Pota Focal Intergaelic
crow | brew | chew | clew | craw | grew
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an criú the crew
" Tá breis is caoga damhsóir i gcompántas Bhreandáin agus 105 ar fad nuair a chuirtear amhránaithe, ceoltóirí agus an criú san áireamh.
Tárrtháladh an criú the crew was rescued
" Tárrtháladh an criú ach fágadh an bád ina luí ar an gcladach.
foireann a earcú to recruit a crew
" De thairbhe an Tíogair Cheiltigh, mhéadaigh go háirithe ar chostas ola agus d'éirigh sé níos deacra ag úinéirí foireann a earcú.
an fhoireann cheamara the camera crew
" B'éigean dom áiteanna áille a aimsiú don léiritheoir a bheadh an fhoireann cheamara ábalta a bhaint amach.
criúnna crews
" Sampla suntasach den chlaonadh seo is ea *Ghostship *(1998) a rinneadh in ómós do na longa solais agus a gcuid criúnna, a shaothraigh go crua ar feadh na mblianta ar chóstaí na hÉireann.
díbríodh criú teilifíse de chuid RTÉ amach as an Vatacáin an RTE film crew was driven out of the Vatican
" Thart ar an am céanna, díbríodh criú teilifíse de chuid RTÉ amach as an Vatacáin toisc gur ghléasadar bean mar easpag agus iad i mbun scannánaíochta.
ciontaíodh ceathrar ón Croxteth Crew four of the Croxteth Crew were convicted
" An tseachtain a fuair Rhys bás, ciontaíodh ceathrar ón Croxteth Crew as dúnmharú Liam Smith - iarchara dá chuid, Liam Duffy, ina measc.
os comhair na gcriúnna teilifíse in front of the television crews
" Bhí cuid de na daoine dóighiúla a sheas os comhair bholgáin na ngrianghrafadóirí agus os comhair na gcriúnna teilifíse a bhí tagtha ansin ó gach cearn den domhan lán dóchais go mbeidís ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus deilbhín beag clúiteach faoina n-ascaill acu.
criú teilifíse TV crew
" I mbeagán focal, is criú teilifíse ann féin é! Ach ar ais go Cliara.
os comhair an chriú mhóir in front of the big crew
" Dúirt sí liom gur chuir sé isteach uirthi go raibh uirthi labhairt faoi ábhar thar a bheith pearsanta os comhair an chriú mhóir – iriseoir, ceamaradóir, fear fuaime agus léiritheoir.
lucht ceamara camera crews
" Sílim i ndáiríre go bhfuil baint ag TG4 leis: sé sin, go bhfuiltear ag cur fostaíocht mhaith ar fáil do dhaoine a bhfuil spéis acu sna healaíona – ó thaobh scriptscríbhneoirí, aisteoiri, cumadóirí ceoil, lucht ceamara.
bhfoireann crew
" Bhí sé mar aidhm ag an bhfoireann aird an domhain a tharraingt ar cheisteanna timpeallachta an aigéin, an Ball Mór Bruscair san áireamh.
fhoireann crew
" Bhí sé ar an fhoireann *Dicovery* le Captaen Scott, in éineacht leis an Chiarraíoch, Tomás ’ac Criomhthainn, nó mar is fearr aithne air, Tom Crean, ar an taiscéaladh Antartach i 1901 agus bhí sé ina cheannaire ar an Nimrod, taiscéaladh Antartach eile i 1908.
foireann taifeadta film crew
" Sinne amuigh sa nGalltacht, níor tháinig foireann taifeadta chugainn le Gaeilge ach fíor-chorruair ó thosaigh TnaG/Tg4.
foireann beirte two of a crew
" Bhí mé féin agus thart ar sheisear eile ar bord chomh maith le foireann beirte a thiomáin an bád agus ar ndóigh, bhí earraí caite thart ar mhuin mharc a chéile.
fhoireann loinge ship’s crew
" Ach beidh The Draken Harald Fairhair (DHF) ar an atógáil is mó riamh, le 25 péire maide rámha ann - sin bád 50 buille - agus le beirt ar gach maide sin 100 fear iomraimh ar an fhoireann loinge 150 duine.
ag foireann na loinge tarrthála by the crew of the lifeboat
" Scéal ar leith ná tarrtháil chorp páiste ag foireann na loinge tarrthála ‘Mackay-Bennett’.
fhoireann crew
" Agus ní hiad iníon Bono, Eve Hewson, ná Kerry Condon, Tiobradach mná, an t-aon bheirt Éireannach ar fhoireann Sorrentino.
fhoireann an bháid the boat crew
" Tar éis ceol *punk-trad* leis na Ramoneurs de Menhirs, chuaigh an slua síos chuig caladh Bhrest chun fáilte a chur roimh an mbaitín sealaíochta, a tháinig i dtír i mbád beag, an 'Mari Lizig' Bhí ar fhoireann an bháid na seolta a ísliú le teacht isteach sa chaladh de dheasca na gaoithe.
foireann crew, gang
" De réir mar a éiríonn leo, beidh a fhios againn cé acu is aontachtaithe Caitliceacha iad, nó aontachtaithe measartha nó gur náisiúnaigh iad a chreideann gurb ionann an rialtas ó dheas agus foireann The Sopranos agus gurbh fhearr leo suí ar an chlaí ar feadh tamaillín go bhfeicfidh siad aiséirí an Tíogair Cheiltigh, ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith.
shocraigh foireann the crew of (LV) decided
" Chun “an scéal a oscailt do dhaoine nach bhfuil Briotáinis líofa acu” agus “domhan réadúil” (dátheangach) a chur in iúl, shocraigh foireann Lann Vras Fraincis agus Béarla a chur i mbéil na gcarachtar, ach is í an Bhriotáinis is mó a chloistear.
baill foirne crew members
" Toisc na hoibre ar fad (ó na ceardlanna go dtí an eagarthóireacht) a bheith sa teanga mhionlaithe, bhí comhthuiscint agus comtháthú idir na baill foirne.
d’fhoireann loinge a ship’s crew
" Tógadh leac chuimhneacháin ansin i 2009 i gcuimhne ar 19 d’fhoireann loinge a fuair bás i 1870 nuair a briseadh an Sydney ar 16 Samhain.
foireann crew
" Labhair Liz Curtis le fear darb ainm Ivor Neill le gairid, atá ina scipéir ar bhád a théann chun farraige go minic le foireann daoine as gach saghas cúlra.