Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ár bhfiontair féin a chruthú to create our own enterprises
" A fhaid is go n-aithníonn muid go mbíonn fréamhacha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta éadomhain go minic, go bhfeiceann muid na deiseanna atá ann ár bhfiontair féin a chruthú agus a fhorbairt, agus go ndéanann muid iad a bhunú agus a fhás go bródúil agus go cinnte, beidh linn.
gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith you yourself create the enjoyment that you get from any place
" Ceann de na rudaí is bunúsaí ar fad ná go gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith, nó ócáid ar bith ag a bhfuil tú.
Rud a chruthaíonn which proves
" Rud a chruthaíonn gur maith le daoine ceol binn, comhluadar deas agus pórtar fuar dubh i gcónaí! Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Sheachtain Willie Clancy ag: www.
cruthaíodh gléas a device was created
" Le teacht ar an saol an Palm vii sa bhliain 1999, cruthaíodh gléas úr a sháraigh fadhb mhór na teicneolaíochta soghluaiste: an dóigh nach rabhthas ábalta ríomhairí neamhshreangaithe a cheangal leis an idirlíon.
atá á gcruthú that are being created
" " Cé go bhfuil líon na mac léinn ag méadú go mór i ngach roinn san ollscoil, is beag postanna breise atá á gcruthú.
cruthaithe created
" Nasc níos rialta a bheith cruthaithe idir coistí agus pobail éagsúla ar fud na tíre agus a dtaithí/eolas a bheith á roinnt.
a chruthú prove
" De réir dhlí na hÉireann faoi láthair, tá cead ag bean ginmhilleadh a fháil más féidir léi féin nó le dochtúir a chruthú go bhfuil sí chun lámh a chur ina bás féin de bharr an struis a bhraitheann sí.
á gcruthú being created
" Seo an córas daonlathais ag oibriú in Éirinn ach is léir go bhfuil níos mó fadhbanna á gcruthú ná a réiteach!
saibhreas a chruthú create wealth
" Is feachtasóir maith é Rutelli, ach bhí bá níos mó ag an phobal le Berlusconi de bharr gur chreid siad gur fear rathúil é ar féidir leis saibhreas a chruthú do gach duine.
faic a chruthú prove anything
" Ach níl sa chéapar seo ar fad ach mugadh magadh mar tá raidhse deochanna meisciúla ar fáil sna hóstáin go léir agus ní gá dhuit faic a chruthú sna háiteanna sin ach go bhfuil béal ort.
fuaim a chruthú create a sound
" Cé nach ndeir Spillane é seo, tá an chuma ar an scéal gur theastaigh ón chomhlacht léiritheoir a chur ag obair ar an albam a n-éireodh leis fuaim a chruthú agus cóiriú a dhéanamh ar chuid de na hamhráin a dhéanfadh níos oiriúnaí iad do stáisiúin tráchtála raidió.
cruthaítear íomhá an image is created
" Bíonn fáil acu ar stáisiún náisiúnta teilifíse na tíre seo, Radio Televisione Italiana, ina dtír dhúchais agus cruthaítear íomhá ina n-intinn nach bhfuil fírinneach den Iodáil mar áit shaibhir ar féidir leat do shaibhreas a dhéanamh go furasta inti.
a chruthú to prove
" Rialaigh sé nach mbeadh uirthi a chruthú go raibh an comhlacht faillíoch agus dúirt sé leis an ngiúiré cúiteamh a mheas.
nuair a cruthaíodh when it was proved
" Cé go bhfuarthas Murphy ciontach le linn na trialach chaith an Giúistís Barr fianaise na mbleachtairí Donnelly agus Fahey amach nuair a cruthaíodh go raibh an bheirt tar éis ráiteas pearsanta a athrú.
