Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
brioscarnach crunching noise
" Bhodhraigh brioscarnach an leathair mé agus is beag nár chac mé i mo bhríste ar mhéid an sceimhle a bhain sé asam.
nuair a thiocfadh an crú ar an tairne when it came to the crunch
" Níl an oiread sin de dhifríocht idir polasaithe an dá pháirtí agus nuair a thiocfadh an crú ar an tairne bheadh sé solúbtha go leor.
má thagann an crú ar an tairne, if it comes to the crunch,
" (Ní ar an dóigh chéanna le Dáithí Lacha, má thuigeann sibh mé!) Agus mar fhocal scoir, agus má thagann an crú ar an tairne, is féidir brath i gcónaí ar Lovely Labhrás Ó Murchú chun cúpla focal a rá i gcéad teanga na tíre.
tháinig an crú ar an tairne things came to the crunch
" ” Cuireadh chuile rud ar ceal agus, dar le hIrial, tháinig an crú ar an tairne sa chomhlacht mar go raibh siad ag brath go huile is go hiomlán ar chláracha spóirt ag an am.
géarchor creidmheasa credit crunch
" Mar gheall air seo – agus mar gheall ar an gcúlú sa mhargadh tithíochta agus tógála; an ráta boilscithe; na rátaí úis; an euro láidir agus an géarchor creidmheasa – tá gach cuma ar an scéal go mbeidh meathlú tromchúiseach i gceist sa tír seo gan mhoill.