Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go buan i mo chuimhne in my memory permanently
" ) Le cois Málainn Bhig, tá cúpla áit eile in Éirinn agus thar lear a fhanfaidh go buan i mo chuimhne agus a bhfuil fonn orm pilleadh orthu san am atá romhainn.
cuimhní a athmhúscailt re-awaken memories
" Baineann Susan Philipsz úsáid as fuaim den chuid is mó le mothúcháin a spreagadh i ndaoine nó cuimhní a athmhúscailt iontu.
lena chuimhne as long as he could remember
" Bhí an tine lán luatha nó níor cuireadh amach iad lena chuimhne.
i gcuimhne ar in memory of
" Is i gcuimhne ar Ned a thugtar Páirc Uí Mhurchú ar pháirc Chumann Bhaile Buadain - Naomh Éanna i dTeach Giúise i mbruachbhailte theas na cathrach.
cuimhní memories
" Bíonn cuimhní deasa agat ar an gcomhluadar agus ar na cairde a bhíonn agat dá bharr.
cártaí cuimhne memory cards
" Go minic, stóráiltear na híomhánna sna ceamaraí ar mhicrishliseanna "Flash" atá cosúil leis na cártaí cuimhne a bhíonn ag an Sony Playstation.
Más buan mo chuimhne if my memory serves me right
" Más buan mo chuimhne is minic a chuala mé an focal *sheila* sa scannán *Crocodile Dundee* agus mo dhuine ag caint faoi na mná.
cuimhní ceanúla fond memories
" " cuimhní ceanúla ======= Bhí Driscoll ina bhall den NYPD ó bhí Eanáir 1992 ann, agus ceapadh é mar bhall den Aonad Seirbhísí Éigeandála i mí Lúnasa 1998.
cuimhní dodhearmadta unforgettable memories
" Chuaigh mé abhaile i mí an Mheithimh le cuimhní dodhearmadta agus an tsaoirse intinne a bhí á lorg agam faighte agam.
i ngaosán mo chuimhne in the nose of my memory
" (Faighim an boladh sin i ngaosán mo chuimhne go fóill.
is dona an chuimhne atá agam I have a bad memory
" Deir mé é seo chuile bhliain ach is dona an chuimhne atá agam.
le mo chuimhne as long as I can remember
" Tá mé ag inse scéaltaí do pháistí le mo chuimhne.
cuimhní memories
"cuimhní breátha ag Mícheál ar an tréimhse a chaith sé i dTiobraid Árann agus an-mheas aige ar mhuintir an chontae sin ó shin.
tarraingthe óna chuimhne drawn from his memory
" Tá comharthaí suntasacha ón chathair, ar nós Ardeaglais Naomh Fionnbarra nó dealbh an Athar Maitiú, le feiceáil ina chuid pictiúr agus iad ar fad tarraingthe óna chuimhne.
agus atá fanta sa chuimhne and that have remained in the memory
" Dáiríre, nuair a chuimhním air, is iomaí cluiche ó 1980 i leith ina raibh Uíbh Fhailí páirteach agus atá fanta sa chuimhne.
chuimhní memories
" Ceann de na chéad chuimhní atá ag Bill ná col ceathrair dá chuid á thabhairt go leabharlann phoiblí Brooklyn chun a chéad chárta leabharlainne a fháil.
chuimhne memory
" Ach tá rudaí beaga eile fosta a fhanfas ina chuimhne.
cuimhní deasa cinn nice memories
" "Shíl mé gur uaidh féin a bhí sé ag teacht ach, i bhfírinne, bhí sé ag teacht ón stuif a chuireadh sé ar mhála na bpíobaí uilleann a bhí aige!" Ról an cheoil ======= Cinnte, tá cuimhní deasa cinn ag baint leis an cheol, ach cad é an rol atá aige sa saol? Nuair atá smacht ag tíoróntacht na gcairteanna ar an oiread sin daoine óga, nach bhfuil fiúntas an cheoil laghdaithe go mór? "Tá an saol níos fearr de dheasca an cheoil," arsa Neil.