Cruthaítear dioscúrsa nádúrtha a natural discourse is created
" Cruthaítear dioscúrsa nádúrtha idir an cliant, Forbairt Feirste, agus muintir Bhóthar na bhFál.
a chruthú to prove
" Fostaíocht a chruthú.
ag cruthú sochaí dhaonlathach creating a democratic society
" ) Bhuel, ag fáil léargais dó ar an dóigh a raibh an freasúra neamhdhlíthiúil sa Pholainn ag obair, ag foilsiú leabhartha, ag cruthú sochaí dhaonlathach beag beann ar an chóras oifigiúil, ba é an tátal a bhain sé as an scéal ná "go raibh an bhuaidh daite do na daoine seo".
ag cruthú creating
" Beo ar an teilifís ======= Rud eile a chuidigh go mór le cúpla bliain anuas le híomhá na gcluichí Gaelacha ná craoladh na gcluichí craoibhe beo ar an teilifís agus sluaite móra i láthair ag cruthú atmaisféar speisialta.
a chruthú to create
" Dúirt mé le Liam Ó Cuinneagáin, 'Níl mé ábalta dul go hÉirinn, mar sin caithfidh mé Gaeltacht a chruthú anseo!' D'éirigh go geal leis an imeacht agus choinnigh muid leis.
cruthú di féin prove to herself
" Dúirt sí go raibh uirthi cruthú di féin go raibh na túir ann ar an chéad dul síos, nach brionglóid a bhí ann.
cruthaíodh níos mó spáis more space was created
" Tháinig rud maith amháin as sin: cruthaíodh níos mó spáis sna pictiúrlanna do scannáin áitiúla.
nach bhféadfaí brath ar na grianghrafanna uilig a tógadh ar an lá chun an fhírinne a chruthú that all the photos taken on that day couldn't be depended upon to prove the truth
" Chruthaigh an taithí sin, dar leis, nach bhféadfaí brath ar na grianghrafanna uilig a tógadh ar an lá chun an fhírinne a chruthú.
le hatmaisféar bríomhar a chruthú to create a lively atmosphere
" Tá atmaisféar an-deas sa chaife i láthair na huaire agus daoine ag iarraidh éalú ón fhuacht agus ón dorchadas chun seacláid the a bheith acu! Cainteoirí Gaeilge thart ar leath den fhoireann, an leath eile is as áiteanna ar fud an domhain iad, agus cuidíonn sé sin le hatmaisféar bríomhar a chruthú.
a chruthú to prove
" Bíonn iachall ar an duine atá i mbéal an phobail a chruthú go ndearnadh clúmhilleadh air agus gur bréag amach agus amach a ndúradh nó a scríobhadh faoi.
é sin a chruthú to prove that
" Más féidir leo é sin a chruthú sa gcúirt ní bheidh an dara rogha ag Rialtas na Breataine ach an mhonarcha seo a dhúnadh.
a saol féin a chruthú to create their own life
" " An dearcadh atá ag Paul ná go gcaithfidh daoine a saol féin a chruthú.
iad féin a chruthú to prove themselves
" An fhoireann atá ann anois tá sí an-óg agus is gá seans a thabhairt dóibh iad féin a chruthú.
má chruthaítear rud if something is created
" Ach an ceisteanna éifeachteacha iad nó an léiriú iad ar dhearcadh ar an ealaín atá róchoimeádach agus róshimplíoch? An gcaithfidh ciall a bheith le gach rud nó an leor é má chruthaítear rud go díreach ar mhaithe le hé bheith ann? Ar an 8 Nollaig fógraíodh gur bhain Keith Tyson, cartúnaí, Gradam Turner na bliana 2002.
cruthú pictiúr deas the creation of nice pictures
" Dar ndóigh, tá a fhios againn uilig nach cruthú pictiúr deas is aidhm don ealaín, ach gan an *hype *a bhí ann de bharr Ghradam Turner, an mbeadh an oiread céanna spéise ag daoine sna saothair seo? Cad é a bheadh fágtha … ráitis mhóra chliste gan mórán taobh thiar díobh nó rud éigin fiuntach? Is é firinne an scéil, dar liom féin, ná gan an rírá agus daoine a bheith ag tógáil raice faoi Ghradam Turner nach mbeadh an duais chomh luachmhar sin.
cruthaítear fadhbanna fadtéarmacha comhshaoil long-term environmental problems are created
" Tá ábhair dhainséaracha ar nós luaidhe agus mearcair in a lán ríomhairí agus má fhágtar an saghas sin trealaimh i láithreáin dramhaíola cruthaítear fadhbanna fadtéarmacha comhshaoil.
