Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
srianta constraints
" Nach mbeidh na rialtais áitiúla ag díbirt ghlúin óg na Gaeltachta isteach sna cathracha trí bheith ag cur srianta orthu tithe a thógáil ar a bhfód dúchais.
srianta praiticiúla practical constraints
" AÓF: Ós rud é gur thóg sé an oiread sin ama ort, ar smaoinigh tú riamh ar é a chaitheamh san aer? Nó ar chaill tú spéis ann nó foighid leis aon uair? PM: Níor chaill mé spéis riamh ann cé go raibh amanntaí ann nuair a bhí srianta praiticiúla ag cur isteach orm, tinneas, ríomhairí agus araile.
a chuir srian ar chruthaitheacht that put constraints on the creativity
" Ach tá deireadh anois lena smacht docht, a chuir srian ar chruthaitheacht an-chuid bannaí ceoil.
cuirfear srian ar mhéid Choimisiún na hEorpa, There will be a constraint put on the size of the European Commission
" Faoin chonradh úr, cuirfear srian ar mhéid Choimisiún na hEorpa, rud a chiallóidh gur de réir uanaíochta a bheas ionadaithe ag na ballstáit air.
srian constraint
" Ní féidir srian a chur ar an aos óg má tá siad ag iarraidh iad féin a fhorbairt mar dhamhsóirí agus na céimeanna a athrú.
saor ó shrian na ndánlann free from constraints of the galleries
" Cad é a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú ar ealaíontóirí graifítí? An aontaíonn tú leis an tuairim gur ealaíontóirí iontu féin iad, nó an dóigh leat gur lucht scriosta a dtimpeallachta iad? An samhlaíonn tú iad mar dhéagóirí míshocra le *hoodies* a bhíonn ag spraeáil a gcuid teachtaireachtaí rúnda i gcoim na hoíche ar réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta daoine eile, nó an é gurbh fhearr leat amharc orthu mar ealaíontóirí réabhlóideacha a bhfuil a racht ealaíonta á scaoileadh acu ar bhallaí sráide – iad saor ó shrian na ndánlann agus ó shúile an phobail? An dóigh leatsa gur ealaín luachmhar phoiblí é graifítí a bhfuil sé de chumas aige rud éigin suntasach a léiriú faoinár sochaí, nó an síleann tú gur creachadóireacht leithleasach é a bhíonn á cleachtadh ag daoine nach bhfuil aon mheas acu ar a dtimpeallacht nó ar na daoine a bhfuil cónaí orthu mórthimpeall orthu? Is éard atá i ngraifítí ná litreacha nó íomhánna a scríobtar, a spraeáiltear nó a phéinteáiltear in áit phoiblí.
cosc barrier, constraint
" Saga*, maíonn Boutros-Ghali gur éirigh le rialtas Clinton – le cúnamh suntasach ón mBreatain – cosc a chur ar na Náisiúin Aontaithe maidir le fórsa éifeachtach síocháiníochta a chur chun na tíre.
srian constraint
" An nod a thabhairt dóibh siúd ar mian leo teacht isteach le rá leo go bhfuil cead acu teacht thar an tairseach – go bhfuil fáilte rompu agus nach bhfuil aon srian orthu ach amháin an srian a chuireann siad orthu féin.
Ba le teacht timpeall ar shrianta ar úsáid it was to get around constraints on use
" **OpenStreetMap ** Ba le teacht timpeall ar shrianta ar úsáid a bunaíodh OpenStreetMap ((www.
srianta constraints
" Tuigeann muintir na gcathracha chomh tábhachtach agus atá sé srianta a chur ar dhaoine ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne.
srian constraint
" Tuigeann muintir na gcathracha chomh tábhachtach agus atá sé srianta a chur ar dhaoine ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne.
srianta ar dhruileáil ola constraints on drilling for oil
" Ach seachas a rá leis an bpobal go mb’fhearr dóibh carranna níos lú a thiomáint agus níos mó airgid a chaitheamh ar thaisteal poiblí, deir an tionscal ola gur cheart deireadh a chur le srianta ar dhruileáil ola sa tír, is cuma más in áiteanna fíorleochaileacha mar The Arctic National Wildlife Refuge a ndéanfaí an druileáil.
shrianta an mhargaidh. constraints of the market
" Óir caithfear a bheith réadúil i dtólamh faoi shrianta an mhargaidh.
srianadh restriction, constraint
"srianadh taistil á chur i bhfeidhm ó thús na mílaoise ar na Rohingya a bhfuil impleachtaí móra aige ar cháilíocht na beatha.
In ainneoin srianta despite the constraints
" Cén dóigh a gcuirfidh na fórsaí seo isteach ar chumas an stáit tiarnasaigh smacht a choinneáil ar a chuid daoine? In ainneoin srianta an stáit sa tSín, tiocfaidh oscailteacht éigin isteach sa tsochaí.
timpeallacht chúng an chogaidh the narrow constraints of war
" Grá mall agus bás borb; fuil an chatha agus fuil na broinne; timpeallacht chúng an chogaidh agus réimse fhairsing leathan na cuimhne daonna; castacht an ghrá agus diúide na himeagla os comhair na n-urchar.
de dhearcadh cúng Bhéarla na hÉireann of the narrow constraints of anglophile Ireland
" Bheadh eagla orm nach bhfuiltear ag leagan oiread béime is ba chóir ar ghnóthaí teanga, cailleadh teanga nó ar easpa teanga agus an cailleadh dúchais dá réir, i dtaighde sna réimsí seo, mar nach mbreathnóidh taighdeoirí in aon aird lasmuigh de dhearcadh cúng Bhéarla na hÉireann.
atá teanntaithe i ngeimhleacha which is held in the constraints
" An féidir linn tátal ar bith a bhaint as an méid seo, más ea? Tig linn ‘Tolamaes-iú na faidhbe’ a shamhlú le cur chuige coimeádach ar bith atá teanntaithe i ngeimhleacha an aoin mhúnla tuisceana amháin agus a thacaíonn leis an status quo.
taobh istigh den soláthar airgid within the financial constraints
" Ní raibh ach trí leathanach ins an mheamram a chuir Aire na Gaeltachta le chéile i mí Márta de na spriocóga a measadh a bheadh indéanta taobh istigh den soláthar airgid a bhí leagtha amach do na ranna éagsúla.
bac de shaghas éigin ab ea an some type of constraint was the
" An Féintrua Náisiúnach ====== Ba léir don Fhréineach gur bac de shaghas éigin ab ea an féintrua náisiúnach, ach a mhalairt de scéal a bhí gceist dar leis an gCorcarach.
Tá cromnasc an gheilleagair the economic constraints
" Tá cromnasc an gheilleagair buailte ar gach éinne agus dearcfaidh siad go léir an treo eile.