cártaí cuimhne memory cards
" Is féidir na ceamaraí seo a cheangal leis an ríomhaire trí úsáid a bhaint as cártaí cuimhne nó cáblaí speisialta.
eochracha cuimhne memory keys
" Is prótacal é FireWire atá i bhfad níos tapúla ná an córas USB, córas atá cosúil leis agus atá in úsáid cheana féin ar an-chuid ríomhairí chun gléasanna ar nós eochracha cuimhne a chur "ag caint" le ríomhairí.
cuimhní memories
" Is é an lá mór craoibhe, an slua, an béiceach, an chaint, na hailt ar an bpáipéar, "Cluiche an Domhnaigh", "Spórtiris", "Ard san Aer", na cuimhní, na scéalta, na dathanna, na bratacha, na ceapairí, boladh toitíní agus fuail - na heilimintí go léir a ardaíonn an croí, a spreagann an dóchas, a mheallann an seanimreoir chun iarracht mhór amháin eile, bliain amháin eile, chun an chraobh a thabhairt abhaile go dtí an baile beag, an paróiste nó an chathair mhór.
cuimhní cinn recollections
" Nach beo fós iad cuimhní cinn ár n-eisimirceach féin ar a dtriallacha thar sáile, san am a caitheadh? Is beag duine in Éirinn nach bhfuil gaolta nó cairde leis a d'fhulaing uaigneas ag am éigin agus iad ar imirce.
más buan mo chuimhne if memory serves me right
" Is é a bhí sí a mhaíomh, má thuig mé i gceart í agus más buan mo chuimhne, gur beag duine a mbíonn sé de phribhléid aige an draíocht chéanna a bheith air arís leis an léitheoireacht, ach ina áit sin gurb iad an teip agus an díomá is gnách a bheith i ndán don léitheoir fásta.
chártaí beaga cuimhne small memory cards
" Cártaí cuimhne ======= Stóráiltear na grianghraif i gceamara digiteach ar chártaí beaga cuimhne in ionad an scannáin atá le fáil i ngnáthcheamaraí.
a chuirfeadh scánnan de chuid Hollywood i gcuimhne duit that would remind you of a Hollywood film
" Thar na blianta goideadh roinnt de na saothair is cáiliúla ar domhan - amanna ar bhealach a chuirfeadh scánnan de chuid Hollywood i gcuimhne duit.
chárta cuimhne digiteach digital memory card
" De ghnáth tugann tú na grianghraif dóibh ar chárta cuimhne digiteach agus déanann siad gach uile phictiúr a phróiseáil.
cuimhní cinn memories
" AÓF: Luann sibh go músclaíonn na tiúin atá ar an albam seo cuimhní cinn, de chairde, de gháire, d'oícheannta deireanacha, d'ócáidí taitneamhacha.
cuimhne recollection
" Deirim íoróin mar gurbh é príomhchuspóir an chuimhneacháin uafás an uileloiscthe a chur i gcuimhne na ndaoine, leis an dóchas nach ligfimid i ndearmad go deo scála na tubaiste sin ná an marc dorcha a d'fhág sé ar anam an chine dhaonna.
cur i gcuimhne do thuismitheoirí to remind parents
" Iarracht a bhí ann, a dúirt oifigigh an DOE, cur i gcuimhne do thuismitheoirí baint a bheith acu le toghcháin na Comhairle Oideachais atá le bheith ar siúl gan mhoill ar fud na cathrach.
le cuimhne na ndaoine as long as people can remember
" MÁNAS: Ní raibh sí le feiceáil sa tséipéal le cuimhne na ndaoine.
chuimhní cinn memoirs
" * Agus sna míonna atá romhainn, coinnigh do shúil amach do chuimhní cinn John “Red” Shea, a bhfuiltear ag súil go mór leo, agus a bhfuil an teideal *Rat Bastards: The True Story of the South Boston Irish Mob by the Only Insider Who Never Informed *orthu.
