Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
inneoin chrua the hard anvil
" Tá siad múnlaithe ar inneoin chrua na staire agus tá siad tréitheach, cumasach ar páirc nó ar pár: Tomás Ó Criomhtainn, Piaras Feirtéar, Pádraig Ó Fiannachta, Eibhlín Ní Mhurchú, Maidhc Dainín Ó Sé, Páidí Ó Sé, Tom Crean, Jerome O'Connor, Seosamh Ó Dálaigh, Paddy Bán Ó Brosnacháin, Peig Sayers, Diarmuid Ó Duibhne.
Tháinig sé crua ar Chian It was difficult for Cian
" Tháinig sé crua ar Chian soc an chairr a fheiceáil, chan amháin a bheith ag caint ar chúlú thart an coirneál.
fíorghanntanas fianaise crua a big shortage of hard evidence
" Nach raibh Gerry Adams i gCúba i mbliana? Nár dhúirt oifigeach sinsireach de chuid Arm na Colóime go raibh cúig bhall déag éagsúla de chuid Shinn Féin ina thír? Ach, arís eile, tá fíorghanntanas fianaise crua le sonrú go raibh an triúr Éireannach - Martin McCauley, James Monaghan agus Niall Connolly - ag traenáil FARC le buamaí a dhéanamh.
uafásach crua really difficult
" É sin ráite, tá sé uafásach crua.
gur chóir dioscaí crua a fhormáidiú arís that hard disks should be formatted again
" Deirtear gur chóir dioscaí crua a fhormáidiú arís chun an t-eolas a ghlanadh uathu agus moltar scian a úsáid chun dlúthdhioscaí a scríobadh agus "úsáid gan údarás" a sheachaint.
crann adhmaid chrua hardwood trees
" Tá comhlachtaí ilnáisiúnta foraoiseachta ag gearradh crann adhmaid chrua san fhoraois bháistí.
diosca crua mór faoi leith separate hard disk
" Ar ndóigh, chabhródh diosca crua mór faoi leith freisin, agus tá gá le tiomántán DVD-R chun na scannáin a scaipeadh ar dhioscaí digiteacha ilúsáide.
bod crua a hard penis
" Is é an rud a chonaic sé a chuir fearg air ná pictiúr den Chroch Chéasta agus seamhan ag sileadh aisti agus, ar an taobh clé di, bod crua ina sheasamh suas díreach.
siopaí crua-earraí a hardware shop
" Tá an siopa éisc is fearr i mBéal Feirste ann, mar shampla, siopa maith búistéara, siopaí crua-earraí, agus siopa beag cártaí inar féidir cártaí a fháil ar a bhfuil "Happy Christmas from the loyalist Shankill" scríofa, chomh maith le cártaí ar a bhfuil "Happy St Patrick's Day".
an pholaitíocht chrua eitneach hard-boiled ethnic politics
" " an pholaitíocht chrua eitneach ======= Bhí an dearg-ghráin, ar ndóigh, ag Nixon ar mhuintir Kennedy ar fad.
siopaí crua-earraí hardware stores
" Tá éagsúlacht nua ag baint le Katonah Avenue i gceantar Woodlawn sna Bronx, Nua-Eabhrac, ar cheantar Éireannach amháin é tráth; na laethanta seo, tá inimircigh as tíortha eile i mbun *delis, *siopaí crua-earraí agus gnólachtaí eile sa cheantar.
ag cur crua air pressing him
" Má chaitheann tú go leor cloch thar chlaí, cniogfaidh tú duine éigin sa cheann luath ná mall … Tá sciathán bunaidh taobh istigh den Pháirtí Coimeádach agus de pháirtí parlaiminte Harper féin agus ní fada go mbeidh siadsan ag cur crua air a gclár oibre a chur chun cinn.
an choisíocht chrua a chur isteach to do the hard slogging
" Díograiseoir cruthanta Gerry Adams, d’oibrigh Denis Donaldson laistigh d’eangach riaracháin na Sealadach, é i gcónaí sásta an choisíocht chrua a chur isteach, lasmuigh den spotsolas, chun clár oibre phróiseas na síochána a bhrú chun tosaigh.
bónaí crua sciathánacha hard winged collars
" Fir óga ab ea móramh an Rialtais sin, formhór acu a bhí fós míchompordach sna bónaí crua sciathánacha, gan trácht ar na cótaí eireaballacha foirmeálta a thóg áit anois na seantuiní uaine a chaitheadar le mórtas – éide Óglaigh na hÉireann, éide gharchogaithe na saoirse, éide Arm na Poblachta.
