Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cinneadh decision
" Pé caighdeán Gaeilge atá acu, cé acu cainteoirí dúchais nó foghlaimeoirí iad, is faoi na tuismitheoirí atá sé an cinneadh a dhéanamh go mbeidh Gaeilge ag a gclann.
chinn mé decided
" Chuaigh an ceol agus na dathanna iontacha go mór i gcion orm agus chinn mé ag an phointe sin gur go Cúba a rachainn ar mo chéad saoire eile.
cinneadh decision
" Nuair a bhí cinneadh le déanamh an mbeadh Fear Manach mar chuid den Saorstát nó den Ríocht Aontaithe, bhí an cinneadh a rinneadh bunaithe ar thorthaí dhaonáireamh 1911; agus de bharr gur ghlac daoine leis gurbh ionann an creideamh agus an pholaitíocht, tá Fear Manach fós sa Ríocht Aontaithe.
cinneadh decision
" "Sula ndéanann tú cinneadh gan vótáil, ba chóir duit liosta a scríobh amach duit féin," a dúirt dílseoir ón pháirtí liomsa.
cinneadh decision
" Níor deineadh cinneadh go mbeadh sí mar iarrthóir anseo go dtí roinnt seachtainí ó shin.
dul chun cinn progress
" Is é an dóigh is fearr le dul chun cinn a dhéanamh ná níos mó saothair a chaitheamh in áiteanna mar seo, sa dóigh is go mothóidh daoine go bhfuil siad páirteach sna rudaí atá ag tarlú.
teangacha agus cultúir a chur chun cinn to promote languages and cultures
" D'fhoilsigh institiúid oideachais agus taighde sa Ghearmáin tuairisc i 1999 ar obair Ghaillimh le Gaeilge; dar leo go bhfuil an dara cur chuige is éifeachtaí ag an eagraíocht i measc iarrachtaí atá á ndéanamh ar fud na hEorpa teangacha agus cultúir a chur chun cinn.
chinn sé ar he decided
" Ag an am sin, chaith sé tréimhse ag obair go lánaimseartha leis na príosúnaigh phoblachtánacha a bhí ar stailc ocrais agus ansin chinn sé ar dhul isteach i Sinn Féin.
cinneadh decision
" Rinne Máirtín féin cinneadh, áfach, a bheith "ar thaobh na n-aingeal" (mar a deir sé) agus dul leis an pholaitíocht seachas a bheith páirteach sa streachailt armtha.
cinneadh decision
" Fógraíodh, áfach, ag deireadh na héisteachta go raibh cinneadh déanta ag an mBord Pleanála gur trí mheán na Gaeilge a bheadh na héisteachtaí poiblí feasta i gceantair Ghaeltachta.
ag fáil an chinn is fearr getting the better of
" Faraor, is cuma cén sampla a thógann an FAI ó Rosenborg, beidh muid ag fanacht tamall eile sula bhfeicfidh muid Shelbourne ag bualadh AC Milan sa San Siro, nó Bohemians ag fáil an chinn is fearr ar Real Madrid in Dalymount.
cinneadh decision
" Tá maíte ag Gerry Adams gur ghlac an SDLP an cinneadh glacadh leis an Phlean Gníomhaithe don Phóilíneacht le "fíoruisce glas" (focail s'agamsa) a chur idir iad agus Sinn Féin.
Dul chun cinn suntasach noticeable progress
" Dul chun cinn suntasach déanta maidir le soláthar seirbhísí do phobal na Gaeilge.
cinneadh decision
" Is iad na cúisitheoirí a dhéanann an cinneadh cé ba cheart a chúiseamh, cad iad na coireanna ar cheart iad a chúiseamh astu agus cé chomh dian is ba cheart don phionós a bheith.
chinneadh neamhdhaonlathach undemocratic decision
" Tá muid uilig ag íoc as an chinneadh neamhdhaonlathach sin ó shin.