cuimhní cinn reminisces
" Tá na leabhair lán de scéalta mar gheall ar Dhaideo agus Mamó ina suí cois teallaigh agus na páistí óga ag éisteacht lena gcuid cuimhní cinn agus lena gcomhairle faoi chúrsaí an tsaoil.
tiomnaithe dá chuimhne dedicated to his memory
" Bhí gach onóir peile buaite aige faoin am gur bhásaigh sé agus tá an Corn a bhronntar ar bhuaiteoirí na gcluichí peile faoi na rialacha idirnáisiúnta tiomnaithe dá chuimhne anois.
cuimhní cinn memoirs
" ” D’fhoilsigh an scríbhneoir as Baile Átha Cliath Hugo Hamilton cuimhní cinn roinnt blianta ó shin, *The Speckled People*, inár chuir sé síos ar an athair brúidiúil a bhí aige a chuir cosc ar an Bhéarla sa bhaile agus a chuir iachall ar a chlann Gaeilge agus Gearmáinis (teanga a máthar) a labhairt (tá cur síos air seo i leabhar nua Hamilton, *The Sailor in the Wardrobe*, chomh maith).
cuimhne chomónta common memory
" Is fada uainn cuimhne chomónta ar stailc ocrais 1981.
cuimhní memories
" Táim ag súil le taithí den scoth, le cuimhní iontacha, agus le neart ceachtanna agus cairdis, ach tá drogall orm bheith ag súil leis an iomarca! Caithfidh tú muinín bheith agat ionat féin, i ndaoine eile agus i rotha mór an tsaoil! Is iomaí rud atá ag cur imní orm anois, agus trí seachtaine fágtha agam sula n-imím: An mbeidh dóthain airgid agam? An mbeidh aon deacrachtaí sláinte agam féin nó ag Sophia? An mbeidh deacrachtaí sa bhaile agus mé ar an taobh eile den domhan? An ndéanfaidh gach duine sa bhaile dearmad orm?! Tar éis gach rud, beidh an cheist a bhíonn de shíor i m’intinn fós ansin i mí na Nollag: “Céard a dhéanfaidh mé anois?!” Den dara huair le hocht mí dhéag, táim ag fágáil poist chun dul ar seachrán timpeall na cruinne.
i gcuimhne na dtreallchogaithe frith-Shasanacha in memory of anti-English guerrillas
" Le bliain nó dhó anois tá buíonta paraimíleatacha, a thugann "Minutemen" orthu féin, i gcuimhne na dtreallchogaithe frith-Shasanacha in aimsir na réabhlóide, ag dul ar patról ar an teorainn, beag beann ar na fórsaí armtha oifigiúla féin.
cuimhne ghrinn clear memory
" Is beo fós dóibhsean a mhair trí fhormhór an 20ú haois agus a bhfuil cuimhne ghrinn acu ar ar thit amach sa Pholainn sa 20ú haois, rud a fhágann gur ceist bheo go fóill í stair dhéanach na tíre.
ina gcoinneofar cuimhne ar éagóracha an Dara Cogadh Domhanda in which the wrongs of the Second World War will be remembered
" Is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil ar a laghad tír amháin san Eoraip ina gcoinneofar cuimhne ar éagóracha an Dara Cogadh Domhanda go ceann tamaill mhaith eile.
más buan mo chuimhne if memory serves me right
" Ó bhíos i mo ghasúr, bhí gean agam ar mhuintir na nDéise de bharr Chraobh na hÉireann 1963, nuair a bhuail Cill Chainnigh iad in ainneoin gur scóráil siad sé chúl, más buan mo chuimhne, ach, go mí-ámharach do Phort Láirge, scóráil Eddie Keher 0-14.
