Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cuanta is góilíní harbours and inlets
" Ta an leithinis lán le hardáin is ísleáin, gleannta is machairí, cuanta is góilíní, tránna is faillteacha is oileáin.
Loch Cuan Strangford Lough
" Tearmann d'éin fhiáine atá ann, ar imeall Loch Cuan.
gCuan na Gaillimhe Galway Bay
" Mar sin féin is páirt de Chontae na Gaillimhe é Inis Oírr mar tá sé suite i gCuan na Gaillimhe.
Cuan na Gaillimhe Galway Bay
" Sa seanchas, deirtear gur Loch Lurgan a thugtaí, uair amháin, ar an áit a bhfuil Cuan na Gaillimhe sa lá atá inniu ann.
cuan foscúil sheltered harbour
" Tá an baile é féin ag síneadh le cuan foscúil ar a dtugtar Cuan an Fhir Mhóir.
Cuan na Tulcha Tullagh Bay
" Chuaigh muid síos an bóthar go dtí Cuan na Tulcha.
Chuan Ard na Caithne Smerwick Harbour
" Bhí an Triúr Deirfiúr le feiceáil ón fhuinneog - trí spuaic ghéara atá iontu atá cosúil le fiacla sáibh, ag éirí ón fharraige ar an taobh eile de Chuan Ard na Caithne.
Loch Cuan Strangford Lough
" Ar an taobh eile de Loch Cuan, tá mainistir ón dara haois déag ann, Mainistir Liath.
i gCuan Mó in Clew Bay
" Droimníní báite atá iontu, cosúil leis na hoileáin i gCuan Mó i gContae Mhaigh Eo.
Baile Loch Cuan Strangford
" Siúd chun siúil é ó Phort an Pheire, ansin bhailigh sé grúpa s'againne ón ché ag Baile Loch Cuan ar an taobh thall.
ag béal Loch Cuan at the entrance to Strangford Lough
" Chríochnaigh muid ag Port an Pheire, an baile beag gleoite ag béal Loch Cuan, os comhair Bhaile Loch Cuan.
cuan beag pictiúrtha pictureseque little harbour
"cuan beag pictiúrtha ann, agus ros a bhfuil iarsmaí séipéil air.
caladh agus cuan port and harbour
" Thóg sé a cheann agus d’amharc sé orm díreach isteach sa leathshúil i lár chlár m’éadain agus dúirt: “A Bhaloir, a chara mo chroí, a laoch thar laochra na litríochta, cuirimse de gheasaibh agus de mhórualach ort éirí amach as an phluais sin, ordú taistil a chur ort féin, agus gan stad mara ná mórchónaí a dhéanamh go sroichfidh tú caladh agus cuan insa domhan thiar.
an cuan the harbour
" Tá balla thart ar an láithreán, agus an fharraige agus an cuan taobh thiar de.
cuan gleoite. a beautiful harbour.
" Tá sraith sráidbhailte iascaireachta ann, Cathair Aile, ina measc, áit a bhfuil cuan gleoite.
sa chuan in harbour
" Bhí an t-ádh dearg orainn bheith in ann dul amach ar an bhfarraige – bhí ar na báid fanacht sa chuan ar feadh níos mó ná seachtain sular thángamar, de bharr na gaoithe.
agus go mba chalafort trádála é i lár cuain and that it was a trading port in the middle of a harbour
" Is minic a dhéanann turasóirí dearmad gur oileán atá i Manhattan, croílár Nua-Eabhrac, agus go mba chalafort trádála é i lár cuain i bhfad sular tógadh na droichid agus tolláin a lig don chathair leathnú amach thar uisce go dtí an mhórthír (agus, go deimhin, go dtí oileáin eile sa chuan, mar a tharla le Staten Island).
cuan nua a new harbour
" Thóg sé cuan nua leis an iascaireacht a fhorbairt sa cheantar, agus chuaigh sé i mbun roinnt mhaith tionscal, monarcha cnáibe agus grúdlann ina measc.
sna cuanta in the harbours
" Fuaireamar síob ó staraí áitiúil, a bhí lán de scéalta faoi chorónú na Banríona Éilís sa bhliain 1953, faoi na longa cogaidh a bhíodh sna cuanta le linn an Dara Cogadh Domhanda agus mar sin de.
cuan bay
" Bhí abairt Mhanainnise ar an admháil a tugadh dom sa bheár ar bord na loinge Ben My Chree agus sinn ag seoladh amach as cuan Bhaile Átha Cliath tráthnóna gréine mí Lúnasa seo caite.