dream crua cróga a tough brave lot
" Gan amhras, is dream crua cróga iad na marcaigh, idir fhir agus mhná.
ar chora crua na haimsire atá caite of the hard turns of times gone by
" I bhfianaise an dearcaidh seo tá seans go mbeadh Polannaigh gach pioc chomh híogair maidir lena stair fiú muna mbeadh beo fós daoine a bhfuil taithí phearsanta acu ar chora crua na haimsire atá caite.
mar chártaí grafacha crua-earraí as hard-ware graphics cards
" Ach tá iomaitheoirí ag Havok, agus tá roinnt de na bogearraí a chuireann fisic i bhfeidhm i gcluichí anois á gcur ar fáil mar chártaí grafacha crua-earraí.
clogad crua na ceartaiseachta the hard helmet of priggishness
" Cé a bhí ina sheasamh idir mé agus maidneachan ach Éamonn Ó Doornail, an tEagarthóir Téagartha; clogad crua na ceartaiseachta fána cheann, sciath nuachtán crochta lena thaobh, claíomh géar na fíréantachta ina láimh dheas agus péire peann ina láimh eile, agus nuair a chonaic mé é gléasta mar a bhí agus solas niamhrach na húrmhaidine ag lonrú fríd a chuid gruaige cataí ciardhuibhe, dúirt mé gur mhór an trua nach raibh mo Canon EOS Digital liom nó nach gcreidfeadh duine ar bith ar chlár an domhain an chuma churata, oscartha, laochta a bhí air an mhaidin sin.
nach gcuirfeadh crua ar léitheoir óg that wouldn't prove difficult for the young reader
" ” Níor dhoiligh leaganacha Gaeilge de na habairtí sin a aistriú go Gaeilge, leaganacha nach gcuirfeadh crua ar léitheoir óg ach a shaibhreodh a gcuid teanga *as a result* in áit *whack *uafásach Béarla a thabhairt dóibh.
cloigne crua hard heads
" Féach an oiread sin cloigne crua ar bhuail siad an cúpla focal isteach iontu.
an tiomántán crua the hard drive
" De bharr an tiomántán crua atá ar ghléasanna dvd anois agus de bharr seirbhísí ar nós SkyPlus, níl aon ghá go mbreathnódh aon duine ar chláir ag am a gcraolta a thuilleadh agus beidh impleachtaí móra aige seo don teacht isteach a fhaigheann na stáisiúin teilifíse ó fhógraíocht feasta.
saol crua hard life
" Bhí saol crua acu go dtí lá samhraidh sa bhliain 1932 nuair a d’aimsigh máthair an teaghlaigh díon seantí faoin talamh.
saol crua hard life
" Cuid de na fir seo, bhí saol crua acu sna 30 bliain sin.
ag dul trí am an-chrua going through a very difficult time
" Tá na comhlachtaí go léir ag dul trí am an-chrua ar fad faoi láthair.
obair chrua ar bheagán airgid hard work for little money
" Bhí a fhios agam go mbeadh obair chrua ar bheagán airgid i gceist, ag déanamh ceapairí do na “Gaeilgeoirí” nó ag glanadh suas ina ndiaidh.
ba chrua hardest
" Duine de na tacaithe ba chrua agus ba dhiongbháilte ar fhoireann Chill Chainnigh ab ea Fan Larkin.
Leabhar dathannach beoga faoi chlúdach crua a colourful vibrant hardback book
" Leabhar dathannach beoga faoi chlúdach crua is ea *Aniar *a bhfuil dánta ó réanna éagsúla le fáil ann.
de chluiche crua craoibhe. of a difficult championship match
" Is é an fáth go mbeidh sé amhlaidh ná go bhfuil bua ag na foirne seo a bhíonn mar bhua ag na foirne is fearr i gcoitinne – tuigeann siad conas cluiche a bhuachan sa deich nóiméad deireanach de chluiche crua craoibhe.
a bhí i bhfad ní ba chrua ná a chloigeann bocht breoite which was a lot harder than his poor sick head
" Léirigh sé cúpla ceann de na sainchomharthaí a bhaineann leis an aicíd seo, nó bhí sé ag bualadh a chloiginn go láidir in éadan balla – balla mór láidir cloiche, a bhí i bhfad ní ba chrua ná a chloigeann bocht breoite.