Cruthaíodh cothrom ar an domhan seo muid uilig we were all created equal on this earth
" Cruthaíodh cothrom ar an domhan seo muid uilig, agus tá a pháirt féin ag achan duine.
an Chruthú Creation
" Tá sé déanta i stíl phéintéireachta soineanta, agus is cur síos é ar an Chruthú.
le cruthú do dhaoine áirithe to prove to certain people
" Tá roinnt amhrán Béarla scríofa acu le tamall anuas, leithéidí "Dunnes Stores Girl" agus "The Song of Lies", agus deir de Paor gur thug sé faoi liricí a scríobh i mBéarla le cruthú do dhaoine áirithe nach bhfuil Gaeilge acu go bhfuil caighdeán ard ag baint lena shaothar.
a chruthaíonn dream which is created by a group
" Is ealaín í an Outsider Art a chruthaíonn dream atá ar imeall ár sochaí de bharr mhíbhuntáiste éigin, meabhairghalar nó mar go bhfuil siad difriúil.
atá á gcruthú againne anois that we are creating now
" Is iad na struchtúir atá á gcruthú againne anois a bheas mar dhúshraith d'fhorbairt na Gaeilge sa todhchaí.
chruthú proof
" " Bhuel, má tá siad den tuairim gur i gContae an Dúin a rugadh Larkin, an dtig le Lá teastas beireatais a fháil mar chruthú? Tá ceann againne anseo.
a chruthú to prove
" Beidh an bheirt acu ag déanamh a seacht míle dícheall a chruthú gurb iad is fearr in 2003.
cruthaithe created
" Is fada na hiascairí, muintir an oileáin agus lucht bád ag cuartú céidh mar seo agus foscadh dá gcuid bád; tá sí ann anois agus tá deiseanna móra fostaíochta agus turasóireachta farraige cruthaithe dá barr.
ag cruthú conspóide creating controversy
" Ach cheana féin, tá leaganacha beagáinín níos nua-aimseartha den chlár sin ag cruthú conspóide i Sasana, agus ag tabhairt fadhbanna dlí agus fadhbanna cánach le seirbhísí ar líne chun solais.
gnólachtaí níos dearfaí a chruthú to create more positive businesses
" Is é aidhm FEIC ná gnólachtaí níos dearfaí a chruthú i nDoire, nó a mhealladh ansin, seachas comhlachtaí a dhéanann táirgí a tharraingíonn bás agus dochar ar dhaoine ar fud an domhain.
go gcruthófaí 150 post that 150 jobs would be created
" Gheall siad go gcruthófaí 150 post, agus tá thart fá 80 fostaithe anois.
Tá an lá ag cruthú go maith the day is turning out well
" "Tá an lá ag cruthú go maith anois," arsa Aifric le duine de na banaltraí a bhí ag tarraingt cuirtín thart ar an tríú leaba síos ón fhuinneog, "nuair a smaoiníonn tú ar an mhaidin a bhí againn.
a chruthú to create
" Bhí sé in am dom téip de chuid Runrig a chur sa *stereo *chun an t-atmaisféar ceart a chruthú sa charr.
cruthaithe proven
" Tá sé cruthaithe ag *Beo!, *a bhfuiltear ag tabhairt suas le 70,000 cuairt sa mhí air faoi láthair, gur féidir léitheoirí a mhealladh chuig foilseachán Gaeilge atá ar fáil ar an idirlíon.
cruthóidh sé seo fadhbanna this will create problems
" Ach cruthóidh sé seo fadhbanna freisin - ní arm Mheiriceá amháin atá ag iarraidh a láthair a cheilt.
lena chruthú to prove
" Theastódh an chos mar fhianaise lá na cúirte lena chruthú nach raibh an fear gonta ar leathchois roimh an timpiste.
gur chruthaigh sé that it created
" Molann an t-úrscéal an sóisialachas agus deirtear gur chruthaigh sé níos mó sóisialaithe sa Bhreatain agus in Éirinn ná saothair uilig Marx agus Engels.
cruthú aoise proof of age
" Má iarrtar orthu an cruthú aoise a thaispeáint ní gá dóibh ach a mhaíomh nach bhfuil a leithéid acu mar nach bhfuil siad faoi bhun bliain is fiche! Iad siúd nach bhfuil ocht mbliana déag slánaithe acu ní miste dóibh bheith glanta amach as an tábhairne faoina hocht a chlog feasta.