cinneadh decision
" Níl aon cheist faoi, ach an oiread, go raibh fearg agus an-bhrón ar mhuintir na tíre seo tar éis eachtraí uafásacha an aonú lá déag de mhí Mheán Fómhair agus gur thacaigh tromlach an phobail le cinneadh an Taoisigh nuair a d'fhógair sé lá náisiúnta comhbhróin an Aoine dár gcionn.
chinneadh decision
" John Reid, siar ó chinneadh a bhí déanta aige deimhniú go hoifigiúil go raibh sos cogaidh an UDA, agus a arm marfach an UFF, críochnaithe.
gur chinn siad that they decided
" ) Chuir Príomh-Chonstábla an RUC, Sir Ronnie Flanagan, in iúl don Státrúnaí "gur thuig an UDA an damáiste a bhí an foréigean á dhéanamh do dhaoine aonair, agus an damáiste a bhí sé á dhéanamh do phróiseas na síochána, agus gur chinn siad ar stop a chur leis an fhoréigean.
cinneadh decision
" Ach cinneadh rialtais a bhí ann ar deireadh agus is mar chuid inmheánach den Roinn Oideachais a d'fheidhmigh an Gúm suas go dtí mí na Nollag 1999 nuair a aistríodh isteach i bhForas na Gaeilge é.
dul chun cinn progress
"dul chun cinn dochreidte déanta ón am a d'fhág mé ach is féidir liom a rá nach mbeadh sé ann ar chor ar bith murach an obair a rinne muid á thosaí.
cur chun cinn the promoting of
" Tá na coistí páirteach i gcur chun cinn oideachas lán-Ghaeilge ina gceantair.
cliabhán cinn muzzle
" Dar leis go bhfuil tuigbheáil mhaith aige do na bronntanais Nollag is fearr a dhéanfadh leas daoine: Don Teachta Dála Neamhspleách, Tomaisín Ó Good Day, thabharfadh sé cliabhán cinn, ceann doscaoilte ar eagla go n-íosfadh sé ceann ar bith eile de na taibléidí sin a chuireann dallach dubh ar dhaoine.
cruinniú cinn bhliana AGM
" Rogha na n-imreoirí ======= Cuireadh tús le foireann iománaíochta Choláistí Átha Cliath sa bhliain 1994 de bharr rúin ar glacadh leis ag cruinniú cinn bhliana Chomhairle Choláistí Laighean, is é sin go mbeadh cead ag foireann thar ceann Choláistí Átha Cliath páirt a ghlacadh i gCraobhchomórtas Choláistí Laighean 'A'.
dul chun cinn progress
" Tá sí ag déanamh dul chun cinn sna meáin chumarsáide anois (TG4, Raidió na Gaeltachta, an t-idirlíon, etc.
cinneadh decision
" Seo a bhí le rá ag Muireann Ní Mhóráin a labhair faoi a thábhachtaí is atá sé páistí a thógáil le Gaeilge agus an cinneadh a dhéanamh sula dtagann an páiste ar an saol.
a bhainfeadh blaosc do chinn duit that would blow your head off (loud)
" Leis sin lig cailleach inteacht racht a bhainfeadh blaosc do chinn duit.
ár ndul chun cinn our progress
" Tugann na grianghrafanna léargas dúinn ar chomh gasta is atá an timpeallacht ag athrú agus ar an mhéid a bhraitheann ár ndul chun cinn go fóill ar obair fhisiciúil láimhe.
chinn sí ar she decided
" Tar éis cúig bliana sa Tuirc, áfach, bhraith sí go raibh an Ghaeilge "ag éalú uaithi" agus chinn sí ar fhilleadh go hÉirinn.
cinneadh decision
" Tionsclaíocht ======= Ba é bunú Eastát Tionsclaíochta an Screabáin i lár na seascaidí an cinneadh eacnamaíochta agus sóisialta ba thábhachtaí a rinneadh i stair Ghaoth Dobhair.
