Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cuimhneamh siar thinking back
" Chuir an leabhar mé ag cuimhneamh siar ar an *Irish Press* agus ar ailt spóirt Chon Houlihan a d'fhoilsítí trí huaire sa tseachtain, móide ailt eile ar ábhair eile ar nós drámaíochta agus litríocht an Bhéarla.
cuimhneamh ar na céimeanna i bpróiseas simplí to remember the steps in a simple process
" D'fhéadfadh an teicneolaíocht chéanna seo cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil fadhbanna sláinte acu cuimhneamh ar na céimeanna i bpróiseas simplí agus iad a stopadh de bheith ag meascadh piollairí míchearta lena chéile freisin.
chuimhneamh remembering
" Dúirt Faridi, ar Ungarách í ó dhúchas a bhfuil cónaí uirthi i mBudapest, go gcreideann sí i maithiúnas - ach sa chuimhneamh chomh maith.
cuimhneamh orthu to remember them
" Is ceacht gearr gramadaí gach ceann díobh, agus tá sé i bhfad níos éasca cuimhneamh orthu ná rialacha as leabhar.
cuimhneamh ar an tragóid to remember the tragedy
" I rith an chomórtha, bhí an-chuid cainte ar an ngá a bhí ann cuimhneamh ar an tragóid.
gan cuimhneamh orm féin, not thinking of myself,
" “Le croí mór maith, agus gan cuimhneamh orm féin, agus ní chreideann daoine é sin anois, scríobh mé chuici agus dúirt, ‘Bí cinnte go bhfuil tú in ann a theacht ar chomhairle neamhspleách a threoróidh tú trí na farraigí doimhne seo.
chun cuimhneamh ar na mairbh, to remember the dead,
" Tagann siad chun cuimhneamh ar na mairbh, chun iontas a dhéanamh de na radharcanna áille coinnleacha agus leagann siad coinnle ar uaigheanna atá, ar pé cúis, gan aon rud bheith ar lasadh orthu.
níl ach mórábhar amháin a bhfuil na vótálaithe ag cuimhneamh go háirithe air, there if only one major subject with which the public are greatly concerned,
" Caidreamh tionsclaíochÓ thaobh na bpolasaithe de, níl ach mórábhar amháin a bhfuil na vótálaithe ag cuimhneamh go háirithe air, de réir na bpolalbhreitheanna: an caidreamh tionsclaíoch.
ag cuimhneamh remembering
" Tagann cumha air agus é ag cuimhneamh ar an tréimhse seo dá shaol: “Ach bhí an óige galánta, ach faraor imeann sí agus imeann sí iontach fáilí.
ag cuimhneamh to remember
" Ní thugtaí cuireadh dóibh le bheith páirteach ann sa chéad dul síos, agus is ríléir nach raibh aon siocair acu le bheith ag cuimhneamh le háthas ar an gcéad lá a tháinig na coilínigh i dtír.
cuimhneamh ar thinking of
" Bhí tuismitheoirí áirithe san India, de réir tuairiscí sna meáin ann, ag cuimhneamh ar a gcuid mac léinn a thabhairt abhaile ón Astráil nó ag athsmaoineamh ar iad a chur anseo sa chéad dul síos.
ag cuimhneamh ar imagining, thinking
" Nuair a smaoinímidne, muintir an Iarthair, ar an India, is ag cuimhneamh ar chumhacht mhór na teicneolaíochta a bhímid go minic.
cuimhneamh thinking of, considering
" Anois ar theacht an gheimhridh sna Fritíortha tá daoine sa taobh seo tíre ag cuimhneamh ar shaoire sa tuaisceart le héalú ón drochaimsir.
gan cuimhneamh ar not to think of
" com/watch?v=syGx1zAL8X8) Ba dheacair dom gan cuimhneamh ar Colonna agus ar phríomhcharachtar scéal Maupassant le roinnt seachtainí anuas.
ag cuimhneamh ar thinking of
" Samhain (Sam+fuin) Is mar fhuineadh, nó mar ‘dheireadh’ an tsamhraidh, mar ‘thráth báis’ na bliana a braitheadh an tSamhain riamh anall, agus bítear ag cuimhneamh ar ghnóthaí báis i leath thuaidh an domhain trí chéile, an t-am seo den bhliain.
