Maidir le craobhchomórtais na gcoláistí tríú leibhéal, cuir i gcás, is é líon na n-oifigeach foirne atá ceadaithe in ionad imeartha ná seacht nduine dhéag ar a mhéad, ach ní bhíonn ach ochtar ceadaithe ar thaobh na páirce.
Ní hamhlaidh áfach sna contaetha ar fud na tíre mar go bhfuil craobhchomórtais na gclub ag dul ar aghaidh i gcónaí agus tig linn a bheith ag súil is ag tnúth le cuid mhór de chluichí ceannais na gcontae a fheiceáil ar TG4 sna seachtainí atá amach romhainn.
Ba chóir do dhuine a bheith ag tnúth le mórimeachtaí spóirt an tsamhraidh, na craobhchomórtais iomána agus peile sa bhaile, agus na himeachtaí spóirt idirnáisiúnta thar lear, go háirithe na Cluichí Oilimpeacha i Londain agus *Euro 2012* sa Pholainn/ Úcráin.
Bíonn corrchluiche dúshláin ag tús na bliana, agus cúpla cluiche sraithe i mí Aibreáin, cúpla cluiche craobhchomórtais i mí na Bealtaine agus sin a dheireadh go dtí an dara leath de Lúnasa ar a luaithe.