gcinntí polasaithe policy decisions
" Ciallaíonn sé seo go bhfuil ionchur díreach ag an eagraíocht i gcinntí polasaithe a dhéanann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
cinneadh decision
" Chun an ráta is fearr duitse a roghnú, caithfidh tú cinneadh a dhéanamh faoi cén treo a rachaidh rátaí úis amach anseo.
chinnte decision
" I ndiaidh an chinnte seo, d'imigh cúrsaí ó smacht agus bunaíodh 700 stáisiún bradach teilifíse ar fud na hIodáile.
moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil to hold up political progress
" **PM:** Cén fáth? **ANO:** Le tríocha bliain anuas tá tionchar mailíseach ag an scata fear seo - 100 faoin chéad Protastúnach a bhfuil dlúthbhaint acu leis na Máisiúin - atá saor ó smacht, atá ina "fhórsa taobh istigh de fhórsa" a bhfuil líomhaintí seanbhunaithe agus forleathana curtha ina leith gur chuidigh siad le dúnmharaithe agus le coireanna eile, gur úsáid siad paramílitigh dhílseacha le hionsaithe a dhéanamh agus go ndearna siad a ndícheall moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil.
a chur chun cinn to promote
" Táimid ag súil le tuilleadh tacaíochta ó na heagraíochtaí Stáit agus deonacha in Éirinn a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn.
a chur chun cinn to promote
" Táimid ag súil le tuilleadh tacaíochta ó na heagraíochtaí Stáit agus deonacha in Éirinn a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn.
cinneadh decision
" Is é an tslí sin ná cinneadh a dhéanamh dul amach lá an olltoghcháin agus vóta a chaitheamh don iarrthóir is ionraice agus is measúla ar an liosta.
Chinn Rob ar Rob decided
" Chinn Rob ar rud inteacht a dhéanamh le cuidiú a thabhairt daofa.
dul chun cinn féideartha possible progress
"dul chun cinn féideartha Shinn Féin ó dheas - ainneoin go bhfuil go leor *hype* ag baint leis - ag cur eagla ar eite dheas na Breataine agus na hÉireann.
chinneadh decision
" Bhí altanna ag go leor de na páipéir ag cáineadh chinneadh an Chumainn toisc nach mbeadh mórán seans ag Éirinn Craobhchomórtas Sacair na hEorpa a chomhreáchtáil le hAlbain sa bhliain 2008 muna mbíonn an Cumann Lúthchleas Gael sásta a rá go mbeidh Páirc an Chrócaigh ar fáil don chomórtas áirithe sin.
dul chun cinn progress
" Ní raibh ach meánscoil amháin sa Ghaeltacht ag an am - scoil buachaillí sa Daingean agus í á rith trí mheán an Bhéarla! Mar go raibh cáilíocht mheánscoile ag teastáil leis an jab is ísle fiú a fháil sa státseirbhís, ní raibh aos óg na Gaeltachta i dteideal dul ag obair sna postanna a raibh na deiseanna dul chun cinn is fearr iontu.
Oíche Chinn Bliana New Year's Eve
" 'Téana ort is ólfaidh muid deoch sa Lodge ós í Oíche Chinn Bliana í.
cinneadh decision
" Bíonn an cinneadh a bhíonn le déanamh ag an phainéal dúshlánach go maith nuair a chuireann tú san áireamh go dtagann thart ar 2,000 iarratas isteach gach bliain.
chinneamar ar we decided
" I ndiaidh seachtain a chaitheamh ag codladh i bpuball, chinneamar ar lóistín na hoíche a fháil in óstán in Perugia.
dul chun cinn progress
" Ní raibh aon choinne, áfach, leis an dul chun cinn a rinne na daonlathaithe Críostaí sa toghchán céanna.
eagna chinn understanding
" Tá foirgneamh úr acu, tá siad ag cruthú caitheamh aimsire agus eagna chinn i measc daoine óga na háite, agus ag tabhairt féiniúlachta do bhunadh an cheantair.