cuimhneamh remembering
" html?id=136 ) Maidir le ceist na dílseachta, is fiú cuimhneamh ar chás Jonathan Pollard.
cuimhneamh air think about it
" An Late Late SMM: Ar spéis leat *gig Ryan Tubridy* am éigin amach anseo?DÓS: Ah well, (ag gáire) dá mbeadh sé sa Ghaillimh! (Gáire croíúil) Bheadh leisce orm Gaillimh a fhágaint, ach is dócha, chun na fírinne a rá, dá mbeadh duine éicint ag teacht chughat le seó mar san, chaithfeá cuimhneamh air.
gan chuimhneamh without thinking
" Is cúis náire dom anois é, ach nuair a bhí mé óg, timpeall tríocha bliain ó shin, chaithinn bruscar amach as an gcarr gan chuimhneamh air, duth ná dath.
gan chuimhneamh without being reminded
" Is deacair smaointeamh ar Tony Blair gan chuimhneamh Peter Mandelson, nó a mhalairt.
ní foláir a chuimhneamh one must remember
" Thug Vladimir Putin aitheasc breá forásach os comhair chomhaltaí an fhóraim, á mholadh aige go n-oibreodh na tíortha éagsúla as lámh a chéile, ach ní foláir a chuimhneamh go raibh port an-difriúil á sheinm bliain ó shin, nuair a bhagair an Chreimil go mbeidís toilteanach an lámh láidir a úsáid chun a gcearta san Artach a chosaint.
is fiú a chuimhneamh it’s worth remembering
" Óir is fiú a chuimhneamh gur Roinn é seo a bhíodh ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge tráth den saol ach anois níl aon líofacht teanga ag 98.
ag cuimhneamh duit féin thinking to yourself
" B’fhéidir gur siopadóir thú féin agus go bhfuil tú ag cuimhneamh duit féin, conas is féidir leat gabháil in iomaíocht leis na brandaí móra idirnáisiúnta.
ag cuimhneamh remembering
" Scríobh an file óg é sa bhliain 1906 agus í i bhfad i gcéin, ag cuimhneamh le cumha ar a tír dhúchais.
cuimhneamh ar think of
" Ní gá ach cuimhneamh ar Willie Corduff, gléasta ina gheansaí olla agus a bhuataisí rubair, é ina shuí i dtóin an veain ag ól tae agus ag ithe brioscaí é ag cinntiú nach bhfuil dearmad á dhéanamh ag na mná ar na fir eile a dteastódh cupán tae uathu freisin.
Is fiú cuimhneamh it’s worth remembering
" Is fiú cuimhneamh nach i dToraigh amháin a bhí an fuinneamh ealaíne seo le brath.
Chuir sé ag cuimhneamh mé it put me thinking
" Chuir sé ag cuimhneamh mé agus chuir sé cumhaidh orm.
cuimhneamh ar fhocail to remember the words
" Níor mhiste d’easaontóirí an réigiúin cuimhneamh ar fhocail Sheldon Adelson freisin.
ní mór cuimhneamh ar one has to remember
" Tuigimid uilig go bhfuil an tír ina ciseach le fiacha ach ní mór cuimhneamh ar thábhacht na hóige agus a mbaineann leis an sonas is an dearfacht sa mhéid a tharlóidh amach anseo.
cuimhneamh ar dhúshlán Gillard a thabhairt thinking of challenging Gillard
" Tá Rudd ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus cé gur mhaígh sé arís is arís eile go raibh sé lánsásta leis an bpost sin, bhí ráflaí sna meáin tar éis fhoilsiú gach pobalbhreithe go raibh lucht tacaíochta Rudd sa pháirtí ag cuimhneamh ar dhúshlán Gillard a thabhairt.
is fiú a chuimhneamh it’s worth remembering
" Ar ndóigh, is fiú a chuimhneamh go mbíonn go leor fadhbanna agus dúshláin ag cathracha na Breataine maidir le héagsúlachtaí a aithint agus le ciníochas a sheachaint, agus is cosúil nár aithníodh a dtábhacht siúd sna hiarrataisí eile a cuireadh isteach an oiread is a rinne Doire.
gur gá dúinn cuimhneamh we have to remember
" Nach mór an fáinne fí ina bhfuilimid mar thír agus ár gcuid fadhbanna geilleagair ag cruthú deacrachtaí úra achan lá? Seirbhísí Saor in Aisce ============ Is dócha gur gá dúinn cuimhneamh ar an seanfhocal thuas, faoin tsláinte is na táinte, i gcónaí, cé nach furasta do chuid mhór daoine an méid sin féin.