chruthaigh sé a mhalairt he proved the opposite
" Ach chruthaigh sé a mhalairt sa Ghearmáin agus léirigh sé a charachtar agus a chrógacht.
ag cruthú impireachtaí creating empires
" Tá sé tábhachtach freisin go dtógfaidh an ollscolaíocht trí Ghaeilge ar na tionscadail atá ann cheana féin, agus ní mar gheall ar a bheith ag cruthú impireachtaí atáim á rá sin.
a chruthaigh an ceol who created the music
" Ní srianta rómhóra iad seo go praiticiúil agus, ar ndóigh, níor chóir go mbeadh na cearta céanna ag an tomhaltóir is atá ag an gceoltóir a chruthaigh an ceol.
cruthaithe created
" D'aithin na daoine a rinne an scannán *The Matrix: Reloaded* gur margadh idirnáisiúnta atá cruthaithe ag an idirlíon agus lainseáil siad an scannán ag an am céanna ar fud an domhain.
ag cruthú fadhbanna nua creating new problems
" Mar sin, tá seoltaí idirlín ag éirí níos faide agus níos faide, rud atá ag cruthú fadhbanna nua.
cruthaithe created
" Tá roinnt bearnaí a bhí sa mhargadh líonta (*Cuir Gaeilge Air *le hAntain Mac Lochlainn agus *Cruinnscríobh na Gaeilge *le Ciarán Mac Murchaidh, mar shamplaí) agus roinnt deiseanna nua cruthaithe.
de bharr an tsalachair a chruthaigh sé because of the dirt it created
" Ar nós na sagart a chuir deireadh le húsáid an *confetti* ag an séipéal de bharr an tsalachair a chruthaigh sé, tá sé thar am ag údaráis an Chumainn Lúthchleas Gael (CLG) aghaidh a thabhairt ar an mí-iompar is cúis leis na cártaí agus íomhá na gcluichí Gaelacha a ghlanadh.
chruthaigh sé it created
" Is é an "*Blaster worm*" a tháinig chun solais ar dtús agus chruthaigh sé go leor deacrachtaí do chomhlachtaí agus d'úsáideoirí baile.
cruthú proof
" Is léir, mar sin, nach fear mór "traidisiúin" é Neil Martin, agus tá an cruthú ina chuid ceoil féin.
caithfidh siad cruthú dá bpobal they have to prove to their community
" Le go dtig le haontachtaithe atá ar son Chomhaontú Aoine an Chéasta an ceann is fearr a fháil ar an DUP, caithfidh siad cruthú dá bpobal go bhfuil siad ag baint níos mó amach ná atá siad ag géilleadh.
cruthaithe created
" Ní hamháin go bhfuil neart fostaíochta cruthaithe sa chuid seo den earnáil teilifíse ach tá tionchar nach beag á imirt aici ar íomhá na Gaeilge, rud atá an-luachmhar ar fad.
a chruthú to prove
" Ach faoi láthair, i ngach aon chás clúmhillte, ní haon chosaint é ag iriseoir a chruthú go ndearna sé gach a d'fhéadfadh sé le bheith cúramach.
ag iarraidh cruthú trying to prove
" Agus baineann sin leis an choilíneacht droim ar ais, daoine ag iarraidh cruthú go raibh traidisiún fada litríochta againn.
cruthaithe proven
" "Beidh Lá Fhéile Pádraig ina lá saoire oifigiúil anseo feasta fosta, nó nach é Pádraig an t-aon naomh amháin ar liosta na Vatacáine ar Protastúnach cruthanta cinnte cruthaithe é.
a chruthaíonn which prove
" Tá cuntais agus scéalta le fáil a chruthaíonn go raibh an Ghaeilge á labhairt ag muintir na hÉireann i Meiriceá thar na cúpla céad bliain seo a chuaigh thart, agus tá an scéal amhlaidh sa lá inniu.
go gcruthóidh sé that it will create
" In áit léim mhór amháin a thógáil a chuirfeadh crut nua radacach ar an státseirbhís, tá an baol ann go gcruthóidh sé státseirbhís atá scoilte ina dhá leath - leath Bhaile Átha Cliath agus leath na tuaithe.