dul chun cinn progress
" Labhair sé fosta faoi streachailt Chonradh na Gaeilge, an dul chun cinn a bhí déanta ag an eagraíocht agus an tionchar a bhí ag athbheochan na teanga ar gheilleagar na hÉireann.
cinneadh decision
" Tá mórán stró curtha ag daoine orthu féin ag ullmhú agus ag cur le chéile an dá cháipéis seo ach an bhfuil sé chomh deacair sin tosaíocht éigin a aimsiú le todhchaí na Gaeltachta a chinntiú? Inár dtuairimne, tá cinneadh amháin bunúsach le déanamh ag an Rialtas agus ag na húdaráis chuí! Níl an dara rogha ag an Stát, má tá sé dáiríre faoi shlánú na Gaeilge, ach infheistíocht shubstaintiúil a dhéanamh sa chóras réamhscolaíochta agus i naíonraí na Gaeltachta.
cinneadh decision
" Tá mórán stró curtha ag daoine orthu féin ag ullmhú agus ag cur le chéile an dá cháipéis seo ach an bhfuil sé chomh deacair sin tosaíocht éigin a aimsiú le todhchaí na Gaeltachta a chinntiú? Inár dtuairimne, tá cinneadh amháin bunúsach le déanamh ag an Rialtas agus ag na húdaráis chuí! Níl an dara rogha ag an Stát, má tá sé dáiríre faoi shlánú na Gaeilge, ach infheistíocht shubstaintiúil a dhéanamh sa chóras réamhscolaíochta agus i naíonraí na Gaeltachta.
chinn mé ar I decided
" Nuair a bhí mé ansin ag an Cháisc, níorbh fhéidir liom gan géilleadh don chathú, agus chinn mé ar lá a chaitheamh ar Inis Meáin.
Chinn sé he decided
" Chinn sé ina dhiaidh sin ar dhíriú ar an cheol den chuid is mó.
chothú agus cur chun cinn na teanga the preservation and the advancement of the language
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go mbeadh dearcadh comhaontaithe bródúil ag pobal na Gaeilge agus na hÉireann faoi chothú agus cur chun cinn na teanga.
dul chun cinn progress
" Cé nach raibh Gaeilge líofa acu is mór an dul chun cinn a chonaic mé ag teacht orthu ón am a labhair mé leo den chéad uair i mí Mheán Fómhair agus deireadh na bliana acadúla.
chinn mé ar I decided
" Ní shílim go bhfuil mo leithéidí féin ábalta dul i bhfeidhm ar dhóigh úsáideach ar chúrsaí sa Tuaisceart na laethanta seo, dá bhrí sin chinn mé ar níos mó ama a chaitheamh taobh amuigh den réigiún.
dul chun cinn progress
" An é go bhfuil caighdeán na bhfoirne sin tite go sealadach nó an bhfuil géarchéim sna contaetha sin maidir le dul chun cinn na hiomána? Na scéalta atá ag teacht as Corcaigh is measa, sé sin, go bhfuil caighdeán na gclubanna íslithe an oiread sin nach bhfuil ar a gcumas dul san iomaíocht i gceart i gcraobhchomórtas chlubanna na Mumhan agus go bhfuil clubanna cáiliúla na cathrach, Naomh Fionnbarra, An Charraig Dhubh agus Fánaithe an Ghleanna tite i léig ar fad de bharr athruithe daonra agus thionchar an tsacair.
chinn sé ar he decided
" Bhí an deis aige fanacht in RTÉ agus tuilleadh oibre a dhéanamh ar an teilifís ach chinn sé ar dhíriú isteach ar an scríbhneoireacht.
cinneadh decision
" Léiríonn cinneadh an FDNY páirt a ghlacadh i gcruinniú Times Square a míshástacht féin le rialtas an Mhéara Mike Bloomberg.