na dea-chuimhní ar fad all the good memories
" Cairde agus féile Thóg Duncan agus Lawrence amach ag rince muid oíche amháin agus b’iontach an taithí é – bíonn sé deacair go leor coinneáil suas leis na hAfracaigh agus iad ag rince! Chuir an cairdeas agus an fhéile a taispeánadh dúinn na laethanta sin meangadh mór millteach ar m’aghaidh, agus ní bhaineann na dea-chuimhní ar fad atá agam ar Livingstone le Victoria Falls nó leis na cóisirí sa bhrú óige, ach leis na daoine a casadh orm sa mhargadh sin.
i gcuimhne Polannach in memory of Poles
" Is beag sráid sa chathair seo nach bhfuil plaic nó leacht cuimhneacháin éigin i gcuimhne Polannach a fuair bás i rith an Dara Cogadh Domhanda.
cuimhní iontacha great memories
" Bhí cúig mhí den scoth caite agam ansin, agus go leor leor cuimhní iontacha agam.
cuimhne an-soiléir very clear memory
"cuimhne an-soiléir agam ar chluichí ceannais an Oireachtais sna blianta thart ar 1964/65 nuair a bhí coimhlint an-ghéar agus fhíochmhar idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann agus imreoirí mar Jimmy Ó Dúill, Eddie Ó Cathaoir, Seán Ó Dúill agus Ollie Breatnach ag imirt.
an chuimhne is deise the nicest memory
" AÓF: Cén uirlis cheoil is fearr leat? TM: An phíb uilleann, ar ndóigh! AÓF: An bhfuil aon uirlis nach dtaitníonn leat? TM: An bainseó! AÓF: Cad í an chuimhne is deise atá agat ar 2006 ó thaobh an cheoil nó na hamhránaíochta de? TM: Nuair a chas an fear sin Alan Burke, a luaigh mé ar ball, “Óró sé do bheatha abhaile!” ag seisiún amhránaíochta ag an bhféile sin in Copenhagen.
cuimhní geanúla fond memories
" ”* Barry Meyer, Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Warner Bros Spreagadh go leor cuimhní geanúla ar na mallaibh nuair a fógraíodh go raibh an nuálaí cartúin Joseph Barbera i ndiaidh bás a fháil sa bhaile i Los Angeles.
más buan mo chuimhne. if memory serves me right.
" Ach fainic amháin, bhí an dearcadh céanna ag tiománaithe tacsaí deich mbliana ó shin, más buan mo chuimhne.
i gcuimhne Dhomhnach na Fola in memory of Bloody Sunday
" Bhí Colin ina bhall díograiseach den TOM, ag díol an nuachtáin *Troops Out* sna tithe tábhairne Éireannacha agus ag dul síos go Londain gach mí Eanáir don mhórshiúl i gcuimhne Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972.
rabharta cuimhní a wave of memories
gona chuimhne fhíorghéar. with his really sharp memory.
" Pádraig gona chuimhne fhíorghéar.
cuimhne áirithe a particular memory
" AÓF: Le filleadh ar ais ar do chuid chumadóireachta féin, céard ba chúis leis na liricí seo a chum tú don amhrán “Guí”? **An raibh eachtra nó smaoineamh nó cuimhne áirithe a thug inspioráid duit na focail áilne sin a chumadh?** (Guí)(http://profile.
cuimhne iontach a great memory
dea-chuimhní good memories
" Níor chuala mé ach dea-scéalta den chuid is mó faoi na hÉireannaigh, go háirithe sa tSaimbia, áit a raibh dea-chuimhní ag go leor daoine ar mhúinteoirí Éireannacha a bhí acu.
chlis a cuimhne ghearrthéarmach uirthi she lost her short-term memory
" Is léir gur bean thar a bheith cliste a bhí inti, ach chlis a cuimhne ghearrthéarmach uirthi agus í sna nóchaidí.
cuimhne cheomhar a foggy memory
" “Tá cuimhne cheomhar agam ar rudaí áirithe le linn na tréimhse sin.
cuimhne cheomhar foggy memory
" Is cinnte go mbeadh cuimhne cheomhar ag roinnt daoine ar shonraí na trialach agus an dúnmharaithe seo, ach is beag duine a mbeadh cuimhne aige ar mhionsonraí na trialach.
is faide siar i mo chuimhne-se furtherest back in my own mind
" Is é an t-éacht nó mórghníomh spóirt is faide siar i mo chuimhne-se ná an t-am a bhuaigh Ronnie Delaney an bonn óir sa rás 1,500 méadar ag na Cluichí Oilimpeacha in Melbourne sa bhliain 1956.
i gcuimhne an phobail. in the public mind.