cruthaíodh ceangal a link was created
" Thar na blianta, cruthaíodh ceangal idir Liam agus Oideas Gael i nGleann Cholm Cille i nDún na nGall.
a chruthú to create
" Tá an chuma air go bhfuil roinnt de na rialacha a úsáideann EasyReader chun na leaganacha éagsúla d'fhocail a chruthú róghinearálta (mar shampla, deir sé gurb é "scuaineí" an uimhir iolra atá ag "scuaine").
ballraíocht in eagraíocht mhídhleathach a chruthú to prove membership of an illegal organization
" Suimiúil go leor, ní féidir ballraíocht IRA a chur síos don cheathrar a tógadh agus Bobby Tohill ina seilbh mar go bhfuil clásal in Acht Sceimhlitheoireachta na bliana 2000 a deir nach féidir glacadh le fianaise oifigeach sinsearach péas le ballraíocht in eagraíocht mhídhleathach a chruthú ach amháin nuair nach bhfuil an grúpa sin ar shos cogaidh.
ag cruthú creating
" B'fhearr liom a bheith ag cruthú mo charachtar agus scéalta féin.
teileascóip a chruthaigh Grubb which Grubb created
" Dar le Mary Mulvihill sa leabhar *Ingenious Ireland*, tá cuid mhaith de na teileascóip a chruthaigh Grubb fós in úsáid, agus tá ar a laghad trí cinn in Éirinn go fóill.
cruthú proof
" Saothar cumadóireachta é, cruthúchán liteartha, réaltacht fhíorúil; réaltacht a bheadh cosúil le réaltacht a bheadh fíor.
Go gcruthóimis na deiseanna that we would create the opportunities
" Go gcruthóimis na deiseanna le go mbeadh níos mó Gaeilge le cloisteáil agus le feiscint i gCluain Dolcáin.
teannas a chruthú to create tension
" Tá séasúr na máirseála ar tí toiseacht gan mhoill (an stopann sé i ndáirire?) agus tá an UDA ag iarraidh teannas a chruthú fríd an chineál seo seicteachais.
chun a chéannacht a chruthú to prove his identity
" In ionad a bheith ag brath ar shíniú dhuine chun a chéannacht a chruthú beidh na cártaí nua seo ag úsáid uimhir aitheantais phearsanta, agus beidh micrishlis bheag iontu chun nach féidir iad a chóipeáil go héasca.
ag cruthú creating
" An rud a chuireann gliondar ormsa ná bheith ag cruthú, bheith ag déanamh ealaíne.
a chruthaíonn rudaí which creates things
" Uaireanta bím rud beag cráite ag an smaoineamh nach bhfuil ar siúl agam ach spraoi - ach caithfear an cheist a chur: céard a dhéanfaimis gan an ealaín? Muide an t-aon ainmhí amháin a chruthaíonn rudaí ar mhaithe le háilleacht.
cruthaithe created
" Áiseanna cruthaithe againn - oifig ina bhfuil trealamh maith (inneall cóipeála daite, ríomhairí).
ionas go gcruthóidís postanna nua so that they would create new jobs
" Saoradh na corparáidí ar cháin cúpla bliain ó shin ionas go gcruthóidís postanna nua leis an airgead breise.
Má chruthaítear timpeallacht ghnó if a business environment is created
" Má chruthaítear timpeallacht ghnó atá cosúil leis an timpeallacht san Iarthar, meallfaidh an íomhá uirbeach seo airgead ó thar lear.
a chruthú to create
" Is breá liom bheith in ann rud a chruthú ón tús, an smaoineamh féin.
a cruthaíodh which was created
" Cuireadh tús leis an duais i 1984 le hónóir a thabhairt d'ealaíontóirí faoi chaoga bliain d'aois atá ag obair sa Ríocht Aontaithe, nó d'ealaíontóirí ón Bhreatain atá ag obair thar lear, agus bronntar seic £20,000 gach bliain ar "shaothar atá ar ardchaighdeán" a cruthaíodh sa bhliain roimhe sin.
