Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chuaillí pylons
" Ó thaobh na timpeallachta de, níor thuig siad cén fáth ar ghá 70 míle de phiolóin agus de chuaillí a chur in airde ó na Cruacha Dubha trí cheantair Ghaeltachta na Rosann, Ghaoth Dobhair agus Chloich Cheann Fhaola, amach go Leitir Ceanainn.
chuaillí poles, posts
" ** Na cúil a bheith mar chuaillí 150 slat óna chéile, dhá chuaille 8 dtroithe ar airde, trasnán eatarthu agus iad 10 dtroithe óna chéile.
cuaillí posts
" Má dhéantar comparáid idir an dá shaghas peile, is féidir a rá nach bhfuil an chuma chéanna ar an liathróid, ar an bpáirc, ar na cuaillí, ar an scóráil ná ar na rialacha imeartha.
Leathinis Chuaille the Cooley Peninsula
" An bhliain seo caite, mar shampla, chuaigh muid thart ar Chontae Dhoire i mionbhus ag amharc ar uaigheanna meigiliteacha; thug muid cuairt ar Leathinis Chuaille le caisleáin ón mheánaois a fheiceáil; agus chaith muid deireadh seachtaine thíos i gContae Chorcaí, ag taiscéaladh áiteanna éagsúla, Cionn tSáile ina measc.
cuaillí geata gate posts
" Ansin tháinig mé ar an teach - tá gnáthchuma air, ach tá cuaillí geata aige, a idirdhealaíonn é ó thithe eile, cuaillí atá tiubh agus cruinn, mar a fheictear go minic sa cheantar seo.
cuaille fada a long pole
" Ach ní bhíodh a dtóin cosanta, mar sin bhíodh daoine a mbíodh cuaille fada acu ábalta iad a bhualadh ansin.
ag an chuaille at the pole
" Is iomaí oíche a d’fhan mé féin agus Daithí (to anyone who’s even remotely interested in lapdancing) Mac Cárthaigh trí nó ceithre huaire an chloig ag ól Complan agus ag fanacht le glaoch ar ais lenár stuif a strutáil ag an chuaille i lár an urláir – féachaint an mbeadh Peter sásta *start* a thabhairt dúinn.
na cuaillí difriúla the different goal-posts
" Do bhaill agus do lucht leanúna CLG, b’aisteach agus ba choimhthíoch an radharc iad na cuaillí difriúla a bhaineann le rugbaí agus an limistéar imeartha laghdaithe a fheiceáil.
cuaille teileagraif telegraph pole
" Is éard atá sa chabar ná píosa mór fada adhmaid atá cosúil le cuaille teileagraif.
íochtar an chuaille bottom of the pole
" Beireann an t-iomaitheoir ar íochtar an chuaille agus caitheann sé in airde é.
rothlóidh an cuaille the pole will rotate
" Is é an aidhm atá ag an teilgeoir ná go rothlóidh an cuaille 180° agus é thuas san aer agus go dtiocfaidh sé anuas agus an t-íochtar ar uillinn 180° leis.
leapacha ceithre chuaille four post beds
" Bhí sé déanta suas go caoithiúil acu le leapacha ceithre chuaille agus trioc seandachtaí nó retro.
cuaillí fóin telephone poles
" Coinníonn sé istigh na cáblaí agus na cuaillí fóin ina chuid tírdhreachanna agus is mar sin a dhéantar nasc leis an saol loighciúil agus leis an dúlra fiáin.
chuaillí posts
" Cur i gcéill atá ina leithéid sa tír seo; fir bhuí greannta ar chuaillí agus gan léarscáil, gan eolas ná leabhrán ar fáil le tuilleadh eolais a thabhairt duit faoi.
cuaillí posts
" Díreach amach os ár gcomhair, bhí imreoirí *Man City* ag tógaint ciceanna in aghaidh fhear Dhún na nGall, Shay Given, a bhí ag seasamh idir na cuaillí os ár gcomhair amach, ag cleachtadh a chuid cúl báiríochta.
sheasamh mar chuaille standing perfectly still
" Ní haon mhaith a bheith i do sheasamh mar chuaille agus an liathróid i do láimh agat nuair a éiríonn rudaí corraithe.
bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir the police were standing around doing nothing
" In ionad an fhirinne a insint, chuir na póilíní an locht ar lucht taca Learphoill, daoine a ghníomhaigh mar laochra ar lá na tubaiste, ag déanamh a ndíchill cuidiú a thabhairt do na taismigh, le sinteáin a rinne siad féin as cláir fógraí agus mar sin de nuair a bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir.
dhá chuaille thaibhseacha lasta two magnificent columns lit
" Tá tuama Liam Flannbhuí le feiceáil sa tsaothar seo in ascaill, cláiríní breac-chearnógacha ar an urlár agus dhá chuaille thaibhseacha lasta le solas geal lonrach ar an dá thaobh.
ná mar atá cuaillí aibhléise than electricity poles are
" Ní gá go mbeadh muilte gaoithe aon dath níos gránna ná mar atá cuaillí aibhléise, nó go deimhin bóithre.
léim chuaille pole vault
" D’imrímis, idir bhuachaillí agus chailíní, go leor cineálacha spóirt eadrainn féin – iománaíocht, peil, sacar, rásaíocht chapall, cruicéad, dornálaíocht, iomrascáil /an choraíocht, leadóg, lúthchleasa (rith, léim, rás cliath, caitheadh meáchain, caitheadh sleá, léim chuaille, saighdeoireacht san áireamh), galf, snámh agus araile.
an bhearna idir dhá chuaille the space between two poles
" Bata leadóige nó camán, liathróid leadóige agus cipíní crainn a bhíodh ann don chruicéad, geataí tosaigh na dtithe nó an bhearna idir dhá chuaille BSL mar chúil do na cluichí móra peile agus iomána.
go cuaillí nó a leithéid sin to a pole or some such thing
" Ar ócáid amháin, fuair duine éigin miotóga dornálaíochta mar bhronntanas agus bhí comórtas dornálaíochta againn, cró déanta le téad ó chrann go geata go cuaillí nó a leithéid sin.
cuaille taca stanchion
" Tá Balor den tuairim go n-iompóidh ceannaire agus cuaille taca na dea-thola a dhroim le Straitéis na Dea-Teangan.