cead a cinn permission
" Cúis iontais dúinn uilig gur thug an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, cead a cinn don chailleach cháidheach a cuid barúlacha binbeacha a scaipeadh fríd an liarlóg leamh seo.
cinneadh decision
" Beidh ar an Rialtas cinneadh a dhéanamh luath nó mall an dtabharfar cead do lucht na tuaithe a dtithe a thógáil cibé áit is mian leo, fhad is go nglactar le moltaí ar dhearadh agus áit lonnaithe, ar a dtalamh féin.
ag teacht chun cinn emerging
" Beidh scríbhneoirí nua ag teacht chun cinn i gcónaí agus réimsí nua i saol na foilsitheoireachta le treabhadh.
cinneadh decision
" Beidh an bia ann, ach ní theastaíonn uathu go bhfásfaidh bia ginchóirithe as sula mbeidh cinneadh déanta acu féin.
macasamhail an chinn seo like this one
" Tá gá ann le graiméar deifnídeach Gaeilge chomh maith le cinn eile, macasamhail an chinn seo, a shíolróidh ón cheann údarásach.
chinneadh decision
" Chuir mé ceist air cad a cheap sé den chinneadh sin.
chun cinn nua a chumadh to compose new ones
" Le córas *webmail*, bíonn na teachtaireachtaí ríomhphoist ar ríomhaire lárnach i gcónaí agus úsáidtear brabhsálaí idirlín chun teacht ar na teachtaireachtaí sin agus chun cinn nua a chumadh.
chinn sí air she decided
" I 1982, chinn sí air sin a dhéanamh.
cinneadh decision
" Is dócha go mbeidh deacrachtaí móra ag údaráis Nua-Eabhrac cinneadh a dhéanamh faoin iarratas is fearr ó na mílte atá faighte acu le smaointe faoin leacht cuimhneacháin is oiriúnaí do na mairbh.
cinneadh a dhéanamh díreach seasamh ar an tsráid just decide to stand on the street
" Ní féidir le bean cinneadh a dhéanamh díreach seasamh ar an tsráid.
cinneadh decision
" Creideann dlíodóir an Róistigh, Eamonn Carroll, toisc téarmaí tagartha athbhreithnithiú an Aire a bheith sách leathan, go mbeidh ar an Aire míniú sách cuimsitheach a thabhairt den chéad uair ar pé cinneadh a ghlacfaidh sé.
dul chun cinn progress
" Ina dhiaidh sin féin, is i bhfeilméireacht na mara atá an dul chun cinn is fearr feicthe le fiche bliain anuas.
cinneadh decision
" Tugadh neart airde le tamall anuas orthu siúd a cháin tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, na moltaí atá inti agus an cinneadh a rinneadh Comhairle Feidhmiúcháin a cheapadh le gníomhartha a mholadh don Aire Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta.
dul chun cinn progress
"dul chun cinn sa dá chuid den tír riachtanach don Ghaeilge agus tá na pobail éagsúla ag brath ar a chéile ar go leor bealaí.
chinneadh teanga language decision
" Seo ceist nó dhó ar féidir le léitheoirí *Beo!* a machnamh a dhéanamh orthu: Cén dóigh a dtig linn athrú a dhéanamh i measc pobal, a bhfuil nós labhairt na Gaeilge beagnach caillte ag an ghlúin déagóirí atá iontu faoi láthair? Cén dóigh ar féidir athrú meoin a chur i bhfeidhm i gcás tuismitheoirí atá ag labhairt Béarla lena gclann agus nach bhfuil ag glacadh aon chinneadh teanga ar thaobh na Gaeilge? Cén dóigh a dtig linn na bunscoileanna sa Ghaeltacht a fhorbairt mar scoileanna lán-Ghaeilge san dóigh is go mbeidh na páistí ag súgradh sa chlós i nGaeilge agus achan ábhar á theagasc go hiomlán trí mheán na teanga? Níl iontu seo a trí cheist shimplí.
cá bhfios cad é a thiocfas chun cinn who knows what will emerge
" Ach má bhíonn mí eile mar mhí Dheireadh Fómhair ann, cá bhfios cad é a thiocfas chun cinn le linn tríocha lá na Samhna.
