Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cruthaitheacha creativity
" Rinne mé íobairt de bhua na cruthaitheacha mar mhaithe le bua na critice.
cruthaitheacha creative
" Ní nach ionadh, mheall áilleacht an cheantair go leor daoine cruthaitheacha isteach chun cur fúthu ansin.
straitéisí dearfacha cruthaitheacha a mholadh to recommend positive and creative strategies
" Níl aon dochar i gcáineadh nó i gcíoradh dá leithéid ach anois is fiú díriú ar an todhchaí go réadúil agus straitéisí dearfacha cruthaitheacha a mholadh.
socruithe cruthaitheacha a aimsiú to find creative settlements
" "Ach tá difear idir sin agus socruithe cruthaitheacha a aimsiú le fadhbanna a réiteach.
Moltaí cruthaitheacha creative motions
" Moltaí cruthaitheacha curtha chun cinn aige agus d'éirigh leis smacht a choinneáil ar chuid de na comhaltaí achrannacha.
i mbealaí cruthaitheacha in creative ways
" An áit go mb'fhéidir go bhfuil Foras na Gaeilge ceart ná nuair a deir siad go bhfuil an t-am tagtha le díriú i mbealaí cruthaitheacha ar cheist na Gaeilge agus ar mhaoiniú eagraíochtaí atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
cruthaitheacha creative
" Spreag an teorainn "8 + 3" seo a lán ainmneacha cruthaitheacha (ar nós comhad téacs "README.
modhanna cruthaitheacha múinteoireachta creative teaching methods
" Cuireann sí spéis ionainn agus tá modhanna cruthaitheacha múinteoireachta aici.
modhanna cruthaitheacha cumarsáide creative methods of communication
" Is é an cuspóir atá acu ná caomhnú agus taighde a dhéanamh ar ghluaiseachtaí, fuaimeanna agus marcanna ainmhithe nach príomhaigh iad, ar an tuiscint gur modhanna cruthaitheacha cumarsáide atá sna feiniméin seo a dtig leo léargas a thabhairt dúinn orainn féin agus ar an saol atá cruthaithe againn.
bealaí cruthaitheacha idirghníomhacha a aimsiú to find creative interactive ways
" Ní gá dúinn céim chomh radacach sin a ghlacadh ach b’fhéidir go bhfuil sé in am againn anois an margadh a thabhairt chuig an phobal agus bealaí cruthaitheacha idirghníomhacha a aimsiú leis an fhocal a scaipeadh.
bealaí cruthaitheacha idirghníomhacha a aimsiú to find creative interactive ways
" Ní gá dúinn céim chomh raidiciúil sin a ghlacadh ach b’fhéidir go bhfuil sé in am againn anois an margadh a thabhairt chuig an phobal agus bealaí cruthaitheacha idirghníomhacha a aimsiú leis an fhocal a scaipeadh.
cruthaitheacha creative
" Bhí an t-anam súite as ardimreoirí cruthaitheacha fearacht Messi agus Tévez agus ba bheag den chíocras – rud a samhlaíodh riamh le sárfhoirne na hAirgintíne san am a caitheadh – a bhí le sonrú sna luathchluichí cáiliúcháin a d’imir siad d’fhonn áit i gCorn an Domhain a bhaint amach.
cruthaitheacha creative
" Ealaíontóirí neamhspleacha, cruthaitheacha, nuálacha a bhí sa chumann seo a bhí ag iarraidh Learpholl a shaoradh ó thionchar Londain mar ionad ealaíne ann féin.