chun cuain is chun calaidh into port
" Tiocfaidh leis an rialtas cuidiú linn agus tiocfaidh leo an bád a stiúradh chun cuain is chun calaidh, ach beidh ar an phobal tarraingt ar na maidí rámha.
thar chuan overseas
" Díbríodh roinnt thar chuan agus theith an chuid eile lena mbeo ar an bhád bhán thar sáile.
gCuan bay
" Oileán beag atá ann, thart ar an achar céanna le hInis Meáin nó Inis Oírr i gCuan na Gaillimhe.
chuan bay
" Ní hé Russian Hill an cnoc is airde i San Francisco, ach go deimhin, tá ceann de na radharcanna is áille sa chathair uaidh, seanduganna na cathrach, an Embarcadero, le feiceáil thíos, chomh maith leis an oileán cáiliúil Alcatraz, leath míle amach sa chuan.
cuanta bays
" Buntáistí aiceanta atá i gceist: talamh mhéith, ithir dhomhain shaibhir, uisce lán le mianraí maithe, aeráid shéimh, cuanta foscúla beo le héisc agus cuanta doimhne atá oiriúnach don tráchtáil le tíortha iarthar na hEorpa (An Spáinn srl.
Chuan Mó Clew Bay
" D, go mba cheart ceantar Ghaeltachta a dhéanamh de Chliara, an t-oileán stairiúl ina bhfuil daonra de thart ar 150 duine atá amach ó Chuan Mó i gContae Mhaigh Eo.
cuan is caladh ashore on terra firma
" Táimid ag caint ar réamhchlaontaí i gcoinne dhuine ar bith atá bocht, gorm nó bundúchasach; réamhchlaontaí a théann siar go dtí gur ghabh máirnéalaigh Phortaingéileacha cuan is caladh na Brasaíle i 1501.
chuain bay
" Níl BÁC chomh dona le roinnt cathracha sa mhéid go síneann dhá thaobh an chuain soir cúpla míle ar aon nós.
cuanta bays
" Mar shampla de sin, tóg imeallbhord na hÉireann – más ag féachaint air ó eitleán atá tú feicfidh tú líne gharbh a leanann cuanta, leithinsí, inbhir, agus a leithéid.
Chuan Bay
" Rinneadh magadh agus bithéamh ar na daoine ciallmhara sin a d’éiligh Údarás Calafoirt do Chuan Bheantraí le smacht a choinneáil ar theacht is ar imeacht na n-ollsoithí ola.
cloch is cuan terra firma
" Roghnaíodh an dáta seo don lá náisiúnta de bharr gur cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus ar 26 Eanáir 1788, nuair a bhuail an Chéad Loingeas, mar a thugtar air abhus, cloch is cuan i Sydney.
is minic a cailleadh long lámh le cuan many a slip between cup and lip
chladaigh an chuain the banks of the bay
" Bhí tacsaithe uisce ag iompar teaghlach ó áit go háit ar chladaigh an chuain ar a bhfuil Baltimore.
cois cuain by the harbour
" An pobal ba ghealgháirí i bpríomhchathair an deiscirt ó thuirling Lizzie Windsor i measc na Reibiliúnach i nDaonphobal Chorcaí cois cuain.
taoibh le cuan by the bay
" B’fhíor freisin domhsa an oíche sin mar ab fhíor don fhile fadó – *‘I mBarrachaibh aoibhne taoibh le cuan Is fearra do fuaireas scéala….
nuair a bhuail a long cloch is cuan when the ship docked
" Measadh go raibh tuairim is milliún go leith duine bailithe thart ar na bruacha nuair a bhuail a long cloch is cuan in Sydney ar 3 Feabhra 1954.
Ag cuan is caladh back on dry land
" Ag cuan is caladh - terra firma - arís agus le cuidiú ó chara le lucht an bháid, d’aimsigh mé seomra beag le radharc álainn ar an abhainn.
cuan harbour
" Tá sé ’chóir a bheith céad bliain ó d’fhág an long is cáiliúla ar an domhan, an Titanic, cuan Southampton i Sasana le tosú ar a céad turas tráchtála riamh go Nua-Eabhrac i Meiriceá.
ag moladh uisce ghlan an chuain praising the bay’s clean water
" Bhí cairde mo bhean chéile linn as Meiriceá an lá seo, agus mé ag moladh uisce ghlan an chuain, dúirt mé leis na Meiriceánaigh go bhféadfaí na ruacain a ithe díreach as an ghaineamh.
cuan na cathrach the city bay
" Chomh maith leis sin, ar an 12ú de mhí Aibreáin, in ómos na tubaiste, cuirfear tús le biaiste na mbád cúrsála a stopann ag cuan na cathrach i rith na bliana.
caladh agus cuan haven and harbour
" Nuair a bhí nóin bheag agus deireadh an lae ann, drúcht ag méadú agus clocha ag géarú, agus éiníní beaga na coille craobhaí ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, shroich sé caladh agus cuan i bpríomhchathair an Domhain Thoir.