" Bhí cluiche réitigh nó breisimirt i gceist, ach is í an bhreisimirt le haghaidh Chomórtas Oscailte na Breataine is mó a mhairfidh i gcuimhne an phobail.
níl baol dá chuimhne there's no danger to his memory
" Ceol Gaelach mo thóin! Cé go bhfuil Tommy bocht Makem ar shlua na marbh le mí nó dhó, níl baol dá chuimhne ag Irish Fest Milwaukee.
Más buan mo chuimhne, If I remember correctly,
" Más buan mo chuimhne, an uair dheireanach a chonaic mé cluiche peile idir-ollscoile in Éirinn, bhí céad duine sa lucht féachana! Cuid de shaol ollscoile is iad na cluichí seo do gach mac léinn.
a thagann ar ais chun cuimhne dóibh but which comes back to memory
" AÓF: Deir ceoltóirí go minic freisin go spreagann ceoltóirí eile iad le tiúin faoi leith a sheinm – tiúin, b'fhéidir, nach bhfuil seinnte acu le fada ach a thagann ar ais chun cuimhne dóibh nuair a bhuaileann siad le ceoltóir ar leith.
cuimhne memory
" Beidh cuimhne ag Éireannaigh d'aois áirithe ar am nach mbíodh ach trí bheoir - Guinness, Harp agus Smithwicks - ar fáil sa chuid is mó de thábhairní na tíre.
a chuimhní féin his own memories
" Thosaigh Tommy féin ag freastal ar chruinnithe de chuid Chomhairle na Breataine sa bhliain 1949, agus baineann sé úsáid as a chuimhní féin chun an scéal a insint.
i gcuimhne duit remind you
" Chuirfeadh an bheirt acu May Mac Ránais agus Hiúdaí Ó Dónaill i gcuimhne duit agus iad i mbun lúibín – an bheirt acu ag briseadh a dtóineanna ag gáire ag jócannaí a chéile.
cuimhní cinn memoir
" Leabhar cumhachtach atá sa saothar *Watching the Door*, ar cuimhní cinn ar a bhlianta i mBéal Feirste é.
a mairfidh a chuimhne his memory will last
" B’fhéidir, fiú, go mbeidh sé ar dhuine de na tráchtairí sóisialta ón tréimhse seo is mó a mairfidh a chuimhne i measc mhuintir na hÉireann.
chuir na cúntóirí i gcuimhne dó the assistants reminded him
" Bhí MLA eile de chuid Shinn Féin ansin agus chuir na cúntóirí i gcuimhne dó gur vótaí s’acusan a thug suíochán dóibh i Stormont.
Cuireann siad i gcuimhne dúinn, they remind us
" Cuireann siad i gcuimhne dúinn, ar laethanta seo an rachmais, nach bhfuil gach duine chomh maith as agus atá muid féin, go mbíonn daoine ag fulaingt faoi fhoréigean agus ocras agus go bhfuil dualgas orainn – ní rogha – cuidiú leo oiread agus is féidir linn.
cuimhne memory
" Ar cheann de na heachtraí is mó a mhairfidh cuimhne orthu i m’intinn ón mbliain 2007, tá cluiche ceannais na hÉireann sa pheil.