Cinntí crua hard decisions
" ***Míbhuntáistí:* **Cinntí crua le glacadh aige maidir le loisceoirí agus tógáil mótarbhealaí agus is cinnte go gcothóidh na ceisteanna sin teannas ina pháirtí féin.
throidfinn go crua I would fight hard
" Tráth den saol, bhíodh an grád gnó mar chuid den jab domhsa agus bhaininn an-sult as – dá mbeadh aon duine ag iarraidh é a bhaint díom, throidfinn go crua le hé a choinneáil.
streachailt chrua hard struggle
" Mar gheall ar chaighdeán agus ar fhairsinge na saothar seo, spreagadh Brownfield le teacht ar bhealach éigin le cuidiú leis na healaíontóirí seo a raibh streachailt chrua á déanamh acu le slí bheatha a bhaint amach dóibh féin.
ag cur crua pressing
" Braitheadh go forleathan go rabhthas ag cur crua ar mhuintir na hÉireann vóta a chaitheamh ar son an Chonartha.
chomh crua le cloch as hard as stone
" Ceithre scór deireadh seachtaine ag iarraidh dallamullóg a chur ar eagarthóir *Beo Ar Éigean!* Agus ós ag caint dúinn ar eagarthóirí: an bhfuair Balor cáca milis deas le coinnle air in onóir na hócáide ón eagarthóir? Beag an baol! Dia go deo leis na seanlaethanta nuair a bhí Éamonn Ó Doornail i mbun na hirise; bhí sé chomh teann le gad agus chomh crua le cloch i dtaca le híocaíocht, lena thrí Euro in aghaidh an ailt, ach ar a laghad bhí sé furasta dallamullóg a chur air, nó bhí sé daonna, nó cineál daonna.
a chrua how difficult
" Tá polasaithe maithe ann agus tugann sé le fios go dtuigeann an rialtas a chrua is atá an meathlú.
sneachta crua hard snow
" ' Le seo, bheadh 'nevé' (sneachta crua) thuas agus bheadh oigheareasanna ann.
chrua severe
" Cáinaisnéis chrua, ag dul sa treo ceart, ach caithfear saoránaigh a chosaint ar an €80/90 billiún d’airgead nimhe na mBancannaí.
crua hard
" Is fada Balor sa tóir ar Bhiffo chun an t-agallamh seo a chur air, agus is fada Biffo ag seachaint Laoch na Litríochta cionn is go raibh a fhios aige nach mbeadh drogall ná doicheall dá laghad ar Bhalor na ceisteanna crua cráite a chur.
Leas an Cheachta Chrua the hard lesson's benefit
" Leas an Cheachta Chrua An uile ní meáite, níor chóir an ghruaim as féin amháin a nochtú i gcuntas mar seo ach an oiread.
Ceacht sách crua a hard enough lesson
" Ceacht sách crua dúinn atá ann agus is ceacht é a bheas ann go ceann tamaill eile, ach is tábhachtaí dúinn mar dhream daoine ná an Ardteistiméireacht féin an ceacht céanna a fhoghlaim! -------------------------------- Is ball gníomhach í an t-údar de Chumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge.
crua hard
" Wire – amhrán ait leis na línte crua 'here's the rope, now swing on it' The Unforgettable Fire - amhrán diamhaireach draíochta.
saol crua a hard life
" An saol crua é a bheith os comhair ceamara sách minic chaon seachtain ar bonn seasta? BNC: Is obair chrua í, caithfidh tú i gcónaí a bheith ar an airdeall, caithfidh tú i gcónaí a bheith aireach faoi céard tá timpeall ort, céard tá ag tarlú sa domhan, bíodh tú i do láithreoir, nó id’ iriseoir, nó aon duine atá ag plé leis na meáin, mura dtuigfidh tú céard tá ag tarlú sa domhan mór, beidh sé sin soiléir! Ó chláracha do ghasúir, cláracha siamsaíochta, is cuma céard é an t-ábhar, mar ag deireadh an lae, tá bunús iriseoireachta leis an bpost.
crua hard
" Tá an chraic seo ar bun aige le 10 mbliana anois, é ag cosaint go leor airgid ar mhaithe le cinneacha crua a chur ar an méar fhada.