a chruthú to create
" Is cluiche eile é seo chun atmaisféar neamhfhoirmiúil a chruthú.
más féidir a chruthú if it can be proven
" Tugann an leasú ar an Acht seo cead séadchomhartha náisiúnta a scrios más féidir a chruthú gur chun leas an phobail i gcoitinne a leithéid a dhéanamh.
chruthódh sé it would prove
" * Gluais • Glossary dul i dtaithí arget used to seanmóirsermon léachtaíreadings gnáthchomhráordinary conversation chomh tuirseach is a bhínnhow tired I used to be luasspeed sruth caintea stream of words foighneachpatient botúinmistakes séiplíneachchaplain bosca faoistineconfession box ag éisteachthearing confessions eascainíswearing iarrachtattempt leithreastoilet sna Flaithisin Heaven seálshawl sa Nigéirin Nigeria deoisediocese gáneed ualachburden misneachhope leictreachaselectricity cuisneoirífridges cadhnrabattery a bheadh le luchtúwhich would have to be charged gineadóirgenerator go han-spárálachvery sparingly scannán an-mholtaa highly-praised film deontasgrant bolgánbulb mionrud éiginsome small thing le caoi a chur airto repair it m'airdmy attention draíochtmagic a d'ardaíodh mo chroíwhich used to lift my heart a chuaigh i bhfeidhm go mór ormthat really made an impression on me spioradáltachtspirituality achrannquarrelling aighnisdisputes tuairimí láidrestrong opinions pearsantachtaí láidrestrong personalities in árach a chéileat loggerheads Ghoill naimhdeas mar sin go mór ormthat sort of hostility really upset me chruthódh séit would prove turas na croisethe stations of the cross an CarghasLent aisteachstrange gníomh creidimhan act of faith ráiteasstatement briathar Déthe word of God béimemphasis trí chéilein general gannscarce comaoineachcommunion fireann nó baineannmale and female an-ghar don nádúrvery close to nature do bhaol a mbáiteto the danger of being drowned scór ógánachtwenty young men a bádhwho were drowned truamhéalachheart-breaking strompthastiff ina baclainnon her arm mothúcháinemotions ar tír móron the mainland ag cur láimhe ina mbás féincommitting suicide d'aireofáyou would feel bádrowning sciobadh na farraigethe sea's snatching sólássolace i gcréin the soil i ngaineamh na cillein the sand of the grave faraoralas uaigneas imeachtathe loneliness of departure cé is moite de na laethanta saoireapart from the holidays a fhilleann go lánaimsearthawho return on a full-time basis de cheal postanna feiliúnachadue to a lack of suitable jobs ábhair acadúlaacademic subjects
cruthaithe created
" Agus mé á scríobh seo, tá fadhbanna ann go fóill, fadhbanna atá cruthaithe ag dianseasmhacht cheannaire an DUP.
cruthaithe as created from
" Cuirfear tús oifigiúil leis na himeachtaí ar an 8 Eanáir le taispeántas mórthaibhseach radharcach dar teideal *Awakening* ina bhfeicfear nathair mhór mhillteach, cruthaithe as tine, soilse, piriteicnic agus ceol, ag teacht chun beatha agus ag síneadh amach a coirp leis na trí dhroichead sa chathair a thrasnú.
go gcruthófá that you would create
" AÓF: An gceapann tú go gcruthaíonn an t-amhránaí a s(h)eanchas pearsanta féin leis an amhrán? ÁNíD: Feiceann chuile dhuine rud éigin difriúil sa bhfilíocht, agus má tá scéal amhráin ag teacht le heachtraí i do shaol féin, is cinnte gur féidir leis tarlú go gcruthófá do sheanchas pearsanta féin.
á cruthú being created
" An é gur cheart dúinn seanmhúnla na Gaeltachta a chaitheamh uainn agus saothar níos mó a chaitheamh leis an teanga sa Ghalltacht agus i gcodanna éagsúla den domhan? Ar cheart dúinn ar a laghad cuid de na hacmhainní atá á gcaitheamh ar an Ghaeltacht "thraidisiúnta" faoi láthair a chaitheamh ar na grúpaí agus ar na daoine aonair i ngach cearn den domhan, go háirithe i Meiriceá Thuaidh, a úsáideann gach uirlis chaidrimh agus chumarsáide, go háirithe an t-idirlíon agus an ríomhphost, lena gcuid Gaeilge a chleachtadh? Tá "pobal" nua Gaeilge tagtha chun cinn! Tá "Gaeltacht" dhomhanda gan teorainneacha geografacha á cruthú.