Beidh cuimhne ar an bhliain stairiúil seo mar this historic year will be remembered
" Beidh cuimhne ar an bhliain stairiúil seo mar “Bhliain na Chuckle Brothers” – an Céad-Aire, Ian Paisley, agus a dhlúthchara, Martin McGuinness, ag gáire mar a bheadh gealta iontu.
ina gcuimhne in their memories
" Do Ghaeil na Sé Chontae, fanfaidh 2007 ina gcuimhne ar dhá chúis.
ina chuimhne in his memory
" D'inis sé dom go raibh leac chuimhneacháin do Herbert Trench agus cailís álainn a bronnadh ar an bparóiste ina chuimhne sa séipéal fosta.
cuimhne memory
" Sainchomharthaí na haicíde seo ná dearmad a dhéanamh ar an rud a bhí i gceist agat gan é a rá an tseachtain seo a chuaigh thart, agus gan dearmad a dhéanamh ar an rud nach raibh sé i gceist agat gan é a rá in am ar bith; nó má dúirt, nó má deirtear go ndúirt, nach bhfuil cuimhne agat ar an rud nach raibh sé i gceist agat gan é a rá ar chor ar bith.
a mhairfidh ina chuimhne that will remain in his mind
" Iompar frithshóisialtaDeir Des gurb é an dóigh a mbíonn muid sásta glacadh le cultúr an óil ar cheann de na rudaí is mó a mhairfidh ina chuimhne ón tréimhse sin a chaith sé i mbun “Work Experience”.
Más buan mo chuimhne, if memory serves
" Más buan mo chuimhne, níor chríochnaigh muid an leabhar sin riamh agus, dá bharr sin, ní raibh mórán eolais againn mar gheall ar thíreolaíocht na bhFritíortha.
chun cuimhne to mind
" Tagann an ráiteas “*there’s nowt as queer as folk*” chun cuimhne agus mé ag meabhrú ar an scannán *Lars and the Real Girl, *a bhí le feiceáil i bpictiúrlanna le gairid.
arbh éigean do Hugh Orde a chur i gcuimhne do dhaoine that Hugh Orde had to remind people of
" Sin an rud arbh éigean do Hugh Orde a chur i gcuimhne do dhaoine agus é ag caint ar an sceimhlitheoireacht dhomhanda.
Chuirfeadh sé manach i gcuimhne duit he would remind you of a monk
" Chuirfeadh sé manach i gcuimhne duit – obair, obair, obair agus .
cuimhne eisceachtúil exceptional
" “Fill Arís – Fág Gleann na nGealt thoir,” a deir King ag déanamh tagartha do dhán an Ríordánaigh agus é ach caint ar an gcinneadh a theaghlach a lonnú ansin (caithfidh mé a lua, déanann sé an dán *ina iomláine* a rá – 23 líne! Caithfidh go bhfuil cuimhne eisceachtúil ag an bhfear seo.
Tá a haigne báite i gcuimhní. her mind is drowned in memories
cuimhní memories
" Bhí air bogadh ó Mhín na Leice, áfach, nuair a cailleadh a iníon, Eileen, go tragóideach i dtimpiste bhóthair i 1978 toisc go raibh sé céasta ag cuimhní san áit sin.
cuimhní órga golden memories
" Is as cuimhní órga ar sheal a chaith mé i Kerala an samhradh seo a thagann an íomhá bheag seo.
Chuir sé i gcuimhne domh an t-am sin it reminded me of that time
" Chuir sé i gcuimhne domh an t-am sin a bhí orm sciáil síos fána liom féin sa dóigh is go dtiocfadh leis na teagascóirí a mheas cé chomh *shite *agus a bhí mé.
i gcuimhne do dhuine remind one
" Chuirfeadh an ceangal seo idir Le Touquet agus Páras i gcuimhne do dhuine an ceangal atá idir Luimneach agus Cill Chaoi ar chósta iarthair an Chláir nó an ceangal idir Trá Lí agus Baile an Bhuinneánaigh b’fhéidir, an sórt áite a dtéann daoine ar sos gearr.