crua difficult
" Ní hamháin go rabhas ag teacht abhaile ó Mheiriceá, ach bhí mo chairde imithe chomh maith! (Dáithí ag gáire anseo) SMM: An raibh an doirseoireacht crua mar obair? DÓS: Bhí agus, shamhlóinn an rud céanna leis in Éirinn agus i Meiriceá, daoine ag iarraidh dul isteach, daoine fé aois, is rudaí mar san, ach ní raibh bruíonta, ní raibh aon achrann ann, fé mar a chífeá - SMM: - Bhíodar níos dea-mhúinte ná anso? DÓS: Is dóigh liom go raibh, mar chím daoine agus bíonn siad ag bruíon ar na sráideanna in Éirinn agus ní tharlódh sé sin i Meiriceá mar ní scaoilfeadh na gardaí leo.
go crua firmly
" Imríonn an tEarrach, an Samhradh, agus an Fómhar ar shaol an duine ar bhealaigh éagsúla agus múineann siad a gceachtannaí féin dúinn faoi thimthriail an tsaoil, ach is é an geimhreadh a chuireann in iúl, go crua cinnte, nach dtugann rud ar bith ach a sheal.
chomh crua le as hard as
" Is breá liom an draíocht a bhaineann le huisce a bheith chomh crua le cloich.
crua an saol acu their life (is) harder
" Tá na Mandaean ar na mionlaigh bheaga seo agus tá bunús leis an argóint gur crua an saol acu ná saol aon dream eile san Iaráic faoi láthair.
chrua hard
" Le linn an dá mhí den samhradh bíonn easpa nuacht chrua ar na meáin, gan na cúirteanna ná tithe an Oireachtais ina suí agus bíonn sé sách deacair goile na gclár cúrsaí reatha ar raidió is teilifís a shásamh.
cinnidh chrua hard decisions
" Ní bheadh an eagla chéanna air cinnidh chrua a ghlacadh an iarraidh seo, óir nach móide go seasóidh sé iarraidh eile don Dáil.
crua le freagairt difficult to answer
" Bheadh ceisteanna crua le freagairt ag Joan Burton agus ag Éamonn Gilmore faoin mBille Airgeadais a réiteoidís féin tar éis toghcháin agus b’fhearr leo na ceisteanna crua sin a sheachaint.
crua hard
" Tosaíodh agus críochnaíodh a saol i gCathair Mheicsiceó agus fuair sí aitheantas, de réír a chéile, mar ealaíontóir a rinne ceiliúradh ar thraidisiúin agus ar nósanna dúcháis Mheicsiceó chomh maith leis an chur síos macánta a rinne sí ar an saol crua diachrach a bhí aici féin.
iontach crua very hard
" Ní rachainn chomh fada is a rá go bhfuil saol iontach crua ag aos óg na tíre inniu ach d’fhéadfadh cúrsaí a bheith i bhfad níos fearr dóibh as an mborradh a tháinig faoi gheilleagar na tíre sna nóchaidí.
crua ar m’fhoidhne ag fanacht leis the waiting tested my patience
" Chuir *‘The Tree of Life’* crua ar m’fhoidhne ag fanacht leis an tabhartas sin.
crua a chur orainn féin mar gheall ar we have to force ourselves in relation to
" Beidh orainn ár gcuid luachanna agus ár gcuid spriocanna a mheas mar phobal, agus beidh orainn bunchlocha ár leasa a aithint, agus nuair a bheidh sé sin déanta againn, beidh orainn obair go dian agus crua a chur orainn féin mar gheall ar na rudaí is ansa linn.
clúdach crua hardback
" Mar aon leis na dioscaí, tá leabhar 40 leathanach le clúdach crua a dhéanann an t-ábhar a chíoradh: Faightear anseo an saothar is deise agus is cáiliúla dá chuid, idir cheol don cheolfhoireann agus do Cheoltóirí Chualann.
crúba crua hard hooves
" Ní raibh sé i bhfad go dtí go raibh fadhb an chreimthe ag cur isteach ar na feirmeoirí Eorpacha, áfach, mar gheall ar thabhairt isteach ainmhithe feirme le crúba crua.
Ba chorrach casta crua it was a hard, difficult and turbulent
" Ba chorrach casta crua an bealach a bhí aige le gabháil, ach mar sin féin chuaigh sé ar aghaidh.
Saol Sách Crua a hard enough life(style)
" Saol Sách Crua ==== Admhaíonn sé go raibh sé deacair ar dtús: “Bíonn muid ag treanáil cúig lá sa tseachtain agus imríonn muid cluichí chomh maith.
d’oibrigh go crua worked hard
" Duine fadradharcach ab ea Fuller gan aon agó, fear a chuaigh ar an mbád bán agus a d’oibrigh go crua ar láithreáin tógála Londan agus é fós ina dhéagóir.