, má chinneann na Chieftains if the Chieftains decide
" " Tá Carolan den tuairim nach bhfuil cláirseoir traidisiúnta eile beo atá inchurtha le Bell agus, má chinneann na Chieftains ar dhuine a fháil ina áit, gurbh fhearr dóibh ceoltóir a sheinneann uirlis eile a roghnú.
moltaí a chur chun cinn to make recommendations
" Is é gnó an ghrúpa seo, a bhfuil an t-abhcóide sinsearach Hugh Mohan ina chathaoirleach air, staidéar a dhéanamh ar an dlí, ar chleachtais agus ar fhasaigh sa stát seo agus i dtíortha eile, agus moltaí a chur chun cinn maidir le slite inar féidir dlí na hÉireann ar an gceist seo a fheabhsú le go mbeidh sé ar chaighdeán chomh hard is atá ar fáil i dtír ar bith.
tairbhe chinnte eacnamúil certain economic benefit
" tairbhe chinnte eacnamúil ======= Faoi dhlíthe idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí núicléacha níl cead ag tír ar bith stáisiún núicléach a chur i mbun oibre más féidir a léiriú nach dtiocfaidh aon tairbhe chinnte eacnamúil as.
chinn sé ar he decided
" D'éirigh sé bréan den obair sin sa deireadh agus chinn sé ar fhilleadh ar an mhúinteoireacht.
chinn sé ar fhilleadh ar an mhúinteoireacht he decided to return to teaching
" D'éirigh sé bréan den obair sin sa deireadh agus chinn sé ar fhilleadh ar an mhúinteoireacht.
cinneadh decision
" "Bhí cinneadh le déanamh agam.
chinn sé ar he decided to
" Ar ndóigh, d'ainneoin an mhothúcháin sin, chinn sé ar shacar idirnáisiúnta a imirt le Sasana, agus bhí sé go hiontach i gCorn an Domhain i Meicsiceo i 1986.
cinneadh decision
" Ní hamháin go bhfuil cinneadh an Rialtais seo cead a thabhairt d'eitleáin mhíleata ó thíortha eile leas a bhaint as aerfoirt an stáit míbhunreachtúil, mídhaonlathach agus ag cur phobal na hÉireann i mbaol, d'fhéadfadh sé dochar buan a dhéanamh do thionscail áirithe sa tír chomh maith.
cur chun cinn na hiomána the promoting of hurling
" An príomh-mholadh atá déanta acu sa *Blueprint *ná go gceapfaí stiúrthóir iomána do Bhaile Átha Cliath agus go mbeadh freagracht agus cumhachtaí aige/aici maidir le cur chun cinn na hiomána sa chontae.
maidir le cur chun cinn na hiomána as regards the promoting of hurling
" An príomh-mholadh atá déanta acu sa *Blueprint *ná go gceapfaí stiúrthóir iomána do Bhaile Átha Cliath agus go mbeadh freagracht agus cumhachtaí aige/aici maidir le cur chun cinn na hiomána sa chontae.
Meallfar tú go cinnte you'll definitely be enticed
" Meallfar tú go cinnte agus tiocfaidh tú chugainn arís agus arís eile.
Chinn Balor ar Balor decided
" Chinn Balor ar a Shúil Nimhe a chaitheamh siar ar an Bhliain 2002.
Chinn mé ar I decided
" "Chinn mé ar phost a fháil i scoil stáit," a deir sí, "mar d'fhreastail mé féin ar scoil phríobháideach, agus ba mhian liom dearcadh níos leithne a fháil.
chinneadh decision
" Dúirt an Príomh-Aire John Howard nach bhfuil aon chinneadh déanta fós ag an rialtas faoi ionsaí ar an Iaráic agus ní fhreagraíonn sé aon cheist faoi chogadh mura bhfuil údarás na Náisiún Aontaithe leis.