chun cuimhne (brings) to mind
" Sin ráite, caidé faoi Bhuiséidí a thugann Jim Kemmy agus Earnán de Blaghad chun cuimhne dom? Chuireas aithne fadó ar Jim Kemmy agus bóithre na hÉireann á siúl agam sna hochtóidí le ‘Ireland’s Eye’.
chuimhne memory
" Fillfidh mé ar an bhaile go luath le heachtraí na bliana seo greanta go soiléir ar mo chuimhne.
chuireann i gcuimhne reminds
" Is dlí é a mbaintear drochúsáid as, dlí a chuireann i gcuimhne dó na ruathair a dhéantaí ar an bpobal Giúdach i rith an Dara Cogadh Domhanda, dlí atá cumtha chun eagla a chur ar an ngnáthdhuine gan aon bhaint a bheith aige le duine sans papiers.
Cuireann sé i gcuimhne it reminds
" Cuireann sé i gcuimhne dom an meamram inmheánach a scríobh phríomhchomhairleoir geilleagair do rialtas Obama, Lawrence Summers, i 1991 nuair a bhí sé mar phríomheacnamaí an Bhainc Dhomhanda: “*I think the economic logic behind dumping a load of toxic waste in the lowest wage country is impeccable.
Más buan mo chuimhne If my memory serves me
" Más buan mo chuimhne, ní raibh léitheoirí in ann tráchtaireachtaí a fhágáil fiú: is cuimhin liom seirbhís eile a shuiteáil i gcód mo bhlag chun tráchtaireacht a chur i bhfeidhm.
cuimhní memories
" Roinneamar braon dí agus cuimhní leo, gur glaodh orainn le léimt ar ais isteach sa bhus le triall ar an mB & B.
cuimhne mhaith a good memory
"cuimhne mhaith agam ar an lá a thiompaigh mo mháthair ceathracha.
gcuimhne memory
" Tá seisean le feiceáil ar You Tube ag scairtigh 'IRA Scum!' ar pharáid phoblachtánach i Learpholl i gcuimhne na Stailce Ocrais mí Bealtaine 2001.
cuimhne chruinn accurate memory
" Saol, go deimhin, nach bhfuil cuimhne chruinn againn ar na laethanta dorcha roimhe.
Cuirim i gcuimhne I remind
"Cuirim i gcuimhne di gur roghnaíodh í mar Miss Cork cúig mhí ó shin.
chuimhne memory
" De thaisme, seachas d'aon ghnó, tar éis deich nóiméad ag siúl sráideanna liom féin, tháinig mé ar radharc a mhúscail mo chuimhne, agus thuig mé go tobann go raibh mé ar shráid an fheallmharaithe.
cuimhní cinn memories
" Tháinig na cuimhní cinn chugam ina rabharta: múinteoir a spreag i dtreo na réalteolaíochta mé, oícheanta fuara geimhridh ar chúl an tí leis na déshúiligh, turas ar an réadlann in Ard Mhacha, an corrú a bhíodh faoi mo chroí nuair a thagadh fear an phoist le leabhar úr.
cuimhní memories
" Dearcadh Marc Augé Tá cuimhní iontacha agam ar an turas sin, ar na daoine ar bhuail mé leo agus ar áilleacht an taobh tíre.
cuimhní memories
" Ach murach an fhís a bhí ag an seachtar a tháinig le chéile i nDúrlas Éile sa bhliain 1884, ní bheadh tada speisialta ag baint leis an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair agus ní bheadh aon chúis agamsa an gháir ‘Up Tipp’ a chur dhíom, mar nach mbeadh san iomáint ach cuimhní cinn roinnt seanbháireoirí.
gcuimhne memory
" Tá an t-ionad ainmnithe i gcuimhne Sheáin Uí Chanáin, fear a chaith saol fada ag obair ar son na Gaeilge i nDoire agus a bhí ina chathaoirleach ar an choiste fhorbartha a d’oibir leis an Chultúrlann a thabhairt ar an saol.
cuimhne memory
" Bím ag gáire faoi Cheanada mar níl mórán cuimhne a’m air.