Clúdach Crua hardback
" ISBN 978-1-85791-156-5, Clúdach Crua Aoisghrúpa: Páistí 10 mbliana+ **Cillian agus an Rón:** Buachaill mór bád is ea Cillian.
idir chrua is éadroma both hard and soft/light
" Chuaigh Riverdance chomh mór sin i bhfeidhm ar dhaoine gur ghin sé tionscal damhsa: na scoileanna rince, na compántais a thriallann ar na ceithre hairde, na cláir theilifíse, na siopaí a chuireann na cleathainsí iomadúla ar fáil do na rinceoirí féin (stocaí, smideadh, gúnaí, bréagfhoilt, bróga, idir chrua is éadroma) Ní baol go ndéanfaidh an pheil Ghaelach ná an iomáint thar lear aithris ar an rath céanna go luath.
Ba chrua an saol life was hard
" Dúshlán na Linne Seo ======= Ba chrua an saol a bhí ag muintir an oileáin sa tseanam.
dlíthe crua smachtúla hard disciplinary laws
" Tá aird tarraingthe fosta ar an chlaonadh choimeádach atá ag an rialtas ó thaobh dúnghaoise de, ar nós dlíthe crua smachtúla in éadan homaighnéasach, dlíthe a dtacaíonn an Eaglais Cheartchreidmheach go mór leo.
tá cáil an fhir chrua ar has the reputation of a hard man
" Stát crua is ea Nua-Gheirsí, agus tá cáil an fhir chrua ar Christie, agus m'anam, thug sé príomhaitheasc an choinbhinsiúin go paiteanta, ag bualadh an bhoird agus ag gríosadh an lucht éisteachta chun léimt ina seasamh.
an saol sin crua that life was hard
" Imeacht ón Innealtóireacht =========== **SMM: Ar bhraith tú a fhad is a bhí tú beo ar an obair aistriúcháin go raibh an saol sin crua, tharla go raibh tú ag taisteal?** BL: Rinne mé gach rud ar an ríomhphost.
Fear a raibh clú air mar fhear crua a man known for being a hard man
"Fear a raibh clú air mar fhear crua agus a bhí amhrasach faoi "shíocháin", bhí Ó hEára anois ag plé le forbairt phobail, le teagmháil a dhéanamh le Protastúnaigh a chathair dhúchais, le tógáil agus athnuachan foirgneamh a mbíodh an eagraíocht a raibh sé mar bhall ann ag iarraidh a scrios le tréan semtex.
ach íocaíocht chothrom ar obair chrua just a payment for hard work
" Níl á fháil ag na mná tí ach íocaíocht chothrom ar obair chrua.
ceisteanna crua le cur hard questions to be put
" Céard a dhéanfaidh an Páirtí sin anois? Tá ceisteanna crua le cur agus le freagairt acu sular féidir leo tabhairt faoi fheachtas uachtaránachta arís.
gnéithe de scéalta crua aspects of the hard stories
" Tuiscint ar an Chos ar Bolg ============ Coirdínigh, Airméanaigh, Bascaigh, chomh maith leis na Palaistínigh, tá gnéithe de scéalta crua a dtíortha agus a muintire a léiríonn roinnt gnéithe den chos ar bolg agus den díothadh a tharlaíonn go rómhinic in áiteanna éagsúla ar an domhan.
as saol nó cúlra crua nó deacair from a hard or difficult life or background
" An bhfuil sé sin fíor? An dtagann an dornálaí as saol nó cúlra crua nó deacair?** BD Ní raibh saol crua agam nuair a bhí mé óg.
ag fulaingt faoi ualach chrua suffering the heavy burden
" Ní bhaineann ceisteanna an chiníochais leisean, dar leo, ach le sliocht na sclábhaithe a tháinig anseo na céadta bliain ó shin, atá fós ag fulaingt faoi ualach chrua na sclábhaíochta sna hiamhchríocha fud fad na tíre.
reoite agus crua frozen and hard
" Bíonn na cosáin clúdaithe le hoighear agus má thiteann tú, sleamhnóidh tú síos an mala shléibhe ar an nevé (sneachta atá reoite agus crua).