á cruthú being created
" Is minic a chloistear gearáin á ndéanamh i ranna teangacha na n-ollscoileanna timpeall na tíre faoi gcaoi nach bhfuil fostaíocht lánaimseartha á cruthú iontu.
cruthaithe created
" Spreag an teorainn "8 + 3" seo a lán ainmneacha cruthaitheacha (ar nós comhad téacs "README.
á gcruthú go rialta being created regularly
" Agus ní tharlódh sé sin de bhrí go bhfuil mé an-mhall ag clóscríobh ach de bhrí go bhfuil formáidí nua á gcruthú go rialta.
cruthaítear míle post nua a thousand new jobs are created
" (De réir an taighde, ar an meán, má théann milliún paisinéir sa bhreis trí aerfort éigin gach bliain cruthaítear míle post nua sa cheantar sin).
a chruthú to prove
" Cé nach raibh an clár le feiceáil i Sasana, ba léir gur chuala lucht an BBC faoi agus rinne siad *vox pop *amuigh ar na sráideanna, ag déanamh iarrachta a chruthú nach raibh leatrom ar bith ann.
chruthaigh siad they created
" D’imigh cuid acu go Londain agus bhunaigh siad an *East End* agus d’imigh cuid eile go Nua-Eabhrac agus chruthaigh siad an *East Side*.
á cruthú being created
" Ach is í an cheist ná, an muinín cheart nó bréagmhuinín atá á cruthú sa tír seo? Tá a lán airgid sa tír, ach níl a lán saibhris inti.
a chruthú to create
" Chun an saothar seo a chruthú, chaith Bowler dhá bhliain ag cur aithne ar na príosúnaigh; rinne sé iniúchadh géar ar a ngnáthaimh laethúla agus ghlac sé páirt iontu é féin.
chruthú fostaíochta the creation of employment
" Bhí mé ceapaithe a bheith mar bhainisteoir faoi oiliúint ann ach obair innealtóireachta ar fad a bhí ar bun agam mar go raibh go leor obair thógála ar siúl ag Gaeltarra ag an am - bhí borradh ceart ag teacht faoi chruthú fostaíochta.
á chruthú being created
" Dúirt Hugh Mulholland, stiúrthóir an ghrúpa Éireannaigh, gur deis mhór é seo do na healaíontóirí a mbeidh a saothar ar taispeáint sa *Biennale *agus dúirt sé go raibh sé dóchasach go spreagfadh an chuairt seo spéis criticeoirí agus stiúrthóirí ealaíne idirnáisiúnta sa saothar suntasach neamhghnách atá á chruthú ag ealaíontóirí na tíre seo faoi láthair.
gur chruthaigh sé that he created
" Cáineadh dearfach ======= Cé go ndeir Hussey gur chruthaigh sé an suíomh an chéad lá riamh le deis a thabhairt dó féin na múinteoirí is mó a thaitin leis a mholadh (agus theastaigh uaidh é seo a dhéanamh gan a ainm a lua mar gur mheas sé go bhféachfaí air mar “*suck-up*” mura ndéanfadh sé amhlaidh), bhí sé ag iarraidh chomh maith an deis a chur ar fáil do scoláirí “múinteoirí a cháineadh go dearfach gan baol a bheith ann go mbainfí díoltas amach orthu agus grádanna á mbronnadh”.
Má chruthaítear if it is proven
" Ach cá bhfuil an admháil? Má chruthaítear go raibh bréag i gceist, cuirtear ainm an duine i mbunachar sonraí, agus ní bhfaighidh an duine sin árachas ó chomhlacht ar bith as sin amach.
a chruthú to prove
" “Seafóid,” a deir siad sin atá i gcoinne an phlean agus, leis sin a chruthú, d’athchóirigh lucht déanta an chláir faisnéise “Tonight” seanteach in Dingle taobh istigh de cheithre seachtainí ar chostas £18,000 (www.