má chruthaíonn tú spás cultúir atá lán deiseanna mar thriail muid roimhe mura bhfuil an spás sin ceangailte go dlúth le traidisiúin agus le comhthéacs an cheantair, rud imeallach a bheas ann.
nasc an grá le ciapadh connected love with torment
" Ba ghealt é Íosa Chríost dar leis, an chéad ghealt sa stair fiú; luaitear mac an athar shleamchúisigh a chuir iachaill air dul fé chúram dhlí na Rómhánach, an t-athair a dhiúltaigh aon chúnamh a thabhairt dá mhac agus a cholainn á réabadh ag tairní, an t-athair a nasc an grá le ciapadh agus céasadh poiblí, an mac dar ghlac leis an dearcadh seo.
ceangailte go dlúth le cruthaíocht firmly connected to creativity
" Nuair a chuir údarás na Síne cosc láithreach ar a fhiseán agus bhain den Idirlíon é, dúirt Ai Weiwei go raibh sé ina cheart ag daoine iad féin a chur in iúl dá chéile agus go raibh an ceart seo ceangailte go dlúth le cruthaíocht, sonas agus le saol daoine agus an tsochaí ar di iad.
ceangailte go dlúth closely connected
" Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne.
bhfuil sé bainteach leis an aigne seo is he connected to this psyche
" Meas tú, an gceapann sé go bhfuil sé bainteach leis an aigne seo nó an bhfuil sé ag iarraidh éalú uaidh mar fhear Gaeltachta? Tar ar ais go Camus ======== D'fhág sí mé go uaigneach in sa ngleann, uaigneach gan chairde ná gan chlann, chuaigh sí anonn, go Boston Mheiriceá Tar ar ais go Camus sin mo phaidir chuile lá Tar ar ais go Camus, tar ar ais go Camus, tar ar ais, nuair a bhíonn an féar ag fás Tá saol an bhaitseailéara anseo i gCamus i gcruachás.
a bhíodh nasctha go haineolach which were mistakenly connected
" De réir mar a thuigtear do Dhónall, bíonn drogall ar dhaoine aeracha na cathrach a spéis sa nGaeilge agus i saíocht traidisiúnta na hÉireann a léiriú de dheasca tuiscintí coiméadacha a bhíodh nasctha go haineolach leis an nGaeilge, rud nach bhfuil fíor a thuilleadh dar leis.
ceangailte go dlúth leis strongly connected to
" Bhí na cnámha faoi thalamh ar feadh na gcéadta ar shuíomh atá ceangailte go dlúth leis an Naomh agus de bharr seo is iarsmaí beannaithe iad ar nós Coróin Deilge Críost, in Ard-Eaglais Notre Dame, Páras, Cumhdach Turin nó méar Naomh Tomás in Eaglais Santa Croce in Gerusalemme sa Róimh.
dreamanna nach raibh ceangail acu leis groups who weren’t connected to
" Ach sa chuid is mó fágadh dreamanna nach raibh ceangail acu leis an pháirtí gan aon chumhacht sa náisiún nua.