Ní gá ach cuimhneamh ar one only has to remember
" Ní gá ach cuimhneamh ar Chormac Mac an Ailín, peileadóir Thír Eoghan, Paul Ó Maoilchéire, iománaí Átha Cliath, Darren Sutherland, dornálaí Oilimpeach, Philip Mag Aonasa, iománaí agus peileadóir Liatroma, gan ach dornán a luadh.
Is fiú a chuimhneamh it’s worth remembering
" Is fiú a chuimhneamh go mbíonn seasamh faoi leith ag an Gharda i gceantar ar bith agus go bhféachtear orthu mar eiseamláir pobail.
chultúr intleachtúil an chomóraidh agus an chuimhnimh the intellectual culture of commemoration and remembrance
" D’fhonn na Daonnachta =========== Ní dóigh liom gur rith sé leis an Uachtarán ná lena lucht éisteachta gur dhiúltaigh Éireannaigh shuntasacha áirithe don nasc sin agus do chultúr intleachtúil an chomóraidh agus an chuimhnimh mar aon leis.
is fiú a chuimhneamh it’s worth remembering
" ' Caingean Anita Groener ========== Sa chomhthéacs sin, is fiú a chuimhneamh gur theip ar chás cúirte a ghlac múinteoir ealaíne ón Ísiltír, Anita Groener, in éadan na Roinne Oideachais i Samhain na Bliana 1989.
cuimhneamh ar léasadh remember a beating
" Ó bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael buaileadh iománaithe Átha Cliath go minic in aghaidh foirne maithe, ach is deacair ag duine beo cuimhneamh ar léasadh chomh holc á thabhairt ar fhoireann na hArdchathrach is a tugadh ar an Satharn 23 Meitheamh seo caite.
an deis cuimhneamh ar the chance to think about
" Bhí mé ar scor sealadach oibre ag an am agus shíl mé gur seo é an deis cuimhneamh ar cad é a bhí mé a dhul a dhéanamh ina dhiaidh sin.
agus sinn ag cuimhneamh ar chlóicheadanna while we ponder passports
" Is cosúil go síleann na ‘cairde’, SAM, Sasain (agus ná déanaimis dearmad ar Iosrael a áireamh agus sinn ag cuimhneamh ar chlóicheadanna) gur cúige dá gcuid nach ndlítear dó an urraim chuí mar stát ‘neodrach’.
is deacair cuimhneamh ar aon it is difficult to think of any
" Seachas Caoimhín O hIfearnáin i 1974, a phleanáil agus a stiúir foireann peile Átha Cliath, a bhí in umar na haimléise ceart ag tús na bliana sin, chun cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan, is deacair cuimhneamh ar aon bhainisteoir eile ar fhoireann chontae ar bith a rinne gaisce chomh mór is atá déanta ag Jim Mac Géibheannaigh.
ag cuimhneamh ar dhream thinking of a group
" An bhfuil siad chomh feidhmiúil is ba chóir daofu a bheith nó an gcaitear acmhainní maithe amú go ciotach ar roinnt acu? Tá mé ag cuimhneamh ar dhream a fuair maoiniú le taisteal go hIosrael agus a phill le léaráidí powerpoint díofu féin ag caitheamh gainimh na trá sa mhullach ar a chéile ar ‘lá breá te sa tsamhradh’, lá a chaith siad ag déanamh bolg le gréin, go bhfóire Dia orainn.
Caithfear cuimhneamh it must be remembered
" Caithfear cuimhneamh nár breathnaíodh anuas ar an gcine gorm roimhe sin.
roinnt nodanna le cuimhneamh orthu some hints to remember
" Sin roinnt nodanna le cuimhneamh orthu agus tú ag ceannach gluaisteáin nua.
le breathnú agus le cuimhneamh siar to look at and remember
" Tharraingíodh duine éigin grianghraf agus bhí sé go maith a bheith a amharc orthu idir sin is tráthas nuair a chuirtí faoi chló iad, le breathnú agus le cuimhneamh siar ar na héachtaí a bhí curtha i gcrích againn in éineacht le chéile.
