Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chrannchur na scoile school raffle
" Ach ní ar cuairt a thagaidís go díreach ach is amhlaidh a bhíodh ag díol ticéad le haghaidh chrannchur na scoile nó ag cruinniú airgid do chúis, do cheist nó do chiste éicint.
siondacáit chrannchuir lottery syndicate
"siondacáit chrannchuir ar bun san ionad pobail i gceantar s'againne.
an Chrannchuir Náisiúnta the National Lottery
" Bíonn deis ag lucht féachana "Telly Bingo" cártaí ar nós cártaí an Chrannchuir Náisiúnta a cheannach i siopaí agus ansin féachaint ar an gclár chun fáil amach an bhfuil duais buaite acu.
an gCrannchur Náisiúnta The National Lottery
" Istigh ann bhí fótachóip mhór de sheic 25,000,000 iníoctha ag an gCrannchur Náisiúnta le Colm Ó Sé.
an Crannchur Náisiúnta the National Lottery
" com)), Comhairle na Cathrach, an Chomhairle Ealaíon agus an Crannchur Náisiúnta agus tá súil acu go mbeidh féile ann gach bliain as seo amach.
Chrannchur Náisiúnta National Lottery
" " Cuid thábhachtach d'ár stair é seo, agus fuair teach pobail Naomh Antóin £250,000 ó Chrannchur Náisiúnta Shasana chun an t-ionad oidhreachta a thógáil.
Chrannchur Lottery
" Tá muid ar lorg maoinithe ón Chrannchur don chlub obair bhaile do mhí Mheán Fómhair agus, ina dhiaidh sin, deontas eile ó Fhoras na Gaeilge le post an Oifigigh Fhorbartha, agus na tionscadail a bhaineann leis, a choinneáil ag dul.
crannchuir raffles
" Ansin, tá na táillí eile go léir i gceist, na crannchuir, na díolacháin saothair agus araile a bhíonn le heagrú chun na soilse agus an teas a choinneáil ar siúl.
sa chrannchur Eorpach in the European lottery
" Is beag duine atá in éad le Dolores McNamara anois as an €115,436,126 a bhain sí sa chrannchur Eorpach le gairid.
ón Chrannchur from the Lottery
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an gcomhlacht? An leor iad? Tógadh an lárionad le hairgead ón Chrannchur agus ón rialtas.
crannchuir raffles
" Chomh maith leo siúd bíonn aontaí leabhar agus crannchuir againn.
crannchuir raffles
" Chomh maith leo siúd bíonn aontaí leabhar agus crannchuir againn.
tríd an gCrannchur Náisiúnta through the National Lottery
" Bealach amháin a dtarlaíonn sé seo ná tríd an gCrannchur Náisiúnta – daoine ar ioncam íseal agus easpa oideachais is mó a cheannaíonn ticéid chrannchuir ach is ar áiseanna, fhoirgnimh agus araile na gcumann gailf, seoltóireachta, rugbaí, cluichí Gaelacha is mar sin de a chaitear an t-airgead.
ticéid chrannchuir lottery tickets
" Bealach amháin a dtarlaíonn sé seo ná tríd an gCrannchur Náisiúnta – daoine ar ioncam íseal agus easpa oideachais is mó a cheannaíonn ticéid chrannchuir ach is ar áiseanna, fhoirgnimh agus araile na gcumann gailf, seoltóireachta, rugbaí, cluichí Gaelacha is mar sin de a chaitear an t-airgead.
sa chrannchur Spáinneach in the Spanish lottery
" Bhí an t-ádh orm ar na mallaibh nuair a bhain mé £65,810 sa chrannchur Spáinneach El Gordo.
i gcrannchur lofa in a crooked lottery
" Chaill sise £10,000 i gcamscéim nó i gcrannchur lofa den tsórt a ndearna mé cur síos air ag tús an ailt.