An eala sa chuan the swan afloat
gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh until he stepped ashore all in one piece
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh.
gur shroich sé caladh agus cuan till he reached a cosy nook
" Ní dhearna sé stad mara ná mórchónaí gur shroich sé caladh agus cuan sa Domhan Thoir.
mBun an Tábhairne cois cuain Crosshaven by the bay
" Ó am go chéile, is cosúil, d’fheictí an diabhal féinig i Halla Rince an ‘Majestic’ i Maigh Eala, sa ‘Lilac’ in Inis Céin, ins an ‘Arcadia’ - ardeaglais na drúise sa chathair - nó sa ‘Majorca’ págánta i mBun an Tábhairne cois cuain.
an dá chuan the two seas
de réalta i gcuanta na spéire liteartha of stars in the heavenly havens of literature
" Dá mbeadh ceathrar dá samhail sin againn dob’ oirearc an tabhartas ó Dhia iad, ach monuar! Is annamh a chítear a gcomhghile sin de réalta i gcuanta na spéire liteartha….
bhfuil a leithéid an taobh seo den chuan we have such on this side of the sea
" Agus más féidir Gaeltacht a thabhairt ar an áit a bhfuil dhá theach Ghaelacha buailte lena chéile, ní bréag a rá go bhfuil a leithéid an taobh seo den chuan.
len iad féin a threorú chun cuain which shall guide them safely home
" Ba léir Dé Sathairn go bhfuil muintir na Gaeltachta i Maigh Eo ag lorg an tsaineolais len iad féin a threorú chun cuain in aghaidh farraige arda an Bhéarla.
nár ghá údarás cuain a cheapadh a harbour board didn't have to be appointed
" Dúradh nach dtarlódh pléasc Oileán Faoide agus nár ghá údarás cuain a cheapadh ann.
chun an chuain síos to the bay below
" Bhí na réalta ag scairteadh agus abhainn an Dwyfor ag brostú léi go glórach chun an chuain síos.
an cuan amach (was) transported
" N’fheadar ar Bhrianach é, mí-aistrithe go ‘Gaolainn’ ag fear inscríofa na lice? Brian O Brien, abair, Éireannach Aontaithe, daortha i Loch Garman agus curtha an cuan amach ar an ‘Atlas II’ i 1800? Nead Éireannach Aontaithe =========== Nó b’fhéidir gurb é Bryan O Brien a luíonn anseo, an té a bhog isteach le Mary Ryan i Parramatta nuair a scar sí lena compánach William Mahoney in 1812.
shroich sé cuan he reached port/bay
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain touched the edge of his coracle on beach of the bay
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
os cionn an chuain above the bay
" Bhí an tUasal Poitín ag fanacht leis os cionn an chuain.
ar an gcuain coileán to the litter of pups
" Chomh maith leis sin, ní thugtar an deis don tomhaltóir cuairt a thabhairt ar an gcuain coileán.
gCuan Ghlinne the bay ag GCC
" Thángthas ar sheilide tearc, an Vertigo Angustior sna dumhcha anseo i gCuan Ghlinne sa bhliain 2000.
Loch Cuan Strangford Lough
" Is breá le Liz Curtis am a chaitheamh ar chladaí Loch Cuan i gContae an Dúin.
Loch Cuan Strangford Lough
" Tá Liz Curtis an-tógtha le Loch Cuan i gContae an Dúin, áit a mbíonn sí go minic.
gCuan Mheicsiceo Mexican Gulf
" Saothar samhailteach Jason de Caires Taylor i gCuan Mheicsiceo atá faoi thrácht ag Ciara Nic Gabhann.
lámh le cuain close to shore (i.e. nearly survive)
" An dtiocfaidh Méara Toronta, Rob Ford, slán an iarraidh seo nó an mbáfar an Mac Conshnámha áirithe seo lámh le cuain? Tá Eoin Ó Catháin i gCeanada faoi láthair sin í an cheist atá ar dhaoine ina thimpeall.