ag cuimhneamh ar dheireadh a chur lena ballraíocht considering terminating its membership
" Bhí údar teannais eile idir na tíortha le linn thréimhse Kiernan abhus mar go raibh Éire ag cuimhneamh ar dheireadh a chur lena ballraíocht sa Chomhlathas agus í ag bogadh i dtreo na poblachta.
níor mhiste a chuimhneamh it’d be no harm to remember
" Sa chomhthéacs sin, níor mhiste a chuimhneamh gur ceadmhach go fóill idirdhealú a dhéanamh de réir sainmheon creidimh.
gur fiú cuimhneamh air freisin which is worth remembering also
" Dhéanadh Joyce rud éigin fíorthábhachtach freisin ina chuid leabhair gur fiú cuimhneamh air freisin.
saol na Gaeilge ag cuimhneamh ar the Irish (language) world remembers
" Agus saol na Gaeilge ag cuimhneamh ar shamradh na bliana seo, is ar amhránaíocht Choláiste Lurgan a chuimhneoidh roinnt mhaith daoine.
Ba mhór ab fhiú cuimhneamh ar it’d be well worth thinking about
" Gníomh Beag le Déanamh, Coiscéim Bheag le Glacadh ========================= Ba mhór ab fhiú cuimhneamh ar ghreamáin Ghaeilge a chrochadh ar na carranna seo, carranna an Oireachtais, sa gcaoi go mbeidh na carranna ag tabhairt aghaidh abhaile i ndiaidh an Oireachtais agus an Ghaeilge le léamh go feiceálach ar a ndroim.
ní mór dúinn cuimhneamh ar we must remember
" Agus an oiread sin againn ag teacht le chéile mar chairde, ní mór dúinn cuimhneamh ar dhaoine atá faoi strus, daoine atá ina n-aonar, nó daoine atá scartha uathu siúd is ansa leo.
bhfuil duine éicint ag cuimhneamh orthu someone is thinking of them
" Nuair a thuigeann sé nó sí go bhfuil duine éicint ag cuimhneamh orthu.
ag cuimhneamh ar considering
" Is le himní agus le cumha a d’fhreastail mé ar na mórshiúlta an mhí seo chuaigh thart mar bhí mé ag cuimhneamh ar na sluaite a bhí sa mhórshiúl i Sligeach ar son na Gaeilge sa bhliain 1905 (sa ghrianghraf).
ní mór cuimhneamh it must be remembered
" Ach ní mór cuimhneamh go bhfuil na blianta ag sleamhnú thart agus de réir a chéile d’éirigh an tír bréan de na ciorruithe agus den tsíoranró.
Ba dhoiligh gan chuimhneamh it was difficult not to consider
" Cé acu den bheirt a chuirfeá i mbun chúram na Gaeltachta? Ní hansa! Ba dhoiligh gan chuimhneamh gur deargmhasla a bhí sa chinneadh seo do chainteoirí na Gaeilge.
ag cuimhneamh ar fheidhm a bhaint as thinking of using
" Tá sé an-deacair iad a scaoileadh sa dúiche gharbh ina gcónaíonn siad agus d’fhógair na húdaráis le déanaí go bhfuil siad ag cuimhneamh ar fheidhm a bhaint as aimsitheoirí in ingearán le cuid de na capaill a scaoileadh.
Agus é ag cuimhneamh ar while he reminisced about
" (Agus é ag cuimhneamh ar na laethanta a chaith sé mar iriseoir óg, scríobh “*the chances of ending in the gutter were, at best, even”*).
ag cuimhneamh siar reminiscing
" Tá Tony Birtill ag cuimhneamh siar ar bheirt a d’imigh uainn ach a d’fhág lorg a láimhe go tréan ar an ghlúin ina ndiaidh.
cuimhneamh remember
" Tá a leithéid de reachtaíocht i bhfeidhm agus ba cheart cuimhneamh ar an méid sin.
cuimhneamh an duine in human memory
" Tá an leac oighir ag leá thar mar a bhí riamh cheana le cuimhneamh an duine agus tá oileáin oighir ag síneadh amach ar an snámh thar mar a raibh súil ag éinne leo.
Beidh cuimhneamh i measc na ndaoine ar an chuairt they left a good impression
" Beidh cuimhneamh i measc na ndaoine ar an chuairt sin.