saol crua ag cuid nach beag de na daoránaigh Éireannacha a sizeable amount of the Irish convicts had a hard life
" Bhí saol crua ag cuid nach beag de na daoránaigh Éireannacha, gan aon agó, ach léiríonn scéal Galong an dóigh ar éirigh go glé geal le duine amháin acu i gceantar ina raibh sé deacair do bheatha a thabhairt i dtír.
dul i ngleic le saol crua an champa to deal with the cruel life of the camp
" Ní raibh teanga choiteann acu ach ina ainneoin sin, d’fhás cairdeas eatarthu agus chuidigh siad lena chéile dul i ngleic le saol crua an champa.
an ceacht crua the hard lesson
" Is dócha go bhfoghlaimíonn an chuid is mó de scoláirí an ceacht crua.
crua-earra seo this hardware
" Cruthaigh meitheal an Raspberry Pi Foundation an píosa crua-earra seo mar bhraith siad go raibh gá le crua-earra in-ríomhchláraithe i scoileanna chun todhchaí ríomhaireachta a chaomhnú.
in éadan chora crua na peile against the hard circumstances of football
" (Níl carr ar bith in Éirinn mór a dhóthain le é a iompar, ná bus ar bith a bhfuil an doras leathan a dhóthain le é a ligean isteach!) Ag meabhrú a bhí sé ar mhuintir Mhaigh Eo, agus ar a dhiongbháilte atá siad in éadan chruatain an tsaoil seo agus in éadan chora crua na peile.
agus í ag iarraidh ar fhear chrua na sráide as she asks a street hardened man
" I ndráma eile, Glass House le Paul McMahon, feiceann muid Síneach eile agus í ag iarraidh ar fhear chrua na sráide in oirthear na cathrach an *Union Jack* a bhaint anuas cionn is go ndéanann sé trup sa ghaoth istoíche agus ní thig lena hiníon codladh mar gheall air.
crua neamhghéilliúil hard and unyielding
" Anuas ar sin, tá ceannaire na Rúise, Vladimir Putin, crua neamhghéilliúil agus tá sé mar sprioc ina chroí istigh an lámh in uachtar a fháil ar an Iarthar chomh minic agus is féidir.
an leagan crua a chur ar fáil to make the hardcopy version available
" Ach is maith linn an leagan crua a chur ar fáil chomh maith nuair is féidir.
tabhairt faoin obair chrua face into the hard work
" “Níl aon rogha againn ach tabhairt faoin obair chrua le muinín an phobail a chothú arís agus déanfar sin má bhíonn eagraíochtaí trédhearcach, freagrach agus thar aon ní eile, feidhmiúil san obair a bhíonn ar siúl acu”, a deir Loretta Dignam.
bearta crua a rialtais the government’s tough plans
" Mhaígh Abbott go dtuigfeadh muintir na tíre go raibh bearta crua a rialtais riachtanach agus measartha.
crua go leor hard enough
" Dar leis ní rabhadar crua go leor agus ba léir gurb é a bhí i gceist aige ‘ciniciúil’, ‘gránna’, neamhthrócaireach nó ceann éigin de na téarmaí sin a úsáidtear sa Bhéarla le cur síos a dhéanamh ar imreoirí áirithe nár mhaith leis an bhfreasúra teagmháil leo le linn cluiche.
nó cúinsí saoil thar a bheith crua atá acu for they’ve a very difficult life there
" Níl aibhléis ná uisce reatha sa mhainistir nó cúinsí saoil thar a bheith crua atá acu.
Nár braithe tú am na carcrach crua ort may you not feel the time jail difficult
" Nár braithe tú am na carcrach crua ort.
chomh crua leis an iarann as hard as iron
" com/20140609/goose-golden-egg/#more-90404) Gach seans go mbeidh ‘saighdiúirí’ de dhith ort le gabháil leis an ubh úd ach rinne tú glan dearmad an t-im a thógáil as an gcuisneoir aréir agus anois tá sé chomh crua leis an iarann.
rogha chrua ag had a hard choice
" Is léir go raibh rogha chrua ag gaolta Bromson nuair a thuig siad go raibh sé beartaithe aige lámh a chur ina bhás féin ar 27 Iúil: bás uaigneach don seanfhear nó iad féin a chur i mbaol le fortacht a thabhairt dó in am a ghátair.
choimheascar crua na laetha a chuaigh thart the cruel struggles of former times
" Bhí Robert McMillen ag tabhairt cluaise don óige agus dá dtuairimí faoi choimheascar crua na laetha a chuaigh thart, tréimhse nach furasta d’óige na linne seo a bharraíocht anois.