ó oifig chrannchur náisiúnta na Breataine from the office of the British national lottery
" Tuairiscíodh anuraidh go raibh daoine in Éirinn ag fáil ríomhphost bréagach ó oifig chrannchur náisiúnta na Breataine atá lonnaithe anseo i Learpholl.
chrannchur náisiúnta national lottery
" Osclaíodh an t-ionad sa bhliain 2001, a bhuíochas sin ar mhaoiniú a fuarthas ón Millennium Commission – is é sin, airgead ó chrannchur náisiúnta na Breataine – agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin i leith.
go ndáilfear neart airgid ón Chrannchur Náisiúnta ar Phort Láirge that plenty of National Lottery money will be given to Waterford
" Beifear ag súil go ndáilfear neart airgid ón Chrannchur Náisiúnta ar Phort Láirge sna blianta beaga amach romhainn.
go ndéanfar breithniú ar chrannchur náisiúnta a bhunú that the founding of a national lottery will be considered, examined
" Dúirt sé fosta go ndéanfar breithniú ar chrannchur náisiúnta a bhunú leis an airgead seo a bhailiú – mar a dhéantar sa Bhreatain Mhór!Mar gheall ar an ráiteas seo a rinne Rudd, is dócha go mbeidh na lúthchleasaithe Astrálacha ag baint go leor bonn i Londain i gceann ceithre bliana.
Chrannchur lottery
" Tá maoiniú faighte ag an East Side Gallery ón Chrannchur Náisiúnta agus gi go dtacaíonn an pobal i gcoitinne agus an Bord Turasóireachta leis an chinneadh, tá roinnt eile nach bhfuil chomh sásta leis.
crannchuir raffles
" Díoladh ticéid agus reáchtáladh damhsaí, ceolchoirmeacha, ‘lotto’, tráth na gceist agus crannchuir go dtí go raibh dóthain sa chiste.
Crannchur lottery
" Tá an Crannchur Náisiúnta buaite ag Tomás Ó Sé, cúl tugtha aige don seansaol agus tá sé i measc na mbodach mór.
chrannchur lottery
" Glacaim leis go bhfuil tobar an státchiste tráite faoi láthair, ach thiocfadh gur ón chrannchur náisiúnta a mhaoineofaí an ciste seo.
chrannchur raffle
" Faigheann na daoine gur leo na capaill a thagann sna céad trí háit céatadáin éagsúla den mhéid airgid a bailíodh sa chrannchur agus sa cheant thuas – agus ní bhfaighidh úinéirí na gcapall eile faic! Is féidir geall a chur ar an rás le geallghlacadóirí, má tá cuntas agat leo, ag na ráschruinnithe, ar an idirlíon, nó ag siopa de chuid an Totalisator Agency Board (TAB).
chrannchuir raffles
" Sa chás go gceadófar íocaíochtaí amach anseo, cé méid airgid a bheas i gceist agus cad as a dtiocfaidh sé? An mbeidh cead ag bainisteoirí a gcuid íocaíochtaí a phlé agus a shocrú i gcomhar le coistí clubanna agus contaetha agus ardú a éileamh faoi mar a dhéanann fostaithe go minic i gcúrsaí gnó? An mbeidh an íocaíocht ag brath ar leibhéal an bhrú agus stró atá ar an mbainisteoir de thoradh an mhéid ama a chaitheann siad as baile gan a bhean chéile ná a chlann a fheiceáil ó cheann ceann na seachtaine? Luaitear an ghné sin den bhainistíocht go minic ach dáiríre an mbaineann sé le hábhar? Daoine go Leor Buartha ============ Scanraíonn an cheist ar fad go leor daoine sa CLG toisc go bhfeictear dóibh go mbeidh sciar maith den airgead a bhailítear go deonach trí chrannchuir, oícheanta rásaíochta, chlasaicí gailf, laiteonna, shiúlóidí urraithe is araile á chaitheamh ar bhainisteoirí seachas ar ghasúir, ar fhearas agus ar áiseanna.
maoiniú ón Chrannchur Náisiúnta funding from the national lottery
" Ón bhliain 2009, le maoiniú ón Chrannchur Náisiúnta agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, chuir Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada (ICUF) dámhachtainí ar fáil chun teagascóirí Gaeilge a fhostú ar feadh bliana le Gaeilge a theagasc i roinnt ollscoileanna in Oirthear Cheanada.
i gcrannchur éigin. in some lottery
" Is iomaí duine sa lá atá inniu ann atá cleachta le bheith ag fáil dramhphoist ina ndéantar cur síos ar dhuais iontach atá buaite aige i gcrannchur éigin.