Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Is luachmhaire na crainn trees are more valuable
" Is luachmhaire na crainn agus éiceolaíocht Chill Mhantáin dúinn ná oidhreacht agus cultúr an duine dhaonna, is cosúil.
crainn tógála cranes
" Feicim ó m'oifig túranna Bhaile Munna agus na crainn tógála atá i mbun an athchóirithe.
crainn na foraoise trees of the forest
ar nós crainn like a tree
" Ina dhiaidh sin ar fad, tagann *el castillo*, atá ar nós crainn a bhfuil tine ealaíne ar achan chraobh de agus atá ar tí pléascadh.
crainn mhóra shíorghlasa great evergreen trees
" Tá lochanna áille, cnoic arda, agus crainn mhóra shíorghlasa againn.
crainn mhaoildeirge mulberry trees
" Bhí eastát talmhaíochta thart ar gach ceann de na tithe seo faoin tuath a tháirg ológa agus fíonchaora agus síoda (go minic fásadh crainn mhaoildeirge, na crainn ar a maireann seiriceáin).
na crainn gléasta i nduilleoga úra the trees dressed in fresh leaves
" Radharc aoibhinn a bhí ann: na crainn gléasta i nduilleoga úra, an sceach gheal faoi bhláth, agus clocha méithe phálás an easpaig agus abhainn ghléigeal dhonn ag rith fúthu.
crainn dhóite burnt trees
" In áit na bpairceanna glasa síochánta a bhí romhainn, ní raibh le feiceáil ach pluda, poill, crainn dhóite agus beirt fhear ina seasamh ar dhroichead adhmaid agus éadóchas agus fulaingt ina n-aghaidh.
crainn a leagan. to fell trees.
" Chomh maith leis an chíos a íoc, bhí ar na tionóntaí obair a dhéanamh do na tiarnaí, mar a shampla crainn a leagan.
na crainn dhúchasacha, the native trees,
" Bhí foscadh le fáil faoi na crainn dhúchasacha, agus níorbh fhada go dtí go raibh sé geal arís.
crainn a tree
" Glacadh leis i gcónai gurb é an mílísteoir ainrialta Federico Borrell García an t-íobartach sa phictiúr ach de réir an stairí Hugo Doménech, a tháinig ar chuntas finné súl ó 1937, fuair García bás ar chúl crainn a bhí in úsáid mar chosaint piléir aige i Cerro Muriano.
crainn trees
" Tá mionstaidéar déanta aici ar na mílte grianghrafanna a bhaineann le lá na tubaiste agus deir sí nach bhfuil aon mhíniú eolaíochta aici ar roinnt des na nithe atá tugtha faoi deara aici - carranna dóite amach in aice le crainn faoi chlúmh iomlán a nduilleog glas sláintiúil, meirg róthapaidh tagtha ar phíosaí miotail, píosaí eile miotail casta as riocht i slite nach gcloínn le gnáthdhlíthe meicniúla.
crainn ghiúise conifers
" Imíonn an ghrian go tobann laistiar den chnoc is slogtar mé ag búir na gaoithe sna crainn ghiúise.
géag crainn a tree branch
" Mar shampla, tá géag crainn cosúil, beag nó mór, le crann iomlán, ach ar scála níos lú.
thit na crainn taca the supports fell
" Le linn na réabhlóide seo, thit na crainn taca a bhí ag Fianna Fáil, ceann i ndiaidh an chinn eile.
ag cur crainn planting a tree
" Tá sé fíor! Rud eile atá fíor i ndáiríre ná gur roghnaíodh an triúr páistí a bhuail Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin le linn do Ó Bama a bheith ag cur crainn ann, chun ár mórtas as éagsúlacht mhuintir na hÉireann a léiriú.
i ngabhal crainn in a tree fork
" Codlaíonn an cóála suas le 20 uair in aghaidh an lae i ngabhal crainn toisc nach bhfuil an duilliúr chomh solamarach is a bhíodh tráth dá raibh.
Bhí an brat i lár crainn the flag was at half mast
" Bhí an brat i lár crainn ar Halla na Cathrach, Learpholl Déardaoin 18 Aibreán i gcuimhne Anne Williams a fuair bás ar an lá sin.
bhí an brat ar barr crainn the flag was topmast
" Laoch is ea í do mhuintir Learphoill, ní hionann ar chor ar bith is Thatcher - bhí an brat ar barr crainn ag Halla na Cathrach ar lá a sochraide agus bhí cóisir mhór ar ardchlár St Georges sa chathair.
crainn a chur le taobh cosáin to plant beside pathway(s)
" Mhúchadh an crann sitce an fál agus an cosán in imeacht na mblianta sa gcaoi go mbíodh seanfhear ina chónaí leis féin ag siúl isteach tollán dorcha crann, i lár an lae, le gabháil chuig a theach féin! Ba cheadmhach an t-am sin crainn a chur le taobh cosáin nó le bruach srutháin gan srian ar bith agus b'shin é an cur a rinne dochar do shaol an duine agus do bheatha an éisc araon.
talamh le crainn a chur planting land
" Gheobhaidh údaráis an stáit go leor as an gcoigistiú: talamh le crainn a chur agus cíos rialta ó mhuilte gaoithe, gan trácht ar an moladh a dhéanfar orthu san Eoraip as breis crann a chur.
go mbearrfar crainn trees shall be coppiced
" Cén dochar má ghlactar leis nach mbainfear móin ar na portaigh sléibhe faoi cheann deich mbliana agus in ionad an mhóin a bhaint, go mbearrfar crainn le haghaidh Brosna? Chuige sin, cuirfear cineálacha áirid crann sna lagphortaigh sléibhe, sail dúchais, beith agus crann fearna is inmholta (ar luas a bhfáis & ar tháirgeadh nitrigín a gcuid duilliúir .
chipiní crainn sticks
" Aimsir ‘Wimbledon’ bhíodh téad in áit eangaí ceangailte ar chipiní crainn trasna an gháirdín.
a Chuireadh Crainn who used to plant trees
" Léigh mé an leabhar beag, finscéalach, ‘An Fear a Chuireadh Crainn’ (An Gúm 1997), deireadh an chéid seo chuaigh thart.
crainn ilchineálacha dúchais various native trees
" ) Thosaigh mé beagnach fiche bliain ó shin ar an ealaín chéanna, ag cur crainn ilchineálacha dúchais, go hard sna sléibhte i mo chás féin.
le crainn a chreimeadh to gnaw trees
" Ní bheadh deis ag na tréada caorach, na carrfhianna, ná an diabhal is measa le crainn a chreimeadh, an giorria, dul a fhad leo go ceann deich mbliana ar a laghad.
a chruthaigh gur crainn astu féin which proved that they’re trees themselves
" An samhradh dár gcionn, anuraidh, bhí le feiceáil duilliúr glas ag fás as géaga crainn a chruthaigh gur crainn astu féin anois is feasta.