Chinn Balor ar Balor decided
" Chinn Balor ar a Shúil Nimhe a chaitheamh siar ar an Bhliain 2002.
cinneadh decision
" É sin ráite, ar cheart dúinn a bheith ag smaoineamh ar riachtanais eacnamúla agus síochána s'againn féin amháin nó an bhfuil cinneadh le déanamh maidir le moráltacht an ghnímh chogaidh? Tá sé soiléir go bhfuil go leor de lucht na polaitíochta agus den phobal in Éirinn agus i dtíortha eile na hEorpa ag iompú i gcoinne na Stát Aontaithe agus feachtas na tíre in éadan na hIaráice.
cur chun cinn promotion
" Leagtar amach plean oibre faoi thrí cheannteideal ag An Údarás um Ard-Oideachas: (a) múineadh ábhar eile seachas Gaeilge trí mheán na Gaeilge; (b) cur chun cinn na Gaeilge i measc na mac léinn agus i measc na foirne; (c) athchló a chur ar sheantéacsanna.
cinneadh decision
" Is cosúil nach raibh aon scrupall ar Sheán Boylan nuair a bhí cinneadh le déanamh faoi imreoir a choinneáil nó a dhíbirt ón bpainéal nó ón bhfoireann.
chinntí conspóideacha controversial decisions
" Tabharfaidh sé léargas nua dúinn ar chinntí conspóideacha a rinne an Rialtas.
chinneadh decision
" "Is dócha nach mbeidh a fhios againn cén tionchar a bheas acu ar chinneadh na dteaghlach Éireannach a gcuid páistí a chur trasna an samhradh seo go dtí go bhfeicfidh muid cad é a tharlóidh san Iaráic, sin mar a tharlaíonn rud ar bith.
cinneadh decision
"cinneadh a bhí le déanamh ag an rialtas, dhéanfaí é ar mhaithe le "leas na tíre".
a chinneann which decide
" Tá rialacha agus dlíthe ann a chinneann agus a riarann a leithéid.
dul chun cinn mór great progress
" Cé go bhfuil dul chun cinn mór á dhéanamh i dtíortha atá i mbéal forbartha maidir le húsáid an idirlín i gcúrsaí gnó, tá go leor fadhbanna le sárú sna tíortha sin go fóill.
leis an Ghaeilge a chur chun cinn to promote Irish
" Bhunaigh grúpa gníomhaithe teanga an chraobh seo sa bhliain 1983 leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc phobal Dhoire agus leis an ráchairt a bhí ann ag an am ar ranganna Gaeilge a shásamh.
chinn sé ar he decided
" Faoin am a bhí an dlúthdhiosca críochnaithe aige, áfach, bhí sé ceithre bliana is fiche d'aois, mar sin chinn sé ar an teideal a athrú.
ionann is cinnte nearly certain
" Thug Aontroim an-taispeántas i gcoinne Thiobraid Árann in 2002 agus is dóigh gurb iad a bhuafaidh Craobh Uladh arís i mbliana, cé go bhfuil sé ionann is cinnte go ndéanfaidh foirne Dhoire agus an Dúin an-iarracht stádas churaí Uladh a bhaint d'fhir na nGleannta.
dhul chun cinn polaitiúil political progress
" Cad é mar is féidir éirí tógtha fá fhoirgnimh atá tógtha ar ghaineamh slogach? Cad é mar is féidir éirí tógtha fá dhul chun cinn polaitiúil ó thuaidh nuair atá fhios agat go bhfuil daoine ag fanacht le hé a scrios.
an cinneadh ceart the right decision
" Tá a fhios aige Dia go ndeineadh an cinneadh ceart nuair a tugadh an cuireadh thar n-ais go Maigh Nuad dó mar is mó gaisce a rinne sé ansin.